An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Fiachas mar gheall ar Dhamáiste Dhéanfaidh Aer-Árthaighe do Dhaoine agus do Mhaoin ar Talamh no ar Uisce, Cúiseanna Aicsin Eireoidh as an bhFiachas san do Mharthain tar éis Bháis Daoine Áirithe, an Fiachas san do Theorannú, agus é bheith d'Oblagáid ar Unaerí Aer-Árthach Arachú in aghaidh Fiachais den tSórt san.) Ar Aghaidh (CAIBIDIL III. Socrú maidir le Convensiún na Róimhe.)

40 1936

ACHT UM AER-LOINGSEOIREACHT AGUS AER-IOMPAR, 1936

CAIBIDIL II.

Cúiseanna Aicsin eireoidh as Fiachas mar gheall ar Dhamáiste Dhéanfaidh Aer-Árthaighe do Dhaoine agus do Mhaoin ar Talamh no ar Uisce do Mharthain tar éis Bháis Daoine áirithe, an Fiachas san do Theorannú, agus é bheith d'Oblagáid ar Unaerí Aer-Árthach Árachú in aghaidh Fiachais den tsórt san.

Tosach feidhme Caibidil II de Chuid IV.

22. —Tiocfaidh an Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so i ngníomh pé lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.

Cúis aicsin, alos caillteanais no damáiste thárlóidh do dhaoine agus do mhaoin ar talamh no ar uisce tré bhíthin aer-árthach, do mharthain tar éis bháis daoine áirithe.

23. —(1) Bainfidh an t-alt so le gach cúis aicsin alos caillteanais no damáiste thárlóidh, tar éis tosach feidhme na Caibidile seo den Chuid seo den Acht so, do dhaoine no do mhaoin ar talamh no ar uisce tré bhíthin aer-árthaigh, no tré bhíthin duine inti, no tré bhíthin earra no duine ag tuitim aisti, agus an t-aer-árthach san ag eiteall no ag eirghe no ag túirling.

(2) Fé réir forálacha an ailt seo, ar fháil bháis do dhuine ar bith tar éis tosach feidhme na Caibidile seo den Chuid seo den Acht so, leanfaidh gach cúis aicsin, le n-a mbainfidh an t-alt so agus a bheidh ann i gcoinnibh an duine sin no dílsithe ann de bheith ar marthain i gcoinnibh a estáit no chun tairbhe dá estát (pe'ca aca é).

(3) I gcás—

(a) cúis aicsin le n-a mbainfidh an t-alt so do mharthain, de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo, chun tairbhe d'estát duine mhairbh, agus

(b) bás an duine sin do thárlachtaint tré bhíthin na gcúrsaí as ar eirigh an chúis aicsin sin,

déanfar an t-airgead damáiste is ionbhainte amach chun tairbhe dá estát d'áireamh gan áird do thabhairt ar éinní do chaill no do bhuaidh a estát de dhruim a bháis, ach amháin go bhféadfar suim in aghaidh costaisí sochraide do chur san áireamh.

(4) Ní bheidh aon imeachta ionsuidhte mar gheall ar chúis aicsin a mhairfidh, de bhuadh an ailt seo, i gcoinnibh estáit duine mhairbh maran rud é—

(a) go mbeidh imeachta ina choinnibh mar gheall ar an gcúis aicsin sin ar feitheamh ar dháta a bháis, no

(b) go n-eireoidh an chúis aicsin sin ar dháta nach luaithe ná sé mhí roimh a bhás agus go mbunófar imeachta mar gheall uirthi ar dháta nach déanaí ná sé mhí tar éis dá ionadaí pearsanta litreacha riaracháin do thógaint amach.

(5) I gcás damáiste do dhéanamh de bhíthin aon chúrsaí do bhéarfadh go mbeadh cúis aicsin le n-a mbainfeadh an t-alt so ann i gcoinnibh duine ar bith dá mba ná héagfadh an duine sin roimh am déanta an damáiste no le n-a linn sin, tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, pé cúis aicsin, de bhíthin na gcúrsaí sin, do bheadh ann dá mba tar éis am déanta an damáiste d'éagfadh sé do bheith ann ina choinnibh roimh a bhás.

