An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL III. Socrú maidir le Convensiún na Róimhe.) Ar Aghaidh (CUID VI. Tairsce agus Cráiteas o Aer-Árthaighe, agus Eiteall Dainséarach.)

40 1936

ACHT UM AER-LOINGSEOIREACHT AGUS AER-IOMPAR, 1936

CUID V.

An tAire Tionnscail agus Trachtála agus Údaráis Áitiúla do Bhunú agus do Chothabháil Aerodrómanna agus do Thógaint Tailimh, etc., chun na gCrícheanna san.

Leathnú ar bhrí na habairte “crícheanna na Coda so den Acht so”.

36. —Ar na cinn sin de chrícheanna na Coda so den Acht so chun a bhféadfar talamh do thógaint tré chó-aontú no go héigeanta beidh na crícheanna so leanas, eadhon—

(a) a áirithiú ná déanfar an talamh in aice le haerodróm a bheidh bunuithe no ar tí a bhunuithe ag an Aire no ag údarás áitiúil d'úsáid i slí go gcuirfí isteach ar aerárthaighe bheadh san aerodróm no ag druidim leis no á fhágaint no go gcuirfí i mbaol iad no go ndéanfaí damáiste dhóibh; agus

(b) a áirithiú go ndéanfar crainn agus foirgintí ar an talamh in aice le haerodróm a bheidh bunuithe no ar tí a bhunuithe ag an Aire no ag údarás áitiúil do leagadh d'fhonn sábháltacht aer-árthach, agus iad ag druidim leis an aerodróm no á fhágaint, do chur in áirithe.

Comhacht don Aire agus d'údarás áitiúil chun aerodrómanna do bhunú agus do chothabháil.

37 —Féadfaidh an tAire, agus féadfaidh aon údarás áitiúil le toiliú an Aire ar n-a thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí agus fé réir pé coinníollacha fhorchuirfe sé, aerodrómanna do bhunú agus do chothabháil agus bóithre, droichid, bealaighe isteach, fearaistí, gléasra, agus foirgintí agus cóiríocht eile do chur ar fáil agus do chothabháil maidir leo.

Comhacht d'údaráis áitiúla chun gnóthaí bheith ar siúl acu maidir le haerodrómanna.

38. —(1) Más deimhin leis an Aire, i dtaobh aon aerodróma bheidh á chothabháil ag údarás áitiúil fén alt deiridh sin roimhe seo, é bheith riachtanach no oiriúnach comhacht do thabhairt don údarás áitiúil sin chun aon ghnó áirithe bheith ar siúl acu maidir leis an aerodróm san, eadhon, gnó is dóich leis a ghabhann le haerodróm do choimeád ar siúl ach ná beadh comhacht ag an údarás áitiúil sin chun é bheith ar siúl acu mara mbeadh san, féadfaidh, lé hordú, a údarú don údarás áitiúil sin, fé réir pé coinníollacha (más aon cheann é) a luadhfar san ordú san, an gnó san do bheith ar siúl acu maidir leis an aerodróm san.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar ordú bheidh déanta fén alt so, le n-a n-áirmhítear an fo-alt so.

(3) Sara ndéanfaidh an tAire ordú fén alt so raghaidh i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí ina thaobh.

Ceart don Aire agus d'údaráis áitiúla chun dul isteach ar thalamh.

39. —(1) Féadfaidh duine ar bith (dá ngairmtear oifigeach údaruithe san alt so) go n-údarás aige chuige sin ón Aire no o údarás áitiúil ceachtar ní acu so leanas no iad araon do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) dul isteach ar thalamh ar bith chun aon fhiosrú, lorgaireacht, no scrúdú do dhéanamh is indéanta roimh an talamh san do thógaint chun crícheanna na Coda so den Acht so no a ghabhann leis sin;

(b) dul isteach, chun suirbhéireachtaí do dhéanamh, ar thalamh ar bith a bheidh teoranta no in aice le talamh do tógadh no go mbeifear ag cuimhneamh ar é thógaint chun crícheanna na Coda san.

(2) Má dheineann duine ar bith oifigeach údaruithe do chosc no do bhac agus an t-oifigeach údaruithe sin ag feidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

An tAire do thógaint tailimh tré chó-aontú.

