Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Leasuithe ar an gCead Sceideal a ghabhann leis an bPriomh-Acht.)

11 1937


Uimhir 11 de 1937.


ACHT UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAITHE, 1937.


ACHT CHUN NA nACHTANNA UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAITHE, 1935 AGUS 1936, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ.

[2adh Abrán, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 (Uimh. 29 de 1935) ;

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

“An lá ceaptha.”

2. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá cheapfaidh an tAire chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

Alt 2 den Phríomh-Acht do leasú.

3. —(1) Leasuítear leis seo alt 2 den Phríomh-Ácht tríd an bhfo-alt breise seo leanas do chur isteach i ndeireadh an ailt sin agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

“(3) Tuigfear chun crícheanna an Achta so leanbh do bheith fé bhun na haoise ceaptha ar feadh gach tréimhse fé leith acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) tréimhse ar bith go mbeidh an leanbh san fé bhun cheithre bliana déag d'aois ar a feadh;

(b) tréimhse ar bith, idir an lá roimh an dáta ar a slánóidh an leanbh san ceithre bliana déag d'aois agus an dáta ar a slánóidh an leanbh san sé bliana déag d'aois—

(i) go mbeidh an leanbh san, no go dtuigfear é bheith, do réir rialachán (a húdaruítear leis seo don Aire a dhéanamh le hordú), fé theagasc lánaimsire ar a feadh i scoil lae, no

(ii) ná beidh an leanbh san, de dheascaibh laige cuirp no aigne, ábalta ar a feadh ar theagasc lánaimsire do ghlacadh i scoil lae ná ar a ghabháil le haon tslí bheatha le n-a ngabhann luach saothair.”

(2) Athghairmtear leis seo an míniú tugtar ar an abairt “an aois cheaptha” i bhfo-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht.

Alt 3 den Phríomh-Acht do leasú.

4. —Leasuítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach ann in ionad fo-ailt (1) atá anois ann, agus léireofar an Príomh-Acht agus alt 18 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta agus um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1936 ( Uimh. 12 de 1936 ), agus beidh éifeacht acu dá réir sin, sé sin le rá:—

“(1) San Acht so—

foluíonn an focal ‘leanbh’ leas-leanbh, agus, maidir le fear, leanbh mí-dhlisteanach, leis féin no le n-a mhnaoi chéile, do bhí in éintigheas leis an tráth do fuair seisean bás;

foluíonn an focal ‘dílleachtaí’ (i dteanta leanbh go bhfuil a athair agus a mháthair marbh) leanbh mí-dhlisteanach go bhfuil a mháthair marbh agus nach fios cé hé a athair.”

Alt 4 den Phríomh-Acht do leasú.

5. —Leasuítear leis seo fo-alt (3) d'alt 4 den Phríomh-Acht tré sna focail “no más deimhin leis an Aire, maidir le haon fhostaíocht a bheidh do réir na gcoinníollacha luaidhtear i gclás (ii) de mhír (a) d'fho-alt (1) den alt so, ná beadh sé oiriúnach, ag féachaint do chineál na fostaíochta san, an fhostaíocht san do bheith ina fostaíocht eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so” do chur isteach ann i ndiaidh na bhfocal “leis an Acht so.”

Alt 6 den Phríomh-Acht do leasú.

6. —Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 6 den Phríomh-Acht tré sna focail “agus a húsáidtear le haghaidh talmhaíochta amháin” do scriosadh amach, agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Dáta feidhmiúcháin móráireamh daoine chun crícheanna ailt 7 den Phríomh-Acht.

7. —(1) Chun an mhóráirimh daoine gurb é an móráireamh is déanaí den tsórt san é do réir bhrí fho-ailt (2) d'alt 7 den Phríomh-Acht do chinneadh, déanfaidh an tAire, pé uair a beifear tar éis móráireamh do dhéanamh ar na daoine i Saorstát Éireann, a dheimhniú le hordú cadé an dáta do foillsíodh toradh an mhóráirimh sin, agus tuigtear chun na críche sin adubhradh, ach ní níos sia ná san ná ar shlí eile, gach móráireamh den tsórt san do dhéanamh ar dháta an fhoillsithe bheidh deimhnithe amhlaidh alos an mhóráirimh sin.

