|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Cuideachta Ath-Arachais na hÉireann, Teoranta.) | Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Coinniollacha Bhainfidh le Cuideachtana Co-Nasctha fe Chuid III den Acht so.) |
ACHT ÁRACHAIS, 1936
[EN] | ||
[EN] |
CUID VII. Ilghneitheach. | |
[EN] |
Gnó bannashúncála do leathnú. |
91. —(1) Pé uair a bheidh ar siúl mar ghnó ag aon duine no cólucht daoine, corpruithe no neamh-ionchorpruithe (ná beidh cláruithe ná deimhnithe fé aon Acht a bhaineann le carachumainn, cumainn foirgneoireachta, no ceárd-chumainn), síntiúisí is iníoctha i gcionn tréimhsí is giorra ná sé mhí do ghlacadh agus a thógaint ortha féin tré phrospectus no eile, i gcomaoine na síntiúisí sin, méid na síntiúisí sin maraon le hús air d'íoc (go gceart no gan ceart ag an síntiúsaire chun a chuid síntiúisí d'fháil thar n-ais idir an dá linn) leis na síntiúsairí ar dháta áirithe, tuigfear gur gnó banna-shúncála an gnó san. |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach gnó tuigfear fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so do bheith ina ghnó bhanna-shúncála, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) an cárta, an leabhar no an scríbhinn eile ina n-iontráltar admhála síntiúisí tuigfear gurb é ionstruim fianuithe an chonnartha é, agus | |
[EN] | (b) isé an síntiúsaire is únaer ar an bpolasaí, agus | |
[EN] | (c) féadfaidh an tAire, le hordú, a ordú go ndéanfar ar an gCeathrú Sceideal, ar an gCúigiú Sceideal agus ar an Séú Sceideal a ghabhann le hAcht 1909 na hatharuithe sin is gá chun na bhforálacha de sna Sceidil sin a bhaineann le gnó banna-shúncála do chur in oiriúint don ghnó tuigfear do réir an fho-ailt sin roimhe seo do bheith ina ghnó bhanna-shúncála. | |
[EN] |
Toirmeasc ar iasacht d'fháil ar urrús ciste árachais. |
92. —Cuideachta árachais ar a gceangailtear le hAcht 1909 no leis an Acht so ciste árachais do chothabháil féadfaid airgead d'fháil ar iasacht ar urrús an chiste sin no aon tsúncála no airgid is cuid den chiste sin no is ionann agus an ciste sin (gan urrús eile no go n-urrús sócmhainní eile) agus féadfaid aon bhintiúir, stoc bintiúra, morgáiste, no urrús eile bheidh muirearuithe ar an gciste sin no ar aon tsúncáil no airgead den tsórt san (ina aonar no maraon le sócmhainní eile) d'eisiúint no do thabhairt más rud é, agus amháin más rud é, ná déanfaidh an chuideachta árachais airgead do gheobhfar ar iasacht agus a hurrófar amhlaidh do chur ach chun tairbhe agus chun crícheanna an tsaghais ghnótha árachais gur ina thaobh a ceangailtear an ciste sin do chothabháil. |
[EN] |
Ait íoctha na suime urruithe. |
93. —Gach polasaí do bhéarfaidh cuideachta árachais no sinneagóid amach i Saorstát Éireann, tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, do dhuine chomhnuíonn de ghnáth i Saorstát Éireann déanfar, más i gcúrsa gnó árachais do bheith ar siúl i Saorstát Éireann agus mar chuid den ghnó san do bhéarfaidh an chuideachta no an tsinneagóid sin an polasaí sin amach, a fhoráil leis, maidir leis an airgead uile thiocfaidh no fhéadfaidh teacht chun bheith dlite ar an gcuideachtain no ar an sinneagóid sin (pe'ca aca é) agus iníoctha acu fén bpolasaí sin, gur i Saorstát Éireann a bheidh sé iníoctha agus gurb ann a híocfar é. |
[EN] |
Polasaithe, etc., do thabhairt amach i Saorstát Éireann. |
