47 1936


Uimhir 47 de 1936.


ACHT UM PÓSTAÍOCHA, 1936.


ACHT CHUN AILT 7 DEN MARRIAGES (IRELAND) ACT, 1844, AGUS AILT 34 DEN MATRIMONIAL CAUSES AND MARRIAGE LAW (IRELAND) AMENDMENT ACT, 1870, DO LEASÚ, CHUN SOCRUITHE SPEISIALTA DO DHÉANAMH I dTAOBH CEADÚNAISÍ ÁIRITHE TUGADH AMACH NO DO THUG LE TUISGINT IAD DO THABHAIRT AMACH FÉN ALT SAN 34, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [27adh Mí na Samhna, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Alt 7 den Marriages (Ireland) Act, 1844, do leasú.

1. —(1) Déanfar agus deintear leis seo alt 7 den Marriages (Ireland) Act, 1844, do leasú tré sna focail “Minister for Local Government and Public Health” do chur in ionad na bhfocal “Lord Lieutenant” sa dá áit ina bhfuil na focail deiridh sin san alt san.

(2) An leasú deintear ar an alt san 7 leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so, beidh sé fé mar a bheadh éifeacht aige agus tuigfear go raibh éifeacht aige an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922. agus ón lá san amach, agus léireofar an t-alt san 7 agus beidh éifeacht aige dá réir sin agus tuigfear go raibh éifeacht aige dá réir sin ar an dáta san agus ón dáta san amach.

(3) Chun deireadh do chur le hamhrais, dearbhuítear agus achtuítear leis seo, maidir le gach ceadú do thug an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí uaidh no do thug le tuisgint an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí á thabhairt uaidh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, no dá éis sin, agus roimh an 14adh lá d'Fheabhra, 1936 (le n-a n-áirmhítear gach ceadú do thug an tAire sin uaidh no do thug le tuisgint an tAire sin á thabhairt uaidh amhlaidh fé n-a sheana-theideal Aire um Rialtas Áitiúil) ag ceadú ceapacháin fén alt san 7, go mbeidh sé agus go dtuigfear go raibh sé riamh ina cheadú dhleathach éifeachtach ar an gceapachán san chun crícheanna an ailt sin.

Alt 34 den Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1870, do leasú.

2. —(1) Déanfar agus deintear leis seo alt 34 den Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1870, do leasú tré sna focail “Minister for Local Government and Public Health” do chur in ionad na bhfocal “Lord Lieutenant or other general governor or governors of Ireland” atá anois san alt san.

(2) An leasú deintear ar an alt san 34 leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so, beidh sé fé mar a bheadh éifeacht aige agus tuigfear go raibh éifeacht aige an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, agus ón lá san amach, agus léireofar an t-alt san 34 agus beidh éifeacht aige dá réir sin agus tuigfear go raibh éifeacht aige dá réir sin ar an dáta san agus ón dáta san amach.

(3) Chun deireadh do chur le hamhrais, dearbhuítear agus achtuítear leis seo, maidir le gach ceadú do thug an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí uaidh no do thug le tuisgint an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí á thabhairt uaidh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, nó dá éis sin, agus roimh an Acht so do rith (le n-a n-áirmhítear gach ceadú do thug an tAire sin uaidh no do thug le tuisgint an tAire sin á thabhairt uaidh amhlaidh fé n-a sheana-theideal Aire um Rialtas Áitiúil) ag ceadú ceadúnais do tugadh amach fén alt san 34, go mbeidh sé agus go dtuigfear go raibh sé riamh ina cheadú dhleathach éifeachtach ar an gceadúnas san chun crícheanna an ailt sin.

Ceadúnas Teampuil Achadh Mheasa do dhleathú.

3. —An ceadúnas do thug Easbog na Cille Móire agus Ailfinne agus Ardachaidh amach an 10adh lá de Mhí na Nodlag, 1934, alos Teampuil Achadh Mheasa i bParóiste Chluana agus i bhFairche Ailfinne agus Ardachaidh (eadhon, ceadúnas do tugadh amach no do thug le tuisgint é do thabhairt amach fé alt 34 den Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1870, ach nár ceaduíodh sa tslí a héilítear leis an alt san) tuigfear, chun gach críche, gur cheaduigh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí é go cuibhe do réir an ailt sin 34 mar a leasuítear san leis an Acht so, agus dá réir sin ní bheidh an ceadúnas san ná ní tuigfear go raibh sé riamh nea-dhleathach ná neamh-éifeachtach de bhíthin nár tugadh an ceadú san agus dá bhíthin sin amháin.

Oibriú ceadúnais do tugadh amach alos Teampuil Pharóiste San Tomás, Baile Atha Cliath.

4. —(1) An ceadúnas do thug Ard-Easbog Bhaile Atha Cliath amach fé alt 34 den Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1870, an 28adh lá d'Abrán, 1936, alos Teampuil Pharóiste San Tomás, Sráid Mhaoilbhríde, Baile Atha Cliath, agus do cheaduigh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí fén alt san an 4adh lá de Bhealtaine, 1936, tuigfear, chun gach críche, gur thug an tArd-Easbog san amach é agus gur cheaduigh an tAire sin é do réir an ailt sin an 21adh lá de Mhí na Nodlag, 1931, agus dá réir sin beidh an ceadúnas san fé mar a bheadh éifeacht aige agus tuigfear go raibh éifeacht riamh aige an 21adh lá san de Mhí na Nodlag, 1931, agus ón lá san amach.

(2) Aon phósadh do solamnuíodh i dTeampal Pharóiste sin San Tomás, Sráid Mhaoilbhríde, Baile Atha Cliath, an 21adh lá de Mhí na Nodlag, 1931, nó dá éis sin, agus roimh an 4adh lá de Bhealtaine, 1936, ní bheidh sé ná ní tuigfear go raibh sé riamh nea-dhleathach ná neamh-éifeachtach de bhíthin ná dearnadh aon cheadúnas fé alt 34 den Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1870, do thabhairt amach agus do cheadú alos an Teampuil sin do réir an ailt sin 34 an tráth do solamnuíodh an pósadh san ann agus dá bhíthin sin amháin.

Gearr-theideal.

5. —Féadfar an tAcht um Póstaíocha, 1936 , do ghairm den Acht so.