(2) Pé uair a gheobhfar amach, ar mhóráireamh do dhéanamh ar na daoine i Saorstát Éireann, nach mó ná seacht míle líon daoine bailecheanntair do taisbeánadh leis an móráireamh deiridh roimhe sin den tsórt san do bheith níos mó ná seacht míle, leanfaidh an bailecheanntar san, d'ainneoin an laigheaduithe sin ar a líon daoine, de bheith ina bhaile-líomatáiste chun crícheanna an Phríomh-Achta go dtí an chéad Aoine (ach gan an Aoine sin d'áireamh) sa chéad mhí Eanair i ndiaidh dáta an fhoillsithe bheidh deimhnithe fén alt so alos an mhóráirimh sin agus scuirfidh ar an Aoine sin do bheith ina bhaile-líomatáiste chun na gcrícheanna san.

(3) Pé uair a gheobhfar amach, ar mhóráireamh do dhéanamh ar na daoine i Saorstát Éireann, gur mó ná seacht míle líon daoine bailecheanntair do taisbeánadh leis an móráireamh deiridh roimhe sin den tsórt san do bheith níos lugha ná seacht míle, leanfaidh an bailecheanntar san, d'ainneoin an mhéaduithe sin ar a líon daoine, de bheith gan bheith ina bhaile-líomatáiste chun crícheanna an Phríomh-Achta go dtí an chéad Aoine (ach gan an Aoine sin d'áireamh) sa chéad mhí Eanair i ndiaidh dáta an fhoillsithe bheidh deimhníthe fén alt so alos an mhóráirimh sin agus tiocfaidh ar an Aoine sin chun bheith ina bhaile-líomatáiste chun na gcrícheanna san.

(4) Beidh an t-alt so fé mar a bheadh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith aige an 1adh lá d'Eanar, 1936, agus ón lá san amach, agus dá réir sin beidh feidhm agus éifeacht aige maidir leis an móráireamh do rinneadh ar na daoine i Saorstát Éireann sa bhliain 1936.

Alt 10 den Phríomh-Acht do leasú.

8. —Leasuítear leis seo alt 10 den Phríomh-Acht sna slite seo leanas agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “agus, fós, do bheith de ghnáth i rith na tréimhse sin ina shíntiúsaire fhostaithe do réir bhrí na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta” do chur isteach i bhfo-alt (2) den alt san i ndiaidh na bhfocal “na tréimhse oiriúnaighe”, agus

(b) tré sna focail “no de ghnáth ina shíntiúsaire fhostaithe do réir bhrí na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta” do chur isteach i bhfo-alt (3) den alt san i ndiaidh na bhfocal “i bhfostaíocht talmhaíochta”.

Alt 12 den Phríomh-Acht do leasú.

9. —Leasuítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht sna slite seo leanas agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “agus, fós, do bheith de ghnáth i rith na tréimhse sin ina shíntiúsaire fhostaithe do réir bhrí na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta” do chur isteach i bhfo-alt (2) den alt san i ndiaidh na bhfocal “na tréimhse oiriúnaighe”, agus

(b) tré sna focail “no de ghnáth ina shíntiúsaire fhostaithe do réir bhrí na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta” do chur isteach i bhfo-alt (3) den alt san i ndiaidh na bhfocal “i bhfostaíocht talmhaíochta”.

Alt 14 den Phríomh-Acht do leasú.

10. —Leasuítear leis seo fo-alt (2) d'alt 14 den Phríomh-Acht tré sna focail “ar feadh aon tréimhse faid a bheidh an leanbh, gur ina thaobh a bheidh an liúntas san iníoctha, fé bhun na haoise ceaptha agus ní hin aon chás eile” do chur in ionad na bhfocal “go dtí go mbeidh an aois cheaptha slán ag an leanbh gur ina thaobh a bheidh an liúntas san iníoctha agus scuirfidh ansan”, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Ailt 15 agus 18 den Phríomh-Acht d'athghairm.