40. —Féadfaidh an tAire, chun crícheanna na Coda so den Acht so, talamh ar bith do thógaint tré chó-aontú.

An tAire do thógaint tailimh, etc., go héigeanta.

41. —(1) Más dóich leis an Aire agus pé uair is dóich leis gur ceart aon talamh do thógaint go héigeanta no aon cheart loctha, claonta, no eastósctha uisce do thógaint no d'úsáid go héigeanta chun crícheanna na Coda so den Acht so, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, a dhearbhú, le hordú, go bhfuil sé ar intinn an talamh san do thógaint amhlaidh no an ceart san do thógaint no d'úsáid amhlaidh, agus oibreoidh gach ordú den tsórt san chun lán-chomhacht do bhronnadh ar an Aire chun an tailimh a luadhfar ann do thógaint go héigeanta no chun an chirt a luadhfar ann do thógaint no d'úsáid go héigeanta fé réim agus do réir an ailt seo.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so i dtaobh aon tailimh a bheidh fé uisce no is imeall trágha ná i dtaobh aon chirt loctha, claonta, no eastósctha uisce gan dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta roimh ré.

(3) Sara ndéanfaidh an tAire ordú fén alt so—

(a) lóisteálfaidh agus coimeádfaidh ar nochtadh chun a n-iniúchta in áit éigin oiriúnach (rud go dtabarfar fógra puiblí ina thaobh) pé pleananna, áireamheachtaí, agus scríbhinní eile thaisbeánfaidh go hiomlán agus go soiléir cadé an talamh no an ceart a beifear ar intinn a thógaint no a úsáid de bhuadh an orduithe;

(b) bhéarfaidh fógra, i pé slí is dóich leis is fearr chun eolas do thabhairt do dhaoine gur deallrathach go ndéanfaidh an t-ordú deifir dóibh, i dtaobh é bheith ar intinn a bhreithniú an ceart an t-ordú do dhéanamh agus i dtaobh na slí ina bhféadfar cúis do phlé agus agóidí do dhéanamh maidir leis an ordú, agus

(c) cuirfidh fé ndeár, más dóich leis san do bheith oiriúnach, fiosrúchán puiblí do dhéanamh i dtaobh an orduithe do dhéanamh.

(4) Féadfar—

(a) an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus

(b) Achtanna na gClásanna Talmhan sa mhéid ná fuilid sin buiniscionn leis an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, adubhradh,

d'ionchorprú in ordú déanfar fén alt so.

(5) Ní údaróidh éinní san alt so don Aire aon talamh do thógaint ná d'úsáid, ná cur isteach air ar shlí eile, go héigeanta fén alt so más rud é, ar an dáta ar a gcéad-fhoillseofar fógra i dtaobh an Aire bheith ar intinn a bhreithniú an ceart ordú speisialta do dhéanamh chuige sin, go mbeidh an talamh san dá chuid féin ag aon ghnóthaire bóthair iarainn, leictreachais, geas, no uisce agus go mbeidh sé á úsáid ag an ngnóthaire sin no go mbeidh údaruithe dhó é d'úsáid chun críche a ghnótha.

(6) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le haon fhiosrúchán puiblí déanfar fén alt so:—

(a) ceapfaidh an tAire duine ceart oiriúnach chun an fhiosrúcháin sin do dhéanamh;

(b) údaruítear leis seo don duine sin daoine thiocfaidh i láthair mar fhínnéithe ag an bhfiosrúchán san do chur fé mhionn;

(c) éinne go mbeidh baint aige le habhar an fhiosrúcháin sin beidh sé i dteideal teacht i láthair i bpearsain, no tré abhcóide no atúrnae, agus fianaise do thabhairt ar áird.

An tAire do chur tailimh ná beidh ag teastáil de láimh.

42. —(1) Aon talamh a thógfaidh an tAire fén Acht so agus go bhfeicfear dó gan é bheith ag teastáil uaidh a thuilleadh chun a dhualgaisí do chólíonadh no a fheidhmeanna d'fheidhmiú fén gCuid seo den Acht so féadfaidh an tAire é chur de láimh tráth ar bith ar pé slí is dóich leis is ceart.

