An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Liuntaisi do Threoraithe Pairtithe Airithe i nDail Éireann.) Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Achtachan a hAthghairmtear i bPairt.)

38 1938

ACHT UM OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PÁIRLIMINTE, 1938

CUID IV.

Pinsin agus Liuntaisi do dhaoine agus i leith daoine do bhi i seilbh Oifigi airithe Aireachta agus Pairliminte.

Mínithe chun crícheanna Coda IV.

13. —Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an abairt “oifig aireachta” aon oifig is oifig acu so leanas, eadhon:—

(a) oifig chomhalta den Aireacht sa Chéad Dáil Éireann, sa Dara Dáil Éireann no sa Tríú Dáil Éireann no an Chinn Chomhairle ar an gCéad Dáil Éireann, ar an Dara Dáil Éireann no ar an Tríú Dáil Éireann;

(b) oifig chomhalta den Riaghaltas Sealadach;

(c) oifig chomhalta d'Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann no Aire do ceapadh fé Airtiogal 55 de Bhunreacht Shaorstáit Éireann;

(d) oifig an Chinn Chomhairle ar an Tigh Teachtaí (Dáil Éireann) do bunuíodh le Bunreacht Shaorstáit Éireann;

(e) oifig chomhalta den Riaghaltas;

(f) oifig Chathaoirligh Dháil Éireann;

tá ag na habairtí “an Chéad Dáil Éireann”, “an Dara Dáil Éireann”, agus “an Tríú Dáil Éireann” an bhrí chéanna atá ag na habairtí sin fé seach san Acht Léiriúcháin, 1923 (Uimh. 46 de 1923) ;

cialluíonn an abairt “an Riaghaltas Sealadach” an Riaghaltas do bunuíodh do bhun Airtiogail 17 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Bunreacht Shaorstáit Éireann, 1922 (Uimh. 1 de 1922) ;

cialluíonn an abairt “oifig rúnaíochta” oifig Rúnaí Pháirliminte;

cialluíonn an abairt “oifig cháilitheach” oifig is oifig aireachta no oifig rúnaíochta.

(2) Má dheimhníonn an Taoiseach i scríbhinn go ndearna aon duine áirithe i rith aon tréimhse dar thosach an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, no dáta dá éis sin, agus dar chríoch an 18adh lá de Mhí Meithimh, 1924, no dáta roimhe sin, dualgaisí do chólíonadh atá cosúil leis na dualgaisí is ionchólíonta anois ag Rúnaí Páirliminte, tuigfear, chun crícheanna na Coda so den Acht so, gur shealbhuigh an duine sin oifig rúnaíochta i rith na tréimhse sin.

(3) I gcás duine d'eirghe as oifig cháilithigh agus é do cheapadh láithreach chun oifige cáilithighe eile, tuigfear, chun crícheanna na Coda so den Acht so, nár scuir an duine sin d'oifig cháilithigh do shealbhú le linn an eirithe as san.

(4) Má shealbhuigh duine dhá oifig cháilitheacha no níos mó i rith tréimhse áirithe, tuigfear, chun crícheanna na Coda so den Acht so, nár shealbhuigh sé ach oifig cháilitheach amháin acu san i rith na tréimhse sin.

Pinsin do dhaoine do bhí i seilbh oifigí aireachta.

14. —(1) I gcás—

(a) duine ná fuil i seilbh oifige cáilithighe ar dháta an Achta so do rith do shealbhú oifige aireachta roimh an dáta san agus gur trí bliana no níos mó is faid dá sheirbhís inphinsin ar an dáta san, no

(b) duine do shealbhú oifige aireachta roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, agus é do shealbhú oifige rúnaíochta roimh dháta an Achta so do rith ar feadh tréimhse nach giorra ná seacht mbliana,

tiocfaidh an duine sin, ar dháta an Achta so do rith, chun bheith i dteideal pinsin (dá ngairmtear pinsean aireachta san Acht so).

(2) I gcás—

(a) duine atá, ar dháta an Achta so do rith, no bheidh, dá éis sin, i seilbh oifige cáilithighe do scur d'oifig cháilithigh do shealbhú, agus

(b) gur trí bliana no níos mó is faid dá sheirbhís inphinsin ar dháta an scurtha san, agus

(c) gan an duine sin do bheith, ar dháta an scurtha san, i dteideal pinsin fé fho-alt (1) den alt so ná fén bhfo-alt so,

tiocfaidh an duine sin, ar dháta an scurtha san, chun bheith i dteideal pinsin (dá ngairmtear pinsean aireachta freisin san Acht so).