94. —Is i Saorstát Éireann do bhéarfar amach gach polasaí, banna, deimhniú, no ionstruim eile árachais do bhéarfar amach tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so do dhuine chomhnuíonn de ghnáth i Saorstát Éireann más i gcúrsa gnó árachais do bheith ar siúl i Saorstát Éireann agus mar chuid den ghnó san do bhéarfar amach an polasaí, an banna, an deimhniú no an ionstruim eile árachais sin. |
[EN] |
An Cúigiú Sceideal a ghabhann le hAcht 1909 do leasú. |
95. —Deintear leis seo “Form (A)—Form applicable to Life Assurance Business” den Chúigiú Sceideal a ghabhann le hAcht 1909 do leasú ar na slite seo leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) tré mhír nua mar leanas do chur isteach i ndiaidh míre 4 di:— | |
[EN] | “4A. The total amount assured under endowments, specifying sums assured and office premiums separately in respect of each year in which such assurance will mature for payment. The reversionary bonuses must also be separately specified, and the sums assured with immediate profits, with deferred profits, and without profits, separately returned,” agus | |
[EN] | (b) tré mhír 7 di do scriosadh amach, | |
[EN] | agus déanfar an Cúigiú Sceideal san agus fós alt 6 d'Acht 1909 do léiriú agus beidh éifeacht acu dá réir sin. | |
[EN] |
Na Sceidil a ghabhann le hAcht 1909 agus leis an Acht so d'atharú. |
96. —(1) Tar éis dó dul i gcomhairle le pé cuideachtana árachais is oiriúnach leis, no le haon chomhlachas ionaduíonn cuideachtana árachais, féadfaidh an tAire, le hordú, atharú do dhéanamh (tré chur leis no fágaint ar lár no atharú eile)— |
[EN] | (a) ar gach Sceideal no aon Sceideal (seachas an tOchtú Sceideal agus an Naoú Sceideal) dá ngabhann le hAcht 1909, no | |
[EN] | (b) ar gach Sceideal no aon Sceideal dá ngabhann leis an Acht so. | |
[EN] | (2) Tar éis dó dul i gcomhairle le Coiste Lloyd's féadfaidh an tAire, le hordú, an tOchtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1909 d'atharú (tré chur leis no fágaint ar lár no atharú eile). | |
[EN] | (3) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so ag atharú aon Sceidil no Sceideal a ghabhann le hAcht 1909, ansan, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm is fé réir an atharuithe sin agus gus an atharú san a bheidh éifeacht ag an Acht san agus ag an Sceideal no na Sceidil a ghabhann leis agus ar a ndéanfar an t-atharú san. | |
[EN] | (4) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so ag atharú aon Sceidil no Sceideal a ghabhann leis an Acht so, ansan, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm is fé réir an atharuithe sin agus gus an atharú san a bheidh éifeacht ag an Acht so agus ag an Sceideal no na Sceidil a ghabhann leis seo agus ar a ndéanfar an t-atharú san. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar aon ordú do rinne sé roimhe sin fén alt so, le n-a n-áirmhítear ordú do rinneadh fén bhfo-alt so. | |
[EN] |
Tuairisceáin, etc., o chuideachtana coigríche. |
97. —I gcás aon ghnó árachais do bheith ar siúl i Saorstát Éireann ag cuideachtain choigríche féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, glacadh leo so leanas (in ionad na gcuntas, na gcuntas cothromaíochta, na n-achmaireacht agus na ráiteas is gá don cuideachtain sin do réir Achta 1909 no an Achta so do dhéanamh no do lóisteáil), eadhon, cóipeanna de sna cuntaisí, de sna cuntaisí cothromaíochta, de sna hachmaireachtaí agus de sna ráitisí is gá don chuideachtain sin, do réir dlí na tíre ina bhfuil an chuideachta san ionchorpruithe no bunuithe ar shlí eile, do dhéanamh no do lóisteáil le rialtas no le roinn de rialtas no le hoifigeach do rialtas na tíre sin. |
