An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID X. Saghsanna Áirithe Gnótha Eitlíochta do Stiúradh agus do Rialáil.) Ar Aghaidh (DARA SCEIDEAL. Coinníollacha ata le Cólíonadh ag an gCuideachtain.)

40 1936

ACHT UM AER-LOINGSEOIREACHT AGUS AER-IOMPAR, 1936

CEAD SCEIDEAL.

Convensiún Eadarnáisiúnta chun Ionannú do Dhéanamh ar Rialacha Áirithe maidir le hIompar Eadarnáisiúnta d'Aer.

Caibidil 1.Scóip—Mínithe.

Airtiogal 1.

(1) Bainfidh an Convensiún so le gach iompar eadarnáisiúnta dhéanfaidh aer-árthaighe ar luach saothair ag iompar daoine, bagáiste no earraí. Bainfe sé mar an gcéanna le hiompar in aisce dhéanfaidh gnó aer-iompair le haer-árthaighe.

(2) Isé bheidh in “iompar eadarnáisiúnta” do réir bhrí an Chonvensiúin seo ná aon iompar go mbeidh, do réir an chonnartha dhéanfaidh na páirtithe, an áit fágála agus an ceann scríbe, pe'ca bheidh briseadh san iompar no ná beidh no bheidh cur o luing go luing ann no ná beidh, suidhte i gcríocha dhá Ard-Pháirtí Chonnarthacha, no i gcrích Ard-Pháirtí Chonnarthaigh amháin, má bhíonn áit stoptha ar a n-aontuítear i gcrích fé fhlaitheas, fé thiarnas, fé mhandáid no fé údarás Chomhachta eile, cé nach páirtí don Chonvensiún so an Chomhacht san. Ní tuigfear gur iompar eadarnáisiúnta chun crícheanna an Chonvensiúin seo iompar gan áit stoptha den tsórt san ar a n-aontuítear idir críocha fé fhlaitheas, fé thiarnas, fé mhandáid no fé údarás an Ard-Pháirtí Chonnarthaigh chéanna.

(3) Iompar a bheidh le déanamh ag aer-iompróirí iomdha i ndiaidh a chéile tuigfear, chun crícheanna an Chonvensiúin seo, gur iompar amháin nea-roinnte é, má áirmhíonn na páirtithe é mar aon oibriúchán amháin, pe'ca a haontuíodh ina thaobh i bhfuirm chonnartha amháin no shreatha de chonnartha no nár haontuíodh, agus ní chaillfe sé a ghné eadarnáisiúnta de bhíthin connradh amháin no sreath de chonnartha do bheith le cólíonadh ar fad i gcrích fé fhlaitheas, fé thiarnas, fé mhandáid no fé údarás an Ard-Pháirtí Chonnarthaigh chéanna agus dá bhíthin sin amháin.

Airtiogal 2.

(1) Bainfidh an Convensiún so le hiompar a dhéanfaidh an Stát no cóluchtaí puiblí bheidh bunuithe go dleathach má bhíonn sé do réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airtiogal 1.

(2) Ní bhainfidh an Convensiún so le hiompar a déanfar fé théarmaí aon Chonvensiún phuist eadarnáisiúnta.

Caibidil II.Scríbhinní Iompair.

Alt 1.—Ticéad Paisnéara.

Airtiogal 3.

(1) Chun paisnéirí d'iompar caithfidh an t-iompróir ticéad paisnéara ina mbeidh na mion-innste seo leanas do sheachadadh—

(a) áit agus dáta a thabhartha amach;

(b) an áit fágála agus an ceann scríbe;

(c) na háiteanna stoptha ar a n-aontuítear, ach féadfaidh an t-iompróir, nuair is gá é, na háiteanna stoptha san d'atharú gan a ghné eadarnáisiúnta do bhaint den iompar dá dhruim sin;

(d) ainm agus seoladh an iompróra no na n-iompróirí;

(e) ráiteas á rá go bhfuil an t-iompar fé réir na rialacha i dtaobh fiachais a bunuítear leis an gConvensiún so.

