Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Pionoisi mar gheall ar Chiontai Airithe.)

1 1939


Uimhir 1 de 1939.


ACHT UM LAETHEANTA SAOIRE (FOSTAITHE), 1939.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN LAETHEANTA SAOIRE DO LOMHÁIL DO DHAOINE FOSTUITHE ÁIRITHE, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE BHAINEAS LEIS AN NÍ ROIMHRÁITE. [17adh Feabhra, 1939.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe i gcoitinne.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “Acht 1936” an t Acht um Choinníollacha Fostaíochta, 1936 (Uimh. 2 de 1936) ;

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an focal “fostú” fostú fé chonnradh sheirbhíse (pe'ca ráite no tuigthe don chonnradh no pe'ca i mbréithre béil no i scríbhinn dó) no fé chonnradh phríntíseachta, agus is dá réir sin a léireofar focail atá gaolmhar leis;

cialluíonn an focal “lá,” maidir le duine go dtosnuíonn a sheal oibre lá áirithe agus go gcríochnuíonn sé an lá ina dhiaidh sin, tréimhse de cheithre huaire fichead a chluig dar tosach an t-am a thosnuíonn an seal oibre sin:

cialluíonn an focal “seachtain” aon tréimhse de sheacht lá as a chéile;

cialluíonn an focal “mí” aon tréimhse de thríocha lá as a chéile;

tá an bhrí chéanna leis an abairt “obair thionnscail” atá léi in Acht 1936;

foluíonn an abairt “cionta fé alt ar bith den Acht so” cionta fé fho-alt ar bith d'alt den Acht so;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

(2) Tuigfear, chun crícheanna an Achta so, duine bheidh i seirbhís údaráis áitiúil do bheith ar fostú ag an údarás áitiúil sin.

Oibrithe.

2. —(1) San Acht so—

cialluíonn an focal “oibrí” duine ar bith atá ceithre bliana déag d'aois no os a chionn san agus a bhíonn ar fostú, seachas—

(a) duine gur fiú níos mó ná trí chéad agus caoga punt sa bhliain ráta a luach saothair, no

(b) duine dá dtugtar amach earraí no abhair chun iad do chóiriú, do ghlanadh, do nighe, d'atharú, d'ornáidiú no do dheisiú, no d'oiriúnú chun a ndíolta, sa bhaile no in áitreabh eile ná bíonn fé stiúradh ná fé bhainistí an duine do thug amach na habhair no na hearraí, no

(c) duine is ball d'fhuirinn shiopa do réir bhrí Achta na Siopaí (Coinníollacha Fostaíochta), 1938 ( Uimh. 4 de 1938 ), no

(d) duine is freastalaí i gcarr úrúcháin bhóthair iarainn, no

(e) duine is oibrí talmhaíochta do réir bhrí an ailt seo, no

(f) duine bhíonn ar fostú mar mháistir no mar bhall den fhuirinn ar aon árthach fairrge (seachas báirse no bád dríodair), pe'ca ar únaeracht phuiblí no phríobháideach di, a iompruíonn last no paisnéirí, no

(g) duine bhíonn ar fostú i dtigh soluis no ar luing sholuis, no

(h) duine is cléireach in Uird Bheannuithe, no

(i) duine is ball d'aon ord no cumann rialta, no

(j) duine—

(i) is bean chéile, fear céile, athair, máthair, seanathair, sean-mháthair, leas-athair, leas-mháthair, mac, inghean, ua, ban-ua, leas-mhac, leas-inghean, driotháir, drifiúr, leas-driotháir no leas-drifiúr don duine ag á mbíonn sé ar fostú, agus

(ii) a bhíonn á chothabháil ag an duine sin is déanaí luaidhtear agus a chomhnuíonn i dtigh an duine sin, no

(k) duine bhíonn ar fostú ag baint aon tsubstainte (seachas gual, cré theine, slinn, giopas, cloch no aon tsubstaint orduithe) as mianach, no

(l) duine bhíonn ar fostú ag an Stát no fén Stát seachas—

(i) duine bhíonn ar fostú amhlaidh agus le n-a mbaineann Acht 1936 de bhuadh ailt 6 d'Acht 1936, no

(ii) duine bhíonn ar fostú amhlaidh mar gheatóir, mar dhóirseoir, mar theachtaire, mar fhairtheoir oíche, mar bhan-ghlantóir, mar ghlantóir, no mar sclábhaí no i bhfo-dhualgaisí eile, no

(iii) duine bhíonn ar fostú amhlaidh i bhfeadhmannas nea-mbunuithe mar cheárdaí no mar sclábhaí oilte eile, no

(m) duine bhíonn ar fostú mar iascaire, no

(n) duine—

(i) a bhíonn ar fostú ar aon obair no scéim oibreacha gur as airgead a sholáthruíonn an tOireachtas, chun fostaíocht do chur ar fáil agus chun fóirithin ar ghátar, a híoctar a costaisí i bpáirt no go hiomlán, agus

(ii) a bhíonn ar fostú amhlaidh i gcaitheamh tréimhse aimsire ina n-oibríonn sé, do réir chóruis réamhshocruithe, uimhir iomlán de laetheanta nach mó ná cúig oiread an méid seachtaine a leanann an fhostaíocht, no

(o) duine ar bith a bhaineann le haicme is aicme eiscithe de réir bhrí an ailt so;

cialluíonn an abairt “oibrí tighis” duine—

(a) is oibrí, agus

(b) nach oibrí tionnscail, agus

(c) neachtar acu—

(i) a bhíonn i dteideal, fé n-a chonnradh sheirbhíse, lóistín d'fháil in aisce i dtigh a fhostóra no in áit eile, no

(ii) a dheineann obair is obair phearsanta no is obair thighis i dtigh comhnuithe a fhostóra no ina thimpeall;

cialluíonn an abairt “oibrí nach oibrí tighis” oibrí seachas oibrí tighis;

cialluíonn an abairt “oibrí tionnscail” oibrí, seachas oibrí lasmuich do réir bhrí Achta 1936, a dheineann obair thionnscail ar thuarastal no ar phágh no chun aon cheárd no gairm beatha d'fhoghluim;

cialluíonn an abairt “lá dí-oibre,” maidir le hoibrí, lá ná bíonn an t-oibrí sin, fé n-a chonnradh sheirbhíse, ag obair de ghnáth;

nuair a húsáidtear an abairt “págh lae iomláin” i dtaobh oibrí cialluíonn sí an méid is iníoctha leis an oibrí sin fé n-a chonnradh sheirbhíse alos lán-lae ghnáith oibre.

(2) Chun crícheanna fo-ailt (1) den alt so cialluíonn an abairt “oibrí talmhaíochta” duine bhíonn ar fostú ag sealbhaire tailimh thalmhaíochta agus a bhíonn ar fostú amhlaidh ar fad no nach mór ar fad ar obair (le n-a n-áirmhítear obair thionnscail) a bhaineann leis an talamh san d'úsáid, ach ní fholuíonn sí—

(a) coimeádaí géim, ná

(b) fear stábla, ná

(c) grúmaer, ná

(d) duine bhíonn ar fostú ar fad no nach mór ar fad ar obair a bhaineann le haon chuid den talamh san a bhíonn á cothabháil mar thaithneamhacht do thigh comhnuithe ar an talamh san, ná

(e) duine ar bith a bhaineann le haicme oibrithe (ar n-a míniú sa tslí sin agus do réir na nithe sin is oiriúnach leis an Aire) a bheidh dearbhuithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire (agus údaruítear leis seo don Aire na rialacháin sin do dhéanamh) agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire do bheith ina haicme d'oibrithe nach oibrithe talmhaíochta chun crícheanna an Achta so.

Sa bhfo-alt so cialluíonn an abairt “talamh talmhaíochta” talamh a húsáidtear le haghaidh curadóireachta, feirmeoireachta déiríochta, feirmeoireachta éanlaithe clóis, garrdha mhargaidh no garnóireachta no a húsáidtear mar thalamh féaraigh no móinfhéir no inbhir ach ní fholuíonn sí saighleánach ná talamh coille ná talamh a húsáidtear mar gharrdha altran.

(3) Féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, a dhearbhú le hordú aon aicme áirithe (ar n-a míniú sa tslí sin agus do réir na nithe sin is ceart dar leis an Aire) de dhaoine fostuithe do bheith ina haicme eiscithe chun crícheanna an ailt seo agus, pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san, ansan, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, beidh an aicme de dhaoine fostuithe le n-a mbainfidh an t-ordú san ina haicme eiscithe chun crícheanna an ailt seo.

