An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Roimh-Iocanna d'Ioc leis an mBord.) Ar Aghaidh (CUID IV. Comhachta agus Dualgaisi an Bhardais.)

54 1936

ACHT TAISC-IOMAR NA LIFE, 1936

CUID III.

Comhachta agus Dualgaisi an Bhuird.

Comhacht don Bhord chun leictreachas do gheiniúint.

6. —(1) Beidh sé dleathach don Bhord—

(a) leictreachas do gheiniúint le comhacht hídrálach do gheobhfar o uiscí Abha na Life ar n-a locadh agus ar n-a gcur ar fáil chuige sin tríd an taisc-iomar atá le déanamh ag an mBord do réir an Chó-aontuithe Sceidealta, agus

(b) pé stáisiúin chomhachta, fo-thaisc-iomair, uiscrianta, agus oibreacha eile de shaghas ar bith do dhéanamh, do chothabháil agus d'oibriú is dóich leis an mBord is gá o am go ham (go díreach no go nea-dhíreach) chun leictreachas do gheiniúint do réir na míre deiridh sin roimhe seo den fho-alt so, agus

(c) an leictreachas a geinfear fén bhfo-alt so do tharchur go dtí pé áiteanna agus ar pé slí is dóich leis an mBord is gá chun an leictreachais sin do chur ar fáil chun na gcrícheanna luaidhtear sa chéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so.

(2) Déanfaidh an Bord an leictreachas (dá ngairmtear leictreachas ón Life sa bhfo-alt so) a geinfear fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so d'úsáid agus do chur chun gach ceann no aon cheann de sna crícheanna chun a bhféadfaidh an Bord leictreachas (dá ngairmtear leictreachas ón Sionainn sa bhfo-alt so) do chur no d'úsáid a geinfear le hoibreacha na Sionainne no in aon stáisiún geiniúna bheidh de thurus na huaire á oibriú ag an mBord fén Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927) , agus fé sna hAchtanna leasuíonn no leathnuíonn an tAcht san, agus féadfar leictreachas ón Life d'úsáid amhlaidh i gcócheangal le leictreachas ón Sionainn no ina theanta no ina éamuis, agus chun na gcrícheanna san beidh gach comhacht no aon chomhacht dá mbeidh dílsithe sa Bhord de thurus na huaire maidir le leictreachas ón Sionainn do tharchur, do roinnt, do sholáthar agus do dhíol, beid san ag an mBord agus féadfaid iad d'fheidhmiú, maidir le leictreachas ón Life, agus go sonnrách féadfar aon chuid no coda den chóras tarchurtha no d'aon chóras roinnte, atá anois no bheidh ina dhiaidh seo ar únaeracht no déanta ag an mBord chun leictreachas ón Sionainn do tharchur no do roinnt (pe'ca aca é), d'úsáid chun leictreachas ón Life do tharchur no do roinnt agus féadfar aon chuid no coda den chóras tarchurtha no d'aon chóras roinnte, dhéanfaidh an Bord ina dhiaidh seo chun leictreachas ón Life do tharchur no do roinnt (pe'ca aca é), d'úsáid chun leictreachas ón Sionainn do tharchur no do roinnt.

Comhachta generálta an Bhúird.

7. —(1) Chun gnó na Life do dhéanamh, chun an Bhúird do chólíonadh na n-oblagáidí cuirtear ortha leis an gCó-aontú Sceidealta, chun an Bhúird do gheiniúint agus do tharchur leictreachais fén Acht so agus chun an Bhúird do dhéanamh oibreacha fén Acht so, no chun aon chríche no crícheanna dhíobh san, féadfaidh an Bord gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) uiscí Abha na Life lastuas de Dhroichead an Bhaile Mhóir agus aon abhann no srotha a ritheann isteach in Abha na Life lastuas den droichead san agus aon locha, linne no canála uirthi no i gceangal léi lastuas den droichead san do locadh, do stad, do chlaonadh, do thógaint, agus d'úsáid;

(b) Abha na Life lastuas de Dhroichead an Bhaile Mhóir no aon abha no sruth a ritheann isteach in Abha na Life lastuas den droichead san do bhancánadh, do dhambáil, do dhreidireacht, do dhoimhniú, do leathnú, do dhíriú, do chlaonadh, agus d'atharú ar aon tslí eile;