[EN] |
Tuairisceáin o chuideachtana árachais i dtaobh gnótha ath-árachais. |
98. —(1) Bhéarfaidh gach cuideachta árachais don Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, fé cheann sé mí tar éis deireadh gach bliana de bhlianta cuntasaíochta na cuideachtan san, tuairisceán ina dtaisbeánfar alos gach gnótha árachais seachas gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail— |
[EN] | (a) méideanna na bpraemia agus na n-éilithe (alos freagarthachta, caillteanais, no damáiste eireoidh (má eiríonn in aon chor) i Saorstát Éireann) maidir leis an gcuid sin de ghnó árachais na cuideachtan árachais sin d'athárachuigh an chuideachta árachais sin i rith na bliana cuntasaíochta san, agus | |
[EN] | (b) méideanna na bpraemia agus na n-éilithe (alos freagarthachta, caillteanais, no damáiste eireoidh (má eiríonn in aon chor) i Saorstát Éireann) maidir leis an ngnó árachais uile do hath-árachuíodh leis an gcuideachtain árachais sin agus le n-ar ghlac an chuideachta árachais sin mar ath-árachas sa bhliain chuntasaíochta san. | |
[EN] | (2) Gach cuideachta árachais go mbíonn gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail no an dá ghnó san ar siúl acu bhéarfaid don Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, fé cheann sé mí tar éis deireadh gach bliana de bhlianta cuntasaíochta na cuideachtan san, tuairisceán ina dtaisbeánfar, maidir le gach saghas ar leithligh de sna saghsanna san gnótha árachais a bhíonn ar siúl ag an gcuideachtain sin, méid na suimeanna do féichiúnuíodh agus do creidiúnuíodh i rith na bliana cuntasaíochta san le haghaidh ath-árachais maidir le gnó árachais i Saorstát Éireann agus cuirfear síos an méid sin sa tuairisceán san i slí go mbeidh, na hítimí seo leanas le feiscint, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) na praemia, agus | |
[EN] | (b) na suimeanna do hárachuíodh, agus | |
[EN] | (c) na héilithe d'eirigh tré bhás no tré aibiú, agus tré pholasaithe do thabhairt suas. | |
[EN] |
Na cuntaisí, etc., do bhéarfaidh sinneagóid uatha. |
99. —(1) In ionad aon chuntais no ráitis is gá do shinneagóid no do bhall de shinneagóid, do réir Achta 1909, do thabhairt uatha bhéarfaidh gach sinneagóid don Aire, i pé fuirm agus slí agus pé tráthanna ordóidh an tAire, cuntaisí agus ráitisí ar gach saghas gnótha árachais ar leithligh do bhí ar siúl i Saorstát Éireann ag an sinneagóid sin i rith na bliana roimh an mbliain ina dtabharfar na cuntaisí agus na ráitisí sin. |
[EN] | (2) Leagfaidh an tAire fé bhráid Dháil Éireann cóip de gach cuntas agus ráiteas do bhéarfar dó do réir orduithe fén alt so. | |
[EN] |
Nithe breise bheidh sa chuntas ioncuim. |
100. —An cuntas ioncuim is gá do gach cuideachtain árachais, do réir ailt 7 (alt a bhaineann le cuntaisí do lóisteáil leis an mBord Trádála) d'Acht 1909, do lóisteáil, cuirfear síos ann, i dteanta na nithe is gá bheith ann, na mion-innste seo leanas i dtaobh gach saghas gnótha árachais a bhí ar siúl ag an gcuideachtain árachais sin i Saorstát Éireann i rith na tréimhse le n-a mbainfidh an cuntas san, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) méideanna na n-ítimí seo leanas (agus na méideanna san fé mhírchinn ar leithligh do ghnó árachais i Saorstát Éireann agus do ghnó árachais lasmuich de Shaorstát Éireann), sé sin le rá:— | |
