An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. An Chuirt Chuarda.) Ar Aghaidh (CUID V. An Chuirt Duithche.)

48 1936

ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1936

CUID IV.

Athchomhairc i gcoinnibh na Cuirte Cuarda.

Tosach feidhme na Coda so den Acht so.

28. —Tiocfaidh an Chuid seo den Acht so i ngníomh pé dáta cheapfaidh an tAire Dlí agus Cirt chuige sin le hordú dhéanfa sé tar éis dó dul i gcomhairle le hUachtarán na hArd-Chúirte.

“Cuaird Bhaile Atha Cliath.”

29. —Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “Cuaird Bhaile Atha Cliath” an chuaird a bheidh có-dhéanta de chontae Bhaile Atha Cliath agus de chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath.

Athchomhairc i gcoinnibh na Cúirte Cuarda i gcásanna um chúiteamh do lucht oibre.

30. —Ní bhainfidh éinní sa Chuid seo den Acht so le hathchomhairc i gcoinnibh breitheanna ón gCúirt Chuarda fén Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 (Uimh. 9 de 1934) , ná ní dhéanfaidh dochar ná deifir do sna forálacha den Acht san a bhaineann leis na hathchomhairc sin.

Breith na Cúirte Cuarda do bheith gan aon dul tháirsi i gcásanna áirithe.

31. —(1) D'ainneoin éinní atá sa Chuid seo den Acht so ní luighfidh aon athchomharc i gcoinnibh aon bhreithiúntais do bhéarfaidh no orduithe dhéanfaidh an Chúirt Chuarda in aon aicsean no cúrsa síbhialta agus a bheidh gan aon dul thairis de bhuadh Achta den Oireachtas ar n-a rith roimh an Acht so no dá éis sin, ná i gcoinnibh aon bhreithiúntais no orduithe ón gCúirt Chuarda ar n-a thabhairt no ar n-a dhéanamh ar achuinge chun na Cúirte Cuarda fé alt 6 den Labourers (Ireland) Act, 1906, no fén Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) .

(2) D'ainncoin éinní atá sa Chuid seo den Acht so ní luighfidh aon athchomharc i gcoinnibh aon bhreithe do bhéarfaidh an Chúirt Chuarda ar athchomharc chun na Cúirte sin fé achtachán a bhaineann le cáin no diúité fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim, ach amháin pé athchomharc (más aon cheann é) (agus athchomharc i bhfuirm cáis aithriste d'áireamh) a luighfidh fé aon achtachán den tsórt san roimhráite bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so.

(3) D'ainneoin éinní atá sa Chuid seo den Acht so ní luighfidh aon athchomharc i gcoinnibh aon bhreithe do bhéarfaidh an Chúirt Chuarda ar athchomharc chun na Cúirte sin fé sna hAchtanna Luachála ach, in ionad an athchomhairc sin, tiocfaidh an ceart chun cáis aithriste bronntar le hailt 10 agus 11 den Annual Revision of Rateable Property (Ireland) Amendment Act, 1860, tiocfa sé, i dtosach feidhme na Coda so den Acht so, chun bheith agus beidh sé infheidhmithe agus, i dtosach na feidhme sin agus dá éis sin, beidh ag na hailt sin 10 agus 11 agus freisin ag alt 12 (go dtí sna focail “case under this Act”) den Acht chéanna, mar a hoiriúnuítear no a hatharuítear san le haon Acht no fé a ritheadh roimh an Acht so, lán-fheidhm agus lán-éifeacht gus na hatharuithe agus fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfar tagairtí do chúirt shiosón generálta no cheathrúshiosón do léiriú mar thagairtí don Chúirt Chuarda, agus

(b) déanfar tagairtí don chathaoirleach ar chúirt shiosón generálta no cheathrú-shiosón do léiriú mar thagairtí don bhreitheamh den Chúirt Chuarda, agus

(c) déanfar tagairtí do chúirt árd-chéime dhlí do léiriú mar thagairtí don Ard-Chúirt, agus

(d) féadfar athchomharc do dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraighe i gcoinnibh breithe na hArd-Chúirte.

Bailte athchomhairc.