(4) Féadfaidh an tAire ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta fén alt so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so).

Oibrí d'fhostú i mianaigh le n-a mbaineann an Coal Mines Act, 1911.

3. —(1) Beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir le haon oibrí bhíonn ar fostú i mianach le n-a mbaineann an Coal Mines Act, 1911, sé sin le rá:—

(a) i gcás gur gá do réir an Achta san bainisteoir do bheith ar an mianach san—

(i) tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gurb é únaer agus gníomhaire agus bainisteoir an mhianaigh sin, gach duine fé leith acu, fostóir an oibrí sin,

(ii) má deintear imeachta mar gheall ar chionta ar bith fén Acht so do bhunú i gcoinnibh an té is únaer (agus nach é is bainisteoir) no is gníomhaire (agus nach é is bainisteoir) ar an mianach san, beidh sé ina chosaint mhaith ar na himeachta san má chruthuíonn an t-únaer no an gníomhaire sin chun sástachta na cúirte—

(I) nár ghnáthach leis aon pháirt do bheith aige agus ná raibh, i dtaobh na nithe bheidh i gceist, aon pháirt aige i mbainistí an mhianaigh sin, agus

(II) go ndearna sé gach socrú i gcúrsaí airgeadais agus eile ba ghá chun a chur ar chumas an bhainisteora a dhualgaisí do chólíonadh, agus

(III) gur i ngan fhios dó agus gan cead uaidh agus gan é dá scaoileadh thairis do rinneadh an cionta;

(b) i gcás nach gá do réir an Achta san bainisteoir do bheith ar an mianach san tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gurb é únaer agus gníomhaire an mhianaigh sin, gach duine fé leith acu, fostóir an oibrí sin.

(2) San alt so tá leis na focail “únaer,” “gníomhaire” agus “bainisteoir” nuair a húsáidtear iad i dtaobh mianaigh na bríonna céanna atá leis na focail “owner,” “agent” agus “manager” fé seach san Coal Mines Act, 1911.

Fostaíocht leanúnach.

4. —(1) Má thárlann briseadh i bhfostaíocht oibrí le fostóir áirithe mar gheall ar an oibrí sin do bheith breoite no an obair ina mbeidh sé ar fostú amhlaidh do stad go sealadach no laigheadú sealadach do theacht ar mhéid sheachtainiúil na hoibre sin no mar gheall ar aon chúis sealadaigh eile nach é gníomh no faillí an oibrí sin fé ndeár í tuigfear, chun aon tréimhse fostaíochta leanúnaighe i bhfostaíocht an fhostóra san do réir bhrí an Achta so d'áireamh, an t-oibrí sin do bheith i bhfostaíocht an fhostóra san faid a lean an briseadh sin más rud é, agus amháin más rud é, go ndearnadh do réir na gcoinníollacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) go ndeachaidh an t-oibrí sin, nuair a bhí deireadh leis an mbriseadh sin, thar n-ais i bhfostaíocht an fhostóra ag á raibh sé ar fostú díreach roimh an mbriseadh sin, agus

(b) nár lean an briseadh sin níos sia ná mí.

(2) I gcás oibrí is ball den Fhórsa Cúltaca d'Fhórsaí Cosanta na hÉireann do bheith as láthair o n-a fhostaíocht chun bheith i láthair agus a dhualgas do chólíonadh, mar bhall den tsórt san, ag aon tréineáil thionnscnaimh, tréineáil bhliantúil no slógadh tástála tuigfear, chun aon tréimhse fostaíochta no fostaíochta leanúnaighe do réir bhrí an Achta so d'áireamh, an t-oibrí sin do bheith san bhfostaíocht san aige le linn é bheith as láthair amhlaidh, agus dá réir sin déanfar, chun crícheanna an Achta so, an tréimhse do bhí sé as láthair amhlaidh d'áireamh sa tréimhse fostaíochta no fostaíochta leanúnaighe sin.

“Bliain fhostaíochta” agus “leathbhliain fhostaíochta”.

5. —(1) San Acht so—

nuair a húsáidtear an abairt “bliain fhostaíochta” i dtaobh oibrí, cialluíonn sí tréimhse de thrí chéad agus cúig lá seascad (gan aon lá gurb é an 29adh lá d'Fheabhra é d'áireamh) dar tosach an lá is déanaí chuaidh an t-oibrí sin sa bhfostaíocht gur ina taobh a húsáidtear an abairt no aon lá cinn bhliana don lá san;

nuair a húsáidtear an abairt “an chéad leath” i dtaobh bliana fostaíochta oibrí thighis, cialluíonn sí tréimhse de chéad agus trí lá ochtód dar tosach an chéad lá den bhliain fhostaíochta san;

nuair a húsáidtear an abairt “an dara leath” i dtaobh bliana fostaíochta oibrí thighis, cialluíonn sí an méid sin den bhliain fhostaíochta san ná fuil sa chéad leath den bhliain fhostaíochta san;

I gcás oibrí do dhul i bhfostaíocht an 29adh lá d'Fheabhra tuigfear, chun míniú na habairte “bliain fhostaíochta” do léiriú, é do dhul sa bhfostaíocht san an chéad lá ina dhiaidh sin.

(2) I gcás—

(a) únaeracht aon ghnótha, pe'ca chun brabús no sochar do dhéanamh a bhíonn sé ar siúl no nach eadh, d'aistriú tré ghníomh na bpáirtithe no tré oibriú dlí i gcaitheamh bliana fostaíochta aon oibrí do bhí ar fostú díreach roimh an aistriú san ag an duine ag á raibh an gnó san ar siúl, agus

(b) an oibrí sin do leanúint de bheith ar fostú tar éis an aistrithe sin ag an duine (dá ngairmtear an fostóir nua so bhfo-alt so) chun ar haistríodh an únaeracht san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) tuigfear, chun crícheanna an Achta so (agus fo-alt (1) den alt so d'áireamh ach gan alt 9 (a bhaineann le cearta oibrithe nach oibrithe tighis maidir le laetheanta saoire puiblí) den Acht so d'áireamh maidir le haon laetheanta saoire puiblí roimh an aistriú san) an t-oibrí sin do bheith i bhfostaíocht an fhostóra nua i dtosach na bliana fostaíochta san agus ón tosach san amach;

(ii) má rinneadh, roimh an aistriú san, saoire bhliantúil no, i gcás gur oibrí tighis an t-oibrí sin, saoire bhliantúil no saoire leath-bhliantúil do lomháil don oibrí sin i rith na bliana fostaíochta san, tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gurb é an fostóir nua do lomháil an tsaoire bhliantúil no an tsaoire leath-bhliantúil sin.

(3) San alt so foluíonn an focal “gnó” aon ghairm, oifig, bunaíocht no trádáil de shaghas ar bith.

Léiríu na habairte “lá saoire iomlán do lomháil”.

6. —Tuigfear, chun crícheanna an Achta so, duine do lomháil lae shaoire iomláin lá áirithe d'oibrí bhíonn ar fostú aige más rud é, agus amháin más rud é, ná leigfidh an duine sin don oibrí sin aon obair do dhéanamh dó an lá san.

Laetheanta saoire puiblí maidir le hoibrithe tionnscail.

7. —Gach lá atá, de bhuadh ailt 7 d'Acht 1936, ina lá shaoire phuiblí, chun crícheanna Achta 1936, maidir le hoibrí tionnscail, beidh sé freisin ina lá shaoire phuiblí, chun crícheanna an Achta so, maidir le hoibrí den tsórt san, agus nuair a húsáidtear an abairt “lá saoire puiblí” san Acht so maidir le hoibrí tionnscail is dá réir sin a léireofar í.

Laetheanta saoire puiblí maidir le hoibrithe nach oibrithe tighis ná oibrithe tionnscail.

8. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo beidh gach lá acu so leanas ina lá shaoire phuiblí, chun crícheanna an Achta so, maidir le hoibrithe nach oibrithe tighis ná oibrithe tionnscail, sé sin le rá:—

(a) Lá Nodlag nuair a thuitfidh ar lá den tseachtain no, nuair a thuitfidh ar an Domhnach, an 27adh lá de Mhí na Nodlag, agus

(b) Lá Fhéile Stiofáin nuair a thuitfidh ar lá den tseachtain no, nuair a thuitfidh ar an Domhnach, an chéad Luan ina dhiaidh sin, agus

(c) Lá Fhéile Pádraig nuair a thuitfidh ar lá den tseachtain no, nuair a thuitfidh ar an Domhnach, an chéad Luan ina dhiaidh sin, agus

(d) Luan Cásca, Luan Cincíse, agus an chéad Luan de Lúnasa.