(c) aon loch, linn no uisce eile ar Abha na Life no i gceangal léi (go díreach no go nea-dhíreach) lastuas de Dhroichead an Bhaile Mhóir do bhancánadh, do dhambáil, do dhreidireacht agus a leibhéal d'atharú agus baint leis ar aon tslí eile;

(d) pé comhlaí uisce, coraí, dambaí, bancánachtaí, agus oibreacha eile (lastuas no laistíos de Dhroichead an Bhaile Mhóir) is gá chun éinní dá luaidhtear sna míreanna san roimhe seo den fho-alt so do dhéanamh no ghabhann le n-a dhéanamh, dar leis an mBord, d'aistriú no iad d'atharú, do dheisiú, do dhéanamh agus do chothabháil;

(e) staisiúin gheiniúna, tithe comhachta, stáisiúin atharúcháin, agus stáisiúin agus áiteanna eile, chun leictreachas a geinfear fén Acht so do gheiniúint no d'atharú no do stóráil no chun deighlcáil leis ar shlí eile, do dhéanamh agus do chothabháil;

(f) meaisínteacht, gléasra, agus fearas do gach stáisiún geiniúna, tigh comhachta, stáisiún atharúcháin, agus stáisiún agus áit eile déanfar fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so do cheannach, do thógaint ar cíos, no do sholáthar ar shlí eile agus do chothabháil;

(g) aon tsráid, bóthar, slí no droichead, puiblí no príobháideach, do dhúnadh, do chlaonadh, d'aistriú, no do chur fé uisce;

(h) dul isteach ar aon tailte no áitreabh chun go ndéanfaidís ortha san no ar aon tailte no áitreabh eile gach ní no éinní dá n-údaruítear leis an bhfo-alt so don Bhord do dhéanamh, no chun go ndéanfaidís ortha san no ar aon tailte no áitreabh eile aon fhiosrú, scrúdú no iniúchadh a théigheann roimh éinní den tsórt san do dhéanamh no ghabhann le n-a dhéanamh;

(i) aon ghníomh no ní do dhéanamh is gá chun aon rud do dhéanamh no ghabhann le haon rud do dhéanamh a húdaruítear leis an bhfo-alt so don Bhord do dhéanamh.

(2) Féadfaidh an Bord connradh do dhéanamh le duine ar bith chun gach obair no aon obair do dhéanamh dá n-údaruítear don Bhord leis an alt so do ghabháil de láimh agus do dhéanamh, agus chuige sin féadfaidh an Bord connartha do dhéanamh.

(3) Pé uair a dhéanfaidh an Bord fén alt so aon chonnradh chun aon obair do dhéanamh dá n-údaruítear don Bhord leis an alt so do dhéanamh féadfaidh an Bord, leis an gconnradh san, ceart do bhronnadh ar an gconnarthóir chun oibreacha do dhéanamh a húdaruítear leis an gcéad fho-alt den alt so don Bhord do dhéanamh, pé cinn acu is ceart dar leis an mBord agus a luadhfaid sa chonnradh san, agus leis sin beidh sé de cheart ag an gconnarthóir sin (i gcó-réim leis an mBord) gach ní no éinní dá luadhfar amhlaidh do dhéanamh fé is dá mba leis an Acht so a bronnfaí an ceart san air, ach san sa mhéid is gá chun an chonnartha san d'fheidhmiú go cuibhe agus ní níos mó ná san.

Comhachta an Bhúird maidir le talamh do thógaint chúcha.

