An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. An Chuirt Uachtarach agus an Ard-Chuirt.) Ar Aghaidh (CUID IV. Athchomhairc i gcoinnibh na Cuirte Cuarda.)

48 1936

ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1936

CUID III.

An Chuirt Chuarda.

Líon na gcuarda do mhéadú.

13. —(1) Chó luath agus a bheidh san caothúil tar éis an Achta so do rith déanfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú, gach ní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun críche an ailt seo;

(b) na contaethe agus na contae-bhuirgí uile agus fé seach i Saorstát Éireann do roinnt i naoi ngrúpaí caothúla (dá ngairmtear cuarda san alt so) chun crícheanna na Cúirte Cuarda, ach san fé réir na gcoinníoll go mbeidh cuaird acu san (ar a dtabharfar Cuaird Bhaile Atha Cliath) có-dhéanta de chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath agus de chontae Bhaile Atha Cliath, agus ná déanfar contae ná contae-bhuirg ar bith do roinnt ar dhá chuaird no níos mó;

(c) ainm chaothúil no uimhir do chur ar gach cuaird, seachas Cuaird Bhaile Atha Cliath, tré n-a n-aithneofar an chuaird sin;

(d) beirt de sna breithiúin den Chúirt chuarda bheidh i seilbh oifige an lá ceaptha do dháiliú do Chuaird Bhaile Atha Cliath;

(e) duine de sna breithiúin den Chúirt Chuarda bheidh i seilbh oifige an lá ceaptha do dháiliú do gach cuaird fé leith seachas Cuaird Bhaile Atha Cliath.

(2) Más rud é, le linn don Ard-Chomhairle a n-ordú fén gcéad fho-alt den alt so do dhéanamh, go mbeidh folúntas imeasc na mbreithiún den Chúirt Chuarda, féadfar a rá san ordú san go ndeineann sé agus, má deirtear ann amhlaidh, déanfa sé an breitheamh a ceapfar chun an fholúntais sin do dháiliú do chuaird agus, i gcás breitheamh a bheidh dáilithe leis an ordú san do chuaird do scarúint le n-a oifig tré bhás no ar shlí eile roimh an lá ceaptha, oibreoidh an t-ordú san chun an bhreithimh a ceapfar (pe'ca roimh an lá ceaptha no dá éis sin é) chun ionaid an bhreithimh a scarfaidh le n-a oifig amhlaidh do dháiliú don chuaird sin.

(3) Ar an lá ceaptha scuirfidh an roinnt ina cuarda deintear ar Shaorstát Éireann le Cuid II den Phríomh-Acht agus leis an Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'éifeacht do bheith aici agus tiocfaidh an t-ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén gcéad fho-alt den alt so i ngníomh agus beidh éifeacht aige agus, chun crícheanna na nAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1931, agus an Achta so, déanfar na cuarda bunófar leis an ordú san do chur in ionad na gcuarda luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht agus déanfar na tagairtí uile sna hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1931, agus san Acht so do chuarda, maidir leis an gCúirt Chuarda, do léiriú agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

(4) Ar an lá ceaptha scuirfidh fo-alt (2) d'alt 9 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 ( Uimh. 15 de 1928 ), d'éifeacht do bheith aige.

(5) San alt so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá cheapfaidh an Ard-Chomhairle fén alt so chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an ailt seo.

Daoine do cheapadh chun gníomhú go sealadach mar bhreithiúin bhreise den Chúirt Chuarda.

14. —(1) Pé uair a chífear don Ard-Chomhairle gur gá, toisc breitheamh den Chúirt Chuarda do bheith as láthair go sealadach o dhiúité mar gheall ar chúis ar bith no toisc méadú neaghnáthach agus sealadach do bheith ar ghnó na Cúirte Cuarda ar chuaird ar bith no toisc aon chúise eile, líon breithiún na Cúirte Cuarda do mhéadú go sealadach chun gan leigint d'obair na Cúirte Cuarda dul i ndiaidh láimhe go generálta no in aon chuaird no cuarda áirithe, féadfar duine no daoine, dhíobh san is abhcóidí ag cleachtadh a ngairme agus seasamh deich mblian ar a laighead acu ar dháta an cheaptha, do cheapadh chun gníomhú mar bhreitheamh no mar bhreithiúin den Chúirt Chuarda i rith pé tréimhse is ceart dar leis an Ard-Chomhairle maidir le gach duine fé leith acu san.

