34 1937


Uimhir 34 de 1937.


ACHT IASCAIGH (UISCÍ TAOIDE) (LEASÚ), 1937.


ACHT CHUN AN ACHTA IASCAIGH (UISCÍ TAOIDE), 1934 , DO LEASÚ AGUS CHUN FAIDITHE DO DHÉANAMH AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA AR AN AM A LEANFAIDH AN tACHT SAN, AGUS É LEASUITHE AMHLAIDH, I bhFEIDHM. [25adh Mí na Samhna, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 (Uimh. 24 de 1934) ;

cialluíonn an abairt “Acht Leasúcháin 1935” an t Acht Iascaigh (Uiscí Taoide) (Leasú), 1935 (Uimh. 33 de 1935) ;

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta.

Diúitéthe ar cheadúnaisí áitiúla speisialta áirithe d'íoc ina dtráthechoda.

2. —(1) I gcás ina mbeidh sé údaruithe do bhord choimeádaithe le hordú ón Aire fén bPríomh-Acht ceadúnaisí áitiúla speisialta do thabhairt amach chun úsáid do dhéanamh, in uiscí taoide áirithe le n-a mbaineann an Príomh-Acht agus atá ina gceanntar, d'aon tsaghas áirithe innill, lín, ionstruime no feiste chun breith ar bhradáin no ar bhric, féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, na nithe seo leanas do dhéanamh le hordú, sé sin le rá:—

(a) a dhearbhú gur tréimhsí chun tabhartha amach chun crícheanna an orduithe sin pé trí tréimhsí i ngach bliain fé leith is ceart dar leis an Aire agus a luadhfaidh san ordú san;

(b) a údarú don bhord san ceadúnaisí áitiúla speisialta do thabhairt amach i rith na céad tréimhse chun tabhartha amach in aon bhliain áirithe chun úsáid do dhéanamh sna huiscí taoide sin d'aon inneall, líon, ionstruim no feiste den tsaghas san chun breith ar bhradáin no ar bhric ar chionúireacht áirithe den diúité cheadúnais áitiúil speisialta oiriúnach d'íoc, ach san fé réir an choinníll seo leanas (coinníoll a cúlscríobhfar ar an gceadúnas san), eadhon, go n-íocfar iarmhéid an diúité sin ina trí tráthchoda codroma, agus go n-íocfar gach tráthchuid díobh lá nach déanaí ná an dáta bheidh luaidhte san ordú san mar dháta chun a híoctha;

(c) a údarú don bhord san ceadúnaisí áitiúla speisialta do thabhairt amach i rith na dara tréimhse chun tabhartha amach in aon bhliain áirithe chun úsáid do dhéanamh sna huiscí taoide sin d'inneall, de líon, d'ionstruim no d'fheiste den tsaghas san chun breith ar bhradáin no ar bhric ar chionúireacht áirithe den diúité cheadúnais áitiúil speisialta oiriúnach d'íoc, ach san fé réir an choinníll seo leanas (coinníoll a cúlscríobhfar ar an gceadúnas san), eadhon, go n-íocfar iarmhéid an diúité sin ina dhá thráthchuid chodroma, agus go n-íocfar gach tráthchuid díobh lá nach déanaí ná an dáta bheidh luaidhte san ordú san mar dháta chun a híoctha;

(d) a údarú don bhord san ceadúnaisí áitiúla speisialta do thabhairt amach i rith na tríú tréimhse chun tabhartha amach in aon bhliain áirithe chun úsáid do dhéanamh sna huiscí taoide sin d'inneall, de líon, d'ionstruim no d'fheiste den tsaghas san chun breith ar bhradáin no ar bhric ar chionúireacht áirithe den diúité áitiúil speisialta oiriúnach d'íoc, ach san fé réir an choinníll seo leanas (coinníoll a cúlscríobhfar ar an gceadúnas san), eadhon, go n-íocfar iarmhéid an diúité sin lá nach déanaí ná an dáta bheidh luaidhte san ordú san mar dháta chun a híoctha.

(2) Féadfaidh ordú fén alt so baint le saghsanna deifriúla inneall, líonta, ionstruimí no feistí chun breith ar bhradáin no ar bhric, agus i gcás den tsórt san féadfaidh forálacha fé leith bheith ann maidir le gach saghas innill, lín, ionstruime no feiste fé leith chun breith ar bhradáin no ar bhric le n-a mbainfidh an t-ordú.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú déanfar fén alt so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so) do cheiliúradh no do leasú.

(4) Má bheireann bord coimeádaithe ceadúnas áitiúil speisialta amach i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronnfar ar an mbord san le hordú fén alt so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má bristear an coinníoll a cúlscríobhfar ar an gceadúnas san do réir an orduithe sin, scuirfidh an ceadúnas san d'éifeacht do bheith aige díreach ar an gcoinníoll san do bhriseadh, agus

(b) ar aon tráthchuid den diúité ceadúnais áitiúil speisialta oiriúnach d'íoc do réir an choinníll sin, no ar a iarmhéid d'íoc amhlaidh i gcás ceadúnais áitiúil speisialta do tugadh amach i rith tríú tréimhse chun tabhartha amach fén ordú san, déanfaidh cléireach an bhúird sin, ar an gceadúnas san do thabhairt i láthair, deimhniú do chúlscríobhadh ar an gceadúnas san á rá go ndearnadh an íocaíocht san.

(5) San alt so tá leis na habairtí “ceadúnas áitiúil speisialta” agus “an diúité ceadúnais áitiúil speisialta oiriúnach” na bríonna céanna atá leo fé seach sa Phríomh-Acht.

Alt 14 den Phríomh-Acht do leasú.

3. —Chun crícheanna fo-alt (1) agus (2) d'alt 14 den Phríomh-Acht is bliain iascaigh gach tréimhse acu so leanas, i dteanta na dtréimhsí luaidhtear i bhfo-alt (3) d'alt 14 agus in alt 2 d'Acht Leasúcháin 1935, sé sin le rá:—

(a) an tréimhse de dhá mhí dhéag dar críoch an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1938, agus

(b) an tréimhse de dhá mhí dhéag dar críoch an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1939.

Buanú an Phríomh-Achta.

4. —(1) Leanfaidh an Príomh-Acht, mar a leasuítear é le halt 2 d'Acht Leasúcháin 1935 agus leis an Acht so, i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1939, agus raghaidh in éag ansan.

(2) Nuair a raghaidh an Príomh-Acht in éag de bhuadh an ailt seo, beidh feidhm agus éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 13 den Acht Léiriúcháin, 1923 ( Uimh. 46 de 1923 ), maidir leis an éag san fé is dá mba athghairm an t-éag san a déanfaí le hAcht a rithfí an 1adh lá d'Eanar, 1940, agus go ndéanfaí an Príomh-Acht d'athghairm leis an Acht san ar an dáta san agus ón dáta san amach.

Gearr-theideal agus có-luadh.

5. —Féadfar an tAcht Iascaigh (Uiscí Taoide) (Leasú), 1937 , do ghairm den Acht so agus féadfar na hAchtanna Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 go 1937, do ghairm de sna hAchtanna Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 agus 1935, agus den Acht so le chéile.