(6) I gcás estát go mbeidh imeachta ionsuidhte ina choinnibh de bhuadh an ailt seo do bheith dócmhainneach, tuigfear, maidir le haon fhiachas alos na cúise aicsin gur ina taobh a bheidh na himeachta san ionsuidhte, gur fiacha é is ionchruthuithe in obair riartha an estáit, d'ainneoin gurb éileamh é de shaghas airgead damáiste neamh-íoctha d'eirigh ar shlí seachas tré chonnradh no tré gheallúint.

Fiachas mar gheall ar dhamáiste dhéanfaidh aer-árthaighe do dhaoine agus do mhaoin ar talamh no ar uisce do theorannú.

24. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ní dhlighfidh duine no a estát (do réir mar a bheidh), mar gheall ar chaillteanas no damáiste thárlóidh tar éis tosach feidhme na Caibidile seo den Chuid seo den Acht so, gan aon fhaillí mhór ná mí-iompar toiliúil ar a thaobh féin agus gan aon fháillí mhór ná mí-iompar toiliúil (ar a raibh eolas aige) ar thaobh a sheirbhíseach no a ghníomhairí, ar aon ócáid áirithe do dhaoine no do mhaoin ar talamh no ar uisce tré bhíthin aon aer-árthaigh áirithe no tré bhíthin duine inti, no tré bhíthin earra no duine ag tuitim aisti, agus an t-aer-árthach san ag eiteall no ag eirghe no ag túirling, ní dhlighfidh suim is mó ar fad ná suim acu so leanas d'íoc mar airgead damáiste:—

(a) i gcás gurb aer-long an t-aer-árthach san, cúig mhíle fichead punt, no

(b) i gcás gur ballún (ceangailte no saor) an t-aer-árthach san, cúig mhíle punt, no

(c) i gcás gur sceideog an t-aer-árthach san, míle punt, no

(d) in aon chás eile—

(i) oiread punt d'airgead reatha Shaorstáit Éireann agus a bheidh de phúint meáchainte i meáchaint an aer-árthaigh sin fé lán-ualach, no

(ii) más lugha ná cúig mhíle punt no más mó ná cúig mhíle fichead punt an tsuim a déanfar amach fé fho-mhír (i) den mhír seo, cúig mhíle punt no cúig mhíle fichead punt, do réir mar a bheidh.

(2) Gan dochar d'oibriú an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, ní bheidh duine no a estát (do réir mar a bheidh) i dteideal tairbhe fo-ailt (1) den alt so maidir le haon chaillteanas no damáiste más rud é, le linn an ní ba thrúig leis an gcaillteanas no leis an damáiste do thárlachtaint, nárbh eisean únaer an aer-árthaigh a bheidh i gceist agus go raibh sé san aer-árthach no go raibh an t-aer-árthach ina sheilbh no fé n-a urláimh gan údarás ná cead a únaera.

(3) Ní bheidh duine no a estát (do réir mar a bheidh) i dteideal tairbhe fo-ailt (1) den alt so maidir le haon éileamh a déanfar alos caillteanais no damáiste den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san (1) mara gcruthuítear—

(a) polasaí árachais do thug árachoir ceaduithe aer-árthach amach agus a dheineann, fé réir aon tsrianta no coinníollacha luaidhtear ann, únaer an aer-árthaigh a bheidh i gceist d'árachú in aghaidh an fhiachais uile fé n-a raghaidh alos an chaillteanais no an damáiste sin, do bheith i bhfeidhm maidir leis an aer-árthach san le linn an ní do thárlachtaint ba thrúig leis an gcaillteanas no leis an damáiste as ar eirigh an t-éileamh, no

(b) más i gcoinnibh an té gur leis an t-aer-árthach an uair sin no i gcoinnibh a estáit a déanfar an t-éileamh, an t-aer-árthach do bheith an uair sin i seilbh no fé urláimh duine éigin eile gan údarás ná cead an únaera, no

(c) únaer an aer-árthaigh do bheith an uair sin ina dhuine eiscithe do réir bhrí na Caibidile seo den Chuid seo den Acht so.