32. —(1) Is baile athchomhairc chun crícheanna na Coda so den Acht so gach cathair agus baile fé leith a luaidhtear sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an baile athchomhairc”, maidir le haon chontae no contae-bhuirg a luaidhtear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, an chathair no an baile a luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal san os coinne luadh na contae no na contae-bhuirge sin.

Cuarda Ard-Chúirte.

33. —(1) I dtosach feidhme na Coda so den Acht so no roimhe sin déanfaidh an tAire Dlí agus Cirt, le hordú dhéanfa sé tar éis dó dul i gcomhairle le hUachtarán na hArd-Chúirte, na contaethe agus na contae-bhuirgí uile agus fé seach (seachas contae Bhaile Atha Cliath agus contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath) i Saorstát Éireann do ghrúpáil ina gCuarda Ard-Chúirte, pé Cuarda agus pé méid Cuarda is dóich leis is ceart.

(2) Tráth ar bith tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, le hordú dhéanfa sé tar éis dó dul i gcomhairle le hUachtarán na hArd-Chúirte—

(a) líon na gCuarda Ard-Chúirte d'atharú agus na contaethe agus na contae-bhuirgí uile agus fé seach (seachas contae Bhaile Atha Cliath agus contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath) d'ath-roinnt ar na Cuarda Ard-Chúirte uile agus fé seach i pé slí is dóich leis is ceart ag féachaint don atharú san ar líon na gcuarda san, no

(b) pé atharú is dóich leis is ceart do dhéanamh ar roinnt na gcontaethe agus na gcontae-bhuirgí uile agus fé seach (seachas contae Bhaile Atha Cliath agus contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath) ar na Cuarda Ard-Chúirte gan líon na gcuarda san d'atharú.

(3) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus, má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

An Ard-Chúirt ar Cuaird.

34. —(1) Dhá uair i ngach bliain suidhfidh an Ard-Chúirt i ngach contae agus contae-bhuirg (seachas contae Bhaile Atha Cliath agus contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath) i Saorstát Éireann chun athchomhairc i gcoinnibh na Cúirte Cuarda d'éisteacht agus chun pé gnó eile do dhéanamh do bhéarfar os a cóir go dleathach, agus chuige sin déanfaidh breitheamh no breithiúin den Ard-Chúirt, ar na tráthanna ceapfar fén alt so, gach Cuaird Ard-Chúirte fé leith do thaisteal agus suidhe den Ard-Chúirt do chomóradh i ngach baile athchomhairc sa chuaird sin.

(2) Déanfar, agus deintear san Acht so, an Ard-Chúirt ar Cuaird do ghairm den Ard-Chúirt agus í ina suidhe i mbaile athchomhairc do réir an ailt seo, agus déanfar, agus deintear san Acht so, suidhcanna den Ard-Chúirt ar Cuaird do ghairm de sna suidheanna bheidh ag an Ard-Chúirt in aon bhaile athchomhairc den tsórt san do réir an ailt seo.

(3) Na suidheanna leath-bhliantúla den Ard-Chúirt ar Cuaird sna Cuarda Ard-Chúirte fé seach beid, sa mhéid gur féidir é, ar siúl san am gcéanna sna Cuarda Ard-Chúirte uile, agus comórfar iad i gcionn tréimhsí aimsire bheidh chó comhgarach agus a bheidh caothúil do bheith ar aon-fhaid ag féachaint do sna cúrsaí uile, ach nuair a bheidh na tréimhsí sin á ndéanamh amach ní háirmheofar mí Lúnasa ná mí Meán Fhómhair.

(4) Cinnfidh an Prímh-Bhreitheamh agus Uachtarán na hArd-Chúirte le chéile, maidir le gach suidhe leath-bhliantúil den Ard-Chúirt ar Cuaird, an méid breithiún a thaistealóidh agus a shuidhfidh ar gach Cuaird Ard-Chúirte fé leith chun crícheanna na suidheanna san agus fós an lá agus an uair a thosnóidh na suidheanna san i ngach baile athchomhairc fé leith ar gach Cuaird fé leith den tsórt san.

