37 1937


Uimhir 37 de 1937.


ACHT SÉALA AN UACHTARÁIN, 1937.


ACHT CHUN A SHOCRÚ GO mBEIDH SÉALA AG UACHTARÁN NA hÉIREANN Ó AM BHUNREACHT NA hÉIREANN D'ACHTUIGH AN POBAL LE DÉANAÍ DO THEACHT I nGNÍOMH AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE BHAINEAS LEIS AN SÉALA SAN AGUS I dTAOBH CRUTHÚ IONSTRUIMÍ DHÉANFAIDH AN tUACHTARÁN SAN NO COIMISIÚN A BHEIDH AG FEIDHMIÚ A CHOMHACHT NO AG CÓLÍONADH A FHEIDHMEANNA.

[25adh Mí na Samhna, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Tosach feidhme.

1. —Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh díreach tar éis teacht i ngníomh do Bhunreacht na hÉireann d'achtuigh an pobal le déanaí.

Séala an Uachtaráin.

2. —(1) Díreach ar theacht i ngníomh don Acht so cuirfidh an tAire Airgid séala oifigiúil (dá ngairmtear séala an uachtaráin san Acht so) ar fáil don Uachtarán.

(2) Bhéarfar áird ar shéala an uachtaráin i gcúrsaí oifigiúla agus i gcúrsaí breithiúntais agus glacfar i bhfianaise gan a thuilleadh cruthúnais gach ordú, coimisiún, barántas, no ionstruim eile bheidh séaluithe le séala an uachtaráin má bheireann le tuisgint an séala san do bheith dílse-dheimhnithe do réir an Achta so agus go sonnrách ní gá cruthú do dhéanamh ar aon tsighniú bheidh curtha leis an ionstruim sin chun críche an dílse-dheimhnithe sin ná ar oifig ná ar údarás an duine go dtugann an sighniú san le tuisgint gurb é a shighniú é.

(3) Má bhíonn séala an uachtaráin greamuithe d'ordú, de choimisiún, de bharántas, no d'ionstruim eile beidh san ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go ndearnadh no gur tugadh go cuibhe, sara ndearnadh an ionstruim sin ag an Uachtarán no, más ionstruim é do rinne Coimisiún, ag an gCoimisiún san, gach comhairle, dul i gcomhairle, toiliú no ní eile (más ann dó) go mbeidh, do réir an Bhunreachta no ar shlí eile do réir dlí, a dhéanamh no a thabhairt ina choinníoll nach foláir a chólíonadh sara ndéanfaidh an tUachtarán an ionstruim sin.

Coimeád, úsáid, agus dílsedheimhniú.

3. —(1) Go dtí go raghaidh an chéad Uachtarán i gcúram a oifige beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh coimeád agus cúram séala an uachtaráin ag an gCoimisiún a bheidh, de bhuadh Airtiogail 57 den Bhunreacht, ag feidhmiú comhacht agus feidhmeanna an Uachtaráin;

(b) greamófar séala an uachtaráin d'ionstruimí dhéanfaidh an Coimisiún san, agus ní greamófar d'aon ionstruimí eile é, agus is le hordú ón gCoimisiún san agus leis sin amháin a greamófar amhlaidh é;

(c) nuair a greamófar séala an uachtaráin d'ionstruim fén alt so dílse-dheimhneofar é tré dhá chomhalta ar a laighead den Choimisiún san agus an rúnaí no oifigeach eile don Choimisiún san, go n-údarás chuige sin ón gCoimisiún san, do chur a sighnithe ar an ionstruim sin.

(2) Pé uair agus faid a bheidh Uachtarán toghtha in oifig, agus é ag feidhmiú agus ag cólíonadh comhacht agus feidhmeanna a oifige, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh coimeád agus cúram séala an uachtaráin ag an Uachtarán;

(b) greamófar séala an uachtaráin d'ionstruimí dhéanfaidh an tUachtaráin, agus ní greamófar d'aon ionstruimí eile é, agus is le hordú ón Uachtarán agus leis sin amháin a greamófar amhlaidh é;

(c) nuair a greamófar séala an uachtaráin d'ionstruim fén alt so dílse-dheimhneofar é tríd an Uachtarán do chur a shighnithe ar an ionstruim sin.

(3) Pé uair agus faid a bheidh Coimisiún a bheidh có-dhéanta fé Airtiogal 14 den Bhunreacht ag feidhmiú agus ag cólíonadh comhacht agus feidhmeanna an Uachtaráin do réir an Airtiogail sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh coimeád agus cúram séala an uachtaráin ag an gCoimisiún san;

(b) greamófar séala an uachtaráin d'ionstruimí dhéanfaidh an Coimisiún san, agus ní greamófar d'aon ionstruimí eile é, agus is le hordú ón gCoimisiún san agus leis sin amháin a greamófar amhlaidh é;

(c) nuair a greamófar séala an uachtaráin d'ionstruim fén alt so dílse-dheimhneofar é tré dhá chomhalta ar a laighead den Choimisiún san agus an rúnaí no oifigeach eile don Choimisiún san, go n-údarás chuige sin ón gCoimisiún san, do chur a sighnithe ar an ionstruim sin.

Ionstruimí ón Uachtarán do chruthú.

4. —(1) Féadfar fianaise prima facie ar aon ordú, coimisiún, barántas no ionstruim eile bhéarfar amach no déanfar ag an Uachtarán no ag Coimisiún a bheidh ag feidhmiú comhacht an Uachtaráin no ag cólíonadh a dhualgaisí do thabhairt i ngach Cúirt Bhreithiúnais agus i ngach imeacht dlí tré chóip den Iris Oifigiúil do thaisbeáint a bheireann le tuisgint an ionstruim sin do bheith inti no tré chóip den ionstruim sin do thaisbeáint a bheireann le tuisgint gur clóbhuaileadh í fé mhaoirseacht no fé údarás Oifig an tSoláthair agus gurb í an Oifig sin d'fhoillsigh í.

(2) Bainfidh alt 6 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 ( Uimh. 24 de 1925 ), le gach ordú, coimisiún, barántas no ionstruim eile do bhéarfar amach no déanfar ag an Uachtarán no ag coimisiún a bheidh ag feidhmiú comhacht an Uachtaráin no ag cólíonadh a fheidhmeanna fé mar a bhaineann sé leis na scríbhinní oifigiúla luaidhtear san alt san.

(3) San alt so tá an brí céanna leis an abairt “Oifig an tSoláthair” atá léi san Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 (Uimh. 24 de 1925) .

Costaisí.

5. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghfar chun an Achta so d'fheidhmiú.

Gearr-theideal.

6. —Féadfar Acht Séala an Uachtaráin, 1937 , do ghairm den Acht so.