(2) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt gach duine ceapfar fén alt so chun gníomhú mar bhreitheamh den Chúirt Chuarda do dháiliú, i rith na tréimhse gur ina haghaidh a ceapfar é amhlaidh, do chuaird ar bith o am go ham fé mar is gá é, agus beidh ag gach duine faid a bheidh sé dáilithe amhlaidh do chuaird, beidh aige, maidir leis an gcuaird sin agus i gcó-aimsir leis an mbreitheamh a bheidh dáilithe go buan don chuaird sin agus le haon bhreitheamh a bheidh dáilithe go sealadach, fé alt 9 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 ( Uimh. 15 de 1928 ), don chuaird sin, gach príbhléid, comhacht, agus dualgas a bheidh de thurus na huaire bronnta no curtha do réir dlí ar an mbreitheamh a bheidh dáilithe go buan don chuaird sin.

(3) Gach duine ceapfar fén alt so chun gníomhú mar bhreitheamh den Chúirt Chuarda déanfar, i gcaitheamh na tréimhse gur ina haghaidh a ceapfar é amhlaidh, an luach saothair sin d'íoc leis, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a chinnfidh an tAire Dlí agus Cirt le ceadú an Aire Airgid.

Breithiúin den Chúirt Chuarda do dháiliú do chuarda.

15. —(1) Gach duine ceapfar chun bheith ina bhreitheamh den Chúirt Chuarda—

(a) déanfar, faid a leanfaidh fo-alt (2) d'alt 9 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 ( Uimh. 15 de 1928 ), d'éifeacht do bheith aige, é cheapadh amhlaidh chun bheith ina bhreitheamh a bheidh dáilithe go buan do chuaird áirithe no chun bheith ina bhreitheamh fhéadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, de bhuadh an fho-ailt sin (2), do dháiliú go sealadach do chuaird ar bith, agus

(b) déanfar, tar éis don fho-alt san (2) scur d'éifeacht do bheith aige, é cheapadh amhlaidh chun bheith ina bhreitheamh a bheidh dáilithe do chuaird áirithe.

(2) Faid a leanfaidh an fo-alt san (2) d'alt 9 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 , d'éifeacht do bheith aige féadfaidh an Ard-Chomhairle breitheamh den Chúirt Chuarda do dháiliú go buan do chuaird ar bith más breitheamh de thurus na huaire den Chúirt sin é fhéadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, de bhuadh an fho-ailt sin (2), a dháiliú go sealadach do chuaird ar bith.

(3) Féadfaidh an Ard-Chomhairle tráth ar bith aon bhreitheamh den Chúirt Chuarda bheidh, de thurus na huaire, dáilithe go buan do chuaird áirithe d'aistriú chun cuarda eile má thoilíonn sé leis sin ach ní hin aon chás eile, agus ar é d'aistriú amhlaidh tiocfaidh an breitheamh san chun bheith agus beidh sé dáilithe go buan don chuaird eile sin in ionad na cuarda céad-luaidhtear.

Breitheamh do dháiliú go sealadach lasmuich dá chuaird féin.

16. —(1) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt tráth ar bith, le toiliú an bhreithimh a bheidh i gceist breitheamh ar bith den Chúirt Chuarda bheidh dáilithe go buan do chuaird ar bith do dháiliú go sealadach do chuaird eile (pe'ca bheidh breitheamh dáilithe go buan don chuaird eile sin no ná beidh).

(2) Breitheamh den Chúirt Chuarda dáileofar go sealadach fén alt so do chuaird beidh aige, faid a bheidh sé dáilithe go sealadach amhlaidh agus maidir leis an gcuaird sin agus i gcó-aimsir leis an mbreitheamh (más ann dó) a bheidh dáilithe go buan don chuaird sin agus le haon bhreitheamh a bheidh dáilithe go sealadach di fé alt 9 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 ( Uimh. 15 de 1928 ), gach príbhléid, comhacht agus dualgas a bheidh de thurus na huaire bronnta no curtha do réir dlí ar an mbreitheamh a bheidh dáilithe go buan don chuaird sin.

(3) Má deintear fén alt so breitheamh do dháiliú go sealadach do chuaird ní chuirfidh san deireadh le buan-dáiliú ná ní dhéanfaidh deifir do bhuan-dáiliú an bhreithimh sin don chuaird dá mbeidh sé dáilithe go buan de thurus na huaire ná ní dhéanfa sé aon phríbhléid, comhacht ná dualgas dá mbeidh dílsithe ann no bronnta air de bhuadh an bhuan-dáilithe sin do bhaint de ná é do shaoradh uaidh.