(2) Pé uair a déanfar, in aon bhliain áirithe, lá do cheapadh fén Acht Laetheanta Saoire Puiblí, 1924 (Uimh. 56 de 1924) , chun bheith ina lá saoire bainc in ionad lae luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so tuigfear, an bhliain sin, an lá ceapfar amhlaidh do bheith curtha sa bhfo-alt san in ionad an lae luaidhtear amhlaidh agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(3) Féadfaidh fostóir aon oibrí nach oibrí tighis ná oibrí tionnscail ceachtar lá acu so leanas do chur in ionad aon lae shaoire phuiblí áirithe (seachas Lá Nodlag no Lá Fhéile Pádraig) a thuitfidh i mbliain chaileandair, sé sin le rá:—

(a) an lá saoire Eaglaise thuitfidh sa bhliain chaileandair sin díreach roimh an lá saoire puiblí sin, tré fhógra do thabhairt don oibrí sin nach oibrí tighis ceithre lá déag ar a laighead roimh an lá saoire Eaglaise sin i dtaobh é bheith ar intinn an lá san do chur in ionad an lae shaoire phuiblí sin, no

(b) an lá saoire Eaglaise thuitfidh sa bhliain chaileandair sin díreach i ndiaidh an lae shaoire phuiblí sin no, má bhíonn an lá saoire puiblí sin ina lá is lá saoire puiblí de bhuadh míre (b) d'fho-alt (1) den alt so, an 1adh lá d'Eanar díreach ina dhiaidh sin, tré fhógra do thabhairt don oibrí sin nach oibrí tighis ceithre lá déag ar a laighead roimh an lá saoire puiblí sin i dtaobh é bheith ar intinn an lá san do chur in ionad an lae shaoire phuiblí sin,

agus pé uair a bhéarfar fógra den tsórt san beidh an lá saoire Eaglaise a cuirfear in ionad lae shaoire phuiblí amhlaidh ina lá saoire puiblí, maidir leis an oibrí sin nach oibrí tighis, chun crícheanna an Achta so in ionad an lae gur ina ionad a cuirfear é amhlaidh.

Chun crícheanna an fho-ailt seo is lá saoire Eaglaise gach lá acu so leanas, sé sin le rá:—

(i) an 1adh lá d'Eanar, ach nuair a thuitfidh ar an Domhnach,

(ii) an 6adh lá d'Eanar, ach nuair a thuitfidh ar an Domhnach,

(iii) Déardaoin Deasgabhála,

(iv) Féile Chorp Críost,

(v) an 29adh lá de Mheitheamh, ach nuair a thuitfidh ar an Domhnach,

(vi) an 15adh lá de Lúnasa, ach nuair a thuitfidh ar an Domhnach,

(vii) an 8adh lá de Mhí na Nodlag, ach nuair a thuitfidh ar an Domhnach.

(4) Cuideachta bhóthair iarainn go mbeidh aon duine ar fostú acu is oibrí nach oibrí tighis agus nach oibrí tionnscail, féadfaid freisin an Aoine Chéasta roimh Luan Cásca áirithe do chur in ionad an Luain Chásca san tré fhógra do thabhairt don duine sin ceithre lá déag ar a laighead roimh an Aoine Chéasta san i dtaobh iad a bheith ar intinn san do dhéanamh agus pé uair a bhéarfar aon fhógra den tsórt san beidh an Aoine Chéasta cuirfear in ionad an Luain Chásca san amhlaidh ina lá saoire puiblí, maidir leis an duine sin, chun crícheanna an Achta so in ionad an Luain Chásca gur ina ionad a cuirfear í amhlaidh.

(5) Is i scríbhinn a bheidh an fógra luaidhtear i bhfo-alt (3) no i bhfo-alt. (4) den alt so agus féadfar é thabhairt do dhuine ar bith tré chóip de do shíneadh chuige go pearsanta no tré chóip de do phostáil suas in ionad feiceálach san áit ina mbíonn an duine sin ar fostú.

(6) San Acht so nuair a húsáidtear an abairt “lá saoire puiblí” maidir le hoibrí nach oibrí tighis ná oibrí tionnscail, léireofar í do réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so.

Cearta oibrithe nach oibrithe tighis maidir le laetheanta saoire puiblí.

9. —(1) I gcás—

(a) oibrí nach oibrí tighis do bheith i bhfostaíocht dhuine lá saoire puiblí, agus

(b) an t-oibrí sin do bheith tar éis oibriú don duine sin ar feadh céad agus caoga uair a chluig ar a laighead aon tráth i rith na tréimhse de chúig sheachtaine díreach roimh an lá saoire puiblí sin, agus

(c) neachtar acu—

(i) an duine sin do bheith tar éis lá saoire iomlán do lomháil (pe'ca i gcólíonadh fo-ailt (1) d'alt 49 d'Acht 1936 é no nach eadh) don oibrí sin an lá saoire puiblí sin, no

(ii) an lá saoire puiblí sin do thuitim ar lá dí-oibre agus gan an t-oibrí sin do bheith ag obair don duine sin an lá saoire puiblí sin,

déanfaidh an duine sin, ach san fé réir forálacha fo-ailt (7) den alt so, suim is có-ionann le págh lae iomláin d'íoc leis an oibrí sin alos an lae shaoire phuiblí sin.

(2) I gcás—

(a) oibrí nach oibrí tighis do bheith i bhfostaíocht dhuine lá saoire puiblí, agus

(b) an t-oibrí sin do bheith tar éis oibriú don duine sin ar feadh céad agus caoga uair a chluig ar a laighead aon tráth i rith na tréimhse de chúig sheachtaine díreach roimh an lá saoire puiblí sin, agus

(c) an t-oibrí sin do bheith tar éis oibriú an lá saoire puiblí sin don duine sin, agus

(d) gan an t-oibrí sin do bheith tar éis págh lae iomláin agus é méaduithe de chúig fichead per cent. d'fháil alos an lae shaoire phuiblí sin,

beidh éifeacht ag na forálacha so leanas ach san fé réir forálacha fo-ailt (7) den alt so, sé sin le rá:—

(e) mara scuiridh an t-oibrí sin de bheith i bhfostaíocht an duine sin fé cheann mí tar éis an lae shaoire phuiblí sin, ansan—

(i) lomhálfaidh an duine sin lá saoire iomlán don oibrí sin ar lá oibre roimh dheireadh an mhí sin agus déanfaidh, má lomhálann sé an lá saoire iomlán san amhlaidh, suim is có-ionann le págh lae iomláin d'íoc leis an oibrí sin alos an lae shaoire iomláin sin,

(ii) mara ndeinidh an duine sin an lá saoire iomlán san do lomháil amhlaidh don oibrí sin, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air, agus déanfaidh (pe'ca beifear tar éis imeachta maidir leis an gcionta san do bhunú no ná beifear) suim is có-ionann le págh lae iomláin d'íoc leis an oibrí sin alos an lae shaoire phuiblí sin, ach ní déanfar imeachta maidir leis an gcionta san ná chun na suime sin do bhaint amach do bhunú go dtí deireadh na bliana de bhlianta fostaíochta an oibrí sin gur laistigh di thuitfidh an lá saoire puiblí sin, no, i gcás ina mbeifear tar éis saoire bhliantúil do lomháil don oibrí sin, go dtí deireadh na saoire bliantúla san, no go dtí go scuirfidh a fhostaíocht (pé ní acu san is túisce thárlóidh);

(f) má scuireann an t-oibrí sin de bheith i bhfostaíocht an duine sin roimh dheireadh an mhí sin agus ná beifear tar éis lá saoire iomlán do lomháil dó ar lá oibre éigin idir an lá saoire puiblí sin agus am an scurtha san agus suim is có-ionann le págh lae iomláin d'íoc leis alos an lae shaoire iomláin sin, déanfaidh an duine sin, ar an scur san, suim is có-ionann le págh lae iomláin d'íoc leis an oibrí sin i dteanta aon pháigh a bheidh dlite dhó an uair sin.

(3) I gcás—

(a) oibrí, nach oibrí tighis, a bheidh i bhfostaíocht dhuine do bheith tar éis oibriú don duine sin ar feadh céad agus caoga uair a chluig ar a laighead aon tráth i rith na tréimhse de chúig sheachtaine díreach roimh lá saoire puiblí, agus

(b) an duine sin do scur seirbhísí an oibrí sin leis an duine sin roimh an lá saoire puiblí sin,

déanfaidh an duine sin ar an scur san, ach san fé réir forálacha fo-ailt (7) den alt so, suim is có-ionann le págh lae iomláin d'íoc leis an oibrí sin i dteanta aon pháigh a bheidh dlite dhó an uair sin.