(2) Déanfar airgead ar bith do gheobhaidh an tAire as talamh do chur de láimh fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Údaráis áitiúla do thógaint tailimh.

43. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí ar n-a thabhairt tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, talamh do thógaint (laistigh no lasmuich de líomatáiste fheidhmiúcháin an údaráis áitiúla san) chun críche na Coda so den Acht so tré chó-aontú no go héigeanta fén Acht so agus fé sna hAchtanna bheidh ionchorpruithe leis.

(2) Chun údarás áitiúil do thógaint tailimh fén alt so beidh feidhm ag ailt 203, 210, 212, 213, 214, agus 215 den Public Health (Ireland) Act, 1878, mar a leasuítear iad le halt 8 den Public Health (Ireland) Act, 1896, agus ag alt 68 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), fé is dá ndeintí na hailt sin, mar a leasuítear amhlaidh iad, d'ath-achtú anso agus feidhm do thabhairt dóibh maidir leis an údarás áitiúil sin gus na hatharuithe agus fén réir na n-atharuithe deintear leis an Acht so ar an nós imeachta fé sna hailt sin.

(3) Féadfaidh údarás áitiúil tráth ar bith, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí ar n-a thabhairt tar éis dul i gcomhairle leis an Aire aon talamh a thógfaidh an t-údaráis san fén alt so do dhíol no do chur ar cíos, tré cheaint phuiblí no tré chonnradh phríobháideach, ina choda oiriúnacha.

Atharú ar an nós imeachta chun talamh do thógaint.

44. —Má bheartuíonn údarás áitiúil talamh do thógaint (ar shlí seachas tré chó-aontú), chun crícheanna na Coda so den Acht so, i bhfeidhmiú comhachta bronntar le reacht seachas an tAcht so no i bhfeidhmiú comhachta bronntar go soiléir leis an Acht so, féadfar na fógráin a luaidhtear i bhfo-alt (2) d'alt 203 den Public Health (Ireland) Act, 1878, d'fhoillsiú mí ar bith agus sa chás san déanfar na fógraí luaidhtear sa bhfo-alt san do sheirbheáil an chéad mhí tar éis mí foillsithe na bhfógrán san.

Cur isteach ar cheart loingseoireachta agus ar chearta eile.

45. —(1) Pé uair a dhéanfaidh an tAire no údarás áitiúil aerodróm do bhunú agus do chothabháil, no a bheid chun aerodróm do bhunú, fén gCuid seo den Acht so agus a bheidh an t-aerodróm san suidhte no le suidheamh cois faraige no cois aon ghóilín mhara intseolta féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, ordú do dhéanamh fén alt so, másé a thuairim go raghadh san chun leasa don phuiblíocht, ag cur teorann no toirmisc le feidhmiú aon chirt loingseoireachta agus le feidhmiú aon chirt iascaireachta no chaluithe éisc, puiblí no príobháideach, no aon chirt eile, puiblí no príobháideach, maidir le haon chuid den fharaige no le haon ghóilín mhara no imeall trágha san aerodróm san no comhgarach dó.

(2) Pé uair a dhéanfaidh ordú déanfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so teora no toirmeasc do chur le feidhmiú aon chirt phríobháidigh iascaireachta no chaluithe éisc no le feidhmiú aon chirt phríobháidigh eile maidir le haon chuid den fharaige no le haon ghóilín mara no imeall trágha, íocfaidh an tAire cúiteamh le húnaer an chirt sin no leis an duine eile bheidh i dteideal an chirt sin d'fheidhmiú agus, cheal có-aontuithe, is fé réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, a ceapfar an cúiteamh san.

(3) Pé uair a bheidh aon ordú a déanfar fén alt so i bhfeidhm de thurus na huaire beidh teora no toirmeasc, do réir an orduithe sin, le haon cheart le n-a mbainfidh an t-ordú san.

Cur isteach ar bhóithre agus ar dhroichid phuiblí.

46. —Féadfaidh an tAire agus féadfaidh aon údarás áitiúil, le toiliú an Aire, aon bhóthar no droichead puiblí do chlaonadh, do dhúnadh no d'aistriú go héigeanta no cur isteach ar shlí eile air go héigeanta.