(4) Má deirtear aon duine no estát aon duine do bheith fé fhiachas ar bith alos caillteanais no damáiste den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so, agus go ndéanfar no go measfar go ndéanfar éilithe iomdha alos an fhiachais sin, féadfaidh an duine sin no a ionadaí pearsanta, pe'ca aca é, iarratas do dhéanamh chun na hArd-Chúirte, agus leis sin féadfaidh an chúirt—

(a) méid an fhiachais do chinneadh agus, fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, an méid sin do roinnt go rátúil ar na héilitheoirí uile;

(b) aon imeachta bheidh ar feitheamh in aon chúirt eile i dtaobh an ní chéanna do stad; agus

(c) pé orduithe is ceart dar leis an gcúirt do thabhairt chun daoine go mbaint acu leis an gcúrsa do chur le chéile mar pháirtithe sna himeachta, chun éilithe ná tabharfar os cóir na cúirte fé cheann aimsire áirithe do dhúnadh amach, agus chun a cheangal ar an té do rinne an t-iarratas chun na cúirte urrús do thabhairt uaidh.

(5) Más rud é, de bhuadh an ailt seo, gur lugha méid an fhiachais ná méid iomlán an airgid damáiste go mbeadh na héilitheoirí uile, mara mbeadh an t-alt so, i dteideal é bhaint amach, déanfar an méid a céad-luaidhtear, chó fada le n-a leath, do leithreasú ar an gcéad ásc chun aon éilithe mar gheall ar chailliúint anama no díobháil phearsanta d'íoc, agus déanfar aon chuid den mhéid sin ná leithreasófar amhlaidh do roinnt ar na héilitheoirí uile do réir méid a n-éilithe, ar a n-áirmhítear aon éilithe mar gheall ar chailliúint anama no díobháil phearsanta más mó iad agus sa mhéid gur mó iad ná an méid sin a leithreasófar amhlaidh.

(6) Ní léireofar éinní atá san alt so mar ní dheineann deifir do mhéid aon chúitimh is iníoctha fén Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 (Uimh. 9 de 1934) .

(7) Ní dhéanfaidh éinní san alt so deifir d'oibriú Coda III den Acht so ná d'aon chonnradh chun paisnéirí no earraí d'iompar d'aer sa mhéid go socrófar leis an gconnradh i dtaobh fiachas an iompróra fé do chinneadh no do theorannú.

(8) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh á ordú cadé an tslí ina ndéanfar amach meáchaint aer-árthaigh fé lán-ualach chun crícheanna an ailt seo, agus á ordú, i gcás aer-árthaigh d'aon chineál áirithe, go mbeidh pé scríbhinn (eadhon, scríbhinn ina ndéarfar gur meáchaint áirithe is meáchaint don aerárthach fé lán-ualach) a luadhfar sna rialacháin ina fianaise ar an meáchaint sin.

E bheith d'oblagáid ar únaerí aer-árthach bheith árachuithe in aghaidh fionntracha treaspháirtí áirithe.

25. —(1) Tar éis tosach feidhme na Caibidile seo den Chuid seo den Acht so, ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aerárthach d'eiteall ná a chur fé ndeár ná a leigint d'aon duine eile san do dhéanamh maran rud é—

(a) go mbeidh polasaí árachais i bhfeidhm maidir leis an duine sin no an duine eile sin d'eiteall an aer-árthaigh sin, sé sin, polasaí árachais (dá ngairmtear polasaí árachais ceaduithe sa Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so) do thug árachóir ceaduithe aer-árthach amach agus a dheineann, fé réir aon tsrianta no coinníollacha luaidhtear ann, únaer an aer-árthaigh sin d'árachú in aghaidh an fhiachais uile fé n-a raghaidh alos caillteanais no damáiste thárlóidh do dhaoine no do mhaoin ar talamh no ar uisce i Saorstát Éireann tré bhíthin an aer-árthaigh, no tré bhíthin duine inti, no tré bhíthin aon earra no duine ag tuitim aisti, agus an t-aer-árthach san ag eiteall no ag eirghe no ag túirling; no

(b) gur duine eiscithe do réir bhrí na Caibidile seo den Chuid seo den Acht so únaer an aer-árthaigh sin.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé cointach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá cheád punt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Aímsiritheoirí aer-árthach d'áireamh ina n-únaerí i gcásanna áirithe.

