An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Rialacha Cuirte.) Ar Aghaidh (CUID VIII. Achtachain Airithe do Leasu.)

48 1936

ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1936

CUID VII.

Foralacha Ilghneitheacha.

Ré na príosúntachta mar gheall ar gan pionós ioncuim d'íoc.

76. —I gcás breitheamh den Chúirt Dúithche do chur duine ar bith i bpríosún (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) mar gheall ar gan pionós d'íoc fé n-a ndeachthas fé Acht a bhaineann le cáin no diúité fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim agus comhacht do bheith ag na Coimisinéirí Ioncuim do réir dlí a ordú an duine sin do scaoileadh amach as an bpríosún, deintear leis seo a údarú do sna Coimisinéirí Ioncuim agus a cheangal ortha a ordú, ar an Acht so do rith no i gcionn sé mí o dháta an duine sin do chur i bpríosún (pe'ca am acu san is déanaí), an duine sin do scaoileadh amach as an bpríosún, pe'ca íoctha no gan íoc don phionós gur mar gheall ar gan é íoc do cuireadh an duine sin i bpríosún amhlaidh.

Iocaíochtaí do dhéanamh le breithiúin, etc., mar chúiteamh i gcostaisí.

77. —Íocfar amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le breithiúin den Chúirt Uachtaraigh, den Ard-Chúirt, den Chúirt Chuarda agus den Chúirt Dúithche, agus le Coimisinéirí den Ard-Chúirt ar Cuaird, pé suimeanna (i dteanta a luach saothair), mar chúiteamh i gcostaisí fé n-a raghaid ag taisteal no ar shlí eile chun dualgaisí a n-oifigí fé seach d'fheidhmiú, a chinnfidh an tAire Dlí agus Cirt o am go ham le ceadú an Aire Airgid.

Freagarthacht chosantóra ná buadhfaidh i gcostaisí cosantóra bhuadhfaidh.

78. —Má bhíonn dhá chosantóir no níos mó in imeacht shíbhialta i gcúirt ar bith agus go mbuadhfaidh an gearánaí ar dhuine no níos mó de sna cosantóirí agus go dteipfidh air i gcoinnibh na ndaoine no an duine eile de sna cosantóirí, beidh sé dleathach don Chúirt, más rud é, ag féachaint do sna cúrsaí uile, gur dóich léi gur ceart san do dhéanamh, a ordú go ndéanfaidh an cosantóir no na cosantóirí ar ar bhuaidh an gearánaí íoc (i dteanta costaisí an ghearánaí féin d'íoc) leis an ngearánaí i bhfuirm chúitimh sna costaisí dhlighfidh an gearánaí d'íoc agus a íocfa sé leis an gcosantóir no na cosantóirí gur theip air ina gcoinnibh.

An Chúirt do ghlanadh le linn trialacha áirithe.

79. —Pé uair a bheidh duine á thriail i gCúirt ar bith i gcúis cionta do dhéanamh is dóich leis an mbreitheamh i gceannas na trialach san do bheith mí-náireach no draosta, beidh sé dleathach don bhreitheamh san, más dóich leis gur ceart san do dhéanamh ar mhaithe le moráltacht phuiblí, gach duine do choinneáil amach as an gCúirt sin le linn na trialach san ar fad no le linn aon choda áirithe dhi ach amháin an breitheamh san, an duine cúisithe, oifigigh na Cúirte sin agus daoine eile bheidh i láthair ag an triail sin i bhfeadhmannas oifigiúil, na daoine uile bheidh ar fostú sa triail sin no go mbeidh baint acu léi i bhfeadhmannas ar bith, gach duine chuirfidh ina luighe ar an mbreitheamh gur ionadaí bona fide do pháipéar nuachta é agus gur mar ionadaí den tsórt san atá sé i láthair, agus pé daoine eile dá gceadóidh an breitheamh san, as a chomhairle féin, fanúint sa Chúirt sin.

Duine d'fhanúint ina thost.

80. —Pé uair a cúiseofar duine sa Phríomh-Chúirt Choiriúil no sa Chúirt Chuarda in aon choir no cionta agus fhanfa sé ina thost nuair a hiarrfar air freagra do thabhairt ar an gcúis sin, ní tiomnófar giúiré ar bith chun na ceiste do thriail ce'ca tré mhailís no toisc gur balbhán é atá an duine sin ina thost amhlaidh, ach ina ionad san éistfidh an breitheamh féin pé fianaise (más aon fhianaise é) i dtaobh na ceiste sin do bhéarfar ar áird ina láthair san am agus san áit sin agus, más deimhin leis an mbreitheamh ón bhfianaise sin gur balbhán an duine sin, tiocfaidh de sin gach ní do thiocfadh dá bhfaghadh giúiré do tiomnófaí chun na críche gur balbhán an duine sin, ach maran deimhin leis an mBreitheamh mar adubhradh no mara dtugtar aon fhianaise den tsórt san ar áird amhlaidh ordóidh an Breitheamh san a chur síos don duine sin gur fhreagair sé ná raibh sé ciontach.

Toirmeasc ar aithris do dhéanamh ar scríbhinní cúirte.

81. —(1) Aon scríbhinn nách scríbhinn ar n-a tabhairt amach fé údarás dleathach agus gur deallrathach no gur dócha do réir réasúin go gcreidfeadh an té do gheobhadh í, toisc a fuirme no a mbeadh inti no a deallraimh, gur tugadh amach fé údarás dleathach í, ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith í do thabhairt amach ná do thabhairt ná do sheachadadh d'éinne eile ná do chur chuige ná do sheirbheáil air ná fós a chur fé ndeár éinní acu san do dhéanamh léi.

(2) Gach duine dhéanfaidh no chuirfidh fé ndeár go ndéanfar aon scríbhinn do thabhairt amach, do chur uaidh, do thabhairt uaidh, do sheachadadh no do sheirbheáil contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “scríbhinn ar n-a tabhairt amach fé údarás dleathach” scríbhinn ar n-a tabhairt amach ag aon Chúirt Bhreithiúnais no ag aon bhreitheamh d'aon Chúirt den tsórt san no o cheachtar no le hordú o cheachtar acu san no ag aon oifigeach d'aon Chúirt den tsórt san no ag aon oifig a ghabhann léi no o cheachtar acu san.