Bóithre agus droichid phuiblí do chosaint.

47. —Más gá agus pé uair is gá, chun aon oibreacha do dhéanamh, fén gCuid seo den Acht so, aon bhóthar no droichead puiblí do chlaonadh no d'aistriú no aon chur-isteach eile do dhéanamh air, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás gur gá an bóthar no an droichead do dhúnadh in aghaidh tráchta chun na n-oibreacha do dhéanamh déanfaidh an tAire no an t-údarás áitiúil (pe'ca aca é) sa tsuidheamh chéanna no i suidheamh éigin eile caothúil, agus cothabhálfaid faid a bheidh an bóthar no an droichead san dúnta amhlaidh in aghaidh tráchta, bóthar no droichead sealadach is leor chun an méid agus an saghas tráchta d'iompar a théigheann ar an mbóthar no ar an droichead san de ghnáth;

(b) ar chríochnú na n-oibreacha no roimhe sin cuirfidh an tAire no an t-údarás áitiúil (pe'ca aca é) an bóthar no an droichead sa riocht ina raibh sé no, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, déanfaid, sa tsuidheamh chéanna no i suidheamh éigin eile caothúil, buan-bhóthar no buan-droichead nua is leor chun an tráchta chéanna (chó fada le méid agus saghas) d'iompar d'fhéadfadh an seana-bhóthar no an seana-dhroichead d'iompar agus gan é puinn níos nea-chaothúla fána agus cuar ná an seana-bhóthar no an seana-dhroichead; san

(c) má dheineann an tAire no má dheineann údarás puiblí lasmuich dá líomatáiste feidhmiúcháin féin buandroichead nua agus gur mó de chuid mhaith na buntáistí bhéarfaidh an droichead san do phuiblíocht na contae-bhuirge no na buirge eile no na contae no an bhailecheanntair ina ndéanfar é ná an seanadroichead, tré shlí chonbharsáide níos fearr do thabhairt dóibh no tré éinní eile, deimhneoidh an tAire costas an droichid nua san agus deimhneoidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí cadé an chuid den chostas san is dóich leis ba chóir do réir réasúin do bheith ar chomhairle na contae-bhuirge no na buirge eile sin no na contae no an bhaile-cheanntair sin, agus leis sin déanfaidh an chomhairle sin suim is có-ionann leis an gcuid a bheidh deimhnithe amhlaidh den chostas san do chruinniú mar chuid de chostaisí cothabhála an bhóthair dar cuid an droichead nua san agus íocfaidh an chomhairle sin í leis an Aire no leis an údarás áitiúil sin (pe'ca aca é);

(d) má eiríonn aon amhrus no aighneas no ceist i dtaobh ce'ca chólíon no nár chólíon an tAire no údarás áitiúil forálacha an fho-ailt seo agus aon bhóthar no droichead, sealadach no buan, á dhéanamh no á chothabháil no á chur ina sheana-riocht acu do réir an fho-ailt seo, no, i gcás buan-droichid nua do rinne an tAire no do rinne údarás áitiúil lasmuich dá líomatáiste feidhmiúcháin féin, i dtaobh ce'ca is mó no nach mó de chuid mhaith na buntáistí bheireann sé do phuiblíocht na contae-bhuirge no na buirge eile no na contae no an bhailecheanntair ina ndearnadh é ná do thugadh an seana-dhroichead, isé an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí do bhéarfaidh breith ar an amhrus no ar an aighneas no ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.

Údarás áitiúil no údarás coimeádais no údarás cuain do dhéanamh ranníocanna le húdarás áitiúil a bheidh ag cothabháil aerodróma, agus forálacha i dtaobh có-choiste do bhainistí an aerodróma san.

48 —(1) Má dheineann no má bheartuíonn údarás áitiúil (dá ngairmtear údarás forthógálach san alt so) aerodróm do bhunú agus do chothabháil fén gCuid seo den Acht so féadfaidh aon údarás (dá ngairmtear údarás neamh-fhorthógálach san alt so) is údarás áitiúil eile no is údarás coimeádais no údarás cuain a chó-aontú leis an údarás forthógálach san go ndéanfaid rann-íoc leis an údarás forthógálach san, ar pé coinníollacha ar a gcó-aontófar idir an dá údáras agus fé réir forálacha an ailt seo, mar chabhair chun íoctha na gcostaisí fé n-a raghaidh an t-údarás forthógálach san chun an aerodróma san do bhunú agus do chothabháil no maidir leis sin.