(5) Lasmuich de chás inar gá é de dheascaibh nithe gan coinne do thárlachtaint le linn na suidheanna leath-bhliantúla den Ard-Chúirt ar Cuaird, ní suidhfidh an Ard-Chúirt chun crícheanna na suidheanna san an tráth céanna i níos mó ná aon bhaile athchomhaire amháin ar aon Chuaird Ard-Chúirte áirithe.

Breithiúin na hArd-Chúirte Cuaird.

35. —(1) Más dóich leis agus pé uair is dóich leis san do bheith ceart, taistealóidh agus suidhfidh Uachtarán na hArd-Chúirte mar bhreitheamh den Ard-Chúirt ar Cuaird, agus taistealóidh agus suidhfidh gach breitheamh eile den Ard-Chúirt mar bhreitheamh den Ard-Chúirt ar Cuaird nuair a iarrfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte air san do dhéanamh.

(2) Taistealóidh agus suidhfidh gach gnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtaraigh mar bhreitheamh den Ard-Chúirt ar Cuaird pé uair iarrfaidh an Prímh-Bhreitheamh air san do dhéanamh, agus beidh gach breitheamh den tsórt san, agus é ag taisteal agus ag suidhe amhlaidh, ina bhreitheamh bhreise den Ard-Chúirt.

(3) Tar éis don Phrímh-Bhreitheamh agus d'Uachtarán na hArd-Chúirte pé comhairle is dóich leo is ceart do ghlacadh leis na breithiúin le n-a mbainfidh an scéal, cinnfid, maidir le gach suidhe leath-bhliantúil den Ard-Chúirt ar Cuaird, cé hiad na breithiúin uile agus fé seach den Chúirt Uachtaraigh agus den Ard-Chúirt go n-iarrfar ortha taisteal agus suidhe chun crícheanna na suidheanna san agus cé hé an breitheamh áirithe no cé hiad na breithiúin áirithe thaistealóidh agus a shuidhfidh amhlaidh ar gach Cuaird Ard-Chúirte fé leith.

(4) Tráth ar bith le linn suidheanna leath-bhliantúla den Ard-Chúirt ar Cuaird féadfaidh an Prímh-Bhreitheamh agus Uachtarán na hArd-Chúirte, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na breithiúin le n-a mbainfidh an scéal, pé ath-chóiriú, is gá no is oiriúnach de bhíthin nithe ná raibh coinne leo, do dhéanamh ar na breithiúin a bheidh ag taisteal agus ag suidhe chun crícheanna na suidheanna san agus ar a ndáiliú do Chuarda Ard-Chúirte áirithe.

Coimisinéirí den Ard-Chúirt ar Cuaird.

36. —(1) Pé uair, roimh shuidheanna no le linn suidheanna leath-bhliantúla den Ard-Chúirt ar Cuaird, is deimhin leis an Ard-Chomhairle, ar an bPrímh-Bhreitheamh agus Uachtarán na hArd-Chúirte do phlé cúise leo, an méid breithiún den Chúirt Uachtaraigh agus den Ard-Chúirt a bheidh ar fáil chun taisteal agus suidhe chun crícheanna na suidheanna leath-bhliantúla san do bheith, no do bheith tar éis teacht chun bheith, nea-dhóthanach chun na gcrícheanna san, toisc réasúin ar bith, féadfar abhcóid a bheidh ag cleachtadh a ghairme agus seasamh dhá bhlian déag ar a laighead aige do cheapadh chun bheith ina Choimisinéir den Ard-Chúirt ar Cuaird chun crícheanna na suidheanna leath-bhliantúla san.

(2) Le linn na suidheanna leath-bhliantúla no na coda bheidh gan teacht fós de sna suidheanna leath-bhliantúla (pe'ca aca é) den Ard-Chúirt ar Cuaird gur chun a gcrícheanna a bheidh sé ceaptha, beidh gach Coimisinéir den Ard-Chúirt ar Cuaird ina bhreitheamh bhreise den Ard-Chúirt agus beidh sé i dteideal príbhléidí agus saoirsí breithimh den Ard-Chúirt ach ní shuidhfidh ná ní ghníomhóidh mar bhreitheamh den tsórt san ach amháin san Ard-Chúirt ar Cuaird.

