An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (TRIU SCEIDEAL. An Diuite ar Bhaill Eadaigh agus Coir Ghleasta Phearsanta.) Ar Aghaidh (CUIGIU SCEIDEAL. Diuitethe Custum go gCuirtear Deireadh Leo.)

18 1937

ACHT AIRGID, 1937

CEATHRU SCEIDEAL.

Achtanna Airgid Airithe do Leasu.

Cuid I.—Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

1

Alt 8.

An diúité forchuirtear leis an Alt san 8 déanfar, sa mhéid go bhfuil sé inéilithe ar chompáirteanna is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is caibinéadaí, cásanna agus gléasa coinneála eile den tsórt san a bheidh déanta ar fad no de mhórán, é d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta is có-ionann le caoga per cent. de luach na hearra in ionad an ráta ceaptar le hAlt 11 den Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 do 1932), mar a leasuítear san le hAlt 13 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 ( Uimh. 34 de 1932 ), agus le hUimh. Thag. 2 sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Atharú leathrannach ar an ráta diúité ar ghléas radiothelegrafaíochta.

Cuid II.—Acht Airgid (Diuitethe Custum) (Uimh. 2), 1932 (Uimh. 11 de 1932) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

2

Alt 2 agus an Chéad Sceideal.

(a) Scriosfar amach fo-alt (3) den Alt san 2, agus cuirfear an fo-alt so leanas ina ionad, sé sin le rá:—

An diúité ar mheaisínteacht talmhaíochta.

“(3) Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Trachtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.” agus

(b) I Mír 2 den Chéad Sceideal san—

(i) scriosfar amach na focail “iompuitheoirí sreatha,” agus cuirfear na focail “iompuitheoirí sreatha agus meaisíní is féidir d'úsáid mar iompuitheoirí sreatha,” ina n-ionad, agus

(ii) scriosfar amach na focail “leathadóirí féir (gan speachairí féir d'áireamh),” agus cuirfear na focail “leathadóirí féir agus speachairí féir,” ina n-ionad, agus

(iii) scriosfar amach na focail “meaisíní single agus dúbalta chun síl turnapaí agus maingléisí do chur,” agus cuirfear na focail “meaisíní chun síolta meacan do chur,” ina n-ionad.

3

Alt 8.

(a) I bhfo-alt (2) den Alt san 8, scriosfar amach an mhír (c) do cuireadh isteach sa bhfo-alt san le hAlt 14 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 ( Uimh. 34 de 1932 ), agus le hUimh. Thag. 6 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht san, agus

An diúité ar scuaba agus ar scuaba urláir.

(b) cuirfear an fo-alt so leanas i ndeireadh an Ailt sin 8, sé sin le rá,

“(7) Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le, ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an Alt so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.”

Cuid III.—Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

4

Alt 22, mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin.

I bhfo-alt (7) den Alt san 22, cuirfear na focail agus na míreanna so leanas i ndeireadh an fho-ailt sin mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin, sé sin le rá:—

“agus

(n) paisteanna greamuitheacha, agus

Cur leis na hearraí is ionchurtha fé dhiúité pacáiste.

(o) púdair chun paisteanna greamuitheacha d'ullamhú.”

Cuid IV.— Acht Airgid (Diuitethe Custum) (Uimh. 4), 1932

( Uimh. 34 de 1932 ).

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

5

Céad Sceideal, Uimh. Thag. 11.

Sa dara colún ag an Uimh. Thag. san 11, scriosfar amach na focail uile o sna focail “ach gan pictiúirí” go dtí an focal “d'áireamh,” agus cuirfear na focail “ach gan aon fhráma den tsórt san d'áireamh ina mbeidh pictiúir a hiomportálfar i gcóir gailerí phuiblí phictiúirí,” ina n-ionad.

An diúité ar fhrámaí pictiúra d'adhmad.

Cuid V.—Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

6

Alt 7.

I bhfo-alt (6) den Alt san 7 scriosfar amach na focail “i nDathmhéadar Lovibond,” agus cuirfear na focail “i nDathmhéadar Lovibond ag á bhfuil cadhain atá ocht n-orlach déag ar fhaid,” ina n-ionad.

An diúité ar íle throm híodrocarbóin mhinearáil.

7

Céad Sceideal, Uimh. Thag. 6.

Maidir leis an diúité luaidhtear ag an Uimh. Thag. san 6:—

(i) nuair a bheidh sé inéilithe do réir an lán-ráta, déanfar é d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta is có-ionann le cúig seachtód per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha san, agus

Atharú ar an ráta diúité ar dhéantúisí cré nea-ghloinithe.