(2) Féadfaidh dhá údarás neamh-fhorthógálacha no níos mó có-aontú do dhéanamh fén alt so le húdarás forthógálach i dtaobh aerodróma.

(3) Féadfar scéim d'ionchorprú, i gcó-aontú déanfar fén alt so idir aon údarás neamh-fhorthógálach amháin no níos mó agus údarás forthógálach, chun an aerodróma le n-a mbainfidh an có-aontú do bhainistí tré choiste den údarás fhorthógálach san agus ag an gcoiste sin, agus sa chás san socrófar leis an scéim sin, mara mbeidh ach aon údarás neamh-fhorthógálach amháin páirteach sa chó-aontú san, go n-ainmneoidh an t-údarás neamhfhorthógálach san uimhir áirithe de bhaill an choiste sin no, má bhíonn dhá údarás neamh-fhorthógálacha no níos mó páirteach sa chó-aontú san, socrófar léi go n-ainmneoidh gach údarás neamh-fhorthógálach fé leith uimhir áirithe de sna baill sin a luadhfar in aghaidh an údaráis neamh-fhorthógálaigh sin, agus féadfar leis an scéim sin comhacht a thabhairt don choiste sin chun aon ghníomh do dhéanamh (le n-a n-áirmhítear imeachta dlí do bhunú) i dtaobh bainistí an aerodróma san d'fhéadfadh an t-údarás forthógálach san féin a dhéanamh go dleathach, agus féadfar a shocrú léi go mbainfidh forálacha ailt 58 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , leis an gcoiste sin fé is dá mba údarás contae do réir bhrí an ailt sin an coiste sin, agus go dtabharfaidh an t-údarás forthógálach san don choiste sin an t-airgead is gá chun a gcostaisí d'íoc.

(4) Isé rann-íoc is iníoctha ag údarás neamh-fhorthógálach do réir cho-aontuithe ar n-a dhéanamh fén alt so ná suim bhliantúil chinnte no cionúireacht chinnte do chostaisí cothabhála an aerodróma le n-a mbainfidh an có-aontú, no ceann acu san go leathrannach agus an ceann eile go leathrannach, agus beidh an rann-íoc san iníoctha i pé tráthchoda agus pé tráthanna luadhfar sa chó-aontú.

(5) Ní thiocfaidh aon chó-aontú déanfar fén alt so i bhfeidhm mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí é cheadú.

(6) Ar theacht i bhfeidhm do chó-aontú déanfar fén alt so idir aon údarás neamh-fhorthógálach amháin no níos mó agus údarás forthógálach beidh sé ina cheangal ar gach páirtí agus ion-fhoirfheidhmithe i gcoinnibh gach páirtí sa chó-aontú san, agus beidh comhacht ag gach páirtí fé leith acu san agus ag an gcoiste bainistí (más ann dó) gach gníomh do dhéanamh agus gach íocaíocht d'íoc go mbeidh socrú ina dtaobh sa chó-aontú san no in aon scéim a bheidh ionchorpruithe leis.

Údaráis áitiúla d'fháil iasachtaí.

49. —(1) Féadfaidh comhairle chontae iasacht d'fháil fé Airtiogal 22 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, chun íoctha aon chostaisí fé n-a raghaidh an chomhairle sin fén gCuid seo den Acht so fé is dá mbeadh an chríoch san luaidhte san Airtiogal san agus ní déanfar airgead do gheobhfar ar iasacht chun aon chríche den tsórt san d'áireamh mar chuid d'fhiacha na comhairle sin chun crícheanna aon teorann a chuireann an tAirtiogal san le hiasachtaí d'fháil.