(2) Más rud é ná beidh an ticéad paisnéara ann no má bhíonn sé nea-rialta no má cailltear é ní dhéanfaidh san dochar don chonnradh iompair do bheith ann ná dá dhleathacht, agus ní lugha-de bheidh an connradh san fé réir rialacha an Chonvensiúin seo. Ach ina thaobh san, má ghlacann an t-iompróir paisnéir gan ticéad paisnéara do bheith seachadtha ní bheidh sé i dteideal buntáiste do bhaint as na forálacha san den Chonvensiún so dhúnann amach no theoranuíonn a fhiachas.

Alt 2.—Ticéad Bagaiste.

Airtiogal 4.

(1) Chun bagáiste, seachas mion-rudaí pearsanta bheidh fé chúram an phaisnéara féin, d'iompar caithfidh an t-iompróir ticéad bagáiste do sheachadadh.

(2) Déanfar an ticéad bagáiste amach i ndúbláid, cuid amháin don phaisnéir agus an chuid eile don iompróir.

(3) Beidh na mion-innste seo leanas sa ticéad bagáiste:—

(a) áit agus dáta a thabhartha amach;

(b) an áit fágála agus an ceann scríbe;

(c) ainm agus seoladh an iompróra no na n-iompróirí;

(d) uimhir an ticéid phaisnéara;

(e) ráiteas á rá go seachadfar an bagáiste do shealbhóir an ticéid bhagáiste;

(f) líon agus meáchaint na bpacáistí;

(g) méid an luacha dearbhófar do réir Airtiogail 22, mír (2);

(h) ráiteas á rá go bhfuil an t-iompar fé réir na rialacha i dtaobh fiachais a bunuítear leis an gConvensiún so.

(4) Más rud é ná beidh an ticéad bagáiste ann no má bhíonn sé nea-rialta no má cailltear é ní dhéanfaidh san dochar don chonnradh iompair do bheith ann ná dá dhleathacht, agus ní lugha-de bheidh an connradh san fé réir rialacha an Chonvensiúin seo. Ach ina thaobh san, má ghlacann an t-iompróir bagáiste gan ticéad bagáiste do bheith seachadtha, no mara mbeidh na mioninnste atá leagtha amach ag (d), (f) agus (h) thuas sa ticéad bagáiste, ní bheidh an t-iompróir i dteideal buntáiste do bhaint as na forálacha san den Chonvensiún a dhúnann amach no theoranuíonn a fhiachas.

Alt 3.—Nóta Aer-chonsighneachta.

Airtiogal 5.

(1) Tá sé de cheart ag gach iompróir earraí a cheangal ar an gconsighneoir scríbhinn dá ngairmtear “nóta aer-chonsighneachta” do dhéanamh amach agus do thabhairt dó; tá sé de cheart ag gach consighneoir a cheangal ar an iompróir an scríbhinn seo do ghlacadh.

(2) Ach ina thaobh san, más rud é ná beidh an scríbhinn seo ann no má bhíonn sí nea-rialta no má cailltear í ní dhéanfaidh san dochar don chonnradh iompair do bheith ann ná dá dhleathacht, agus ní lugha-de bheidh an connradh san fé rialú ag rialacha an Chonvensiúin seo fé réir forálacha Airtiogail 9.

Airtiogal 6.

(1) Déanfaidh an consighneoir an nóta aer-chonsighneachta amach i dtrí coda bunaidh agus bhéarfar suas é i dteanta na n-earraí.

(2) Beidh na focail “don iompróir” marcálta ar an gcéad chuid, agus sighneoidh an consighneoir é. Beidh na focail “don chonsighní” marcálta ar an dara cuid; sighneoidh an consighneoir agus an t-iompróir é agus ragha sé i dteanta na n-earraí. Sighneoidh an t-iompróir an tríú cuid agus bhéarfaidh don chonsighneoir é tar eis na n-earraí do ghlacadh.

(3) Déanfar sighniú an iompróra do chur síos ar é do ghlacadh na n-earraí.

(4) Féadfaidh sighniú an iompróra bheith stampálta; féadfaidh sighniú an chonsighneora bheith clóbhuailte no stampálta.

(5) Má dheineann an t-iompróir an nóta aer-chonsighneachta amach ar iarratas an chonsighneora, tuigfear, mara gcruthuítear a mhalairt, gur thar ceann an chonsighneora do rinne sé amhlaidh.