(ii) nuair a bheidh sé inéilithe, de bhuadh Ailt 8 den Finance Act, 1919, do réir ráta thosaíochta, déanfar é d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta is có-ionann le caoga per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear sa cheathrú colún ag an uimhir thagartha san.

8

Dara Sceideal, Uimh. Thag. 2.

Ní bhainfidh forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an Uimh. Thag. san 2.

An diúité ar chadhnraidh thiorma.

Cuid VI.—Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) .

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

9

Céad Sceideal, Uimh. Thag. 16.

Sa dara colún ag an Uimh. Thag. san 16, cuirfear an focal agus an fho-mhír seo leanas i ndeireadh míre (a), sé sin le rá:—

“agus

(iii) málaí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha, déanta agus oiriúnach chun iad do bheith ar iompar ag daoine agus iad ag siopadóireacht, agus dar príomhchuspóir na hearraí ceannófar d'iompar.”

An diúité ar mhálaí, etc., áirithe leathair agus croicinn.

10

Céad Sceideal, Uimh. Thag. 27.

Sa dara colún ag an Uimh. Thag. san 27 curfear na focail seo leanas isteach ndiaidh na bhfocal “Cóir leapthan,” sé sin le rá, “le n-a n-áirmhítear earraí (pe'ca a hiomportálfar ar leithligh no ina ngréasán iad) is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is láir do scaraoidí leapthan.”

An diúité ar chóir leapthan do leathnú.

Cuid VII.— Acht Airgid (Foralacha Ilghneitheacha), 1935

( Uimh. 7 de 1935 ).

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

11

Alt. 5

Scriosfar amach fo-alt (3) den Alt san. 5.

An deolchaire ar ile éadtrom híodrocarbóin mhinearáil do scur.

Cuid VIII.—Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

12

Céad Sceideal. Uimh. Thag. 7.

(a) I mír (c) sa dara colún ag an Uimh. Thag. san 7, scriosfar amach an focal “luaidh,” agus cuirfear an focal “miotal” ina ionad, agus

An diúité ar fhrámaí miotail agus ar shaiseanna miotail áirithe.

(b) i mír (d) sa dara colún ag an Uimh. Thag. san 7, scriosfar amach an focal “luaidh”, agus cuirfear an focal “miotal” ina ionad.

13

Céad Sceideal, Uimh. Thag. 9.

Déanfar an diúité luaidhtear ag an Uimh. Thag. san 9 d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta is có-ionann le céad per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha san.

Atharú ar an ráta diúité ar théip bheartháin agus ar ghabhadáin di.

14

Céad Sceideal, Uimh. Thag. 25.

Sa cheathrú colún, scriosfar amach an chéad fhoráil, sé sin le rá, an fhoráil dar tosach na focail “Ní déanfar” agus dar críoch na focail “uimhir thagartha so.”

An diúité ar leabhair dhiadha áirithe.

15

Séú Sceideal, Uimh. Thag. 2 agus Uimh. Thag. 4.

Maidir leis an diúité forchuirtear le hAlt 9 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 )—

(a) sa mhéid go bhfuil sé inéilithe ar aon earra acu san a luaidhtear sa dara colún ag an Uimh. Thag. san 2, déanfar é d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta is có-ionann le seasca per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an Uimh. Thag. san 2, agus

Atharú ar an ráta diúité ar chompáirteanna áirithe de bhróga agus de bhróga ísle.

(b) sa mhéid go bhfuil sé inéilithe ar aon earra acu san a luaidhtear sa dara colún ag an Uimh. Thag. san 4, déanfar é d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta is có-ionann le dachad per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an Uimh. Thag. san 4.

Cuid IX.—Acht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

16

Céad Sceideal, Uimh. Thag. 9.

Déanfar an diúité luaidhtear ag an Uimh. Thag. san 9 d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta pingne an céad earra in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha san.

Atharú ar an ráta diúité ar dhiosc-stupóga buidéil.

17

Céad Sceideal, Uimh. Thag. 27.

Sa dara colún ag an Uimh. Thag. san 27—

(a) scriosfar amach mír (i), agus

(b) scriosfar amach mír (o) agus cuirfear an mhír seo leanas ina ionad, sé sin le rá, “(o) tráidirí de gach saghas.”

An diúité ar earraí cáiséin, etc.

18

Céad Sceideal, Uimh. Thag. 37.

Sa dara colún ag an Uimh. Thag. san 37, scriosfar amach na focail “d'adhmad, de ghloine.”

An diúité ar chnaipí neachlúduithe áirithe do leathnú.

19

Céad Sceideal, Uimh. Thag. 41.

I mír (a) sa dara colún scriosfar amach na focail uile o sna focail “ach gan aon iallacha den tsórt san” go dtí deireadh na míre.

An diúité ar iallacha áirithe.