(3) Is do réir na rátaí seo leanas a bheidh pinsean aireachta, sé sin le rá:—

faid is giorra ná ceithre bliana seirbhís inphinsin an duine bheidh i dteideal an phinsin, trí chéad punt sa bhliain,

más giorra agus faid is giorra ná cúig bliana, ach nach giorra ná ceithre bliana, seirbhís inphinsin an duine sin, trí chéad agus caoga punt sa bhliain,

más giorra agus faid is giorra ná sé bliana, ach nach giorra ná cúig bliana, seirbhís inphinsin an duine sin, ceithre chéad punt sa bhliain,

más giorra agus faid is giorra ná seacht mbliana, ach nach giorra ná sé bliana, seirbhís inphinsin an duine sin, ceithre chéad agus caoga punt sa bhliain,

i gcás nach giorra ná seacht mbliana seirbhís inphinsin an duine sin, cúig céad punt sa bhliain.

(4) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) tuigfear gurb é an uimhir de bhlianta do shealbhuigh duine oifig rúnaíochta ná an uimhir do gheobhfar de thoradh an uimhir de laetheanta do shealbhuigh an duine sin oifig rúnaíochta do roinnt ar an uimhir trí chéad agus cúig seascad, gan áird do thabhairt ar aon chodán a bheidh fágtha;

(b) tuigfear gurb é is uimhir de bhlianta seirbhíse inphinsin dhuine ná an uimhir do gheobhfar de thoradh an uimhir de laetheanta a sheirbhíse inphinsin do roinnt ar an uimhir trí chéad agus cúig seascad, gan áird do thabhairt ar aon chodán a bheidh fágtha;

(c) isé is seirbhís inphinsin dhuine ná suim gach tréimhse bheidh an duine sin i dteideal d'áireamh mar thréimhse de sheirbhís inphinsin fé sna forálacha ina dhiaidh seo den fho-alt so;

(d) is tréimhse de sheirbhís inphinsin maidir le duine ar bith gach tréimhse acu so leanas—

(i) má shealbhuigh sé oifig aireachta roimh an 11adh d'Iúl, 1921, tréimhse is có-ionann le dhá fhaid aon tréimhse, roimh an lá san, gur shealbhuigh sé oifig aireachta ar a feadh,

(ii) má shealbhuigh sé oifig aireachta an 11adh lá d'Iúl, 1921, no dá éis sin, aon tréimhse, dar thosach an lá san no dáta dá éis sin, gur shealbhuigh sé oifig aireachta ar a feadh, ach san fé réir na teorann so, eadhon, má bhí sé ar feadh aon tréimhse ina chomhalta den Aireacht sa Dara Dáil Éireann no sa Tríú Dáil Éireann agus fós ina chomhalta den Riaghaltas Sealadach, ní bheidh an tréimhse sin ionáirmhithe mar thréimhse go raibh sé ina chomhalta den Aireacht san agus fós ina chomhalta den Riaghaltas Sealadach ar a feadh,

(iii) más trí bliana no níos mó faid a sheirbhíse inphinsin, ar n-a déanamh amach fé sna forálacha san roimhe seo den fho-alt so, agus gur shealbhuigh sé oifig rúnaíochta, no má bhaineann mír (b) d'fho-alt (1) den alt so leis, tréimhse is có-ionann le leath na tréimhse gur ar a feadh a shealbhuigh sé aon oifig rúnaíochta.

(5) Tuigfear, chun crícheanna fo-ailt (1) d'alt 8 d'Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 ( Uimh. 48 de 1924 ), no fo-ailt (1) d'alt 20 d'Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934 ( Uimh. 43 de 1934 ), nach pinsean ná liúntas is iníoctha amach as airgead puiblí pinsean aireachta.

Aiscí do dhaoine dob' oifigigh dlí.

15. —(1) I gcás duine, ba Phríomh-Atúrnae ar Shaorstát Éireann, do scur, do bhun fo-ailt (2) d'alt 6 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 ( Uimh. 16 de 1924 ), den oifig sin do shealbhú agus gur trí bliana no níos mó is faid dá sheirbhís cháilithigh ar dháta an Achta so do rith, tiocfaidh an duine sin, ar dháta an Achta so do rith, chun bheith i dteideal aisce de mhéid is cóionann le leath an tuarastail do bhí ag gabháil leis an oifig sin ar dháta an scurtha san.

