Ar Aghaidh (SCEIDEAL.—Cuid. I.)

29 1937


Uimhir 29 de 1937.


ACHT UM DHLÍTHE ATÁ AG DUL IN EUG, 1937.


ACHT CHUN BUANÚ AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA DO DHÉANAMH AR ACHTACHÁIN ÁIRITHE ATÁ AG DUL IN EUG. [12adh Mí na Samhna, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Na hAchtanna so Sceideal do choimeád beo.

1. —(1) Na hAchtanna luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so coimeádfar beo iad, sa mhéid adeirtear sa tríú colún den Sceideal san, go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1938, agus raghaid in eug ansan mara gcoimeádtar beo níos sia iad.

(2) Aon achtacháin neamh-athghairmthe le n-a leasuítear na hachtacháin a coimeádtar beo leis an alt so no a dheineann deifir dóibh, coimeádfar beo ar an gcuma gcéanna iad, sa mhéid gur diombuan a ré, pe'ca luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so iad no ná luaidhtear.

Gearr-theideal.

Sceideal.

2. —Féadfar an tAcht um Dhlithe atá ag dul in Eug, 1937 , do ghairm den Acht so.