8. —(1) Chun críche gnó na Life agus chun an Bhúird do chólíonadh na n-oblagáidí cuirtear ortha leis an gCó-aontú Sceidealta no chun ceachtar críche acu san, féadfaidh an Bord gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) aon tailte no áitreabh do thógaint go buan no go sealadach agus go héigeanta no tré chó-aontú;

(b) aon éasáid, cead slí, ceart uisce, ceart iascaigh no ceart ar bith eile, ar aon tailte no áitreabh no uisce no maidir leis an gcéanna, do thógaint (go buan no go sealadach agus go héigeanta no tré chó-aontú);

(c) aon éasáid, cead slí, ceart uisce, ceart iascaigh no ceart ar bith eile, ar aon tailte no áitreabh no uisce no maidir leis an gcéanna, d'fhoirceannadh no do shrianadh no cur isteach air in aon tslí eile (go buan no go sealadach agus go héigeanta no tré chó-aontú);

(d) aon bhóthar, slí no droichead, puiblí no príobháideach, no aon chanáil no slí uisce saordha eile no aon chúrsa uisce saordha do chlaonadh, do dhúnadh, d'aistriú no do chur fé uisce no cur isteach air in aon tslí eile go héigeanta (agus san go buan no go sealadach agus go héigeanta no tré chó-aontú);

(e) cur isteach ar aon tailte no áitreabh go héigeanta no tré chó-aontú.

(2) Aon uair tar éis an Achta so do rith agus sara mbeidh leithliú déanta no praghas no cúiteamh faighte amach, ach fé réir fógra mí ar a laighead roimh ré no, i gcás tighe chomhnaithe ina gcomhnuítear, fógra trí mhí ar a laighead roimh ré do thabhairt i scríbhinn do shealbhaire na dtailte no an áitreibh no d'únaer na héasáide no na maoine no an chirt eile le n-a mbainfidh an scéal, féadfaidh an Bord agus gach connarthóir go n-údarás aige chuige sin ón mBord dul isteach ar aon tailte no áitreabh agus seilbh do ghlacadh ortha no aon cheart d'fheidhmiú a húdaruítear leis an alt so don Bhord do thógaint go héigeanta, no féadfaid foirceannadh no sriannadh no cur-isteach eile do dhéanamh ar aon éasáid no maoin no ceart eile go n-údaruítear don Bhord leis an alt so foirceannadh no sriannadh no cur-isteach do dhéanamh air go héigeanta, no féadfaid claonadh, dúnadh, aistriú, no cur-isteach eile do dhéanamh ar aon bhóthar, slí, droichead, slí uisce, no cúrsa uisce go n-údaruítear don Bhord leis an alt so claonadh, dúnadh, aistriú, no cur-isteach do dhéanamh air go héigeanta.

(3) Pé uair a dhéanfaidh an Bord fén alt so dul isteach ar aon tailte agus seilbh do ghlacadh ortha no aon cheart d'fheidhmiú (pe'ca aca é) roimh an bpraghas no an cúiteamh d'íoc íocfaidh an Bord, le sealbhaire na dtailte no le húnaer na héasáide no an chirt eile le n-a mbainfidh an scéal (pe'ca aca é), ús, ar mhéid an phraghais no an chúitimh sin nuair a bheidh sé ceaptha, do réir cheithre púint per cent. per annum ón dáta ar a ndéanfar dul isteach agus seilbh do ghlacadh amhlaidh no ar a bhfeidhmeofar an ceart san (pe'ca aca é) go dtí dáta an leithlithe ón sealbhaire no ón únaer sin chun an Bhúird.

(4) Pé uair a thógfaidh an Bord chúcha go buan fén alt so aon talamh a bheidh, ina aonar no maraon le talamh eile, fé bhlianacht cheannaigh, íocaíocht in ionad cíosa, no suim bhliantúil eile (nach cíos fé chonnradh tionóntachta) is iníoctha le Coimisiún na Talmhan, tiocfaidh an Bord chun bheith agus beid freagarthach, ón dáta ar a ndéanfaidh an Bord dul isteach ar an talamh a thógfaid amhlaidh, agus seilbh do ghlacadh air, in íoc do dhéanamh le Coimisiún na Talmhan sa tsuim bhliantúil sin, no sa chuid sin di chion-roinnfidh Coimisiún na Talmhan ar an talamh san fé is dá ndeineadh dílseánach na talmhan san an talamh san d'aistriú chun an Bhúird ar an dáta san.

(5) Pé uair is dóich leis an mBord go mbeadh sé neamheacnamúil, no neamh-oiriúnach toisc aon chúise eile, cúiteamh d'íoc as tuiliú no cur-isteach eile do dhéanamh ar aon tailte no áitreabh fén alt so féadfaidh an Bord na tailte no an t-áitreabh san do thógaint chúcha go buan fén alt so go héigeanta no tré chó-aontú.