(4) I gcás—

(a) oibrí, nach oibrí tighis, a bheidh i bhfostaíocht dhuine do bheith tar éis oibriú don duine sin ar feadh céad agus caoga uair a chluig ar a laighead aon tráth i rith na tréimhse de chúig sheachtaine díreach roimh lá saoire ceaptha, agus

(b) lá (dá ngairmtear an lá ionaid sa bhfo-alt so) do chur in ionad an lae shaoire cheaptha san fé alt 7 d'Acht 1936, i gcás gur oibrí tionnscail an t-oibrí sin, no, in aon chás eile, fén alt deiridh sin roimhe seo den Acht so, agus

(c) an lá ionaid do thuitim tar éis an lae shaoire cheaptha san, agus

(d) an duine sin do scur seirbhísí an oibrí sin leis an duine sin roimh an lá ionaid,

déanfaidh an duine sin ar an scur san, ach san fé réir forálacha fo-ailt (7) den alt so, suim is có-ionann le págh lae iomláin d'íoc leis an oibrí sin i dteanta aon pháigh a bheidh dlite dhó an uair sin.

Sa bhfo-alt so cialluíonn an abairt “lá saoire ceaptha”—

(a) maidir le duine is oibrí tionnscail, lá is lá saoire puiblí de bhuadh fo-ailt (1) no fo-ailt (2) d'alt 7 d'Acht 1936;

(b) maidir le duine nach oibrí tionnscail, lá is lá saoire puiblí de bhuadh fo-ailt (1) no fo-ailt (2) den alt deiridh sin roimhe seo den Acht so,

(5) Féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is ceart san dar leis, rialacháin do dhéanamh atharóidh, maidir le gach aicme no le haon aicme no aicmí áirithe (ar n-a míniú sa tslí sin agus do réir na nithe sin is ceart dar leis an Aire) d'oibrithe nach oibrithe tighis, an tréimhse de chéad agus caoga uair a chluig a luaidhtear i bhfo-ailt (1), (2), (3) agus (4) den alt so tré pé méid uair a chluig eile no pé méid laetheanta is ceart dar leis an Aire do chur in ionad na tréimhse sin, agus pé uair a bheidh aon rialacháin den tsórt san i bhfeidhm beidh éifeacht ag na fo-ailt sin, maidir leis na hoibrithe, nach oibrithe tighis, no leis an aicme no na haicmí d'oibrithe, nach oibrithe tighis, le n-a mbainfidh na rialacháin sin, fé is dá ndeintí an tréimhse sin d'atharú sa tslí bheidh luaidhte sna rialacháin sin.

(6) Déanfar, maidir le baint na gcúig fo-alt deiridh sin roimhe seo le hoibrithe is oibrithe tionnscail fé bhun ocht mbliana déag d'aois, an tréimhse de chéad agus fiche uair a chluig do chur in ionad na tréimhse de chéad agus caoga uair a chluig, agus is dá réir sin a bheidh éifeacht ag na cúig fo-ailt deiridh sin roimhe seo maidir le hoibrithe den tsórt san.

(7) Má dheineann fostóir oibrí nach oibrí tighis saoire bhliantúil do lomháil don oibrí sin fén gcéad alt ina dhiaidh seo i rith aon bhliana de bhlianta fostaíochta an oibrí sin agus go lomhálfaidh an fostóir sin dó, i dteanta agus díreach i ndiaidh na saoire bliantúla san, ar lá oibre no ar laetheanta oibre uimhir de laetheanta saoire iomlána (dá ngairmtear laetheanta saoire breise san alt so) a bheidh as a chéile más mó ná a haon iad no do bheadh as a chéile mara mbeadh laetheanta dí-oibre no gearrlaetheanta (más ann dóibh) do theacht eatortha, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) más sé lá saoire breise no níos mó a lomhálfar agus go n-íocfaidh an fostóir sin leis an oibrí sin suim is coionann le págh lae iomláin alos gach ceann de shé cinn de sna laetheanta saoire breise sin ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) ná fo-alt (2) ná fo-alt (3) ná fo-alt (4) den alt so maidir leis an oibrí sin alos aon lae shaoire phuiblí thuitfidh laistigh den bhliain fhostaíochta san;

(b) más lugha ná sé lá saoire breise a lomhálfar agus go n-íocfaidh an fostóir sin leis an oibrí sin suim is cóionann le págh lae iomláin alos gach lae de sna laetheanta saoire breise lomhálfar amhlaidh, féadfaidh an fostóir sin, an tráth a bhéarfaidh fógra don oibrí sin i dtaobh é bheith ar intinn an tsaoire bhliantúil sin do lomháil, fógra i scríbhinn do thabhairt don oibrí sin freisin á rá—

(i) más cúig lá saoire breise lomhálfar, gur in ionad a chearta alos gach lae de sna cúig lá saoire puiblí sin (a thuitfidh laistigh den bhliain fhostaíochta san) a thoghfaidh an fostóir sin agus a luadhfaidh sa bhfógra san na laetheanta saoire breise sin,

(ii) más ceithre lá saoire breise lomhálfar, gur in ionad a chearta alos gach lae de sna ceithre lá saoire puiblí sin (a thuitfidh laistigh den bhliain fhostaíochta san) a thoghfaidh an fostóir sin agus a luadhfaidh sa bhfógra san na laetheanta saoire breise sin,

(iii) más trí lá saoire breise lomhálfar; gur in ionad a chearta alos gach lae de sna trí lá saoire puiblí sin (a thuitfidh laistigh den bhliain fhostaíochta san) a thoghfaidh an fostóir sin agus a luadhfaidh sa bhfógra san na laetheanta saoire breise sin,

(iv) más dhá lá shaoire breise lomhálfar, gur in ionad a chearta alos gach lae den dá lá shaoire phuiblí sin (a thuitfidh laistigh den bhliain fhostaíochta san) a thoghfaidh an fostóir sin agus a luadhfaidh sa bhfógra san na laetheanta saoire breise sin,

(v) más aon lá saoire breise amháin a lomhálfar, gur in ionad a chearta alos an lae shaoire phuiblí sin (a thuitfidh laistigh den bhliain fhostaíochta san) a thoghfaidh an fostóir sin agus a luadhfaidh sa bhfógra san an lá saoire breise sin,

agus in aon chás den tsórt san ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) ná fo-alt (2) ná fo-alt (3) ná fo-alt (4) den alt so maidir leis an oibrí sin alos aon lae shaoire phuiblí luadhfar sa bhfógra san.

(8) San alt so—

cialluíonn an abairt “gearr-lá”, maidir le hoibrí, lá ar a n-oibríonn an t-oibrí sin de ghnáth fé n-a chonnradh sheirbhíse ar feadh tréimhse is giorra ná lá iomlán;

cialluíonn an abairt “lá oibre”, maidir le hoibrí, lá—

(a) is lá seachtaine, agus

(b) nach—

(i) lá saoire puiblí, ná

(ii) lá ar a dtuitfidh aon tréimhse de cheithre huaire fichead a chluig as a chéile de shos is gá do lomháil don oibrí sin fé aon achtachán eile, ná

(iii) lá dí-oibre, ná

(iv) gearr-lá.

(9) I gcás—

(a) fostóir oibrí nach oibrí tighis do dhéanamh íocaíochta leis an oibrí sin fén alt so alos lae shaoire phuiblí, agus

(b) seirbhísí an oibrí sin do scur roimh an lá saoire puiblí sin,

ní tuigfear, chun crícheanna na nAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1933, an t-oibrí sin do bheith i bhfostaíocht an fhostóra san an lá saoire puiblí sin.

Saoire bhliantúil oibrithe nach oibrithe tighis.

10. —(1) Déanfaidh gach duine go mbeidh oibrí nach oibrí tighis ar fostú aige seacht lá saoire iomlán as a chéile (dá ngairmtear saoire bhliantúil san Acht so) do lomháil, pé tráth is oiriúnach leis an duine sin, don oibrí sin nach oibrí tighis i ngach bliain de bhlianta fostaíochta an oibrí sin ina raibh sé go leanúnach i bhfostaíocht an duine sin agus inar oibrigh sé ar feadh ocht gcéad déag uair a chluig ar a laighead sa bhfostaíocht san.