Airtiogal 7.

Tá an t-iompróir earraí i dteideal a cheangal ar an gconsighneoir nótaí consighneachta ar leithligh do dhéanamh amach nuair a bhíonn níos mó ná pacáiste amháin ann.

Airtiogal 8.

Beidh na mion-innste seo leanas sa nóta aer-chonsighneachta:—

(a)  áit agus dáta a fheidhmithe;

(b)  an áit fágála agus an ceann scríbe;

(c)  na háiteanna stoptha ar a n-aontuítear, ach féadfaidh an t-iompróir, nuair is gá é, na háiteanna stoptha san d'atharú gan a ghné eadarnáisiúnta do bhaint den iompar dá dhruim sin;

(d)  ainm agus seoladh an chonsighneora;

(e)  ainm agus seoladh an chéad iompróra;

(f)  ainm agus seoladh an chonsighní, más gá san sa chás;

(g)  an saghas earraí;

(h)  líon na bpacáistí, an modh pacála agus na marcanna no na huimhreacha áirithe atá ortha;

(i)  meáchaint, caindíocht agus toirt no tuisí na n-earraí;

(j)  an riocht ina bhféachann na hearraí agus an phacáil do bheith;

(k)  an luach fartha, má có-aontuíodh ina thaobh, dáta agus áit a íoctha, agus an duine atá le n-a íoc;

(l)  más chun íoc asta ar iad do sheachadadh a seolfar na hearraí, praghas na n-earraí, agus, más gá san sa chás, méid na gcostaisí fé n-a ndeachthas;

(m)  méid an luacha dearbhuíodh do réir Airtiogail 22, mír (2);

(n)  an méid codanna atá sa nóta aer-chonsighneachta;

(o)  na scríbhinní do seachadadh don iompróir chun bheith i dteanta an nóta aer-chonsighneachta;

(p)  an t-am do ceapadh chun an iompair do chríochnú agus gearr-thuairisc i dtaobh an chúrsa atá le leanúint (via) má rinneadh socrú i dtaobh na nithe seo;

(q)  ráiteas á rá go bhfuil an t-iompar á dhéanamh fé réir na rialacha i dtaobh fiachais a bunuítear leis an gConvensiún so.

Airtiogal 9.

Má ghlacann an t-iompróir earraí gan nóta aer-chonsighneachta do bheith déanta amach, no mara mbeidh na mion-innste uile atá leagtha amach in Airtiogal 8 (a) go (i) go huile agus (q) sa nóta san, ní bheidh an t-iompróir i dteideal buntáiste do bhaint as na forálacha den Chonvensiún so dhúnann amach no theoranuíonn a fhiachas.

Airtiogal 10.

(1) Tá an consighneoir freagarthach i gcruinneas na mioninnste agus na ráitisí i dtaobh na n-earraí a chuirfe sé isteach sa nóta aer-chonsighneachta.

(2) Beidh sé freagarthach sa damáiste uile déanfar don iompróir no do dhuine ar bith eile de dheascaibh na mion-innste agus na ráitisí sin do bheith nea-rialta, nea-chruinn no neadhóthanach.

Airtiogal 11.

(1) Mara gcruthuítear a mhalairt beidh an nóta aer-chonsighneachta ina fhianaise ar an gconnradh do bheith críochnuithe, ar na hearraí do bheith faighte agus ar na coinníollacha iompair.

(2) Mara gcruthuítear a mhalairt beidh na ráitisí sa nóta aerchonsighneachta i dtaobh meáchaint, tuisí agus pacáil na n-earraí, maraon leis na ráitisí i dtaobh líon na bpacáistí, ina bhfianaise ar na nithe sin; ní bheidh na ráitisí i dtaobh caindíocht, toirt agus riocht na n-earraí ina bhfianaise i gcoinnibh an iompróra ach sa mhéid go ndearna sé, agus go ndeirtear sa nóta aer-chonsighneachta go ndearna sé, iad do sheiceáil i láthair an chonsighneora, no i gcás ina mbaineann na ráitisí leis an riocht ina bhféachann na hearraí do bheith.

Airtiogal 12.