(6) Féadfar fógra fén alt so do sheirbheáil ar dhuine ar bith tríd an bhfógra san do chur tríd an bpost cláruithe agus é dírithe chun an duine sin ag á ghnáth-sheoladh no ag an seoladh is déanaí is eol do bheith aige no, más fógra do shealbhaire aon tailte no áitreibh é, ag na tailte no ag an áitreabh san.

(7) Féadfar fógra fén alt so do shealbhaire aon tailte no áitreibh do dhíriú chun an tsealbhaire sin fén ainm “an sealbhaire” gan a ainm féin do luadh.

Praghas no cúiteamh d'fháil amach.

9. —(1) Mara gcó-aontuítear ina thaobh is fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus dá réir a ceapfar méid an phraghais no an chúitimh a bheidh le n'íoc ag an mBord, as tailte agus áitreabhacha thógfailh an Bord chúcha (go buan no go sealadach) fén Acht so, leis na daoine uile agus fé seach go mbeidh teideal acu chúcha no estáit no leasanna acu ionta, no, as éasáidí, ceada slí, cearta uisce, cearta iascaigh agus cearta eile thógfaidh an Bord chúcha (go buan no go sealadach) fén Acht so no alos na nithe sin, le n-a n-únaer no leis na daoine uile agus fé seach go mbeidh teideal acu chun na dtailte agus na n-áitreabh, no leasanna acu sna tailte agus sna háitreabhacha, gur ortha no maidir leo tógfar na cearta san amhlaidh.

(2) Mara gcó-aontuítear ina thaobh is fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus dá réir agus fé is dá mba phraghas é ar thalamh a tógfaí go héigeanta a ceapfar méid an chúitimh a bheidh le n'íoc ag an mBord as foirceannadh no srianadh no cur isteach eile do dhéanamh (go buan no go sealadach) fén Acht so ar aon éasáid, ceart uisce, ceart iascaigh, no ceart eile ar aon tailte no áitreabhacha no uisce no alos na nithe sin no as claonadh, dúnadh, aistriú no cur-isteach eile do dhéanamh (go buan no go sealadach) fén Acht so ar aon bhóthar, slí no droichead príobháideach no ar aon chanáil no slí uisce saordha eile no ar aon chúrsa uisce saordha, no as cur isteach do dhéanamh ar aon tailte no áitreabhacha fén Acht so.

(3) Nuair a bheidh aon phraghas no cúiteamh á mheas do réir an ailt seo alos maoine ar bith, corpartha no nea-chorpartha, go bhfuiltear á sealbhú no á húsáid no ag baint tairbhe aisti in éineacht le haon mhaoin eile no is cuid d'aon mhaoin eile, bhéarfar áird ar aon tsochar i bhfuirm dréineála no i bhfuirm feabhsú ar sholáthar uisce go mbeidh sé réasúnta súil a bheith le n-a theacht don mhaoin eile sin de bhíthin aon oibreacha do rinne an Bord no bheidh á ndéanamh acu no bheidh chun a dhéanamh fén Acht so.

(4) Gach éileamh ar phraghas aon tailimh, áitreibh no cirt a tógfar, no ar chúiteamh alos aon tailte, áitreibh, cirt, slí, no maoine eile ar a ndéanfar cur-isteach fén Acht so, déanfar é fé cheann bliana tar éis don Bhord no do chonnarthóir dul isteach no feidhmiú no cur isteach do dhéanamh den chéad uair ar na tailte, ar an áitreabh, ar an gceart, ar an slí, no ar an maoin sin fén Acht so, ach i gcás cur-isteach buan do dhéanamh ar cheart iascaigh féadfar an t-éileamh do dhéanamh aon uair fé cheann deich mblian tar éis críochnú na n-oibreacha le n-a gcuirfear isteach amhlaidh ar an gceart iascaigh sin.

(5) Bainfidh ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, le haon phraghas no cúiteamh is iníoctha ag an mBord fén alt so agus le maoin, corpartha no nea-chorpartha, thógfaidh an Bord fén Acht so do leithliú chun an Bhúird, agus chun críche na bainte sin tuigfear gurb iad an Bord bunathóirí an ghnótha.