(2) Má lomháltar saoire bhliantúil d'oibrí nach oibrí tighis íocfaidh fostóir an oibrí sin leis an oibrí sin alos na saoire bliantúla san—

(a) i gcás gnáth-luach saothair an oibrí sin d'áireamh ar fad do réir ama, suim is có-ionann leis an méid (gan págh breis-aimsire do bhac) do fuair an t-oibrí sin ón bhfostóir sin mar thuarastal no mar phágh alos na seachtaine sin roimh an saoire bhliantúil sin inar oibrigh an t-oibrí sin an ghnáth-uimhir d'uaire a chluig ar an ngnáth-uimhir mhaximum de laetheanta fé n-a chonnradh sheirbhíse, agus

(b) in aon chás eile, suim is có-ionann le méid a mheantuillimh sheachtainiúil (gan págh breis-aimsire do bhac) in aghaidh na sé mhí díreach roimh an saoire bhliantúil sin má bhí sé ar fostú chó fada san ag an bhfostóir sin ach, mara raibh, ansan in aghaidh aon tréimhse is giorra ná san a bhí sé ar fostú ag an bhfostóir sin.

(3) I gcás—

(a) oibrí, nach oibrí tighis, a bheidh ar fostú ag duine do scur, tráth ar bith seachas i ndeireadh bliana de bhlianta fostaíochta an oibrí sin, de bheith i bhfostaíocht an duine sin, agus

(b) an t-oibrí sin do bheith i bhfostaíocht an duine sin ar feadh mí ar a laighead sa bhliain fhostaíochta san agus é bheith tar éis oibriú ar feadh céad agus caoga uair a chluig ar a laighead sa mhí sin, agus

(c) gan an duine sin do bheith tar éis saoire bhliantúil, alos na coda san den bhliain fhostaíochta san go raibh an t-oibrí sin ar fostú amhlaidh ar a feadh, do lomháil don oibrí sin roimh an scur san,

íocfaidh an duine sin leis an oibrí sin le linn an scurtha san—

(i) suim is có-ionann le págh lae iomláin alos an chéad mhí sa chuid sin den bhliain fhostaíochta san ina mbeidh sé tar eis oibriú ar feadh céad agus caoga uair a chluig ar a laighead, agus

(ii) suim is có-ionann le págh lae iomláin alos gach tréimhse (gan an chéad mhí sin d'áireamh) de dhá mhí sa chuid sin den bhliain fhostaíochta san ina mbeidh sé tar éis oibriú ar feadh trí chéad uair a chluig ar a laighead.

(4) Féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is ceart san dar leis, rialacháin do dhéanamh atharóidh, maidir le gach aicme no le haon aicme no aicmí áirithe (ar n-a míniú sa tslí sin agus do réir na nithe sin is ceart dar leis an Aire) d'oibrithe nach oibrithe tighis, gach ceann no aon cheann de sna tréimhsí d'ocht gcéad déag uair a chluig, de thrí chéad uair a chluig no de chéad agus caoga uair a chluig a luaidhtear i bhfo-ailt (1) agus (3) den alt so tré pé méid uair a chluig eile no pé méid laetheanta is ceart dar leis an Aire do chur in ionad na tréimhse no na dtréimhsí sin, agus pé uair a bheidh aon rialacháin den tsórt san i bhfeidhm beidh éifeacht ag na fo-ailt sin, maidir leis na hoibrithe, nach oibrithe tighis, no leis an aicme no na haicmí d'oibrithe, nach oibrithe tighis, le n-a mbainfidh na rialacháin sin, fé is dá ndeintí na tréimhsí sin no an ceann no na cinn sin acu dá ndéanfaidh na rialacháin sin deifir d'atharú sa tslí bheidh luaidhte sna rialacháin sin.

(5) Déanfar, maidir le baint an ailt seo le hoibrithe is oibrithe tionnscail fé bhun ocht mbliana déag d'aois—

(a) an tréimhse de chúig chéad déag uair a chluig do chur i bhfo-ailt (1) agus (4) in ionad ocht gcéad déag uair a chluig, agus

(b) na tréimhsí uile agus fé seach de dhá chéad agus caoga uair a chluig agus de chéad agus fiche uair a chluig do chur fé seach i bhfo-ailt (3) agus (4) in ionad na dtréimhsí uile agus fé seach de thrí chéad uair a chluig agus de chéad agus caoga uair a chluig,

agus is dá réir sin a bheidh éifeacht ag an alt so maidir le oibrithe den tsórt san.

(6) I gcás aon lá dí-oibre no aon dá lá no níos mó de laetheanta dí-oibre as a chéile do thuitim díreach roimh lá no díreach tar éis lae ar ar lomháil fostóir lá saoire iomlán d'oibrí nach oibrí tighis, tuigfear chun crícheanna an ailt seo gur lá ar ar lomháil an fostóir sin lá saoire iomlán don oibrí sin an lá dí-oibre sin no gach lá de sna laetheanta dí-oibre sin as a chéile (do réir mar a bheidh), mara n-oibrighidh an t-oibrí sin ar an gcéanna don fhostóir sin.

(7) Ní déanfar aon lá is lá saoire puiblí ná lá ar a lomhálfar lá saoire iomlán don oibrí sin nach oibrí tighis do bhun an ailt deiridh sin roimhe seo den Acht so d'áireamh mar lá de shaoire bhliantúil, ach má thagann aon lá den tsórt san idir laetheanta de shaoire bhliantúil tuigfear na laetheanta san do bheith as a chéile d'ainneoin an lae sin do theacht eatortha.

(8) Bainfidh an t-alt so leis an mbliain fhostaíochta is bliain fhostaíochta reatha, le linn tosach feidhme an Achta so, gach duine is oibrí nach oibrí tighis le linn an tosach feidhme sin, agus beidh éifeacht ag an alt so maidir leis an mbliain fhostaíochta san agus maidir leis an duine sin fé is dá mbeadh an t-alt so i bhfeidhm i dtosach na bliana fostaíochta san, ach san fé réir na n-atharuithe seo leanas—

(a) má théigheann an bhliain fhostaíochta san in éag laistigh de mhí tar éis an tosach feidhme sin, tuigfear go ndearna fostóir an duine sin do réir an ailt seo má lomhálann sé don duine sin, ar dháta nach déanaí ná trí mhí tar éis deireadh na bliana fostaíochta san, an tsaoire bhliantúil sin chun a mbeidh teideal ag an duine sin fén alt so alos na bliana fostaíochta san, agus

(b) má lomháil an fostóir sin don duine sin sa bhliain fhostaíochta san, agus roimh an tosach feidhme sin, lá saoire íomlán amháin no níos mó ba shaoire bhliantúil chun crícheanna an ailt seo mara mbeadh gur lugha ná seacht lá na laetheanta saoire iomlána san no ná rabhadar as a chéile no gur lugha ná seacht lá iad agus ná rabhadar as a chéile, tuigfear na laetheanta saoire iomlána san do lomháladh amhlaidh do bheith ina saoire bhliantúil chun crícheanna an ailt seo agus ní bheidh teideal ag an duine sin, maidir leis an mbliain fhostaíochta san, ach chun an méid sin (más aon mhéid é) de laetheanta saoire iomlána as a chéile tar éis an tosach feidhme sin is có-ionann leis an méid (más aon mhéid é) de laetheanta gur lugha ná seacht an méid laetheanta saoire iomlána do lomháladh amhlaidh.

(9) Mara ndeinidh fostóir oibrí nach oibrí tighis saoire bhliantúil do lomháil don oibrí sin alos bliana de bhlianta fostaíochta an oibrí sin do réir an ailt seo, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh an fostóir sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air;

(b) déanfaidh an fostóir sin (pe'ca beifear tar éis imeachta do bhunú fé mhír (a) den fho-alt so no ná beifear) suim d'íoc leis an oibrí sin is có-ionann leis an méid do dhlighfeadh sé, fé fho-alt (2) den alt so, d'íoc leis an oibrí sin dá lomháladh sé an tsaoire bhliantúil sin don oibrí sin agus gur i rith an seacht lá deiridh den bhliain fhostaíochta san do lomhálfaí an tsaoire bhliantúil sin.