Pinsin bhreithiún den Chúirt Chuarda.

17. —Má bhíonn duine bheidh ag fáil phinsin fé alt 41 den Phríomh-Acht ar fostú i bpost le n-a ngabhann luach saothair a híoctar as airgead a sholáthruíonn an tOireachtas, ansan—

(a) ní bheidh an pinsean san iníoctha in aghaidh aon tréimhse ina mbeidh luach saothair an duine sin sa phost san cóionann le n-a luach saothair no níos mó ná a luach saothair san oifig bhreithiúntais gur ina taobh a bheidh sé i dteideal an phinsin sin, agus

(b) ní bheidh iníoctha den phinsean san, in aghaidh aon tréimhse ina mbeidh luach saothair an duine sin sa phost san níos lugha ná a luach saothair san oifig bhreithiúntais sin, ach an méid a bheidh, i dteanta a luach saothair sa phost san, có-ionann le n-a luach saothair san oifig bhreithiúntais sin.

Deireadh le dlighinse na Cúirte Cuarda maidir le cuideachtana d'fhoirceannadh.

18. —(1) An dlighinse, maidir le cuideachtana d'fhoirceannadh, do bhí, díreach roimh an Acht so do rith, infheidhmithe ag an gCúirt Chuarda scuirfe sí, ar an Acht so do rith, de bheith infheidhmithe ag an gCúirt sin.

(2) Gach imeacht, chun cuideachta d'fhoirceannadh, do tosnuíodh sa Chúirt Chuarda roimh an Acht so do rith agus atá ar feitheamh sa Chúirt sin le linn an Achta so do rith féadfar dul ar aghaidh leis agus é do chríochnú fé is ná hachtófaí an t-alt so.

Aicsean d'aistriú o chuaird go cuaird eile.

19. —Má bhíonn aicsean ar feitheamh os cóir breithimh a bheidh dáilithe de thurus na huaire do chuaird áirithe agus go n-iarrfaidh aon pháirtí san aicsean san an t-aicsean san d'aistriú go dtí cuaird eile chun a éisteachta os cóir an bhreithimh a bheidh dáilithe de thurus na huaire don chuaird eile sin, féadfaidh an breitheamh san a céad-luaidhtear, le toiliú an bhreithimh eile sin, an t-aicsean san d'aistriú dá réir sin, agus leis sin déanfaidh an breitheamh eile sin an t-aicsean san d'éisteacht agus breith do thabhairt air sa chuaird eile sin.

Dlighinse na Cúirte Cuarda in aicsin áirithe cuirfear chúichi.

20. —Má dheineann an Ard-Chuirt aicsean ag éileamh airgid damáiste nea-shocruithe do chur no d'aistriú go dtí an Chúirt Chuarda beidh dlighinse ag an gCúirt Chuarda chun airgead damáiste is mó ná trí chéad púnt do mholadh.

Comhact chun aicsin thar dlighinse do bhualadh amach go gcostaisí.

21. —(1) Má bunuítear aicsean sa Chúirt Chuarda ná beidh dlighinse ag an gCúirt sin chun é d'éisteacht agus breith do thabhairt air déanfaidh an breitheamh, ar iarratas an chosantóra no ar iarratas dhuine de sna cosantóirí no uaidh féin agus chó luath agus is léir an easba dlighinse sin do bheith ann (mara lóisteáltar go cuibhe laistigh de pé am a lomhálfaidh an breitheamh pé toiliú is leor chun an easba dlighinse sin do leigheas), a ordú an t-aicsean do bhualadh amach agus féadfaidh, más ceart san dar leis, ordú do dhéanamh ag moladh na gcostaisí sin don chosantóir fhéadfadh an Chúirt a mholadh dá mbeadh dlighinse aici chun an aicsin sin d'éisteacht agus breith do thabhairt air agus dá mba ná tiocfadh an gearánaí i láthair no go dtiocfadh sé i láthair agus go dteipfeadh air a éileamh do chruthú.

(2) Pé uair is gá do bhreitheamh den Chúirt Chuarda do réir an fho-ailt sin roimhe seo den alt so a ordú aicsean do bhualadh amach féadfaidh an breitheamh san, más ceart san dar leis ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, in ionad ordú den tsórt san roimhráite do dhéanamh, an t-aicsean san d'aistriú chun na hArd-Chúirte agus pé ordú, chífear dó bheith ceart, do dhéanamh i dtaobh costaisí na n-imeacht do bhí go dtí san ar siúl sa Chúirt Chuarda.