(6) Ní luighfidh aon aicsean, do réir dlí ná cothruim, i gcoinnibh an Bhúird ná aon chonnarthóra, ná i gcoinnibh aon oifigigh ná seirbhísigh don Bhord no d'aon chonnarthóir, i dtaobh ná alos aon ghnímh, ní, no ruda go mbeidh cúiteamh iníoctha mar gheall air de bhuadh an ailt seo.

An Bord do dhéanamh oibreacha in ionad cúiteamh d'íoc.

10. —(1) Má bhíonn teideal ag duine no más léir go mbeidh teideal aige chun cúitimh in éinní do rinne an Bord no bheid ar intinn a dhéanamh, go dleathach, fén Acht so, féadfaidh an Bord pé oibreacha do dhéanamh chun tairbhe don duine sin is ceart dar leis an mBord agus a aontóidh an duine sin do ghlacadh mar shásamh no mar shásamh leathrannach ina éileamh ar an gcúiteamh san.

(2) Féadfaidh an Bord téarmaí agus coinníollacha do chur ag gabháil le haon oibreacha do dhéanamh fén alt so, pé cinn (ar a n-áirmhítear téarmaí i dtaobh únaeracht, seilbh agus stiúradh na n-oibreacha san) ar a gcó-aontóidh an Bord agus an duine gur chun tairbhe dhó a déanfar na hoibreacha amhlaidh.

Pleananna, etc., do lóisteáil.

11. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith agus ar dháta nach déanaí ná mí sara dtosnófar ar aon chuid áirithe d'oibreacha na Life do dhéanamh no sara dtosnófar ar éinní áirithe eile do dhéanamh a húdaruítear leis an Acht so don Bhord do dhéanamh no sara ndéanfar, chun na críche sin, dul isteach ar aon tailte no áitreabh no aon cheart d'fheidhmiú no cur isteach ar aon mhaoin, corpartha no nea-chorpartha, fén Acht so, cuirfidh an Bord fé ndeár mapaí, pleananna agus leabhair eolais maidir leis an gcuid sin d'oibreacha na Life no leis an ní áirithe sin (pe'ca aca é) do lóisteáil mar a luaidhtear anso ina dhiaidh seo.

(2) Na mapaí agus na pleananna atá le lóisteáil fén alt so beid líonmhar a ndóthain agus de shaghas is leor chun méid na n-oibreacha le n-a mbainfid do thaisheáint ar leor-scálaí, maraon le gach claonadh agus atharú bheidh beartuithe agus fós an mhaoin uile, corpartha agus (i gcás san do bheith oiriúnach) nea-chorpartha, a bheidh beartuithe a thógaint chun críche na n-oibreacha san agus fós gach cur-isteach (sa mhéid gur féidir é thaisbeáint ar tharraiccoireacht) a bheidh beartuithe a dhéanamh chun na críche sin ar aon mhaoin, corpartha no nea-chorpartha, no ar aon bhóthar no droichead.

(3) Beidh sna leabhair eolais atá le lóisteáil fén alt so ainmneacha únaerí no únaerí tuairimithe, léasaithe no léasaithe tuairimithe, agus sealbhairí na dtailte agus na n-áitreabh uile go mbeidh beartuithe iad do thógaint no baint leo ar shlí eile fén Acht so chun críche na n-oibreacha gur ina dtaobh a lóisteálfar na leabhair eolais sin agus na maoine uile, corpartha no nea-chorpartha (le n-a n-áirmhítear bóithre agus droichid) go mbeidh beartuithe cur isteach uirthi in aon tslí fén Acht so chun críche na n-oibreacha san.

(4) Is i bpríomh-oifig an Bhúird i gCathair Bhaile Atha Cliath, agus fós i pé áiteanna eile i gContae Bhaile Atha Cliath agus i gContae Chill Mantan a chinnfidh an Bord le haontú an Aire, a lóisteálfar na mapaí, na pleananna agus na leabhair eolais atá le lóisteáil fén alt so, agus fanfaidh na mapaí, na pleananna agus na leabhair eolais sin uile ar lóisteáil amhlaidh go gcríochnófar na hoibreacha le n-a mbainfid, agus faid a bheid ar lóisteáil amhlaidh beid ar nochtadh chun a n-iniúchta ag duine ar bith in aisce in áit na lóisteála idir a deich a chlog ar maidin agus a ceathair a chlog um thráthnóna gach lá nach Satharn, Domhnach, ná lá saoire bainc.

