42 1936


Uimhir 42 de 1936.


ACHT UM OBAIR OÍCHE (BÁCÚIS), 1936.


ACHT CHUN FEIDHM AGUS ÉIFEACHT DO THABHAIRT DON CHONVENSIUN, I dTAOBH OIBRE OÍCHE I mBÁCÚIS, LE nAR GLACADH AN 8adh LÁ DE MHEITHEAMH, 1925, AG AN SEACHTÚ SIOSÓN DEN CHÓDHÁIL GHENERÁLTA DE CHÓ-GHLÉASADH EADARNÁISIÚNTA AN OIBREACHAIS FÉ CHUMANN NA NÁISIÚN. [14adh Lúnasa, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “tréimhse na hoíche” an tréimhse ceapfar mar thréimhse na hoíche le rialacháin a déanfar fén Acht so;

cialluíonn an focal “oibrí” duine ar bith bheidh ar fostú chun obair do dhéanamh no dá mbeidh ceaduithe obair do dhéanamh i mbácús is obair a ghabhann leis an mbácús san do choimeád ar siúl;

cialluíonn an abairt “oibrí fásta” oibrí ná fuil fé bhun ocht mbliana déag d'aois;

cialluíonn an abairt “ionadathach d'fhostóirí” an comhlachas san no na comhlachaisí uile sin d'fhostóirí atá, dar leis an Aire, ionadathach do sna fostóirí gur ina dtaobh a húsáidtear an abairt no, i gcás gan aon chomhlachas den tsórt san do bheith ann dar leis an Aire, daoine atá, dar leis an Aire, ionadathach do sna fostóirí sin;

cialluíonn an abairt “ionadathach d'oibrithe” an comhlachas san no na comhlachaisí uile sin d'oibrithe atá, dar leis an Aire, ionadathach do sna hoibrithe gur ina dtaobh a húsáidtear an abairt no, i gcás gan aon chomhlachas den tsórt san do bheith ann dar leis an Aire, daoine atá, dar leis an Aire, ionadathach do sna hoibrithe sin;

cialluíonn an abairt “duine óg” oibrí atá fé bhun ocht mbliana déag d'aois;

cialluíonn an abairt “Convensiún um Obair Oíche (Bácúis), 1925,” an convensiún, i dtaobh oibre oíche i mbácúis, le n-ar glacadh an 8adh lá de Mheitheamh, 1925, ag an Seachtú Siosón den Chódháil Ghenerálta de Chóghléasadh Eadarnáisiúnta an Oibreachais fé Chumann na Náisiún.

Bácús le n-a mbaineann an tAcht so.

2. —Baineann an tAcht so le gach bácús a coimeádtar ar siúl chun arán no taosach no milseoga plúir eile do dhéanamh, seachas bácús gur baill de líntighe dheineann an obair dhéantóireachta san ann chun riaradh ar riachtanaisí daoine den líntighe sin.

E bheith nea-dhleathach déantóireacht do bheith ar siúl i mbácús i rith tréimhse na hoíche.

3. —(1) Chun feidhm agus éifeacht do thabhairt don Chonvensiún um Obair Oíche (Bácúis), 1925, achtuítear leis seo ná beidh sé dleathach d'éinne ag á mbíonn bácús le n-a mbaineann an tAcht so ar siúl—

(a) aon phróiseas déantóireachta, nach déantóireacht brioscaí chun a ndíolta ina mór-choda ná obair nea-choitianta, do bheith ar siúl aige ná a cheadú d'aon oibrí fásta é bheith ar siúl aige sa bhácús san aon tráth i dtréimhse na hoíche, ná

(b) a cheadú d'aon duine óg aon phróiseas déantóireachta nach déantóireacht brioscaí chun a ndíolta ina mór-choda do bheith ar siúl aige sa bhácús san aon tráth i dtréimhse na hoíche.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Tréimhse na hoíche.

4. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle le daoine atá, dar leis, ionadathach d'fhostóirí ag á bhfuil leas i mbácúis agus le daoine atá, dar leis, ionadathach d'oibrithe ag á bhfuil leas amhlaidh, rialacháin do dhéanamh le hordú ag ordú, do réir an ailt seo, tréimhse nach giorra ná seacht n-uaire a chluig mar thréimhse na hoíche chun crícheanna an Achta so agus féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, tréimhsí deifriúla den tsórt san do cheapadh alos codacha deifriúla den bhliain agus alos líomatáistí áirithe deifriúla.