[EN] | (i) na praemia do creidiúnuíodh, agus | |
[EN] | (ii) an bhreis atá ag na suimeanna do creidiúnuíodh mar choimisiún ar na suimeanna do féichiúnuíodh mar choimisiún no ag na suimeanna do féichiúnuíodh amhlaidh ar na suimeanna do creidiúnuíodh amhlaidh, pe'ca aca é, agus | |
[EN] | (iii) na héilithe do híocadh agus na héilithe atá gan íoc, agus | |
[EN] | (iv) costaisí bainistí, agus | |
[EN] | (v) ioncum eile agus caiteachas eile i Saorstát Éireann, agus | |
[EN] | (b) an méid (más aon mhéid é), de sna costaisí bhí ar an gcuideachtain sin lasmuich de Shaorstát Éireann, is ionchurtha i leith an ghnótha san do bhí ar siúl ag an gcuideachtain i Saorstát Éireann (agus an méid sin cion-roinnte chó cruinn agus is féidir é), agus | |
[EN] | (c) méid na bpraemia (agus é déanta amach chó cruinn agus is féidir é agus aon tráthchoda áirmhithe ann atá gan íoc de lán-mhéid bhliantúil praemium) atá dlite agus gan íoc maidir le gnó árachais fhreagarthachta fostóirí agus gnó árachais fheithicle inneall-ghluaiste i Saorstát Éireann ar dháta an chuntais sin do dhéanamh suas agus ina nglactar creidiúint sa chuntas san. | |
[EN] |
Nithe breise bheidh sa chuntas chothromaíochta. |
101. —An cuntas cothromaíochta is gá do gach cuideachtain árachais, do réir ailt 7 (alt a bhaineann le cuntaisí do lóisteáil leis an mBord Trádála) d'Acht 1909, do lóisteáil, beidh ag gabháil leis, i dteanta na ndeimhnithe luaidhtear i Nóta 3 agus i Nóta 4 atá leis an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1909, na deimhnithe seo leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) deimhniú ar n-a shighniú ag na daoine céanna gur gá dhóibh, do réir Achta 1909, an cuntas cothromaíochta san do shighniú agus ina ndéanfaidh na daoine sin— | |
[EN] | (i) a dheimhniú, i dtaobh luachanna na sócmhainní uile bheidh curtha síos sa chuntas chothromaíochta san, gur mar do bhíodar ar dháta an chuntais chothromaíochta san do rinneadh amach agus do hath-scrúduíodh iad agus, na méideanna bheidh curtha síos dóibh ann, nach mó le chéile iad, dar leis na daoine sin, ná luach ionfhálta no margaidh na sócmhainní sin tar éis aon chúl-chiste súncála do chur san áireamh, agus | |
[EN] | (ii) a dheimhniú na morgáistí agus na hiasachtaí luaidhtear sa chuntas chothromaíochta san do bheith, i dteanta a chéile dhóibh, leor-urruithe dar leis na daoine sin, agus | |
[EN] | (iii) in aon chás ina mbeidh na luachanna bheidh curtha síos sa chuntas chothromaíochta san d'aon urrúis bhúrsa níos mó, i dteanta a chéile dhóibh agus tar éis aon chúl-chiste súncála do chur san áireamh, ná luachanna na n-urrús san ar n-a bhfáil amach as luadhanna búrsa foillsithe mar do bhíodar ar dháta an chuntais chothromaíochta san, a mhíniú conus a thánathas ar na luachanna san mar a bheid curtha síos amhlaidh, agus | |
[EN] | (iv) a rá cadé méid gach méaduithe ar mhaoin shaorsheilbhe agus léas-sheilbhe nach é costas breiseanna do rinneadh i ndiaidh an chuntais chothromaíochta dheiridh roimhe sin an t-éinní amháin fé ndeár é, agus a mhíniú cadé cúis an mhéaduithe sin, agus | |