(5) Chó luath agus is féidir é tar éis aon mhapaí, pleannana no leabhair eolais do lóisteáil do réir an ailt seo, bhéarfaidh an Bord fógra puiblí i dtaobh na lóisteála san tré fhógrán d'fhoillsiú fé dhó i ngach ceann de dhá pháipéar nuachta no níos mó léightear i gCathair Bhaile Atha Cliath agus i gContae Bhaile Atha Cliath agus i gContae Chill Mantan, agus déarfaid i ngach fógra den tsórt san go bhfuil na mapaí, na pleananna, agus na leabhair colais sin ar nochtadh chun a n-iniúchta ag an bpuiblíocht do réir an ailt seo.

Ceart ag an mBord chun eolais as leabhair rátaí.

12. —Má theastuíonn eolas as leabhar rátaí no as scríbhinn eile dá shórt ón mBord chun no i dtaobh oibreacha na Life do dhéanamh no aon chomhacht d'fheidhmiú dá mbronntar ar an mBord leis an Acht so chun na n-oibreacha san do dhéanamh, ansan, an t-údarás áitiúil no an cólucht áitiúil eile go mbeidh an leabhar no an scríbhinn sin ina gcoimeád, déanfaid, ar iarratas an Bhúird—

(a) a cheadú d'aon oifigeach don Bhord go n-údarás aige chuige sin ón mBord an leabhar no an scríbhinn sin d'iniúchadh in aisce agus cóip den leabhar no den scríbhinn sin ar fad no d'aon chuid den chéanna do dhéanamh in aisce, agus

(b) cóip den leabhar no den scríbhinn sin no d'aon chuid den chéanna an Bord chuige sin do thabhairt don Bhord ar an mBord d'íoc pé táille ar a gcó-aontóidh an Bord agus an cólucht puiblí sin no a cheapfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí mara gcó-aontuítear amhlaidh.

Oibreacha na Life do bheith saor o rátaí.

13. —(1) Faid a bheidh oibreacha na Life i seilbh agus fé urláimh an Bhúird beid saor o ráta dealbhais do ghearradh ortha agus fós o aon ráta eile bhuailfidh údarás áitiúil do ghearradh ortha.

(2) San alt so tá an brí céanna leis an abairt “údarás áitiúil” a cuirtear léi tríd an Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927) , mar a leathnuítear é le fo-alt (2) d'alt 10 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú) (Uimh. 2), 1934 .

Seirbhísí puist agus telegrafa do chosaint ar an mBord.

14. —Ní dhéanfaidh an Bord ná aon chonnarthóir a bheidh ag déanamh aon oibreacha fén Acht so, ní dhéanfaid, de bhuadh an Achta so, aon tailte, áitreabhacha, foirgintí, oibreacha, gléasra, abhair, ná maoin eile leis an Aire Puist agus Telegrafa do thógaint ná d'aistriú ná dul isteach ortha no ionta ná cur-isteach ortha ar shlí eile ná aon oibreacha do chur suas ná éinní ná aon rud eile do dhéanamh is dóich leis an Aire Puist agus Telegrafa do bhacfadh, do mhoilleodh, do choiscfeadh, no do dhíobhálfadh ar shlí eile cólíonadh cuibhe seirbhísí puiblí na Roinne Puist agus Telegrafa.

Bóithre agus droichid phuiblí do chosaint ar an mBord.