(10) Má bheartuíonn duine ag á mbeidh oibrí nach oibrí tighis ar fostú saoire bhliantúil do dheonadh do bhun an ailt seo don oibrí sin nach oibrí tighis—

(a) déanfaidh an duine sin fógra i dtaobh é bheith ar intinn an tsaoire bhliantúil sin do dheonadh agus i dtaobh an lae ar a dtosnóidh sí do thabhairt uaidh ceithre lá déag ar a laighead roimh an lá ar a mbeidh an tsaoire bhliantúil sin le tosnú;

(b) mara ndeinidh an duine sin do réir míre (a) den fho-alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(11) Má dheineann fostóir oibrí nach oibrí tighis tréimhse saoire bliantúla do lomháil in aon bhliain fhostaíochta don oibrí sin níos túisce ná an seacht lá deiridh (eadhon, laetheanta is ionáirimhthe mar laetheanta de shaoire bhliantúil chun crícheanna an ailt seo) den bhliain fhostaíochta san agus go bhfágfaidh an t-oibrí sin fostaíocht an fhostóra san roimh dheireadh na bliana fostaíochta san ní bheidh an fostóir sin i dteideal, alos saoire bhliantúil do lomháil amhlaidh, tréimhse an fhógra do ghiorrú is gá chun deireadh do chur leis an bhfostaíocht san ná an págh ná an sochar eile do laigheadú chun a mbeidh teideal ag an oibrí sin le linn dó an fhostaíocht san d'fhágaint.

Srian le hoibrí tionnscail do dhéanamh oibre i rith saoire bliantúla.

11. —(1) Ní dleathach d'oibrí tionnscail ar bith aon obair thionnscail do dhéanamh ar luach saothair i rith aon tréimhse de shaoire bhliantúil.

(2) Má dheineann oibrí tionnscail ar bith éinní contrárdha don alt so, beidh an t-oibrí sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

Saoire bhliantúil oibrithe tighis.

12. —(1) Déanfaidh gach duine ag á mbeidh oibrí tighis ar fostú ceithre lá déag de laetheanta saoire iomlána as a chéile (dá ngairmtear saoire bhliantúil freisin san Acht so) do lomháil, pé uair is oiriúnach leis an duine sin, don oibrí tighis sin i ngach bliain de bhlianta fostaíochta an oibrí thighis sin ina mbeidh an t-oibrí tighis sin go leanúnach i bhfostaíocht an duine sin agus ina n-oibreoidh ar feadh trí chéad lá ar a laighead sa bhfostaíocht san.

(2) Má lomhálann duine d'oibrí tighis ina fhostaíocht seacht lá saoire iomlána as a chéile (dá ngairmtear saoire leath-bhliantúil san Acht so) an chéad leath de bhliain de bhlianta fostaíochta an oibrí thighis sin agus má lomhálann saoire leath-bhliantúil freisin don oibrí tighis sin sa dara leath den bhliain fhostaíochta san, ní bheidh feidhm ag forálacha fo-ailt (1) den alt so maidir leis an oibrí tighis sin alos na bliana fostaíochta san.

(3) Má lomháltar saoire bhliantúil no saoire leath-bhliantúil d'oibrí tighis, íocfaidh fostóir an oibrí sin leis an oibrí sin, alos na saoire bliantúla no na saoire leath-bhliantúla san, suim is cóionann leis an méid do fuair an t-oibrí sin ón bhfostóir sin—

(a) i gcás saoire bhliantúil do lomháil don oibrí sin, mar thuarastal no mar phágh in aghaidh an dá sheachtain sin as a chéile roimh an saoire bhliantúil sin inar oibrigh an t-oibrí sin an ghnáth-uimhir d'uaire a chluig ar an uimhir mhaximum de laetheanta fé n-a chonnradh sheirbhíse,

(b) i gcás saoire leath-bhliantúil do lomháil don oibrí sin, mar thuarastal no mar phágh in aghaidh na seachtaine sin roimh an saoire leath-bhliantúil sin inar oibrigh an t-oibrí sin an ghnáth-uimhir d'uaire a chluig ar an uimhir mhaximum de laetheanta fén gconnradh san.

(4) I gcás—

(a) oibrí tighis do bheith ar fostú ag duine fé chonnradh seirbhíse fholuíonn lóistín, agus

(b) an duine sin do thabhairt fógra don oibrí sin i dtaobh é bheith ar intinn saoire bhliantúil no saoire leathbhliantúil do lomháil don oibrí sin i rith tréimhse áirithe, agus

(c) an t-oibrí sin d'fhanúint ag obair don duine sin i rith na tréimhse sin le toiliú an duine sin,

tuigfear, má íocann an duine sin, i dteanta an pháigh in aghaidh na tréimhse sin, leis an oibrí sin suim is co-ionann le méid an pháigh sin, gur lomháil an duine sin lá saoire iomlán don oibrí sin gach lá fé leith bheidh sa tréimhse sin.

(5) I gcás—

(a) oibrí tighis do scur de bheith i bhfostaíocht dhuine i rith ré an chéad leatha de bhliain de bhlianta fostaíochta an oibrí sin, agus

(b) an t-oibrí sin d'oibriú sa bhfostaíocht san ar feadh céad agus caoga lá ar a laighead sa chéad leath san, agus

(c) gan saoire bhliantúil ná saoire leath-bhliantúil do lomháil i rith an chéad leatha san don oibrí sin roimh an scur san,

íocfaidh an duine sin leis an oibrí sin le linn an scurtha san suim is có-ionann leis an méid do dhlighfeadh sé, fé fho-alt (3) den alt so, d'íoc leis an oibrí sin dá lomháladh sé saoire leath bhliantúil don oibrí sin i rith an chéad leatha san agus gur i rith an seacht lá roimh an scur san do lomhálfaí an tsaoire leathbhliantúil sin.

(6) I gcás oibrí tighis do scur de bheith i bhfostaíocht dhuine i rith ré an dara leatha de bhliain de bhlianta fostaíochta an oibrí sin agus ná beifear, roimh an scur san, tar éis saoire bhliantúil alos na bliana fostaíochta san ná saoire leath-bhliantúil alos an chéad leatha agus fós alos an dara leatha den bhliain fhostaíochta san do lomháil don oibrí sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má oibrigh an t-oibrí sin sa bhfostaíocht san ar feadh céad agus caoga lá ar a laighead sa chéad leath san agus fós ar feadh céad agus caoga lá ar a laighead sa dara leath san, déanfaidh an duine sin, ar an scur san, suim d'íoc leis an oibrí sin is có-ionann leis an méid do dhlighfeadh sé, fé fho-alt (3) den alt so, d'íoc leis an oibrí sin dá lomháladh sé an tsaoire bhliantúil sin don oibrí sin agus gur i rith an cheithre lá déag roimh an scur san do lomhálfaí an tsaoire bhliantúil sin;

(b) más rud é—

(i) gur oibrigh an t-oibrí sin sa bhfostaíocht san ar feadh céad agus caoga lá ar a laighead sa chéad leath san, ach gur lugha ná céad agus caoga lá d'oibrigh sé sa bhfostaíocht san sa dara leath san, agus

(ii) nár lomháladh saoire leath-bhliantúil i rith an chéad leatha san don oibrí sin roimh an scur san,

déanfaidh an duine sin, ar an scur san, suim d'íoc leis an oibrí sin is có-ionann leis an méid do dhlighfeadh sé, fé fho-alt (3) den alt so, d'íoc leis an oibrí sin dá lomháladh sé saoire leath-bhliantúil don oibrí sin i rith an chéad leatha san agus gur i rith na seacht lá deiridh den chéad leath san do lomhálfaí an tsaoire leathbhliantúil sin;

(c) más rud é—

(i) gur oibrigh an t-oibrí sin sa bhfostaíocht san níos lugha ná céad agus caoga lá sa chéad leath san, ach gur oibrigh sé sa bhfostaíocht san ar feadh céad agus caoga lá ar a laighead sa dara leath san, agus

(ii) nár lomháladh saoire leath-bhliantúil i rith an chéad leatha san ná an dara leatha san don oibrí sin roimh an scur san,

déanfaidh an duine sin, ar an scur san, suim d'íoc leis an oibrí sin is có-ionann leis an méid do dhlighfeadh sé, fé fho-alt (3) den alt so, d'íoc leis an oibrí sin dá lomháladh sé saoire leath-bhliantúil don oibrí sin i rith an dara leatha san agus gur i rith na seacht lá deiridh den dara leath san do lomhálfaí an tsaoire leath-bhliantúil sin.

(7) Féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is ceart san dar leis, rialacháin do dhéanamh atharóidh, maidir le gach aicme no aon aicme no aicmí áirithe (ar n-a míniú sa tslí sin agus do réir na nithe sin is ceart dar leis an Aire) d'oibrithe tighis, gach ceann no aon cheann no cinn de sna tréimhsí de thrí chéad lá no de chéad agus caoga lá luaidhtear i bhfo-ailt (1), (5) agus (6) den alt so tríd an uimhir eile sin de laetheanta is ceart dar leis an Aire do chur in ionad na tréimhse no na dtréimhsí sin, agus pé uair a bheidh aon rialacháin den tsórt san i bhfeidhm beidh éifeacht ag na fo-ailt sin maidir leis na hoibrithe tighis no leis an aicme no na haicmí d'oibrithe tighis le n-a mbainfidh na rialacháin sin fé is dá ndeintí na tréimhsí sin no an ceann san no na cinn sin díobh dá ndéanfaidh na rialacháin sin deifir d'atharú sa tslí bheidh luaidhte sna rialacháin sin.