[EN] | (b) deimhniú ar n-a shighniú ag na daoine céanna gur gá dhóibh, do réir Achta 1909, gach cuntas cothromaíochta do shighniú agus ag achtuaire, agus ina ndeimhneoidh na daoine sin agus an t-achtuaire sin, i dtaobh luachanna ath-orbaí agus saol-leasanna gur mar do bhíodar ar dháta an chuntais chothromaíochta san do fuarthas amach agus do hath-scrúduíodh iad agus, dar leis na daoine sin agus leis an achtuaire sin, nach mó ná luacháil an achtuaire a luach san le chéile mar a bheidh sé curtha síos sa chuntas chothromaíochta san. | |
[EN] |
Cuideachtana coigríche áirithe do thabhairt ráitis bhreise uatha. |
102. —(1) Gach cuideachta choigríche go mbíonn gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail no an dá ghnó san ar siúl acu i Saorstát Éireann déanfaid, i dteanta na ráitisí is gá don chuideachtain sin d'ullamhú fé alt 6 d'Acht 1909, mion-innste i dtaobh gnó árachais na cuideachtan san i Saorstát Éireann d'ullamhú ar leithligh fé mhíreanna 2 go 9 d'Fhuirm A den Chúigiú Sceideal (mar a leasuítear san leis an Acht so) a ghabhann le hAcht 1909. |
[EN] | (2) Bainfidh alt 7 d'Acht 1909 le gach ráiteas is gá do chuideachtain choigríche, do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, d'ullamhú fé is dá mba ráiteas ba ghá do dhéanamh do réir forála den Acht san roimh an alt san 7 an ráiteas san. | |
[EN] |
Ráiteas breise i dtaobh gnótha árachais fheithicle inneallghluaiste. |
103. —(1) Gach cuideachta árachais go mbíonn gnó árachais fheithicle inneall-ghluaiste ar siúl acu déanfaid, i dteanta an ráitis is gá don chuideachtain sin d'ullamhú gach bliain do réir mhíre (d) d'fho-alt (2) d'alt 76 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 11 de 1933 ), ráiteas d'ullamhú gach bliain ar fhiachas mheasta na cuideachtan árachais sin alos éilithe gan íoc agus éilithe gan socrú, a bhaineann leis an ngnó san i Saorstát Éireann. |
[EN] | (2) Is sa bhfuirm atá leagtha amach sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht so bheidh gach ráiteas is gá do chuideachtain árachais, do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, d'ullamhú agus bainfidh fo-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1909 leis an ráiteas san fé is dá mba ráiteas é ba ghá do dhéanamh do réir forála den Acht san roimh an alt san 7. | |
[EN] |
Acht 1909 do chur i mbaint le gnóthaí árachais áirithe. |
104. —Má bhíonn ceann no níos mó de sna gnóthaí árachais seo leanas ar siúl ag cuideachtain árachais, sé sin le rá, gnó árachais fhreagarthachta puiblí, gnó árachais innealltóireachta, gnó árachais ghloine, gnó árachais urraíochta, no gnó árachais bhuirgléireachta, bainfidh Acht 1909 leis an gcuideachtain sin agus le pé ceann no cinn de sna gnóthaí árachais sin a bheidh ar siúl ag an gcuideachtain sin ach san gus na hatharuithe agus fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) ní bhainfidh alt 5 ná alt 6 d'Acht 1909 leis an gcuideachtain sin, agus | |
[EN] | (b) déanfaidh an chuideachta san gach bliain aon ráiteas amháin ar a ngnó árachais d'ullamhú sa bhfuirm sin ordóidh an tAire o am go ham, agus bainfidh fo-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1909 leis an ráiteas san fé is dá mba ráiteas é ba ghá do dhéanamh do réir forála den Acht san roimh an alt san 7, agus | |
