|
|||||
|
| Ar Aghaidh (An Achmaireacht ar Sceidil (A) agus (B) da dTagartar san Acht so.) |
| [EN] | ||
Uimhir 20 de 1938. | ||
| [EN] |
ACHT LEITHREASA, 1938. | |
ACHT CHUN SUIME ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CRÍOCH AN T-AONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD A NAOI TRIOCHAD AGUS CHUN NA SUIMEANNA DEONADH LEIS AN ACHT PRÍMH-CHISTE, 1938 , AGUS A DEONTAR LEIS AN ACHT SO DO CHUR I LEITHREAS DO SNA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS DO SNA CRÍCHEANNA IS CEART. | ||
[27adh Iúl, 1938.] |
ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
Deontas as an bPrimh-Chiste. | ||
| [EN] |
£18,275,700 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste in aghaidh na bliana 1938 39. |
1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim ocht milleon déag, dhá chéad agus cúig mhíle seachtód agus seacht gcéad punt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun iomlánú do dhéanamh ar an soláthar a deonadh chun seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, míle naoi gcéad a naoi tríochad. |
| [EN] |
Comhacht don Aire Airgeadais chun méid suas go dtí £18,275,700 d'fháil ar iasacht. |
2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar ocht milleon déag, dhá chéad agus cúig mhíle seachtód agus seacht gcéad punt d'fháil ar iasacht o aon duine agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna do roimh-íoc leis agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire Airgeadais aon urrúsanna do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis agus fé pé coinníollacha i dtaobh aisíoca no fuascailte no éinní eile is oiriúnach leis. |
| [EN] | (2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urrúsanna do bhéarfar amach fén Acht so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh na n-urrús san do thabhairt amach. | |
| [EN] | (3) Aon airgead a cruinneofar de bharr urrúsanna do bhéarfar amach fén Acht so cuirfear chun creidiúna do chuntas an stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí 'na mbeidh an Ciste sin ar fáil. | |
Deontaisi do Chur i Leithreas. | ||
| [EN] |
Suimeanna vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair do chur i leithreas, eadhon, £29,368,759. |
3. —(1) Na suimeanna uile deontar as an bPrímh-Chiste, leis an Acht so agus leis an Acht eile luaidhtear i Sceideal (A) a ghabhann leis an Acht so, chun an tsoláthair a deonadh do dhéanamh iomlán agus 'na ndeineann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal san, suim naoi milleon fichead, trí chéad agus ocht míle seascad, seacht gcéad agus naoi bpúint chaogad, cuirtear iad i leithreas agus tuigfear iad do bheith curtha i leithreas o dháta rithte na nAchtanna luaidhtear sa Sceideal san (A) chun na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear i Sceideal (B) a ghabhann leis sin. An achmaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhann léi sin, maraon leis na nótaí (más ann dóibh) a ghabhann leis na sceidil sin, tuigfear gur cuid den Acht so iad díreach fé mar a bheidís i gcorp an Achta so. |
| [EN] | (2) I dteanta na suimeanna deontar as an bPrímh-Chiste, agus dá dtagartar sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, féadfar na suimeanna a taisbeántar fé seach sa cholún deiridh de Sceideal (B) a ghabhann leis seo agus 'na ndeineann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal san, suim dhá mhilleon, trí chéad agus dhá mhíle ochtód, naoi gcéad agus naoi bpúint fhichead do chur chun úsáide amach as aon airgead a horduítear fé alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, a chur chun úsáide mar leithreasaí i gcabhair do sna deontaisí i gcóir na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear sa Sceideal san. | |
| [EN] |
Gearr-theideal. |
4. —Féadfar, chun gach críche, an tAcht Leithreasa, 1938 , do ghairm den Acht so. |