(2) Gach tréimhse a hordófar mar thréimhse na hoíche le rialacháin a déanfar fén alt so folóidh sí an tréimhse speisialta gurb é bheidh inti, fé réir forálacha an ailt seo, ná an tréimhse idir a haon déag a chlog p.m. aon lá agus a cúig a chlog a.m. an lá ina dhiaidh sin.

(3) An tréimhse a hordófar mar thréimhse na hoíche le haon rialacháin a déanfar fén alt so isí bheidh, faid a leanfaidh na rialacháin sin i bhfeidhm, mar thréimhse na hoíche chun crícheanna an Achta so.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun na tréimhse idir a deich a chlog p.m. aon lá agus a ceathair a chlog a.m. an lá ina dhiaidh sin do chur, go generálta no ar feadh coda áirithe den bhliain agus i gcóir Shaorstáit Éireann ar fad no i gcóir líomatáiste áirithe, in ionad na tréimhse idir a haon déag a chlog p.m. aon lá agus a cúig a chlog a.m. an lá ina dhiaidh sin mar an tréimhse speisialta chun críche an ailt seo más rud é—

(a) gur gá an malairtiú san, dar leis an Aire, mar gheall ar an aeráid no ar aon tsaosúr áirithe, no

(b) gur deimhin leis an Aire go n-aontuíonn có-ghléasanna d'fhostóirí agus d'oibrithe ag á bhfuil leas i mbácúis gur ceart an malairtiú san do dhéanamh,

agus pé uair a bheidh aon rialacháin den tsórt san i bhfeidhm de thurus na huaire isí an tréimhse chuirfid san mar mhalairt amhlaidh a bheidh mar thréimhse speisialta chun críche an ailt seo go generálta no in aghaidh na coda áirithe den bhliain a luadhfar sna rialacháin sin (do réir mar bheidh).

(5) Pé uair a bheidh comhacht ag an Aire, fén alt so, chun rialacháin do dhéanamh alos líomatáistí áirithe féadfaidh an tAire, leis na rialacháin sin, na líomatáistí sin do luadh i pé slí is oiriúnach leis.

(6) Ceapfaidh an tAire, le gach ordú déanfar fén alt so, an dáta ar a dtiocfaidh an t-ordú san i ngníomh, agus ní bheidh an dáta san níos luatha in aon chás ná ceithre lá déag tar éis dáta déanta an orduithe sin.

Obair nea-choitianta.

5. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle le daoine atá, dar leis, ionadathach d'fhostóirí ag á bhfuil leas i mbácúis agus le daoine atá, dar leis, ionadathach d'oibrithe ag á bhfuil leas amhlaidh, rialacháin do dhéanamh, le hordú á ordú aon phróiseas áirithe déantóireachta deintear in aon bhácús le n-a mbaineann an tAcht so do bheith ina obair nea-choitianta más rud é—

(a) gur próiseas ullamhuithe no cólíontach is gá do choimeád ar siúl i rith tréimhse na hoíche chun an bhácúis sin do choimeád ar siúl an próiseas déantóireachta san, no

(b) gur próiseas is gá do choimeád ar siúl i rith tréimhse na hoíche chun sos seachtainiúil do shocrú do sna hoibrithe sa bhácús san an próiseas déantóireachta san, agus pé uair a dhéanfaidh an tAire rialacháin den tsórt san beidh aon phróiseas déantóireachta a hordófar leo do bheith ina obair nea-choitianta beidh sé, faid a leanfaidh na rialacháin sin i bhfeidhm, ina obair nea-choitianta chun crícheanna an Achta so.

(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle mar a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, rialacháin do dhéanamh, le hordú, á ordú gur obair nea-choitianta ar feadh tréimhse teoranta luadhfar sna rialacháin sin gach próiseas no aon phróiseas déantóireachta bheidh á choimeád ar siúl in aon bhácús le n-a mbaineann an tAcht so más gá, dar leis an Aire, na próiseasaí sin do choimeád ar siúl i rith tréimhse na hoíche chun an bhácúis sin do choimeád ar siúl ar feadh na tréimhse áirithe sin—

(a) mar gheall ar bhruid nea-ghnáthach oibre, no

(b) mar gheall ar phráinn náisiúnta,

agus pé uair a dhéanfaidh an tAire rialacháin den tsórt san beidh aon phróiseas déantóireachta a hordófar leo do bheith ina obair neachoitianta beidh sé, ar feadh na tréimhse luadhfar sna rialacháin sin, ina obair nea-choitianta chun crícheanna an Achta so.