11. —(1) Athghairmtear leis seo ailt 15 agus 18 den Phríomh-Acht.

(2) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh an lá ceaptha.

Alt 19 den Phríomh-Acht do leasú.

12. —(1) Leasuítear leis seo alt 19 den Phríomh-Acht tré sna focail go léir i ndiaidh an fhocail “iníoctha” do scriosadh amach as agus na focail “le gach baintrigh” do chur isteach ina n-ionad, agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh an lá ceaptha.

Alt 21 den Phríomh-Acht do leasú.

13. —(1) Leasuítear leis seo alt 21 den Phríomh-Acht tré sna focail “seasca bliain” do scriosadh amach as agus na focail “cúig bliana caogad” do chur isteach ina n-ionad, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh an lá ceaptha.

Alt 22 den Phríomh-Acht do leasú.

14. —(1) Leasuítear leis seo fo-alt (2) d'alt 22 den Phríomh-Acht tré sna focail “naoi mbliana caogad” do scriosadh amach as agus na focail “ceithre bliana caogad” do chur isteach ina n-ionad agus tré sna focail “seasca bliain” do scriosadh amach as agus na focail “cuig bliana caogad” do chur isteach ina n-ionad, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh an lá ceaptha.

Alt 23 den Phríomh-Acht do leasú.

15. —Leasuítear leis seo alt 23 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt breise seo leanas do chur i ndeireadh an ailt sin, agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

“(4) Má bhíonn pinsean (nea-shíntiúsach) baintrighe á fháil ag mnaoi agus go dtiocfaidh atharú ar a hacfuinn ghlan sheachtainiúil i dtreo gur cheart do réir an ailt seo—

(a) an pinsean san do mhéadú, no

(b) an pinsean san do laigheadú, no

(c) don phinsean san scur,

oibreoidh an méadú, an laigheadú no an scur san (do réir mar a bheidh) ón lá sa tseachtain go mbeidh orduithe gurb é an lá sa tseachtain é ar a mbeidh íocaíochtaí seachtainiúla pinsean (neashíntiúsach) baintreach le déanamh agus is túisce thiocfaidh tar éis d'oifigeach breithiúnachta a bhreith do thabhairt á rá go bhfuil an t-atharú san tagtha.”

Alt 24 den Phríomh-Acht do leasú.

16. —(1) Leasuítear leis seo alt 24 den Phríomh-Acht tré sna focail go léir i ndiaidh an fhocail “iníoctha” do scriosadh amach as agus na focail “alos gach dílleachtaí bheidh, de thurus na huaire, fé bhun na haoise ceaptha” do chur isteach ina n-ionad, agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh an lá ceaptha.

Alt 26 den Phríomh Acht do leasú.

17. —Leasuítear leis seo alt 26 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt breise seo leanas do chur i ndeireadh an ailt sin, agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

“(5) Má bhíonn pinsean (nea-shíntiúsach) dílle achtaí iníoctha alos dílleachtaí ar bith agus go dtiocfaidh atharú ar acfuinn ghlan sheachtainiúil an dílleachtaí sin i dtreo gur cheart do réir an ailt seo—

(a) an pinsean san do mhéadú, no

(b) an pinsean san do laigheadú, no

(c) don phinsean san scur,

oibreoidh an méadú, an laigheadú, no an scur san (do réir mar a bheidh) ón lá sa tseachtain go mbeidh orduithe gurb é an lá sa tseachtain é ar a mbeidh íocaíochtaí seachtainiúla pinsean (nea-shíntiúsach) dílleachtaithe le déanamh agus is túisce thiocfaidh tar éis d'oifigeach breithiúnachta a bhreith do thabhairt á rá go bhfuil an t-atharú san tagtha.”

Alt 29 den Phríomh-Acht do leasú.