(2) I gcás duine dob' Ard-Aighne do dhul as an oifig sin agus gur trí bliana no níos mó is faid dá sheirbhís cháilithigh ar dháta an dul as oifig sin, tiocfaidh an duine sin ar dháta an dul as oifig sin, mara mbeifear tar éis aisce fé fho-alt (1) den alt so no fén bhfo-alt so d'íoc leis roimhe sin, chun bheith i dteideal aisce de mhéid is có-ionann le leath an tuarastail do bhí ag gabháil leis an oifig sin ar dháta an dul as oifig sin.

(3) Chun críche an ailt seo—

(a) isé is seirbhís cháilitheach dhuine ná suim gach tréimhse gur shealbhuigh an duine sin ar a feadh oifig Phríomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann no oifig an Ard-Aighne, agus

(b) tuigfear gurb é is uimhir de bhlianta seirbhíse cáilithighe dhuine ná an uimhir do gheobhfar de thoradh an uimhir de laetheanta a sheirbhíse cáilithighe do roinnt ar an uimhir trí chéad agus cúig seascad, gan áird do thabhairt ar aon chodán a bheidh fágtha.

(4) Ní bheidh aon aisce fé fho-alt (2) den alt so iníoctha le duine más rud é, ar é do dhul as oifig an Ard-Aighne—

(a) go gceapfar é chun aon oifige lán-aimsire go mbeidh an luach saothair a bheidh ag gabháil léi os cionn míle punt sa bhliain agus é ina mhuirear ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis no iníoctha go díreach amach as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas, no

(b) go gceapfar é, ar ainmniú an Riaghaltais no Aire Stáit, chun aon oifige go mbeidh an luach saothair a bheidh ag gabháil léi os cionn míle punt sa bhliain.

(5) Má deintear aon aisce fé fho-alt (2) den alt so d'íoc le duine agus an duine sin do cheapadh, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dó dul as oifig an Ard-Aighne, chun aon oifige den tsórt a luaidhtear i mír (a) no i mír (b) den fho-alt deiridh sin roimhe seo, déanfaidh an duine sin suim is có-ionann le méid na haisce sin d'íoc leis an Aire Airgeadais.

Pinsin do dhaoine do bhí i seilbh oifigí rúnaíochta.

16. —(1) Má bhí duine ná fuil i seilbh oifige cáilithighe ar dháta an Achta so do rith i seilbh oifige rúnaíochta roimh an dáta san agus gur trí bliana no níos mó is faid dá sheirbhís inphinsin ar an dáta san, tiocfaidh an duine sin, ar dháta an Achta so do rith, chun bheith i dteideal pinsin (dá ngairmtear pinsean rúnaíochta san Acht so).

(2) I gcás—

(a) duine atá, ar dháta an Achta so do rith, no bheidh, dá éis sin, i seilbh oifige cáilithighe, do scur d'oifig cháilithigh do shealbhú, agus

(b) gur trí bliana no níos mó is faid dá sheirbhís inphinsin ar dháta an scurtha san, agus

(c) gan an duine sin do bheith, ar dháta an scurtha san, i dteideal pinsin aireachta ná pinsin fé fho-alt (1) den alt so ná fén bhfo-alt so,

tiocfaidh an duine sin, ar dháta an scurtha san, chun bheith i dteideal pinsin (dá ngairmtear pinsean rúnaíochta freisin san Acht so).

(3) Is do réir na rátaí seo leanas a bheidh pinsean rúnaíochta, sé sin le rá:—

faid is giorra ná ceithre bliana seirbhís inphinsin an duine bheidh i dteideal an phinsin, dhá chéad punt sa bhliain,

más giorra agus faid is giorra ná cúig bliana, ach nach giorra ná ceithre bliana, seirbhís inphinsin an duine sin, dhá chéad agus trí púint tríochad sé scillinge agus ocht bpingne sa bhliain,

más giorra agus faid is giorra ná sé bliana, ach nach giorra ná cúig bliana, seirbhís inphinsin an duine sin, dhá chéad agus sé púint sheascad trí scillinge déag agus ceithre pingne sa bhliain,

más giorra agus faid is giorra ná seacht mbliana, ach nach giorra ná sé bliana, seirbhís inphinsin an duine sin, trí chéad punt sa bhliain,

i gcás nach giorra ná seacht mbliana seirbhís inphinsin an duine sin, trí chéad agus trí púint tríochad sé scillinge agus ocht bpingne sa bhliain.