Breitheamh den Chúirt Chuarda d'aithris cáis.

22. —Déanfaidh breitheamh den Chúirt Chuarda, má dheineann aon pháirtí i gcúrsa ar bith bheidh ar feitheamh os a chóir iarratas chuige sin agus go mbeidh gach páirtí eile sa chúrsa san sásta, aon cheist dlí eireoidh sa chúrsa san do chur fé bhráid na Cúirte Uachtaraighe i bhfuirm cháis aithriste chun na Cúirte Uachtaraighe do thabhairt breithe uirthi maran é barúil an bhreithimh sin ná fuil an cheist dlí sin táchtach a dóthain chun í chur fé bhráid na Cúirte sin.

Ceart chun breis áirithe do thréigean sa Chúirt Chuarda.

23. —(1) Ní déanfar aon chúis aicsin um shuim shocruithe de bhreis ar thrí chéad púnt do scoilt ná do roinnt, i dtreo go mbeadh ina habhar do dhá aicsean deifriúla no níos mó, d'fhonn an aicsin sin do thabhairt laistigh de dhlighinse na Cúirte Cuarda agus, má deintear aon chúis aicsin do scoilt no do roinnt amhlaidh, ní bheidh imeachta ionsuidhte sa Chúirt Chuarda (ach amháin mar a húdaruítear leis an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so) alos aon choda den chúis aicsin sin.

(2) Féadfaidh duine ag á mbeidh cúis aicsin um shuim shocruithe de bhreis ar thrí chéad púnt imeacht amháin dar foras an chúis aicsin sin do bhunú sa Chúirt Chuarda maran mó ná trí chéad púnt an méid a bheidh á éileamh san imeacht san agus go ndéarfar i scríbhinn tionnscanta na himeachta san go dtréigeann an gearánaí léi sin gach éileamh dar foras an chúis aicsin sin agus ná fuil san imeacht san.

(3) Má dheineann an Chúirt, in aon imeacht den tsórt san a húdaruítear leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, breithiúntas do thabhairt i bhfábhar an ghearánaí déarfaidh an Chúirt sa bhreithiúntas san an tsuim a moltar leis don ghearánaí do bheith ina lán-tsásamh i ngach éileamh go ndeirtear, do réir an fho-ailt sin, i scríbhinn tionnscanta na himeachta san go ndeineann an gearánaí léi sin é thréigean.

Ré bhreithiúntaisí na Cúirte Cuarda.

24. —Gach breithiúntas do thug an Chúirt Chuarda roimh an Acht so do rith no do bhéarfaidh dá éis sin in imeacht shíbhialta, leanfaidh agus, i gcás aon bhreithiúntais den tsórt san do tugadh roimh an Acht so do rith, tuigfear gur lean sé riamh de bheith i bhfeidhm agus d'éifeacht do bheith aige faid do leanfadh an breithiúntas san amhlaidh dá mba bhreithiúntas ón Ard-Chúirt é.

Deonadh ceadúnais nua do dhaingniú.

25. —Má dheonann an Chúirt Chuarda fé alt 50 den Phríomh-Acht ceadúnas nua chun deochanna meisciúla do dhíol chun iad d'ól san áitreabh, ansan, d'ainneoin éinní atá in achtachán ar bith, ní gá an ceadúnas san do dhaingniú ag aon tsuidhe ina dhiaidh sin den Chúirt Chuarda.

Alt 48 den Phríomh-Acht do leasú.

26. —Deintear leis seo alt 48 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “roimh an gcás d'éisteacht no tráth ar bith le linn a éisteachta” do chur, i mír (i) den alt san, in ionad na bhfocal “sara n-éistear an cás” atá anois sa mhír sin, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 52 den Phríomh-Acht do leasú.

27. —D'ainneoin éinní atá i mír (vi) d'alt 52 den Phríomh-Acht, féadfar (mar is rogha leis an ngearánaí) aon aicsean, mar gheall ar thort, a bheidh laistigh de dhlighinse na Cúirte Cuarda do thabhairt os cóir an bhreithimh a luaidhtear sa mhír sin (vi) no os cóir an bhreithimh den Chúirt Chuarda bheidh dáilithe de thurus na huaire don chuaird ina ndeirtear do rinneadh an tort agus féadfaidh an breitheamh gur os a chóir do bhéarfar an t-aicsean san é d'éisteacht agus breith do thabhairt air.