18. —(1) Ní oibreoidh éinní atá in alt 29 den Phríomh-Acht chun a chosc, i gcás duine bheidh ina chomhnaí ar feadh tréimhse ar bith lasmuich de Shaorstát Éireann—

(a) pinsean do dheonadh don duine sin no ina thaobh má rinneadh éileamh ar an bpinsean san roimh an duine sin do theacht chun bheith ina chomhnaí amhlaidh, ná

(b) pinsean a deonfar de bhuadh na míre deiridh sin roimhe seo d'íoc in aghaidh tréimhse ar bith roimh an duine sin do theacht chun bheith ina chomhnaí amhlaidh (ach ní dá éis sin), ná

(c) aon riaráiste de phinsean a deonadh don duine sin no ina thaobh (is riaráiste bheidh dlite in aghaidh tréimhse roimh an duine sin do theacht chun bheith ina chomhnaí amhlaidh) d'íoc.

(2) San alt so cialluíonn an focal “pinsean” pinsean is pinsean síntiúsach no pinsean nea-shíntiúsach do réir bhrí Coda IV den Phríomh-Acht.

Alt 35 den Phríomh-Acht do leasú.

19. —(1) Leasuítear leis seo míreanna (d) agus (e) d'fho-alt (1) d'alt 35 den Phríomh-Acht tríd an bhfocal “mí” do scriosadh amach as gach mír acu san agus tré sna focail “trí mhí” do chur isteach ina ionad i ngach mír acu san, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) An leasú deintear leis an alt so ar mhíreanna (d), agus (c) d'fho-alt (1) d'alt 35 den Phríomh-Acht ní bheidh éifeacht aige maidir le duine do tháinig chun bheith i dteideal pinsin neashíntiúsaigh no pinsin síntiúsaigh, do réir bhrí Coda IV den Phríomh-Acht, roimh dháta an Achta so do rith.

Alt 36 den Phríomh-Acht do leasú.

20. —Leasuítear leis seo alt 36 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt breise seo leanas do chur isteach i ndeireadh an ailt sin, agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

“(2) Másé dáta ar a scuirfeadh aon phinsean dílleachtaí de bheith iníoctha ná lá den tseachtain seachas an lá díreach roimh an lá sa tseachtain go mbeidh orduithe gurb é an lá sa tseachtain é ar a mbeidh na híocaíochtaí seachtainiúla mar gheall ar an bpinsean san le déanamh, leanfaidh an pinsean san de bheith iníoctha alos na laetheanta sa tseachtain go dtí an lá orduithe sin ach gan an lá san d'áireamh.”

Alt 42 den Phríomh-Acht do leasú.

21. —Léireofar fo-alt (2) d'alt 42 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá bhforáltaí leis an bhfo-alt san go n-íocfaí isteach sa Chuntas Suncála Pinsean, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, in aghaidh na bliana airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1938, agus in aghaidh gach bliana de sna seacht mbliana ina dhiaidh sin, suim bhliantúil de cheithre chéad agus caoga míle punt in ionad na suime de dhá chéad agus caoga míle punt atá luaidhte sa bhfo-alt san.

Alt 50 den Phríomh-Acht do leasú.

22. —Leasuítear leis seo alt 50 den Phríomh-Acht sna slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “eireoidh de dhruim no i dtaobh an éilimh sin no maidir le haon phinsean a bheidh deonta” do chur in ionad na bhfocal “eireoidh de dhruim no i dtaobh an chéanna” i bhfo-alt (1) den alt san, agus

(b) tré sna focail “no éilimh ar bith ar phinsean” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “pinsin ar bith” i bhfo-alt (2) den alt san.

Alt 57 den Phríomh-Acht do leasú.