(4) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) tuigfear gurb é is uimhir de bhlianta seirbhíse inphinsin dhuine ná an uimhir do gheobhfar de thoradh an uimhir de laetheanta a sheirbhíse inphinsin do roinnt ar an uimhir trí chéad agus cúig seascad, gan áird do thabhairt ar aon chodán a bheidh fágtha;

(b) isé is seirbhís inphinsin dhuine ná suim gach tréimhse bheidh an duine sin i dteideal d'áireamh mar thréimhse de sheirbhís inphinsin fé sna forálacha ina dhiaidh seo den fho-alt so;

(c) is tréimhse de sheirbhís inphinsin maidir le duine ar bith gach tréimhse acu so leanas—

(i) má shealbhuigh sé oifig aireachta roimh an 11adh lá d'Iúl, 1921, tréimhse is có-ionann le dhá fhaid aon tréimhse, roimh an lá san, gur shealbhuigh sé oifig aireachta ar a feadh,

(ii) má shealbhuigh sé oifig aireachta an 11adh lá d'Iúl, 1921, no dá éis sin, aon tréimhse, dar thosach an lá san no dáta dá éis sin, gur shealbhuigh sé oifig aireachta ar a feadh, ach san fé réir na teorann so, eadhon, má bhí sé ar feadh aon tréimhse ina chomhalta den Aireacht sa Dara Dáil Éireann no sa Tríú Dáil Éireann agus fós ina chomhalta den Riaghaltas Sealadach, ní bheidh an tréimhse sin ionáirmhithe mar thréimhse go raibh sé ina chomhalta den Aireacht san agus fós ina chomhalta den Riaghaltas Sealadach ar a feadh,

(iii) aon tréimhse gur shealbhuigh sé aon oifig rúnaíochta ar a feadh.

(5) Tuigfear, chun crícheanna fo-ailt (1) d'alt 8 d'Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 ( Uimh. 48 de 1924 ), no fo-ailt (1) d'alt 20 d'Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934 ( Uimh. 43 de 1934 ), nach pinsean ná liúntas is iníoctha amach as airgead puiblí pinsean rúnaíochta.

Tosach feidhme pinsean aireachta agus pinsean rúnaíochta.

17. —Má bhíonn duine i dteideal pinsin aireachta no pinsin rúnaíochta, ansan—

(a) maran sealbhóir oifige cáilithighe an duine sin ar dháta an Achta so do rith agus go dtiocfaidh chun bheith i dteideal an phinsin sin ar an dáta san, tosnóidh an pinsean san ar bheith iníoctha—

(i) i gcás an duine sin d'iarraidh an phinsin sin go cuibhe lá nach déanaí ná sé mhí tar éis an dáta san, amhail ar an dáta san agus ón dáta san amach,

(ii) i gcás ar bith eile, amhail ar an dáta agus ón dáta ar a n-iarrfaidh an duine sin an pinsean san go cuibhe;

(b) más sealbhóir oifige cáilithighe an duine sin ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin agus go dtiocfaidh chun bheith i dteideal an phinsin sin ar an dáta san no dá éis sin, tosnóidh an pinsean san ar bheith iníoctha—

(i) i gcás an duine sin d'iarraidh an phinsin sin go cuibhe lá nach déanaí ná sé mhí tar éis an dáta ar a dtáinig chun bheith i dteideal an phinsin sin, amhail ar an lá agus ón lá díreach i ndiaidh an dáta san is déanaí luaidhtear.

(ii) i gcás ar bith eile, amhail ar an dáta agus ón dáta ar a n-iarrfaidh an duine sin an pinsean san go cuibhe.

Ceisteanna i dtaobh seirbhíse aireachta do chinneadh.

18. —Má eiríonn aon cheist i dtaobh ce'ca shealbhuigh duine oifig aireachta roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, no nár shealbhuigh no i dtaobh na tréimhse a bhí duine, do shealbhuigh oifig aireachta roimh an dáta san, i seilbh na hoifige sin, cuirfear an cheist fé bhráid choiste bheidh có-dhéanta de thriúr, eadhon—

(a) an Taoiseach no duine éigin ar n-a ainmniú aige,

(b) Treoraí an Dara Páirtí, do réir bhrí Coda III den Acht so, no duine éigin ar n-a ainmniú aige,

(c) Cathaoirleach Dháil Éireann no duine éigin ar n-a ainmniú aige,

agus beidh breith an choiste sin ar an gceist sin ina breith ná beidh aon dul tháirse agus ina ceangal ar gach aon duine agus ar gach aon bhínse.