26. —I gcás—

(a) aon aer-árthach do bheith aistrithe no leigthe no curtha ar aimsir bona fide ag á húnaer chun aon duine eile ar feadh tréimhse is sia ná ceithre lá déag, agus

(b) gan aon phíolóid, ceannasaí ná loingseoir don aerárthach san ná aon bhall oibritheach dá fuirinn do bheith ar fostú ag an únaer sin,

beidh éifeacht ag an dá alt deiridh sin roimhe seo fé is dá gcuirtí ionta, in ionad na dtagairtí atá ionta don únaer, tagairtí don duine chun a mbeidh an t-aer-árthach aistrithe no leigthe no curtha ar aimsir amhlaidh.

Arachóir ceaduithe aer-árthach.

27. —(1) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, a dhearbhú gur árachóir ceaduithe aer-árthach chun crícheanna na Coda so den Acht so duine áirithe, agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san agus a bheidh sé i bhfeidhm beidh an té go ndearbhuítear leis gur árachóir ceaduithe aer-árthach chun crícheanna na Coda so den Acht so é ina árachóir cheaduithe aer-árthach chun na críche sin.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú bheidh déanta fén alt so do cheiliúradh.

Deimhniú árachais.

28. —Ní bheidh éifeacht ar bith ag polasaí árachais chun crícheanna na bhforálacha san roimhe seo den Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an t-árachóir deimhniú (dá ngairmtear deimhniú árachais sa Chuid seo den Acht so) do thabhairt amach don árachaí i dtaobh an pholasaí sin i pé fuirm agus go pé mion-innste ann éileoidh an tAire.

“Daoine eiscithe”.

29. —(1) Sa Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “duine eiscithe” duine—

(a) do lóisteáil agus do choimeád ar lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais, alos aon aer-árthaigh is leis, an méid oiriúnach údaruíonn an chéad alt ina dhiaidh seo do dhaoine, gur mian leo bheith ina ndaoine eiscithe, a lóisteáil; agus

(b) dar dheon an tAire deimhniú (a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire) fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo alos an aer-árthaigh sin.

(2) Má chuireann duine ár bith is únaer ar aon aer-árthach ina luighe ar an Aire gur lóisteáil sé an méid oiriúnach le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais alos an aer-árthaigh sin, bhéarfaidh an tAire amach don duine sin deimhniú (dá ngairmtear deimhniú urrúis sa Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so) i pé fuirm agus go pé mion-innste ann is ceart dar leis an Aire.

(3) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh an tAire deimhniú urrúis do thabhairt amach do dhuine ar bith fén alt so, agus

(b) (i) ná déanfar an méid, a luadhfar i bhfógra easnaimh do bhéarfaidh Cuntasóir na gCuirteanna Breith iúnais don duine sin do réir na bhforálacha den Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so bhaineann le fiacha breithiúntais d'íoc amach as éarlais, do lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais fé cheann ceithre lá déag tar éis don duine sin an fógra san d'fháil, no

(ii) go scuirfidh an éarlais do lóisteáil an duine sin am deonta an deimhnithe sin de bheith á coimeád ar lóisteáil,

ceiliúrfaidh an tAire an deimhniú san.

(4) San alt so cialluíonn an abairt “an méid oiriúnach” maidir le haon éarlais a lóisteálfar le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais—

(a) más únaer ar dhá aer-árthach ar a mhéid an té lóisteálfaidh an éarlais sin, an tsuim a luaidhtear i bhfo-alt (1) den chéad alt ina dhiaidh seo alos na n-aer-árthach san, agus

(b) más únaer ar thrí aer-árthach no níos mó an duine sin, an tsuim a luaidhtear i bhfo-alt (2) den chéad alt ina dhiaidh seo alos na n-aer-árthach san.