[EN] | (c) bainfidh alt 32 (ach amháin míreanna (a), (b) agus (c) dhe) leis an gcuideachtain sin ach cuirfear na focail “public liability insurance business, engineering insurance business, glass insurance business, guarantee insurance business, or burglary insurance business” san alt san in ionad na bhfocal “accident insurance business” i ngach áit ina bhfuil na focail sin san alt san mar do bheirtear feidhm dó leis an mír seo. | |
[EN] |
An ní déanfar le hairgead do gheobhaidh cuideachtana árachais. |
105. —(1) Má dheineann cuideachta árachais, do réir ailt 3 (alt a bhaineann le cistí d'iomscaradh) d'Acht 1909, ciste árachais ar leithligh do chothabháil maidir le haon ghnó árachais a bhíonn ar siúl acu déanfaidh an chuideachta árachais sin an t-airgead uile do gheobhaidh an chuideachta árachais sin alos an ghnótha árachais sin do bhreith chun an chiste árachais ar leithligh a bhíonn á chothabháil amhlaidh maidir leis an ngnó árachais sin agus ní chun aon chiste eile. |
[EN] | (2) Má bhíonn gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail no an dá ghnó san ar siúl i Saorstát Éireann ag cuideachtain árachais agus fós aon ghnó eile ach amháin gnó ciste fhiach-laigheaduithe no fuascailte caipitail déanfaidh an chuideachta árachais sin, fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so, sócmhainní a gciste árachais saoil agus a gciste árachais tionnscail do choimeád ar deighilt o shócmhainní an ghnótha eile sin. | |
[EN] | (3) Má bhí gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail no an dá ghnó san ar siúl i Saorstát Éireann ag cuideachtain árachais an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, agus go mbeidh an dá ghnó san no aon cheann acu ar siúl acu go dleathach i Saorstát Éireann tar éis tosach feidhme Coda II den Acht so féadfaidh an tAire, ar iarratas aon chuideachtan den tsórt san, an chuideachta san do shaoradh o n-a bheith ortha forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so do chólíonadh go ceann tréimhse nach sia ná dhá mhí dhéag tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so. | |
[EN] | (4) Má bhíonn gnó árachais saoil agus gnó árachais tionnscail ar siúl ag cuideachtain árachais ní bheidh ar an gcuideachtain sin sócmhainní a gcistí árachais saoil do choimeád ar deighilt o shócmhainní a gcistí árachais tionnscail. | |
[EN] | (5) Má bhíonn níos mó ná aon ghnó árachais amháin seachas gnó árachais saoil agus gnó árachais tionnscail ar siúl ag cuideachtain árachais ní bheidh ar an gcuideachtain árachais sin sócmhainní aon chiste árachais a bhíonn á chothabháil ag an gcuideachtain árachais sin maidir le haon ghnó árachais áirithe do choimeád ar deighilt o shócmhainní aon chiste árachais eile bhíonn á chothabháil ag an gcuideachtain árachais sin maidir le haon gnó árachais eile. | |
[EN] |
Ordú toirmiscthe ath-árachais. |
106. —(1) Más dóich leis agus pé uair is dóich leis gur ceart san do dhéanamh féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú toirmiscthe ath-árachais san alt so) a thoirmeasc aon tsaghas gnótha árachais ar n-a dhéanamh i Saorstát Éireann (seachas gnó árachais saoil agus gnó árachais tionnscail) d'athárachú le haon chuideachtain árachais no duine seachas cuideachta árachais no sinneagóid go mbíonn an saghas san gnótha árachais ar siúl acu i Saorstát Éireann. |
[EN] | (2) Tiocfaidh gach ordú toirmiscthe ath-árachais i ngníomh pé lá (nach luatha ná sé mhí tar éis lae dhéanta an orduithe sin) a cheapfaidh an tAire leis an ordú san. | |