Pinsin dúbalta do thoirmeasc.

19. —(1) I gcás duine do theacht, an t-aon lá amháin, chun bheith i dteideal pinsin aireachta agus pinsin rúnaíochta tuigfear gan an duine sin do bheith i dteideal an phinsin rúnaíochta san.

(2) I gcás duine bheidh i dteideal pinsin rúnaíochta do theacht ina dhiaidh sin chun bheith i dteideal pinsin aireachta scuirfidh an duine sin, amhail ar an dáta agus ón dáta ar a dtiocfaidh chun bheith i dteideal an phinsin aireachta san, de bheith i dteideal an phinsin rúnaíochta san.

(3) Ní bheidh duine i dteideal an tréimhse chéanna aimsire d'áireamh chun críche pinsin aireachta no pinsin rúnaíochta agus fós chun críche pinsin no liúntais fé sna hAchtanna Pinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1934, no fé sna hAchtanna Aois-Liúntais, 1834 go 1936, no fé aon Acht eile, ar n-a rith roimh an Acht so do rith no dá éis sin, fé n-a dtiocfaidh an duine sin chun bheith i dteideal aon phinsin gur do réir faide seirbhíse a cinnfear a mhéid.

(4) I gcás—

(a) duine atá i dteideal pinsin seirbhíse míleata fé Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 (Uimh. 48 de 1924) , do theacht, ar dháta an Achta so do rith, chun bheith i dteideal pinsin aireachta no pinsin rúnaíochta, agus

(b) 'na mbeadh aon tréimhse aimsire a háirmhítear chun méid an phinsin sheirbhíse míleata san do dhéanamh amach ionáirmhithe freisin, mara mbeadh an fo-alt deiridh sin roimhe seo, chun méid an phinsin aireachta no an phinsin rúnaíochta san do dhéanamh amach, agus

(c) 'na mbeidh an duine sin tar éis fógra i scríbhinn do thabhairt don Aire Airgeadais, lá nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis an dáta ar a mbeidh sé tar éis an phinsin aireachta no an phinsin rúnaíochta san d'iarraidh, á rá gur mian leis an méid sin den phinsean seirbhíse míleata san a háirmhítear do réir na tréimhse aimsire sin no aon choda áirithe dhi (fé mar a luadhfar sa bhfógra san) do thabhairt suas,

beidh éifeacht ag na forálacha so leanas amhail ar dháta agus o dháta an fhógra san do thabhairt, sé sin le rá:—

(i) laigheadófar an pinsean seirbhíse míleata san an méid sin de is mian leis an duine sin amhlaidh a thabhairt suas, agus

(ii) tuigfear, chun méid an phinsin aireachta no an phinsin rúnaíochta san do dhéanamh amach, an tréimhse aimsire sin no an chuid áirithe sin di (do réir mar a bheidh) do bheith ina tréimhse de sheirbhís inphinsin agus tuigfear an fhaid tuigthe chéanna do bheith inti do bheadh inti dá mba fén gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san a háirmheofaí í.

Pinsin agus liúntaisí do bhaintreacha agus do leanbhaí daoine marbha bhí i seilbh oifigí cáilitheacha.

20. —(1) I gcás—

(a) 'na mbeadh duine, d'éag roimh dháta an Achta so do rith ach ná raibh i seilbh oifige cáilithighe ar dháta a éaga, i dteideal pinsin ar an dáta san dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm ar an dáta san, no

(b) 'na mbeadh duine, d'éag roimh dháta an Achta so do rith agus do bhí i seilbh oifige cáilithighe ar dháta a éaga, i dteideal pinsin ar an dáta san dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm ar an dáta san agus dá mbeadh scurtha aige de bheith i seilbh na hoifige sin ar an dáta san, no

(c) 'na raibh duine, d'éag ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin ach ná raibh i seilbh oifige cáilithighe ar dháta a éaga, i dteideal pinsin ar an dáta san, no

(d) 'na mbeadh duine, d'éag ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin agus do bhí i seilbh oifige cáilithighe ar dháta a éaga, i dteideal pinsin ar an dáta san dá mbeadh scurtha aige de bheith i seilbh na hoifige sin ar an dáta san,

beidh éifeacht ag na forálacha so leanas fé réir forálacha an Achta so, sé sin le rá:—