Earlaisí o dhaoine eiscithe.

30. —(1) Einne is únaer ar dhá aer-árthach ar a mhéid agus gur mian leis bheith ina dhuine eiscithe féadfaidh suim is cóionann leis an suim mhaximum a cinntear maidir leis na haerárthaighe sin le fo-alt (1) d'alt 24 den Acht so (alt a bhaineann le fiachas mar gheall ar dhamáiste dhéanfaidh aer-árthaighe do dhaoine agus do mhaoin ar talamh no ar uisce do theorannú) do lóisteáil agus do choimeád ar lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais.

(2) Einne is únaer ar thrí aer-árthach no níos mó agus gur mian leis a bheith ina dhuine eiscithe féadfaidh suim is có-ionann le méid iomlán an dá cheann is mó de sna suimeanna maximum uile agus fé seach a cinntear fé fho-alt (1) d'alt 24 den Acht so maidir leis na haer-árthaighe sin fé seach do lóisteáil agus do choimeád ar lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais.

(3) Déanfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais gach suim a lóisteálfar leis fén alt so do shúncáil i pé cinn, de sna hurrúis go mbeidh údaruithe do réir dlí cistí san Ard-Chúirt do shúncáil ionta, ordóidh an té lóisteálfaidh no chothabhálfaidh an éarlais sin, agus déanfar an t-ioncuim a fhásfaidh ar na hurrúis sin d'íoc leis an duine sin.

(4) Ní ghlacfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais le héarlais fén alt so ach amháin ar bharántas ón Aire.

(5) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacha do dhéanamh maidir le hiarrataisí ar bharántaisí chun crícheanna an ailt seo, le héarlaisí d'íoc agus iad do shúncáil no deighleáil leo, le stuic, scáireanna, no urrúis eile do lóisteáil in ionad airgid, leis an ioncum d'íoc a thiocfaidh chun bheith dlite o am go ham ar aon urrúis ina mbeidh éarlaisí súncálta de thurus na huaire, agus le héarlaisí do tharrac amach agus d'aistriú.

Fiacha breithiúntais d'íoc amach as éarlais.

31. —(1) San alt so—

cialluíonn an focal “éarlais” éarlais d'airgead no d'urrúis in ionad airgid a lóisteálfar le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so d'fhonn duine do cháiliú chun bheith ina dhuine eiscithe;

cialluíonn an focal “lóisteálach” duine do lóisteáil éarlais.

(2) I gcás duine (dá ngairmtear creidmheasóir breithiúntais san alt so) do bhaint amach breithiúntais in aon chúirt in aghaidh lóisteálaigh i suim le n-a mbaineann an t-alt so féadfaidh an Ard-Chúirt, ar n-a iarraidh sin i slí achmair don chreidmheasóir bhreithiúntais agus más deimhin léi ná fuil aon earraí ag an lóisteálach is féidir do thógaint i bhfeidhmiúchán chun an bhreithiúntais sin do shásamh, a ordú go ndéanfar méid an bhreithiúntais sin, maraon le costaisí an orduithe sin agus an iarratais air agus na n-imeacht fé, d'íoc leis an gcreidmheasóir breithiúntais amach as an éarlais a bheidh á coimeád ar lóisteáil ag an lóisteálach san.

(3) Pé uair a dhéanfaidh an Ard-Chúirt ordú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo alos éarlaise déanfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais an t-airgead a luadhfar san ordú san d'íoc amach as an éarlais sin leis an gcreidmheasóir breithiúntais a luadhfar san ordú san agus chuige sin díolfaidh oiread, de sna súncála is ionann agus an éarlais sin, agus is gá (tar éis costaisí an díola san do ghlanadh) chun go bhféadfar an t-airgead san d'íoc

(4) Pé uair a dhéanfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais do réir orduithe ar n-a dhéanamh ag cúirt fén alt so, aon airgead d'íoc amach as éarlais, no aon chuid do dhíol de sna súncálanna is ionann agus éarlais, a bheidh á coimeád ar lóisteáil leis ag lóisteálach do réir na Coda so den Acht so, áirmheoidh agus déanfaidh amach láithreach luach margaidh an mhéide bheidh gan díol de sna súncála is ionann agus an éarlais sin agus, más lugha ná lán-mhéid ceart na héarlaise sin an luach margaidh sin maraon le haon airgead nea-shúncálta is cuid den éarlais sin, bhéarfaidh fógra i scríbhinn don Aire agus don lóisteálach san i dtaobh an easnaimh sin agus a mhéide.