(3) Taistealóidh agus suidhfidh gach Coimisinéir den Ard-Chúirt ar Cuaird ar pé Cuaird Ard-Chúirte chinnfidh an Prímh-Bhreitheamh agus Uachtarán na hArd-Chúirte.

(4) Gheobhaidh gach Coimisinéir den Ard-Chúirt ar Cuaird, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, pé luach saothair a chinnfidh an tAire Dlí agus Cirt le ceadú an Aire Airgid.

Athchomairc i gcoinnibh na Cúirte Cuarda i gcásanna síbhialta a héistfear gan fianaise o bhéal.

37. —(1) Luighfidh athchomharc chun na hArd-Chúirte ina suidhe i mBaile Atha Cliath i gcoinnibh gach breithiúntais do bhéarfaidh no orduithe dhéanfaidh an Chúirt Chuarda (seachas breithiúntaisí agus orduithe go ndearbhuítear ina dtaobh leis an gCuid seo den Acht so ná luighfidh aon athchomharc ina gcoinnibh) in aon aicsean no cúrsa síbhialta nár tugadh aon fhianaise o bhéal le linn a éisteachta no chun breith do thabhairt air.

(2) Déanfaidh breitheamh amháin den Ard-Chúirt ag suidhe i mBaile Atha Cliath gach athchomharc fén alt so chun na hArd-Chúirte d'éisteacht agus breith do thabhairt air agus isé slí ina n-éistfear san amhlaidh ná tré ath-éisteacht an aicsin no an chúrsa inar tugadh no ina ndearnadh an breithiúntas no an t-ordú is abhar don athchomharc san, ach ní déanfar, gan cead speisialta ón mbreitheamh a bheidh ag éisteacht an athchomhairc sin, aon fhianaise nár tugadh ná nár glacadh sa Chúirt Chuarda do thabhairt ná do ghlacadh le linn an athchomhairc sin d'éisteacht.

Athchomhairc i gcoinnibh na Cúirte Cuarda i gcásanna ná fuil socrú eile déanta ina gcóir.

38. —(1) Luighfidh athchomharc i gcoinnibh gach breithiúntais no orduithe (seachas breithiúntaisí agus orduithe go ndearbhuítear ina dtaobh leis an gCuid seo den Acht so gan aon athchomharc do luighe ina gcoinnibh agus breithiúntaisí agus orduithe go ndeintear socrú eile maidir le hathchomhairc ina gcóir leis an gCuid seo den Acht so) ón gCúirt Chuarda in aicsean no i gcúrsa síbhialta—

(a) más breitheamh den Chúirt Chuarda bheidh de thurus na huaire dáilithe do Chuaird Bhaile Atha Cliath agus ina shuidhe inti do bhéarfaidh an breithiúntas san no dhéanfaidh an t-ordú san, chun na hArd-Chúirte ina suidhe i mBaile Atha Cliath, agus

(b) i ngach cás eile, chun na hArd-Chúirte ar Cuaird ina suidhe sa bhaile athchomhairc don chontae no don chontaebhuirg ina ndearnadh an t-aicsean no an cúrsa dar chríoch an breithiúntas no an t-ordú san d'éisteacht agus breith do thabhairt air.

(2) Déanfaidh breitheamh amháin den Ard-Chúirt gach athchomharc fén alt d'éisteacht agus breith do thabhairt air agus isé slí ina n-éistfear san amhlaidh ná tré ath-éisteacht an aicsin no an chúrsa inar tugadh no ina ndearnadh an breithiúntas no an t-ordú is abhar don athchomharc san.

(3) An breitheamh a bheidh ag éisteacht athchomhairc fén alt so féadfaidh, más ceart san dar leis ar iarratas páirtí ar bith san athchomharc san, aon cheist dlí eireoidh san athchomharc san do chur fé bhráid na Cúirte Uachtaraighe i bhfuirm cháis aithriste chun na Cúirte Uachtaraighe do thabhairt breithe uirthi agus féadfaidh tabhairt a bhreithiúntais no a orduithe san athchomharc san do chur ar ath-ló go dtí go dtabharfar breith ar an gcás aithriste sin agus, go sonnrách, féadfaidh an tabhairt sin do chur ar ath-ló amhlaidh agus a shocrú gur i mBaile Atha Cliath a déanfar í agus an breithiúntas no an t-ordú san do thabhairt san áit sin tráth ar bith tar éis na breithe sin.