(e) beidh baintreach an duine sin, maran roimh dháta an Achta so do rith d'éag an duine sin agus gur ath-phós an bhaintreach san, i dteideal pinsean (dá ngairmtear pinsean baintrighe san Acht so) d'fháil de mhéid is có ionann le leath méide an phinsin chun a mbeadh an duine sin i dteideal amhlaidh no chun a raibh sé i dteideal (do réir mar a bheidh);

(f) gach leanbh leis an duine sin is mion-aoiseach de thurus na huaire beidh sé no sí, ar feadh a mhion-aoise no a mion-aoise, i dteideal—

(i) i gcás máthair an leinbh sin do mhaireachtaint tar éis an duine sin d'éag, chun liúntas (dá ngairmtear liúntas leinbh san Acht so) d'fháil do réir £30 sa bhliain, agus é inmhéaduithe, i gcás na baintrighe sin d'éag le linn na mion-aoise sin, go dtí £50 sa bhliain amhail o dháta a héaga,

(ii) i gcás gan máthair an leinbh sin do mhaireachtaint tar éis an duine sin d'éag, chun liúntas (dá ngairmtear liúntas leinbh freisin san Acht so) d'fháil do réir £50 sa bhliain;

(g) má éag an duine sin roimh dháta an Achta so do rith agus ná raibh sé i seilbh oifige cáilithighe ar dháta a éaga, beidh aon leanbh, nach leanbh ná leas-leanbh leis an duine sin, agus do bhí, i rith na tréimhse dar thosach an dáta ar ar scuir an duine sin den uair dheiridh de bheith i seilbh oifige cáilithighe agus dar chríoch dáta a éaga, in éintigheas leis an duine sin agus á bheathú agus á chothabháil aige, agus is mion-aoiseach de thurus na huaire, beidh sé no sí, ar feadh a mhionaoise no a mion-aoise, i dteideal—

(i) i gcás an duine sin d'fhágaint baintrighe ina dhiaidh, chun liúntas (dá ngairmtear liúntas leinbh san Acht so) d'fháil do réir £30 sa bhliain, agus é inmhéaduithe, i gcás na baintrighe sin d'éag le linn na mion-aoise sin, do dtí £50 sa bhliain amhail o dháta a héaga,

(ii) i gcás gan an duine sin d'fhágaint aon bhaintrighe ina dhiaidh, chun liúntas (dá ngairmtear liúntas leinbh freisin san Acht so) d'fháil do réir £50 a bhliain.

(2) Ní bheidh aon phinsean baintrighe iníoctha le baintrigh dhuine maran le linn dó-san bheith i seilbh oifige cáilithighe no roimh thréimhse ina raibh sé i seilbh oifige cáilithighe do pósadh iad.

(3) Ní bheidh aon liúntas leinbh fé mhír (f) d'fho-alt (1) den alt so iníoctha le leanbh duine do bhí i seilbh oifige cáilithighe maran le linn don duine sin bheith i seilbh oifige cáilithighe no roimh thréimhse ina raibh an duine sin seilbh oifige cáilithighe do rinneadh an pósadh gur de an leanbh san.

(4) Beidh deireadh le gach pinsean baintrighe ar ath-phósadh don duine dá ndeonfar an pinsean san.

(5) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear deireadh do bheith le mion-aois leinbh inghine ar phósadh dhi má phósann sí agus í fé bhun bliana is fiche d'aois.

(6) San alt so nuair a húsáidtear an focal “pinsean” gan coinníoll cialluíonn sé pinsean is pinsean aireachta no pinsean rúnaíochta.

(7) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le haon phinsean baintrighe no liúntas leinbh is iníoctha i leith duine mhairbh, sé sin le rá:—

(a) má éag an duine sin roimh dháta an Achta so do rith, tosnóidh an pinsean no an liúntas san ar bheith iníoctha—

(i) i gcás an phinsin no an liúntais sin d'iarraidh go cuibhe lá nach déanaí ná sé mhí tar éis an dáta san, amhail ar an 1adh lá d'Abrán, 1938, agus ón lá san amach, no amhail ar an lá díreach tar éis dáta éaga an duine sin agus ón lá san amach, pe'ca lá acu san is déanaí, no

(ii) i gcás ar bith eile, amhail ar an dáta agus ón dáta ar a n-iarrfar an pinsean no an liúntas san go cuibhe;

(b) má éag an duine sin ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin, tosnóidh an pinsean no an liúntas san ar bheith iníoctha—

(i) i gcás an phinsin no an liúntais sin d'iarraidh go cuibhe lá nach déanaí ná sé mhí tar éis dáta éaga an duine sin, amhail ar an lá agus ón lá tar éis an dáta san, no

(ii) i gcás ar bith eile, amhail ar an dáta agus ón dáta ar a n-iarrfar an pinsean no an liúntas san go cuibhe.