(8) I gcás aon lá dí-oibre no aon dá lá no níos mó de laetheanta dí-oibre as a chéile do thuitim díreach roimh lá no díreach tar éis lae ar ar lomháil fostóir lá saoire iomlán d'oibrí tighis, tuigfear chun crícheanna an ailt seo gur lá ar ar lomháil an fostóir sin lá saoire iomlán don oibrí sin an lá dí-oibre sin no gach lá de sna laetheanta dí-oibre sin as a chéile (do réir mar a bheidh), mara n-oibrighidh an t-oibrí sin ar an gcéanna don fhostóir sin.

(9) Bainfidh an t-alt so leis an mbliain fhostaíochta is bliain fhostaíochta reatha, le linn tosach feidhme an Achta so, gach duine is oibrí tighis le linn an tosach feidhme sin, agus beidh éifeacht ag an alt so maidir leis an mbliain fhostaíochta san agus maidir leis an duine sin fé is dá mbeadh an t-alt so i bhfeidhm i dtosach na bliana fostaíochta san, ach san fé réir na n-atharuithe seo leanas—

(a) má théigheann an bhliain fhostaíochta san in éag laistigh de mhí tar éis an tosach feidhme sin, tuigfear go ndearna fostóir an duine sin do réir fo-ailt (1) den alt so má lomhálann sé don duine sin, ar dháta nach déanaí ná trí mhí tar éis deireadh na bliana fostaíochta san, an tsaoire bhliantúil sin chun a mbeidh teideal ag an duine sin fén alt so alos na bliana fostaíochta san, agus

(b) má lomháil an fostóir sin don duine sin sa bhliain fhos taíochta san, agus roimh an tosach feidhme sin, lá saoire iomlán amháin no níos mó ba shaoire bhliantúil chun crícheanna an ailt seo mara mbeadh gur lugha ná ceithre lá déag na laetheanta saoire iomlána san no ná rabhadar as a chéile no gur lugha ná ceithre lá déag iad agus ná rabhadar as a chéile, tuigfear na laetheanta saoire iomlána san do lomháladh amhlaidh do bheith ina saoire bhliantúil chun crícheanna an ailt seo agus ní bheidh teideal ag an duine sin, maidir leis an mbliain fhostaíochta san, ach chun an méid sin (más aon mhéid é) de laetheanta saoire iomlána as a chéile tar éis an tosach feidhme sin is có-ionann leis an méid (más aon mhéid é) de laetheanta gur lugha ná ceathair déag an méid laetheanta saoire iomlána do lomháladh amhlaidh.

(10) Mara ndeinidh fostóir oibrí thighis saoire bhliantúil do lomháil don oibrí sin alos bliana de bhlianta fostaíochta an oibrí sin do réir an ailt seo, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh an fostóir sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air;

(b) déanfaidh an fostóir sin (pe'ca beifear tar éis imeachta do bhunú fé mhír (a) den fho-alt so no ná beifear) suim d'íoc leis an oibrí sin is có-ionann leis an méid do dhlighfeadh sé, fé fho-alt (3) den alt so, d'íoc leis an oibrí sin dá lomháladh sé an tsaoire bhliantúil sin don oibrí sin agus gur i rith an cheithre lá déag deiridh den bhliain fhostaíochta san do lomhálfaí an tsaoire bhliantúil sin.

(11) Má bheartuíonn duine ag á mbeidh oibrí tighis ar fostú aon laetheanta saoire iomlána do dheonadh do bhun an ailt seo don oibrí tighis sin—

(a) déanfaidh an duine sin fógra i dtaobh é bheith ar intinn na laetheanta saoire iomlána san do dheonadh agus i dtaobh an lae ar a dtosnóid do thabhairt uaidh ceithre lá déag ar a laighead roimh an lá ar a mbeidh na laetheanta saoire iomlána san le tosnú;

(b) mara ndeinidh an duine sin do réir míre (a) den fho-alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fineáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(12) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear oibrí tighis d'oibriú i bhfostaíocht dhuine áirithe aon lá go raibh an t-oibrí tighis sin ar fáil chun seirbhíse, ar n-a iarraidh sin air don duine sin, ar feadh tréimhse de dhá uair a chluig no níos mó.

Íocaíocht in ionad cothuithe agus lóistín ar feadh saoire.

13. —(1) I gcás—

(a) fostóir do lomháil saoire bliantúla no saoire leathbhliantúla d'oibrí, agus

(b) an t-oibrí sin do bheith, díreach roimh an saoire bhliantúil no an saoire leath-bhliantúil sin, i dteideal cóiríochta mar chuid dá luach saothair,

íocfaidh an fostóir sin, i dteanta aon tsuime is iníoctha leis an oibrí sin fén Acht so alos na saoire bliantúla no na saoire leathbhliantúla san, leis an oibrí sin, alos aon lae thuitfidh laistigh den tsaoire bhliantúil no den tsaoire leath-bhliantúil sin agus a bheidh sé gan cóiríocht d'fháil, suim scillinge i gcás an oibrí sin do bheith ar fostú i gcontae-bhuirg no i mbuirg Dhún Laoghaire no suim seacht bpingne in aon chás eile.

(2) San alt so cialluíonn an focal “cóiríocht”—

(a) maidir le hoibrí ná beidh teideal aige ach chun cothuithe, cothú;

(b) maidir le hoibrí ná beidh teideal aige ach chun lóistín, lóistín;

(c) maidir le hoibrí go mbeidh teideal aige chun cothuithe agus lóistín, cothú agus lóistín.

Pionóisí mar gheall ar gan airgead a bheidh dlite d'oibrithe d'íoc agus é bhaint amach.

14. —Mara ndeinidh fostóir oibrí aon airgead a thiocfaidh chun bheith iníoctha ag an bhfostóir sin leis an oibrí sin fé aon fhoráil dá bhfuil san Acht so d'íoc leis an oibrí sin—

(a) beidh an fostóir sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air;

(b) féadfaidh an t-oibrí sin (pe'ca beifear tar éis imeachta do bhunú fé mhír (a) den alt so no ná beifear) an t-airgead san do bhaint den fhostóir sin mar fhiacha gnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla.

Breacacháin.

15. —(1) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire le hordú (dá ngairmtear ordú breacachán san Acht so) a cheangal ar fhostóirí oibrithe no ar aon aicme d'fhostóirí oibrithe breacacháin do choimeád i dtaobh aon ní no ruda gur gá dar leis an Aire breacachán ina thaobh do bheith ann chun an Achta so d'fhoirfheidhmiú agus, más oiriúnach leis é, fuirm aon bhreacachán den tsórt san d'ordú.

(2) Féadfaidh an tAire orduithe breacachán deifriúla do dhéanamh fén alt so maidir le haicmí deifriúla d'fhostóirí oibrithe.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú fén alt so, leasú no ceiliúradh do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta fén alt so no fén bhfo-alt so.

(4) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a ordú, le haon ordú déanfar fén alt so, cadé an áit no cadiad na háiteanna ina gcoimeádfar na breacacháin a hordófar leis an ordú san agus féadfaidh na rialacháin sin is oiriúnach leis do dhéanamh maidir leis na breacacháin sin do thaisbeáint agus d'iniúchadh.

(5) Má thárlann aon uair a bheidh ordú breacachán i bhfeidhm go dteipfidh ar aon fhostóir no go bhfailleoidh no go ndiúltóidh déanamh do réir éilithe an orduithe sin no go gcuirfidh in aon bhreacachán, is gá don fhostóir sin do réir an orduithe sin a choimeád, iontráil ar bith a bheidh bréagach in aon phonc táchtach agus a fhios aige an céanna do bheith bréagach, beidh an fostóir sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

Comhachta Cigirí.

