18 1938


Uimhir 18 de 1938.


ACHT UM CHÁNACHA DO BHAILIÚ (DAINGNIÚ), 1938.


ACHT CHUN ÉIFEACHTA REACHTÚIL DO THABHAIRT DO RÚIN ÁIRITHE AIRGEADAIS DO RITHEADH AR AN 12adh LÁ DE BHEALTAINE, 1938, AG DÁIL ÉIREANN I gCOISTE UM AIRGEADAS AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I gCÓIR NITHE EILE BHAINEAS NO GHABHAS LEIS NA RÚIN AIRGEADAIS SIN. [14adh Iúl, 1938.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Acht 1927.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 (Uimh. 7 de 1927) .

Rúin Airgeadais le n-a mbaineann an tAcht so.

2. —Baineann an tAcht so leis na seacht Rúin Airgeadais—

(a) do rith Dáil Éireann i gCoiste um Airgeadas ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1938, agus

(b) dar tugadh éifeacht reachtúil fé Acht 1927, agus

(c) le n-ar aontuigh Dáil Éireann (fé réir leasuithe amháin i gcás uimhreach 3 de sna Rúin sin) ar an 25adh lá de Bhealtaine, 1938.

Eifeacht reachtúil na Rún Airgeadais.

3. —(1) D'ainneoin éinní atá in Acht 1927, beidh éifeacht reachtúil ag gach rún de sna Rúin Airgeadais le n-a mbaineann an tAcht so agus tuigfear éifeacht reachtúil do bheith riamh aige fé is dá mbeadh sé in Acht den Oireachtas, agus leanfaidh den éifeacht reachtúil sin do bheith aige go dtí go scuirfe sé fé mar a foráltar leis an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so den éifeacht san do bheith aige.

(2) Gach rún de sna Rúin Airgeadais le n-a mbaineann an tAcht so scuirfe sé d'éifeacht reachtúil do bheith aige ar thárlachtaint do pé ní acu so leanas is túisce thárlóidh, sé sin le rá:—

(a) Acht den Oireachtas do theacht i ngníomh agus forálacha ann sa chéill chéanna (go n-atharú no gan atharú) ina bhfuil an Rún Airgeadais sin, no

(b) ceithre mhí do bheith caithte o dháta an Achta so do rith.

(3) Nuair a scuirfidh Rún Airgeadais le n-a mbaineann an tAcht so d'éifeacht reachtúil do bheith aige de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, ní dhéanfaidh an scur san dochar ná deifir d'éinní do rinneadh ná d'aon fhreagarthacht no oblagáid fé n-a ndeachthas fén Rún Airgeadais sin no dá bhuadh roimh an scur san.

Forálacha áirithe d'Acht 1927 do dhúnadh amach.

4. —(1) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1927, agus tuigfear ná raibh feidhm ná éifeacht riamh aige, maidir le Rún Airgeadais le n-a mbaineann an tAcht so.

(2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 6 d'Acht 1927, agus tuigfear ná raibh feidhm ná éifeacht riamh aige, maidir leis an gcáin ioncuim in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1938.

Asbaintí cánach ioncuim agus cáinmheasta chun cánach ioncuim.

5. —(1) Gach asbaint do rinneadh roimh an Acht so do rith alos na cánach ioncuim in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1938, agus do bheadh ina hasbaint dhleathaigh dá mbeadh Uimhreacha 1 agus 2 de sna Rúin Airgeadais le n-a mbaineann an tAcht so i bhfeidhm agus dá mbeadh éifeacht reachtúil acu nuair do rinneadh an asbaint sin, is asbaint dleathach í agus tuigfear gurbh asbaint dleathach riamh í.

(2) Gach cáinmheas chun cánach ioncuim in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1938, do rinneadh roimh an Acht so do rith agus do bheadh ina cháinmheas dleathach éifeachtach dá mbeadh Uimhreacha 1 agus 2 de sna Rúin Airgeadais le n-a mbaineann an tAcht so i bhfeidhm agus dá mbeadh éifeacht reachtúil acu nuair do rinneadh an cáinmheas san, is cáinmheas dleathach éifeachtach é agus tuigfear gur cháinmheas dleathach éifeachtach riamh é.

Feidhm ailt 211 den Income Tax Act, 1918.

6. —(1) Is fé réir na n-atharuithe seo leanas a bheidh éifeacht ag alt 211 (alt a bhaineann le cáin do mhuirearú agus d'asbaint in aon bhliain áirithe nár muirearuíodh ná nár hasbaineadh roimh an Acht bliantúil do rith) den Income Tax Act, 1918, maidir leis an gcáin ioncuim in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1938, sé sin le rá:—

(a) fágfar ar lár na focail “half-yearly or quarterly” atá i bhfo-alt (1) den alt san;

(b) cuirfear na focail “or the person by or through whom the payments were made, as the case may be” isteach sa bhfo-alt san (1) i ndiaidh na bhfocal “the agents entrusted with the payments of the interest, dividends, or other annual profits or gains”;

(c) beidh feidhm ag fo-alt (2) den alt san—

(i) maidir le haon rí-chíos no suim eile do híocadh alos paitinn d'úsáid agus as ar féidir cáin do bhaint fé mhír 2 de Riail 19 de sna Rialacha Generálta bhaineann le gach Sceideal dá ngabhann leis an Income Tax Act, 1918, agus

(ii) maidir le haon díbhinn as ar féidir cáin do bhaint fé Riail 20 de sna Rialacha Generálta san,

fé mar a bhaineann sé le haon chíos, ús, blianacht no íocaíocht bhliantúil eile.

(2) Más rud é go ndearnadh, roimh an Acht so do rith, asbaint alos na cánach ioncuim in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1938, agus gur haisíocadh méid na hasbainte sin toisc oibriú forálacha Achta 1927, tuigfear, chun crícheanna ailt 211 den Income Tax Act, 1918 (mar a hatharuítear é leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so), ná dearnadh an asbaint sin riamh agus is dá réir sin a bheidh feidhm agus éifeacht ag an alt san (mar a hatharuítear é amhlaidh).

Gearr-theideal.

7. —Féadfar an tAcht um Chánacha do Bhailiú (Daingniú), 1938 , do ghairm den Acht so.