(8) I gcás socrú do bheith déanta le haon reacht de reachta Shaorstáit Éireann chun suim no suimeanna ar bith d'íoc, pe'ca i bhfuirm deontais no blianachta no ar shlí eile é, amach as an bPrímh-Chiste no as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas le baintrigh dhuine no chun tairbhe baintrighe dhuine, no le haon leanbh le duine no chun tairbhe aon leinbh le duine, bhí i seilbh oifige aireachta, ní bheidh aon phinsean baintrighe iníoctha leis an mbaintrigh sin ná ní bheidh aon liúntas leinbh iníoctha leis an leanbh san.

(9) Tuigfear, chun crícheanna fo-ailt (1) d'alt 8 d'Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 ( Uimh. 48 de 1924 ), no fo-ailt (1) d'alt 20 d'Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934 ( Uimh. 43 de 1934 ), nach pinsean ná liúntas is iníoctha amach as airgead puiblí pinsean baintrighe.

Pinsin, aiscí agus liúntaisí do dheonadh.

21. —(1) Beidh sé ina choinníoll nach foláir a chólíonadh sara ndeonfar aon phinsean, aisce no liúntas fén gCuid seo den Acht so go ndéanfaidh an duine go mbeidh teideal aige chuige no, i gcás liúntais leinbh, caomhnóir an leinbh go mbeidh teideal aige chuige no duine eigin eile ar n-a cheadú ag an Aire Airgeadais iarratas (a bheidh sa bhfuirm orduithe agus go mbeidh na mioninnste orduithe ann) chun an Aire sin ag iarraidh an chéanna.

(2) Isé an tAire Airgeadais a dheonfaidh gach pinsean, aisce agus liúntas fén gCuid seo den Acht so.

(3) Déanfar gach liúntas leinbh a dheonfaidh an tAire Airgeadais do leanbh d'íoc chun tairbhe an leinbh sin le caomhnóir an leinbh sin no le duine éigin eile ar n-a cheadú ag an Aire sin.

(4) Féadfaidh an tAire Airgeadais rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san alt so mar ní no mar rud atá orduithe agus cialluíonn an focal “orduithe” san alt so orduithe leis na rialacháin sin, agus féadfar rialacháin deifriúla do dhéanamh maidir le pinsin aireachta, le haiscí fén gCuid seo den Acht so, le pinsin rúnaíochta, le pinsin bhaintreach, agus le liúntaisí leanbh.

Toirmeasc ar phinsin, aiscí agus liúntaisí do shannadh, etc.

22. —(1) Gach sannadh déanfar agus gach muirear a cuirfear ar aon phinsean, aisce no liúntas fén gCuid seo den Acht so, agus gach có-aontú chun aon phinsean, aisce no liúntas den tsórt san do shannadh no do chur fé mhuirear, beidh sé gan bhrí gan éifeacht ach amháin sa mhéid go mbeidh sé údaruithe le hAcht a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(2) Ní féadfar aon phinsean, aisce no liúntas a deonfar fén gCuid seo den Acht so do thógaint i bhfeidhmiúchán ná d'aistriú ar shlí eile tré oibriú dlí chun aon fhiacha no fiachaisí d'íoc a bheidh ar an té dá mbeidh an pinsean, an aisce no an liúntas san deonta fén gCuid seo den Acht so.

Pinsin agus liúntaisí do chur ar fiunraoi.

23. —(1) Má bhíonn duine, le n-a mbeidh pinsean fé Chuid IV iníoctha de thurus na huaire, ag fáil aon íocaíochta amach as airgead puiblí, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas faid a bheidh an duine sin ag fáil na híocaíochta amach as airgead puiblí, sé sin le rá:—

(a) maran mó na suim chéad punt méid bliantúil na híocaíochta amach as airgead puiblí, laigheadófar an pinsean fé Chuid IV cúig per cent.,

(b) más mó ná suim chéad punt ach nach mó ná suim chéad agus caoga punt méid bliantúil na híocaíochta amach as airgead puiblí, laigheadófar an pinsean fé Chuid IV deich per cent.,

(c) más mó ná suim chéad agus caoga punt ach nach mó ná suim dhá chéad punt méid bliantúil na híocaíochta amach as airgead puiblí, laigheadófar an pinsean fé Chuid IV fiche per cent.,