(1) Tá sé de cheart ag an gconsighneoir, ar choinníoll go gcólíonfa sé a oblagáidí uile fén gconnradh iompair, deighleáil leis na hearraí tré n-a dtarrac siar ag an aerodróm fágála no ag an aerodróm ceann scríbe, no tré n-a stopadh i gcúrsa an turuis ag ionad túirlinge, no tré n-a cheangal go seachadfar iad ag an gceann scríbe no i gcúrsa an turuis do dhuine seachas an consighní bheidh ainmnithe so nóta aer-chonsighneachta, no tré n-a éileamh go gcuirfear thar n-ais go dtí an t-aerodróm fágála iad, ach san ar choinníoll ná déanfaidh feidhmiú an chirt seo dochar don iompróir ná do chonsighneoirí eile agus go n-aisíocfar aon chostaisí thiocfaidh dá dhruim.

(2) Maran féidir orduithe an chonsighneora do chur i ngníomh caithfidh an t-iompróir san do chur in úil dó láithreach.

(3) Má dheineann an t-iompróir do réir orduithe an chonsighneora maidir le deighleáil leis na hearraí gan a éileamh go dtaisbeánfaí an chuid den nóta aer-chonsighneachta bheidh seachadtha don chonsighneoir, beidh sé freagarthach, gan dochar dá cheart chun íoc do bhaint den chonsighneoir, in aon damáiste déanfar dá dheascaibh sin do dhuine ar bith go mbeidh an nóta aer-chonsighneachta ina sheilbh go dleathach aige.

(4) An ceart a bronntar ar an gconsighneoir scuireann an túisce thosnuíonn ceart an chonsighní do réir Airtiogail 13. Ach ina thaobh san, má dhiúltann an consighní an nóta consighneachta no na hearraí do ghlacadh, no maran féidir scéal do chur chuige, tá a cheart deighleála ag an gconsighneoir athuair.

Airtiogal 13.

(1) Ach amháin sna cásanna atá leagtha amach san Airtiogal san roimhe seo, tá an consighní i dteideal, ar na hearraí do shroichint an ceann scríbe, a cheangal ar an iompróir an nóta aerchonsighneachta do thabhairt suas dó agus na hearraí do sheachadadh dhó, ar íoc na n-éilithe atá dlite agus ar dhéanamh do réir na gcoinníollacha iompair atá leagtha amach sa nóta aerchonsighneachta.

(2) Mara ndeintear a mhalairt de chó-aontú, cuirfidh an t-iompróir scéal chun an chonsighní ar na hearraí do bheith tagtha.

(3) Má admhuíonn an t-iompróir gur cailleadh na hearraí, no mara mbeidh na hearraí tagtha i gcionn tréimhse seacht lá tar éis an dáta ar ar cheart dóibh teacht, beidh an consighní i dteideal na cearta bheidh ann de thoradh an chonnartha iompair d'fhoirfheidhmiú i gcoinnibh an iompróra.

Airtiogal 14.

Féadfaidh an consighneoir agus an consighní foirfheidhmiú do dhéanamh ar na cearta uile bronntar ortha fé seach le hAirtiogail 12 agus 13, gach duine acu ina ainm féin, pe'ca ar mhaithe leis féin no ar mhaithe le duine eile bheidh sé ag gníomhú, ar choinníoll go gcólíonfa sé na hoblagáidí forchuirtear leis an gconnradh.

Airtiogal 15.

(1) Ní dhéanfaidh na hAirtiogail sin 12, 13 agus 14 dochar don bhaint a bheidh ag an gconsighneoir agus ag an gconsighní le n-a chéile ná don bhaint le n-a chéile bheidh ag treas-pháirtithe gur ón gconsighneoir no ón gconsighní bheidh a gcearta ag teacht.

(2) Ba cheart aon choinníoll ná beidh do réir forálacha Airtiogal 12, 13 agus 14 do chur sa nóta aer-chonsighneachta.

Airtiogal 16.

(1) Beidh sé d'fhiachaint ar an gconsighneoir pé eolas do thabhairt uaidh agus pé scríbhinní do chur ag gabháil leis an nóta aer-chonsighneachta is gá chun fuirmeáltachtaí custum, octroi no póilíneachta do chríochnú sara bhféadfar na hearraí do sheachadadh don chonsighní. Tá an consighneoir freagarthach don iompróir in aon damáiste thiocfaidh toisc gan aon eolas no scríbhinní den tsórt san do bheith ann no toisc iad do bheith nea-dhóthanach no nearialta, marab é an t-iompróir no a ghníomhairí fé ndeár an damáiste.