[EN] | (3) Pé uair a bheidh ordú toirmiscthe ath-árachais i ngníomh maidir le haon tsaghas áirithe gnótha árachais, ansan, fé réir forálacha an ailt seo, ní dhéanfaidh cuideachta árachais ná sinneagóid aon chuid den tsaghas san gnótha árachais a beifear tar éis a dhéanamh i Saorstát Éireann d'ath-árachú le haon chuideachtain árachais no duine seachas cuideachta árachais no sinneagóid go mbíonn an saghas san gnótha árachais ar siúl acu i Saorstát Éireann. | |
[EN] | (4) Gach cuideachta árachais no sinneagóid ath-árachóidh, contrárdha don fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, aon tsaghas gnótha árachais do rinne an chuideachta no an tsinneagóid sin i Saorstát Éireann tuigfear, fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so, gur theip ortha forálacha an Achta so do chólíonadh. | |
[EN] | (5) Pé uair a thárlóidh, le linn d'ordú toirmiscthe ath-árachais do bheith i ngníomh maidir le haon tsaghas áirithe gnótha árachais, gur deimhin leis an Aire cuideachta árachais no sinneagóid go mbíonn an saghas san gnótha árachais ar siúl acu i Saorstát Éireann do bheith tar éis socrú do dhéanamh, i dtaobh gnótha ath-árachais den tsaghas san, le cuideachtain no cuideachtana le Saorstát Éireann go mbíonn an saghas san gnótha árachais ar siúl acu i Saorstát Éireann, féadfaidh an tAire saoirse i scríbhinn do dheonadh don chuideachtain árachais no don tsinneagóid sin ag saoradh na cuideachtan árachais no na sinneagóide sin o fhorálacha an ailt seo maidir le hath-árachú na coda san dá ngnó árachais do rinneadh i Saorstát Éireann. | |
[EN] | (6) Pé uair is dóich leis san do bheith ceart féadfaidh an tAire, le hordú, ordú toirmiscthe ath-árachais do leasú no do cheiliúradh. | |
[EN] |
Ordú um rátaí praemia. |
107. —(1) Más dóich leis agus pé uair is dóich leis gur ceart san do dhéanamh agus tar éis dó dul i gcomhairle le pé cuideachtana árachais is oiriúnach leis no le haon chomlachas ionaduíonn cuideachtana árachais, agus le Coiste Lloyd's, féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú um rátaí praemia san alt so), na rátaí do cheapadh a fhéadfaidh cuideachtana árachais no sinneagóidí d'éileamh mar phraemia maidir le gach saghas no aon tsaghas connartha ghnótha árachais fhreagarthachta fostóirí agus ghnótha árachais fheithicle inneall-ghluaiste. |
[EN] | (2) Tiocfaidh gach ordú um rátaí praemia i ngníomh pé lá (nach luatha ná dáta an orduithe sin) a cheapfaidh an tAire leis an ordú san. | |
[EN] | (3) Gan dochar d'aon chomhacht ghenerálta cheiliúracháin no leasúcháin a bronntar leis an alt so, déanfaidh an tAire, fé cheann trí mblian tar éis ordú um rátaí praemia do dhéanamh agus ina dhiaidh sin i gcionn tréimhsí nach sia ná trí bliana, na rátaí praemia do ceapadh leis an ordú san no leis an leasú is déanaí do rinneadh air (pe'ca aca é) do bhreithniú agus, más oiriúnach leis é, na rátaí praemia sin d'atharú agus chun na críche sin an t-ordú san do leasú no an t-ordú san do cheiliúradh agus ordú nua do dhéanamh ina ionad. | |
[EN] | (4) Pé uair agus faid a bheidh ordú um rátaí praemia i bhfeidhm maidir le haon tsaghas áirithe gnótha árachais ní éileoidh aon chuideachta árachais ná sinneagóid, ar aon árachas a bhainfidh leis an saghas san gnótha árachais, praemium is mó ná an praemium oiriúnach a bheidh ceaptha leis an ordú san. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, leasú no ceiliúradh do dhéanamh ar ordú do rinne sé fén alt so, le n-a n-áirmhítear ordú do rinneadh fén bhfo-alt so. | |