Brioscaí chun crícheanna an Achta so.

6. —(1) Ní tuigfear gur brioscaí chun crícheanna an Achta so aon earraí seachas earraí a hordófar fén alt so mar earraí is brioscaí chun crícheanna an Achta so.

(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle le daoine atá, dar leis, ionadathach d'fhostóirí ag á bhfuil leas i ndéantóireacht brioscaí chun a ndíolta ina mór-choda agus le daoine atá, dar leis, ionadathach d'oibrithe ag á bhfuil leas amhlaidh, rialacháin do dhéanamh, le hordú, á ordú cadiad na hearraí is brioscaí chun crícheanna an Achta so.

(3) Pé uair a bheidh rialacháin a déanfar fén alt so i bhfeidhm de thurus na huaire beidh na hearraí a hordófar leis na rialacháin sin ina mbrioscaí chun crícheanna an Achta so.

Rialacháin do leagadh fé bhráid Dháil Éireann.

7. —Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid Dháil Éireann chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche shuidhfidh Dáil Éireann ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar neambrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Práinn mar chosaint.

8. —Beidh sé ina chosaint mhaith in aon imeachta bunófar i gcoinnibh duine ar bith mar gheall ar aon fhoráil d'fhorálacha an Achta so do shárú an duine sin á chur ina luighe ar an gcúirt gur os a cóir a bunófar na himeachta san—

(a) gur ghá aon ghníomh gurbh é an sárú san é chun gan cur isteach go mór ar ghnáth-oibriú bhácúis le n-a mbaineann an tAcht so, agus

(b) gur tré chúis no cúiseanna acu so leanas do thárla an gá san, sé sin le rá:—

(i) tré thionóisc,

(ii) tré bheith ag seachaint tionóisce,

(iii) tré bheith ag déanamh deisithe práinneacha ar ghléasra no ar mheaisínteacht, no

(iv) tré fhoiche Dé.

Comhacht chun dul isteach in áitreabh agus iniúchadh do dhéanamh.

9. —(1) Má bhíonn údarás i scríbhinn aige o aon Chigire den Ghárda Síochána chun san do dhéanamh, féadfaidh ball ar bith den Ghárda Síochána dul isteach aon uair i rith tréimhse na hoíche in aon áitreabh is bácús, no chreideann sé no is amhras leis is bácús, le n-a mbaineann an tAcht so agus féadfaidh ansan pé cuardach agus fiosrú do dhéanamh is dóich leis an mball san is ceart, agus pé ceisteanna, is dóich leis an mball san is ceart, i dtaobh an áitreibh sin agus i dtaobh na hoibre deintear agus an ghnótha bhíonn ar siúl ann do chur chun duine ar bith do gheobhfar san áitreabh san, agus a ainm agus a sheoladh d'éileamh ar dhuine ar bith den tsórt san.

(2) Déanfaidh sealbhaire aon áitreibh, go bhfuil ball den Ghárda Síochána i dteideal dul isteach ann fén alt so, gach ní éileoidh an ball san do réir réasúin chun a chur in usacht don bhall san, maidir leis an áitreabh san, aon chomhacht dá mbronntar air leis an alt so d'fheidhmiú, agus má theipeann ar aon tsealbhaire den tsórt san no má dhiúltann sé éinní do dhéanamh dá n-éileofar air mar adubhradh beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(3) Gach éinne—

(a) a dhéanfaidh aon bhall den Ghárda Síochána do bhac no do chosc agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar ar an mball san leis an alt so, no

(b) go dteipfidh air no dhiúltóidh freagra do thabhairt, chó fada le n-a eolas agus le n-a chumas, ar aon cheist a chuirfidh aon bhall den tsórt san chuige agus é ag feidhmiú comhachta bronntar chuige sin leis an alt so, no

(c) do bhéarfaidh ar aon cheist den tsórt san freagra is eol dó a bheith bréagach no mí-threorach, no

(d) go dteipfidh air no dhiúltóidh a ainm do thabhairt uaidh no a sheoladh do thabhairt uaidh nuair a éileoidh aon bhall den tsórt san a ainm no a sheoladh air agus é ag feidhmiú comhachta bronntar chuige sin leis an alt so, no do bhéarfaidh uaidh sa chás san ainm no seoladh a bheidh bréagach no mí-threorach,

beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Costaisí.

10. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

11. —(1) Féadfar an tAcht um Obair Oícne (Bácúis), 1936, do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá ceapfar chuige sin le hordú an Aire.