(5) Más rud é, nuair a bhéarfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais fógra i dtaobh easnaimh ar éarlais do lóisteálach do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo, go lóisteálfaidh an lóisteálach san le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais, ceithre lá déag ar a mhéid tar éis an fhógra san d'fháil, suim is có-ionann le méid an easnaimh a luadhfar sa bhfógra san, déanfar an tsuim a lóisteálfar amhlaidh do chur leis an éarlais sin agus d'áireamh mar chuid di agus tuigfear gur choimeád an lóisteálach san an éarlais sin ina lán-mhéid cheart.

(6) Pé uair a thárlóidh maidir le lóisteálacha, más pearsa é, go dtiocfa sé chun bheith ina fhéimhí no chun bheith dócmhainneach no go n-éagfa sé no, más cólucht corpruithe é, go bhforceannófar é no, más páirtnéireacht no comhlachas neamh-ionchorpruithe eile é, go scuirfear é, beidh an éarlais do lóisteáil an lóisteálach san ionchurtha, ar an gcéad ásc, chun na bhfiachaisí sin amháin d'íoc a bheidh ar an lóisteálach maidir le suimeanna le n-a mbaineann an t-alt so agus nuair a bheidh gach fiachas den tsórt san a bheidh ar an lóisteálach san glanta ar fad beidh an éarlais sin ionchurtha mar shócmhainní generálta leis an lóisteálach.

(7) Baineann an t-alt so le haon tsuim ar n-a moladh i gcoinnibh lóisteálaigh mar airgead damáiste alos damáiste no caillteanais do thárla do dhaoine no do mhaoin ar talamh no ar uisce tré bhíthin aer-árthaigh leis an lóisteálach san, no tré bhíthin duine inti, no tré bhíthin earra no duine ag tuitim aisti, agus an t-aer-árthach san ag eiteall no ag eirghe no ag túirling.

Earlaisí do scaoileadh.

32 —Pé uair is deimhin leis an Ard-Chúirt, ar iarratas do dhéanamh i slí achmair do lóisteálach no do dhuine bheidh ag éileamh tré lóisteálach no fé agus tar éis fógra do bheith tugtha don Aire agus tar éis fógráin d'fhoillsiú fé mar ordóidh an Ard-Chúirt, go bhfuil sé ceart agus oiriúnach go n-íocfaí le neach déanta an iarratais sin an éarlais no cuid den éarlais do lóisteáil an lóisteálach san, ordóidh an Ard-Chúirt an éarlais sin no pé cuid di luadhfar san ordú san d'íoc leis an duine sin gan coinníoll no fé réir pé coinníollacha is dóich leis an Ard-Chúirt is ceart do luadh san ordú san, agus ordóidh do Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais na nithe sin uile do dhéanamh (ar a n-áirmhítear na súncála is ionann agus an éarlais sin no cuid de sna súncála san do dhíol) do chífear don Ard-Chúirt do bheith riachtanach no oiriúnach chun éifeacht do thabhairt don ordú san.

Rialacháin chun crícheanna Coda IV.

33. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinne acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) iarrataisí ar dheimhnithe urrúis;

(b) cóipeanna no deimhnithe nua do thabhairt amach in ionad aon deimhnithe den tsórt san a caillfear no a dítheofar;

(c) scríbhinní d'iompar in aer-árthaighe agus na scríbhinní sin do thaisbeáint, nuair a hiarrfar san, do pé daoine luadhfar sna rialacháin sin

(2) Má dheineann duine ar bith éinní tré ghníomh no tré fhaillí) contrárdha d'aon rialacháin a bheidh deanta fén alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.