(2) Féadfaidh aon údarás áitiúil (seachas comhairle chontae) iasacht d'fháil fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, chun íoctha aon chostaisí fé n-a raghaidh an t-údarás áitiúil sin fén gCuid seo den Acht so fé is dá mbeadh an chríoch san ina chrích chun a n-údaruítear don údarás áitiúil sin fé sna hAchtanna san iasacht d'fháil, ach ní déanfar airgead do gheobhfar ar iasacht chun aon chríche den tsórt san d'áireamh mar chuid d'fhiacha an údaráis áitiúla san chun crícheanna aon teorann a chuireann na hAchtanna san le hiasachtaí d'fháil.

(3) Féadfar chun crícheanna an ailt seo iasachtaí do thabhairt d'údarás áitiúil amach as Ciste na nIasachtaí Áitiúla.

Costaisí údarás áitiúil.

50. —Na costaisí uile fé n-a raghaidh údarás áitiúil fén gCuid seo den Acht so íocfar iad—

(a) i gcás comhairle contae, tríd an ráta dealbhais ar n-a chruinniú go cothrom ar fuaid iomláin a gcontae (lasmuich d'aon bhuirg no bailecheanntar inti go mbeidh rann-íocanna déanta no á ndéanamh ag á chomhairle fén gCuid sin alos aerodróma bheidh bunuithe no ar tí a bhunuithe sa chontae sin no i gcontae-bhuirg atá buailte leis an gcontae sin);

(b) i gcás comhairlí contae-bhuirgí Chorcaighe agus Phortláirge, comhairle buirge (seachas contae-bhuirg no buirg Dhún Laoghaire) no comhairle bailecheanntair, as aon ráta no ciste is ionchurtha chun crícheanna na nAchtanna Sláinte Puiblí (Éirinn), 1878 go 1931, fé is dá mba chun crícheanna na nAchtanna san do raghfaí fútha.

Costaisí údarás coimeádais agus cuain.

51. —Na costaisí uile fé n-a raghaidh údarás coimeádais no údarás cuain fén gCuid seo den Acht so íocfaidh an t-údarás san iad sa tslí chéanna ina n-íoctar costaisí eile bhíonn ar an údarás san.

Údaráis áitiúla do cheapadh oifigeach.

52. —Féadfaidh aon údarás áitiúil, fé réir na bhforálacha d'aon achtachán a bhaineann leis an údarás áitiúil sin do cheapadh oifigeach, pé oifigigh agus pé méid oifigeach do cheapadh is dóich leo is gá chun na gcomhacht a bronntar ar an údarás áitiúil sin leis an gCuid seo den Acht so d'fheidhmiú, agus íocfar le gach oifigeach a ceapfar amhlaidh pé luach saothair a chinnfidh an t-údarás áitiúil sin le toiliú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

Forálacha i dtaobh tailimh leis an Stát.

53. —(1) Ní léireofar éinní san Acht so mar ní a thoirmeascann léas no ceadúnas do dheonadh don Aire no d'údarás áitiúil, fé aon Acht do rith an tOireachtas (roimh an Acht so do rith no dá éis sin), alos aon tailimh is talamh Stáit agus le n-a mbaineann an tAcht san, ná mar ní a thoirmeascann ar an Aire no ar údarás áitiúil an léas no an ceadúnas san do ghlacadh.

(2) Chun crícheanna na Coda so den Acht so féadfaidh an tAire, le hordú, aon talamh Stáit d'fhoiriadhadh go mbeidh údaruithe dhó do réir dlí léasanna agus ceadúnaisí do dheonadh ina thaobh, agus féadfaidh an tAire aon talamh Stáit den tsórt san d'úsáid chun aon chríche chun a bhféadfar talamh a thógfaidh fén gCuid seo den Acht so d'úsáid.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “talamh Stáit” talamh is le Saorstát Éireann de thurus na huaire de bhuadh Airtiogail 11 den Bhunreacht no de bhíthin ní ar bith eile (láithreach no todhachaí).

Cosaint do chearta, etc., an Aire Puist agus Telegrafa.

54. —Ní bhainfidh éinní san Acht so den Aire Puist agus Telegrafa aon chearta ná leighseanna fé sna hAchtanna Telegrafa, 1863 go 1928, no fé aon oiriúnú ar n-a dhéanamh ortha, no fé éinní ar n-a chur ina n-ionad, go reachtúil ag an Oireachtas no fé údarás an Oireachtais.