(4) I gcás athchomhairc fén alt so chun na hArd-Chúirte ar Cuaird féadfaidh an breitheamh a bheidh ag éisteacht an athchomhairc sin más oiriúnach leis é, tráth ar bith le linn an athchomhaire sin do bheith á éisteacht, éisteacht no aon chuid d'éisteacht an athchomhairc sin no tabhairt a bhreithiúntais no a orduithe san athchomharc san do chur go dtí aon bhaile athchomhairc eile sa Chuaird chéanna no go dtí Baile Atha Cliath agus, san áit sin, an t-athchomharc san no an chuid sin de d'éisteacht agus breith do thabhairt ar an gcéanna no an breithiúntas no an t-ordú san do thabhairt, pe'ca aca é.

Breitheanna do bhéarfar ar athchomhairc fén gCuid seo den Acht so do bheith gan aon dul thársa.

39. —An bhreith do bhéarfaidh an Ard-Chúirt no an Ard-Chúirt ar Cuaird ar athchomharc fén gCuid seo den Acht so ní bheidh aon dul tháirsi ná ní féadfar athchomharc do dhéanamh ina coinnibh.

Forálacha ilghnéitheacha maidir le hathchomhairc.

40. —Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach athchomharc fén gCuid seo den Acht so chun na hArd-Chúirte ina suidhe i mBaile Atha Cliath no chun na hArd-Chúirte ar Cuaird, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh aon athchomharc den tsórt san gan baint do bheith aige ach le cuid áirithe den bhreithiúntas no den ordú is abhar don athchomharc san;

(b) má bhíonn roinnt gearánaithe no roinnt cosantóirí ann, féadfaidh aon duine no daoine de sna gearánaithe no de sna cosantóirí sin (do réir mar bheidh) athchomharc do dhéanamh d'ainneoin an duine eile no na ndaoine eile de sna gearánaithe no de sna cosantóirí sin do dhiúltadh do bheith páirteach san athchomharc san;

(c) má bhíonn roinnt athchomharcach no roinnt freagarthóirí ann agus go n-éagfaidh duine no níos mó de sna hathchomharcaigh sin no de sna freagarthóirí sin ach ná héagfaidh gach duine acu sara mbeidh breith tugtha ar an athchomharc san, ní raghaidh an t-athchomharc san ar ceal de dheascaibh an duine no na ndaoine sin d'éag;

(d) gach fógra i scríbhinn do bhéarfaidh aon pháirtí sa chúis no sa chúrsa do pháirtí eile den tsórt san chun crícheanna na trialach no na héisteachta sa Chúirt Chuarda is leor é gan athnuachaint le haghaidh éisteachta an athchomhairc;

(e) an breitheamh a bheidh ag éisteacht an athchomhairc beidh lán-chomhachta aige maidir le gairmeacha, billí síbhialta, pléideála, fógraí, agus scríbhinní eile do leasú.

Gan cóiríocht tighe chúirte oiriúnach do bheith ar fáil.

41. —(1) Pé uair a thárlóidh, mar gheall ar réasún éigin sealadach, ná beidh cóiríocht tighe chúirte oiriúnach ar fáil i mbaile athchomhairc chun crícheanna suidhe áirithe den Ard-Chúirt ar Cuaird sa bhaile athchomhairc sin, féadfaidh an breitheamh no na breithiúin a bheidh dáilithe chun suidhe sa bhaile athchomhairc sin chun crícheanna an tsuidhe sin an suidhe sin do chur ar athló agus d'aistriú go dtí aon áit chaothúil eile (sa chontae chéanna no i gcontae eile) ina mbeidh cóiríocht tighe chúirte oiriúnach ar fáil, agus féadfaidh no féadfaid an suidhe sin do chur ar athló agus d'aistriú amhlaidh aon uair tar éis é theacht in eolas dó no dhóibh ná fuil no ná beidh an chóiríocht tighe chúirte sin ar fáil sa bhaile athchomhairc sin agus pe'ca bheidh an breitheamh no na breithiúin sin tar éis teacht isteach sa bhaile athchomhairc sin chun crícheanna an tsuidhe sin no ná beidh.