15. —(1) Más gá agus pé uair is gá, chun oibreacha na Life do dhéanamh, aon bhóthar no droichead puiblí do chlaonadh, d'aistriú no do chur fé uisce no aon chur-isteach eile do dhéanamh air, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so), sé sin le rá:—

(a) i gcás gur gá an bóthar no an droichead san do dhúnadh in aghaidh tráchta chun oibreacha na Life do dhéanamh déanfaidh an Bord sa tsuidheamh chéanna no i suidheamh éigin eile caothúil, agus cothabhálfaid faid a bheidh an bóthar no an droichead san dúnta amhlaidh in aghaidh tráchta, bóthar no droichead sealadach is leor chun an méid agus an saghas tráchta d'iompar a théigheann ar an mbóthar no ar an droichead san de ghnáth;

(b) ar chríochnú oibreacha na Life no roimhe sin cuirfidh an Bord an bóthar no an droichead san sa riocht ina raibh sé no, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, déanfaid sa tsuidheamh chéanna no i suidheamh éigin eile caothúil, buan-bhóthar no buan-droichead nua is leor chun an tráchta chéanna (chó fada le méid agus saghas) d'iompar d'fhéadfadh an seana-bhóthar no an seana-dhroichead d'iompar agus gan é puinn níos nea-chaothúla fána agus cuar ná an seanabhóthar no an seana-dhroichead san;

(c) má dheineann an Bord buan-droichead nua agus gur mó de chuid mhaith na buntáistí bheireann an droichead san do phuiblíocht aon chontae no bailecheanntair ná an seana-dhroichead, tré shlí chonbharsáide níos fearr do thabhairt dóibh no tré éinní eile, deimhneoidh an Bord costas an droichid nua san agus deimhneoidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí cadé an chuid den chostas san is dóich leis ba chóir do réir réasúin do bheith ar chomhairle na contae no an bhailecheanntair sin, agus leis sin déanfaidh an chomhairle sin suim is có-ionann leis an gcuid a bheidh deimhnithe amhlaidh den chostas san do chruinniú mar chuid de chostaisí cothabhála an bhóthair dar cuid an droichead nua san agus íocfaidh an chomhairle sin leis an mBord í;

(d) má eiríonn aon amhrus no aighneas no ceist i dtaobh ce'ca chólíon no nár chólíon an Bord forálacha an fho-ailt seo agus aon bhóthar no droichead, sealadach no buan, á dhéanamh no á chothabháil no á chur ina sheanariocht acu do réir an fho-ailt seo, no i dtaobh ce'ca is mó no nach mó de chuid mhaith na buntáistí atá ag puiblíocht aon chontae no bailecheanntair o bhuandroichead nua do rinne an Bord ná ón seana-dhroichead, isé an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí do bhéarfaidh breith ar an amhrus no ar an aighneas no ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.

(2) Más gá, chun oibreacha na Life do dhéanamh, bóthar no droichead puiblí do dhúnadh, d'aistriú, no do chur fé uisce go buan agus, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, gur deimhin leis an Aire, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, ná fuil gá le bóthar no droichead nua (pe'ca aca é) in ionad an bhóthair no an droichid do dúnadh, do haistríodh, no do cuireadh fé uisce amhlaidh, féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú ná beidh feidhm ná éifeacht ag an bhfo-alt san roimhe seo den alt so maidir leis an mbóthar no an droichead san (pe'ca aca é) agus ar an ordú san do bheith déanta beidh an Bord saor o aon oblagáid do bheith ortha de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo aon bhóthar no droichead, sealadach no buan, do dhéanamh in ionad an bhóthair no an droichid (pe'ca aca é) le n-a mbainfidh an t-ordú san.

Iascach do chaomhaint.

16. —Nuair a bheidh oibreacha na Life á ndéanamh acu ní bheidh sé d'oblagáid ar an mBord ná ar aon chonnarthóir ar fostú ag an mBord na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1935, do chólíonadh, ach bhéarfaidh agus déanfaidh an Bord no, i gcás oibreacha bheidh á ndéanamh dóibh ag connarthóir, cuirfid fé ndeár go dtabharfaidh agus go ndéanfaidh an connarthóir pé réamh-aireachas agus pé socrú is dóich leis an Aire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, is leor chun iascach do chaomhaint agus díobháil dó do sheachaint le linn no de dhruim oibreacha na Life do dhéanamh maran deimhin leis an Aire, tar éis dó dul i gcomhairle amhlaidh, nach féidir an chaomhaint sin do dhéanamh no nach féidir an díobháil sin do sheachaint gan dochar mór d'oibreacha na Life no gan cosc mór le n-a ndéanamh no gan méadú mór ar chostas a ndéanta.