23. —Leasuítear leis seo alt 57 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt breise seo leanas do chur isteach i ndeireadh an ailt sin, agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

“(5) Ní déanfar, i gcás ar bith ina mbeifear tar éis pinsean d'íoc de thoradh aon ráitis no plé cúise (pe'ca scríobhtha no de bhréithre béil é) is eol do neach a dhéanta do bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, éinní atá i bhfo-alt (4) d'alt 23 den Acht so ná i bhfo-alt (5) d'alt 26 den Acht so do léiriú mar ní dheineann deifir d'oibriú an ailt seo.”

Teora ama chun cúisimh fé alt 58 den Phríomh-Acht do bhunú.

24. —Féadfar cúiseamh mar gheall ar chionta fé alt 58 den Phríomh-Acht do bhunú tráth ar bith laistigh de pé tréimhse acu so leanas is déanaí raghaidh in éag, sé sin le rá:—

(a) trí mhí tar éis an dáta ar a bhfuighidh an tAire fianaise is leor dar leis chun an chionta do chúiseamh, no

(b) dhá mhí dhéag tar éis an chionta do dhéanamh,

agus, chun crícheanna míre (a) den alt so, is fianaise dho-chlaoite ar an dáta ar a bhfuair an tAire an fhianaise sin deimhniú i dtaobh an dáta san do bhéarfaidh le tuisgint é bheith sighnithe aige.

Alt 70 den Phríomh-Acht do leasú.

25. —Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 70 den Phríomh-Acht tré sna focail “no roimh pé dáta níos déanaí ná san a chinnfidh an tAire in aon chás áirithe” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “dara lá ceaptha” san áit deiridh ina bhfuil na focail sin sa bhfo-alt san, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 72 den Phríomh-Acht do leasú.

26. —Leasuítear leis seo alt 72 den Phríomh-Acht tré sna focail “agus tuigfear ón dáta san nách duine árachuithe é chun crícheanna an Achta so” do scriosadh amach as.

Alt 75 den Phríomh-Acht do leasú

27. —Leasuítear leis seo alt 75 den Phríomh-Acht sna slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “gur mó a hacfuinn bhliantúil ná an méid do chuirfeadh i dteideal pinsin do réir an ráta san í” do scriosadh amach as agus na focail “ná deintear aon cheann de sna coinníollacha reachtúla do réir bhrí na nAchtanna san maidir le hacfuinn, comhnaí agus náisiúntacht do chólíonadh i gcás na mná san” do chur isteach ina n-ionad, agus

(b) tríd an bhfo-alt breise seo leanas do chur isteach i ndeireadh an ailt sin, sé sin le rá:—

“(2) Más rud é, de bhuadh an ailt seo, go mbeadh pinsean sean-aoise fé Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1932, iníoctha, mara mbeadh forálacha ailt 5 den Old Age Pensions Act, 1911, fé mar atá san leasuithe le halt 4 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1932 ( Uimh. 18 de 1932 ), le mnaoi, beidh an pinsean san iníoctha, d'ainneoin na bhforálacha san, leis an mnaoi sin má bhíonn sí ina comhnaí i dtír cheaptha.”

An Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht do leasú.

28. —(1) Deintear leis seo na forálacha uile agus fé seach atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht agus a luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do leasú fé seach no deighleáil leo fé seach ar chuma eile sa tslí luaidhtear sa dara colún den Sceideal san os coinne luadh gach forála fé leith dhíobh san sa chéad cholún san, agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh an lá ceaptha.

Saoirse o dhiúité stampa.

29. —(1) Ní bheidh diúité stampa inéilithe ar aon tseic, ordú íoca, ná scríbhinn eile tré n-a ndéanfar pinsean baintrighe, pinsean dílleachtaí no liúntas leinbh d'íoc, ná ar aon admháil do bhéarfar ar aon íoc den tsórt san.

(2) San alt so tá leis na habairtí “pinsean baintrighe”, “pinsean dílleachtaí” agus “liúntas leinbh” na bríonna céanna atá leis na habairtí sin fé seach i gCuid IV den Phríomh-Acht.

Gearr-theideal agus luadh.

30. —(1) Féadfar an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1937 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 go 1937, do ghairm de sna hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 agus 1936, agus den Acht so le chéile.