[EN] |
Polasaithe do thabhairt amach i nGaedhilg. |
108. —Pé uair a déanfar fuirm thairisgeana i gcóir polasaí árachais do líonadh i nGaedhilg amháin, ansan, gach polasaí árachais do bhéarfar amach do réir no de dhruim na tairisgeana san agus aon scríbhinn eile do bhéarfar amach maidir leis an bpolasaí sin ag an gcuideachtain árachais no ag an sinneagóid chun a ndearnadh an tairisgint sin, déanfaidh an chuideachta árachais no an tsinneagóid sin (pe'ca aca é) iad do thabhairt amach i nGaedhilg má éilíonn an tairgtheoir san ortha. |
[EN] |
Cuideachta árachais no sinneagóid do shárú, etc., an Achta. |
109. —(1) Gach cuideachta árachais a sháróidh aon cheann d'fhorálacha an Achta so no go dteipfidh ortha an céanna no aon ordú do bhéarfaidh an tAire uaidh go dleathach fén Acht so do chólíonadh, beid ciontach i gcionta fén alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur ortha agus ina theanta san, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar caoga púnt in aghaidh gach lae leanfar den chionta san. |
[EN] | (2) Má dheineann cuideachta árachais cionta fén alt so beidh gach stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí, oifigeach no fostaí de chuid na cuideachtan san a bheidh páirteach go bhfios dó féin sa chuideachtain sin do dhéanamh an chionta san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear an fhíneáil no na fíneála san a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so do chur air. | |
[EN] | (3) Pé uair a ciontófar cuideachta árachais i gcionta leanúnach fén alt so beidh déanamh an chionta san ina fhoras chun na cuideachtan san d'fhoirceannadh go héigeanta fé Acht 1908 más rud é, agus amháin más rud é, go gcuirfear ina luighe ar an gCúirt éistfidh an achuinge chun an fhoirceannta san do dhéanamh gur leanadh den chionta san do dhéanamh ar feadh trí mhí no níos mó. | |
[EN] | (4) Pé uair a sháróidh sinneagóid forálacha an Achta so no theipfidh ortha an céanna no aon ordú do bhéarfaidh an tAire uaidh go dleathach fén Acht so do chólíonadh, beidh gach ball den tsinneagóid sin a bheidh páirteach go bhfios dó féin sa tsárú no sa teip sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air agus ina theanta san, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar caoga púnt in aghaidh gach lae leanfar den chionta san. | |
[EN] |
Teora ama chun ciontaí do chúiseamh. |
110. —(1) D'ainneoin aon fhorála atá in aon reacht Briotáineach no Acht den Oireachtas a theorannuíonn an tréimhse ina bhféadfar imeachta achmair do bhunú, ní déanfar imeachta mar gheall ar chionta fé Acht 1909 ná mar gheall ar chionta fén Acht so do bhunú breis agus sé bliana tar éis an chionta do dhéanamh ach, fé réir na teorann san, féadfar iad do bhunú tráth ar bith fé cheann sé mhí tar éis an dáta ar a bhfuighidh an tAire fianaise is leor dar leis chun an chionta do chúiseamh, no fé cheann bliana tar éis an chionta do dhéanamh, pé tréimhse acu san is sia. |
[EN] | (2) Chun crícheanna an ailt seo is fianaise dho-chlaoite ar an dáta ar a bhfuair an tAire fianaise is leor dar leis chun cionta áirithe do chúiseamh deimhniú ón Aire fé n-a shéala oifige ag luadh an dáta san. |