16. —(1) Féadfaidh cigire, chun forálacha an Achta so d'fhoirfheidhmiú, gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) fé réir forálacha an ailt so, dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh no áit go mbeidh cúis réasúnta aige le n-a cheapadh aon oibrithe do bheith ar fostú ann,

(b) an scrúdú no an fiosrú san do dhéanamh is gá chun a fháil amach an bhfuiltear ag déanamh do réir forálacha an Achta so maidir le haon oibrí áirithe bheidh ar fostú in aon áitreabh no áit den tsórt san no ná fuiltear,

(c) a cheangal ar fhostóir aon oibrí áirithe no ar ionadaí an fhostóra san aon bhreacacháin do thaisbeáint dé is gá don fhostóir sin do réir orduithe bhreacachán do choimeád, agus na breacacháin sin d'iniúchadh agus cóipeanna do dhéanamh d'iontrála ionta,

(d) duine ar bith go mbeidh cúis réasúnta aige chun a chreidiúint gur oibrí é no gurbh oibrí é no gurb é no gurbh é fostóir aon oibrí áirithe é do cheistniú i dtaobh nithe ar bith fén Acht so agus a cheangal ar an duine sin na ceisteanna san (seachas ceisteanna go dtiocfaidh asta an duine sin dá choiriú féin) d'fhreagairt a chuirfidh an cigire sin chuige i dtaobh na nithe sin agus dearbhú do shighniú á dhearbhú gur fíor na freagraí ar na ceisteanna san.

(2) Na comhachta bheirtear do chigire le mír (a) d'fho-alt (1) den alt so ní bheid infheidhmithe maidir le haon tigh comhnuithe príobháideach mara ndeinidh an tAire no oifigeach don Aire cheapfaidh an tAire chuige sin a dheimhniú go bhfuil cúis réasúnta aige chun a chreidiúint go ndearna fostóir aon oibrí áirithe bheidh ar fostú sa tigh sin cionta fén alt so maidir leis an oibrí sin agus mara ndeinidh an cigire sin, agus é á iarraidh go leigfí isteach sa tigh sin é, an deimhniú san do thaisbeáint.

(3) Má dheineann duine ar bith—

(a) cigire do chose no do bhac agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá dtugtar don chigire sin leis an alt so, no

(b) diúltú d'aon bhreacachán do thaisbeáint a cheanglóidh cigire air go dleathach a thaisbeáint, no

(c) aon bhreacachán a bheidh bréagach in aon phonc táchtach, agus go mbeidh a fhios aige é bheith bréagach, do thaisbeáint no a chur fé ndeár é thaisbeáint no a cheadú go feasach é thaisbeáint do chigire, no

(d) éinne do chose no tabhairt fé éinne do chosc ar theacht i láthair chigire no ar chigire dá cheistniú, no

(e) failliú no diúltú toiliúil maidir le déanamh do réir aon éilimh dhleathaigh o chigire fé mhír (d) d'fho-alt (1) den alt so,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(4) Bhéarfar deimhniú a cheaptha do gach cigire agus nuair a bheidh sé á iarraidh go leigfí isteach é in aon áitreabh no áit chun crícheanna an Achta so déanfaidh, má ceangailtear san air, an deimhniú san do thaisbeáint don tsealbhaire agus d'éinne bheidh á cheistniú aige.

(5) San alt so cialluíonn an focal “cigire” duine ar n-a cheapadh ag an Aire chun bheith ina chigire chun crícheanna an ailt seo.

Seana-chonnartha d'atharú.

17. —(1) I gcás connradh do bheith déanta roimh dháta thosach feidhme an Achta so chun aon obair do dhéanamh agus gan é bheith cólíonta go hiomlán le linn an tosach feidhme sin, agus, an duine dhlighfidh fén gconnradh san an obair sin do dhéanamh, é do dhéanamh gearáin ag rá ceachtar ní no an dá ní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) gur thárla, de dhruim na n-oblagáidí cuirtear ar fhostóirí leis an Acht so, teora ama atá sa chonnradh san chun éinní áirithe do dhéanamh do theacht chun bheith nearéasúnta agus gur cheart í shíneadh, no

(b) gur thárla, de dhruim na n-oblagáidí sin, aon phraghas no íocaíocht eile áirithe do ceapadh leis an gconnradh san do theacht chun bheith nea-réasúnta agus gur cheart é mhéadú,

ansan agus i ngach cás den tsórt san, déanfar, cheal có-aontuithe idir na páirtithe le n-a mbainfidh, an gearán san do chur, ar aon pháirtí acu san á iarraidh san, fé eadrascán fén alt so.

(2) I gcás gearán do chur, fén alt so, fé eadrascán, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) is eadrascánaí amháin éistfidh an t-eadrascán san agus a bhéarfaidh breith air agus, cheal có-aontuithe idir na páirtithe le n-a mbainfidh, ceapfaidh an tAire an t-eadrascánaí ar iarratas aon pháirtí acu san;

(b) más gearán é á éileamh go ndéanfaí síneadh ar theorainn ama, cinnfidh an t-eadrascánaí ce'ca ba cheart an síneadh sin do dhéanamh no nár cheart agus (má chinneann gur cheart an síneadh sin do dhéanamh) cadé méid an tsínte sin;

(c) más gearán é á éileamh go ndéanfaí méadú ar phraghas no ar íocaíocht eile cinnfidh an t-eadrascánaí ce'ca ba cheart an méadú san do dhéanamh no nár cheart agus (má chinneann gur cheart an méadú san do dhéanamh) cadé méid an mhéaduithe sin;

(d) íocfar leis an eadrascánaí as gníomhú mar eadrascánaí an táille sin a dhéanfaidh an tAire, cheal có-aontuithe, a cheapadh, agus íocfar an táille sin agus gach costas agus caiteachas generálta eile bhainfidh leis an eadrascán ag an duine no na daoine sin de sna páirtithe san eadrascán agus, i gcás níos mó ná páirtí amháin acu san á n'íoc, sna cionúireachtaí sin ordóidh an t-eadrascánaí;

(e) cinnfidh an t-eadrascánaí conus a híocfar na costaisí agus na caiteachaisí fé n-a ndeachaidh gach páirtí san eadrascán tré theacht i láthair agus éisteacht d'fháil ag an eadrascán no maidir leis sin;

(f) má chinneann an t-eadrascánaí gur cheart teora ama do shíneadh no gur cheart praghas do mhéadú déanfaidh an t-eadrascánaí an connradh is abhar don eadrascán do leasú sa tslí sin is ceart dar leis chun éifeacht do thabhairt don chinneadh sin;

(g) ní bheidh dul thar cinneadh an eadrascánaí agus beidh sé ina cheangal ar gach páirtí le n-a mbainfidh.

Ciontaí cóluchtaí corpruithe.

18. —Má dheineann cólucht corpruithe cionta fé alt ar bith den Acht so agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú no le ceadú éinne, no gur cuireadh a dhéanamh in usacht le haon fhaillí i bpáirt éinne, is stiúrthóir no bainisteoir ar an gcólucht chorpruithe sin no is rúnaí no oifigeach eile dhó, tuigfear an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí no an t-oifigeach eile sin freisin do bheith ciontach sa chionta san agus dlighfear imeachta do bhunú ina choinnibh agus é phionósú dá réir sin.

Ciontaí do chúiseamh.

19. —(1) Féadfaidh an tAire cionta fé alt ar bith den Acht so do chúiseamh.

(2) Má dheineann fostóir oibrí cionta fé alt ar bith den Acht so féadfaidh an t-oibrí sin no aon oifigeach de cheárd-chumann chláruithe dar ball an t-oibrí sin an cionta san do chúiseamh.

(3) Féadfar cúiseamh i gcionta fé alt ar bith den Acht so do bhunú laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an chionta san do dhéanamh.

Cionntapacht mar chosaint.

20. —Má cúisítear duine i gcionta fé alt ar bith den Acht so beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san an duine sin dá chruthú chun sástachta na Cúirte gur os a cóir a triailfear an cionta san gur ghá, no gur cheart do réir réasúin, an sárú adeirtear do rinneadh ar an alt san do dhéanamh de bhíthin tóiteán, tuile, stoirm, éigean, loiceadh gléasra no meaisínteachta, no aon chionntapacht eile do thárlachtaint no do bheith ag bagairt no coinne réasúnta do bheith leis an gcéanna.

Rialacháin.

21. —Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

Orduithe agus rialacháin do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.

22. —Gach ordú agus rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta. agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe no an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe no an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú no an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú no fén rialachán san.

Costaisí.

23. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do riaradh.

Forálacha áirithe den Acht um Choinníollacha Fostaíochta, 1936 , d'athghairm.

24. —Athghairmtear leis seo na forálacha so leanas den Acht um Choinníollacha Fostaíochta, 1936 (Uimh. 2 de 1936) , sé sin le rá, ailt 5, 24, 25, 26 agus 27, agus fo-ailt (5), (6), (7) agus (8) d'alt 49.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

25. —(1) Féadfar an tAcht um Laetheanta Saoire (Fostaithe), 1939 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an lá san a ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.