(2) Ní bheidh sé d'fhiachaint ar an iompróir féachaint an bhfuil an t-eolas no na scríbhinní sin cruinn no dóthanach no ná fuil.

Caibidil III.Fiachas an Iompróra.

Airtiogal 17.

Tá an t-iompróir freagarthach i ndamáiste deintear i gcás paisnéir d'éag no do chréachtnú no aon díobháil eile chuirp do bhaint dó, más ar bord an aer-árthaigh no i gcúrsa aon choda d'obair an luchtuithe no an dí-luchtuithe do thárla an tionóisc ba chúis leis an damáiste do rinneadh amhlaidh.

Airtiogal 18.

(1) Tá an t-iompróir freagarthach i ndamáiste deintear i gcás aon bhagáiste cláruithe no aon earraí do mhilleadh no do chailliúint no do dhamáistiú, más le linn an iompair d'aer do thárla an ní ba chúis leis an damáiste do rinneadh amhlaidh.

(2) Isé is ré don iompar d'aer do réir bhrí na míre sin roimhe seo ná an tréimhse gur ar a feadh atá an bagáiste no na hearraí i gcúram an iompróra, pe'ca in aerodróm no ar bord aer-árthaigh é, no, i gcás túirlinge lasmuich d'aerodróm, in aon áit ar bith.

(3) Ní fholuíonn an tréimhse iompair d'aer aon iompar de thír, de mhuir ná d'abhainn a deintear lasmuich d'aerodróm. Más rud é, ámh, go ndeintear iompar den tsórt san i bhfeidhmiú connartha iompair d'aer, chun luchtú, seachadadh no cur o luing go luing do dhéanamh, tuigtear, mara gcruthuítear a mhalairt, gur teagmhas do thárla le linn an iompair d'aer ba chúis le haon damáiste deintear.

Airtiogal 19.

Tá an t-iompróir freagarthach i ndamáiste thagann de dheascaibh aon mhoill do dhéanamh i bpaisnéirí, bagáiste no earraí d'iompar d'aer.

Airtiogal 20.

(1) Níl an t-iompróir freagarthach má chruthuíonn sé go ndearna seisean agus a ghníomhairí na nithe uile ba ghá chun an damáiste do sheachaint no nárbh fhéidir dó-san ná dá ghníomhairí na nithe sin do dhéanamh.

(2) In iompar earraí agus bagáiste níl an t-iompróir freagarthach má chruthuíonn sé gurbh é ba chúis leis an damáiste ná píolóideacht fhaillítheach no faillí i láimhseáil an aer-árthaigh no i loingseoireacht agus, ar gach slí eile, go ndearna seisean agus a ghníomhairí na nithe uile ba ghá chun an damáiste do sheachaint.

Airtiogal 21.

Má chruthuíonn an t-iompróir gurbh í faillí an té dá ndearnadh damáiste ba chúis leis an damáiste no gur chabhruigh sí leis an damáiste do dhéanamh féadfaidh an Chúirt, do réir forálacha a dlí féin, an t-iompróir do shaoradh no a fhiachas do laigheadú.

Airtiogal 22.

(1) In iompar paisnéirí ní théigheann fiachas an iompróra in aghaidh gach paisnéara fé leith thar suim 125,000 franc. Más rud é gur féidir, do réir dlí na Cúirte gur os a cóir atá an cás, airgead damáiste do mholadh i bhfuirm íocaíochtaí tréimhsiúla, ní raghaidh an luach caipitail is có-ionann leis na híocaíochtaí sin thar an maximum roimhráite. Ach ina thaobh san, féadfaidh an paisnéir, tré chó-aontú speisialta do dhéanamh leis an iompróir, teora fiachais níos aoirde do shocrú.

