An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1936) Ar Aghaidh (CUID II. An Chuirt Uachtarach agus an Ard-Chuirt.)

48 1936

ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1936

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus luadh.

1. —(1) Féadfar an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1936, do ghairm de sna hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1931, agus den Acht so le chéile.

An Príomh-Acht.

2. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) , agus lasmuich de chás ina n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, léireofar í mar thagairt don Acht san mar a leasuítear no leathnuítear é le hAchtanna ina dhiaidh sin.

Athghairm.

3. —Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san agus, maidir leis na hachtacháin a luaidhtear i gCuid I den Sceideal san, o am an Achta so do rith agus, maidir leis na hachtacháin a luaidhtear i gCuid II den Sceideal san, o thosach feidhme Coda IV den Acht so.