(2) Pé uair a thárlóidh, le linn suidhe den Ard-Chúirt ar Cuaird i mbaile athchomhairc, go scuirfidh cóiríocht tighe chúirte oiriúnach de bheith ar fáil sa bhaile athchomhairc sin chun crícheanna an tsuidhe sin no go dtiocfaidh an chóiríocht tighe chúirte bheidh ar fáil sa bhaile athchomhairc sin chun bheith, no go bhfaghfar í bheith, neamh-oiriúnach chun crícheanna an tsuidhe sin, féadfaidh an breitheamh no na breithiúin a bheidh ag suidhe sa bhaile athchomhairc sin chun crícheanna an tsuidhe sin an chuid eile den tsuidhe sin do chur ar athló agus d'aistriú go dtí aon áit chaothúil eile (sa chontae chéanna no i gcontae eile) ina mbeidh cóiríocht tighe chúirte oiriúnach ar fáil.

(3) Pé uair a déanfar suidhe no aon chuid de shuidhe den Ard-Chúirt ar Cuaird do chur ar athló agus d'aistriú o bhaile athchomhairc fén alt so tiocfaidh an áit chun a ndéanfar an suidhe sin no an chuid sin de shuidhe do chur ar ath-ló agus d'aistriú amhlaidh chun bheith agus beidh sé ina bhaile athchomhairc do réir bhrí an Achta so chun an tsuidhe sin no na coda san de shuidhe do chomóradh ann, agus comórfar an suidhe sin no an chuid sin de shuidhe san áit sin dá réir sin

Clárathóirí don Ard-Chúirt ar Cuaird.

42. —(1) I ngach contae agus contae-bhuirg (seachas contae Bhaile Atha Cliath agus contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath) gníomhóidh an clárathóir contae don chontae-bhuirg sin mar chlárathóir don Ard-Chúirt ar Cuaird agus í ina suidhe sa chontae no sa chontae-bhuirg sin, agus feidhmeoidh agus cólíonfaidh pé dualgaisí agus feidhmeanna eile maidir leis an gCúirt sin a bheidh dáilithe dhó le Rialacha Cúirte.

(2) Beidh sé dleathach don Aire Dlí agus Cirt, pé uair is dóich leis, tar éis dó dul i gcomhairle le hUachtarán na hArd-Chúirte, gur ceart san do dhéanamh, a ordú do dhuine no níos mó de sna hoifigigh a bheidh ag fónamh de thurus na huaire i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte taisteal go baile athchomhairc áirithe le haghaidh suidhe áirithe den Ard-Chúirt ar Cuaird sa bhaile athchomhairc sin agus na dualgaisí sin a luaidhtear chuige sin san alt so do chólíonadh ann.

(3) Beidh sé dleathach don Aire Dlí agus Cirt, pé uair is dóich leis, tar éis dó dul i gcomhairle leis an bPríomh-Bhreitheamh, gur ceart san do dhéanamh, a ordú do dhuine no níos mó de sna hoifigigh a bheidh ag fónamh de thurus na huaire in Oifig Chlárathóra na Cúirte Uachtaraighe taisteal go baile athchomhairc áirithe le haghaidh suidhe áirithe den Ard-Chúirt ar Cuaird sa bhaile athchomhairc sin agus na dualgaisí sin a luaidhtear chuige sin san alt so do chólíonadh ann.

(4) Gach oifigeach dá n-ordófar fén alt so taisteal go baile athchomhairc le haghaidh suidhe den Ard-Chúirt ar Cuaird taistealóidh go dtí an baile athchomhairc sin do réir na n-orduithe sin agus gníomhóidh ann mar chlárathóir (i dteanta an chlárathóra chontae) don Ard-Chúirt ar Cuaird le linn an tsuidhe sin den Chúirt sin agus beidh agus fanfaidh sa bhaile athchomhairc sin pé faid, roimh an suidhe sin agus le n-a linn agus dá éis, is gá chun a dhualgaisí mar chlárathóir den tsórt san do chólíonadh sa cheart.