(d) más mó ná suim dhá chéad punt ach nach mó ná suim dhá chéad agus caoga punt méid bliantúil na híocaíochta amach as airgead puiblí, laigheadófar an pinsean fé Chuid IV tríocha per cent.,

(e) más mó ná suim dhá chéad agus caoga punt ach nach mó ná suim thrí chéad punt méid bliantúil na híocaíochta amach as airgead puiblí, laigheadófar an pinsean fé Chuid IV dachad per cent.,

(f) más mó ná suim thrí chéad punt ach nach mó na suim thrí chéad agus caoga punt méid bliantúil na híocaíochta amach as airgead puiblí, laigheadófar an pinsean fé Chuid IV caoga per cent.,

(g) más mó ná suim thrí chéad agus caoga punt ach nach mó ná suim cheithre chéad punt méid bliantúil na híocaíochta amach as airgead puiblí, laigheadófar an pinsean fé Chuid IV seasca per cent.,

(h) más mó ná suim cheithre chéad punt ach nach mó ná suim cheithre chéad agus caoga punt méid bliantúil na híocaíochta amach as airgead puiblí, laigheadófar an pinsean fé Chuid IV seachtó per cent.,

(i) más mó ná suim cheithre chéad agus caoga punt ach nach mó ná suim chúig chéad punt méid bliantúil na híocaíochta amach as airgead puiblí, laigheadófar an pinsean fé Chuid IV ochtó per cent.,

(j) más mó ná suim chúig chéad punt ach nach mó ná suim chúig chéad agus caoga punt méid bliantúil na híocaíochta amach as airgead puiblí, laigheadófar an pinsean fé Chuid IV nócha per cent.,

(k) más mó ná suim chúig chéad agus caoga punt méid bliantúil na híocaíochta amach as airgead puiblí, laigheadófar an pinsean fé Chuid IV céad per cent.

(2) Más rud é—

(a) go mbeidh duine, le n-a mbeidh pinsean fé Chuid IV iníoctha de thurus na huaire, ag fáil aon íocaíochta amach as airgead puiblí an uair sin, agus

(b) gur mó ná céad punt méid bliantúil na híocaíochta amach as airgead puiblí, agus

(c) go mbeadh an méid iomlán is ionfhálta ar scór na híocaíochta amach as airgead puiblí agus an phinsin fé Chuid IV (dá laigheaduítí an pinsean fén mír d'fho-alt (1) den alt so bhainfeadh leis an gcás mara mbeadh an fo-alt so) níos lugha ná an méid iomlán (dá ngairmtear an méid barúlach sa bhfo-alt so) do bheadh ionfhálta ar scór na híocaíochta amach as airgead puiblí agus an phinsin fé Chuid IV (dá mb'é méid na híocaíochta san an tsuim is mó no an t-aon-tsuim a luaidhtear, agus dá laigheaduítí an pinsean san an percentáiste luaidhtear, sa mhír díreach roimh an mír sin a céad-luaidhtear den fho-alt san (1)).

ansan ní laigheadófar an pinsean fé Chuid IV ach amháin go dtí méid a bheidh, ar n-a chur leis an íocaíocht amach as airgead puiblí, có-ionann leis an méid barúlach.

(3) San alt so—

cialluíonn an abairt “pinsean fé chuid IV” pinsean no liúntas is iníoctha fén gCuid seo den Acht so;

cialluíonn an abairt “íocaíocht amach as airgead puiblí”—

(a) aon luach saothair, pinsean no liúntas is iníoctha amach as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas no amach as an bPrímh-Chiste no amach as cistí údaráis áitiúil, no

(b) aon luach saothair as post chun ar hainmníodh an sealbhóir ag an Riaghtaltas no ag Aire Stáit,

ach ní fholuíonn sí—

(c) pinsean fé Chuid IV, ná

(d) liúntas fé Chuid III den Acht so, ná

(e) pinsean ná liúntas fé sna hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1937, alos créachta no díthe do fulaingeadh roimh an 1adh lá de Dheireadh Fómhair, 1924, ná

(f) pinsean fé sna hAchtanna Pinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1934, in aon chás ina mbeidh an pinsinéir i dteideal pinsin bhaintrighe freisin.

Pinsin, aíscí agus liúntaisí d'íoc amach as an bPrímh-Chiste.

24. —Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc gach pinsin, aisce agus liúntais is iníoctha fén gCuid seo den Acht so.