(5) Gach oifigeach a thaistealóidh go baile athchomhairc agus fhanfaidh ann do réir an ailt seo gheobha sé, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, pé costaisí taistil agus liúntas cothuithe, mar gheall ar thaisteal agus fanúint amhlaidh, ordóidh an tAire Dlí agus Cirt o am go ham le ceadú an Aire Airgid.

Seirbhísigh bhreithiún den Ard-Chúirt ar Cuaird.

43. —Beidh ag gabháil le gach breitheamh a bheidh ag taisteal agus ag suidhe mar bhreitheamh den Ard-Chúirt ar Cuaird, agus le gach Coimisinéir den Ard-Chúirt ar Cuaird, seirbhíseach amháin chun pé dualgaisí do chólíonadh, maidir leis an mbreitheamh no leis an gcoimisinéir sin le linn dó bheith ag taisteal agus ag suidhe mar bhreitheamh no mar choimisinéir den tsórt san, a cheapfaidh an tAire Dlí agus Cirt, agus isé an tAire sin a cheapfaidh gach seirbhíseach den tsórt san agus beidh sé i seilbh oifige ar pé téarmaí agus coinníollacha agus gheobha sé, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, pé luach saothair agus costaisí taistil a chinnfidh an tAire sin le ceadú an Aire Airgid.

Cóiríocht do chur ar fáil do bhreithiúin den Ard-Chúirt ar Cuaird.

44. —(1) Ar ócáid gach suidhe den Ard-Chúirt ar Cuaird i mbaile athchomhairc beidh sé de dhualgas ar an gclárathóir contae, gur laistigh dá líomatáiste feidhmiúcháin a bheidh an baile athchomhairc sin, socrú do dhéanamh chun lóistín, béilí, agus cóiríocht eile oiriúnach do chur ar fáil, do sna breithiúin (ar a n-áirmhítear coimisinéirí den Ard-Chúirt ar Cuaird) dá mbeidh an Chúirt sin có-dhéanta ag an suidhe sin agus do sna seirbhísigh a bheidh ag gabháil le gach breitheamh no coimisinéir fé leith den tsórt san, do réir na Coda so den Acht so faid a bheid fé seach sa bhaile athchomhairc sin chun crícheanna a ndualgas mar bhreithiúin, mar choimisinéirí no mar sheirbhísigh den tsórt san.

(2) Sa mhéid go gcinnfidh an tAire Dlí agus Cirt le ceadú an Aire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghfar chun cóiríocht do chur ar fáil do bhreithiúin (ar a n-áirmhítear coimisinéirí) den Ard-Chúirt ar Cuaird agus dá seirbhísigh do réir an ailt seo.

Athchomhairc ar feitheamh.

45. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hathchomhairc i gcoinnibh breithiúntaisí agus orduithe ón gCúirt Chuarda i gcásanna síbhialta bheidh tugtha no déanta roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, sé sin le rá:—

(a) má rinneadh fógra athchomhairc i gcoinnibh an bhreithiúntais no an orduithe sin do sheirbheáil go dleathach roimh an tosach feidhme sin, déanfar, má thoilíonn gach páirtí chuige sin, an t-athchomharc i gcoinnibh an bhreithiúntais no an orduithe sin d'éisteacht agus breith do thabhairt air fén gCuid seo den Acht so agus dá réir, ach má bhíonn páirtí ar bith gan toiliú amhlaidh éistfear an t-athchomharc san agus bhéarfar breith air fé is ná beadh an Chuid seo den Acht so tar éis teacht i ngníomh;

(b) má deintear fógra athchomhairc i gcoinnibh an bhreithiúntais no an orduithe sin do sheirbheáil go dleathach tar éis an tosach feidhme sin, déanfar an t-athchomharc i gcoinnibh an bhreithiúntais no an orduithe sin d'éisteacht agus breith do thabhairt air fén gCuid seo den Acht so agus dá réir.