(2) In iompar bagáiste chláruithe agus earraí ní théigheann fiachas an iompróra thar suim 250 franc an cílogram, mara ndeineann an consighneoir, agus é ag tabhairt an phacáiste don iompróir, dearbhú speisialta i dtaobh an luacha le linn an tseachadtha agus go n-íocann suim bhreise más gá san. Sa chás san beidh an t-iompróir freagarthach suas go dtí méid na suime dearbhuithe, mara gcruthuighe sé gur mó an tsuim sin ná an méid do b'fhiú an pacáiste don chonsighneoir le linn an tseachadtha.

(3) Maidir le rudaí bhionn i gcúram an phaisnéara féin ní théigheann fiachas an iompróra thar 5,000 franc in aghaidh gach paisnéara.

(4) Tuigfear na suimeanna luaidhtear thuas do bhaint leis an bhfranc Francach ina bhfuil 65½ míliúgram d'ór go bhfuil 900 cuid as an míle d'fhíneáltacht ann. Is féidir na suimeanna so d'atharú go dtí aon airgead reatha náisiúnta ina bhfigiúirí is iolraithe ar dheich.

Airtiogal 23.

Foráil ar bith a raghadh chun an iompróra do shaoradh o fhiachas no chun teora is ísle ná í sin atá leagtha síos sa Chonvensiún so do cheapadh beidh sí gan bhrí gan éifeacht, ach ní nea-mbríochaint ar an gconnradh ar fad aon fhoráil den tsórt san do bheith gan bhrí agus leanfaidh an connradh de bheith ann fé réir forálacha an Chonvensiúin seo.

Airtiogal 24.

(1) Sna cásanna le n-a mbaineann Airtiogail 18 agus 19 ní féidir aon aicsean chun airgead damáiste do bhaint amach, pe cúis a bheidh leis, do bhunú ach fé réir na gcoinníollacha agus na dteoranta atá leagtha amach sa Chonvensiún so.

(2) Sna cásanna le n-a mbaineann Airtiogal 17 tá feidhm ag forálacha na míre sin roimhe seo freisin, gan dochar do sna ceisteanna i dtaobh cé hiad na daoine ag á bhfuil an ceart aicsin agus cadiad na cearta atá acu fé seach.

Airtiogal 25.

(1) Ní bheidh sé de cheart ag an iompróir buntáiste do bhaint as na forálacha den Chonvensiún so a dhúnann amach no theoranuíonn a fhiachas, másé is cúis leis an damáiste ná máilís no a leithéid sin d'fhaillí ar a thaobh-san go meastar, do réir dlí na Cúirte gur os a cóir a bheidh an cás, í bheith mailíseach.

(2) Séanfar an ceart so chó maith céanna air más duine dá ghníomhairí do rinne, i scóip a fhostaíochta, an damáiste i gcúrsaí den tsamhail chéanna.

Airtiogal 26.

(1) Má ghlacann an consighní an bagáiste no na hearraí gan gearán do dhéanamh beidh san, mara gcruthuítear a mhalairt, ina fhianaise go ndearnadh an chonsighneacht do sheachadadh i riocht mhaith agus do réir na scríbhinne iompair.

(2) I gcás damáiste, caithfidh an consighní gearán do dhéanamh leis an iompróir láithreach tar éis an damáiste d'fhionnachtain, agus, ar a dhéanaí, laistigh de thrí lá o dháta a fhálta i gcás bagáiste agus laistigh de sheacht lá o dháta a bhfálta i gcás earraí. I gcás moille caithfear an gearán do dhéanamh laistigh de cheithre lá dhéag ar a dhéanaí ón dáta ar ar tugadh an bagáiste no na hearraí ar láimh dó.

(3) Caithfear gach gearán do dhéanamh i scríbhinn ar an scríbhinn iompair no tré fhógra ar leithligh i scríbhinn a cuirfear amach laistigh den tréimhse orduithe alos an ghearáin sin.

(4) Mara ndeintear gearán laistigh de sna tréimhsí orduithe, ní luighfidh aon aicsean i gcoinnibh an iompróra, ach amháin i gcás calaoise ar a thaobh-san.

Airtiogal 27.

I gcás an duine atá freagarthach d'fháil bháis, luigheann aicsean alos damáiste do réir téarmaí an Chonvensiúin seo i gcoinnibh a ionadaithe pearsanta.

Airtiogal 28.

(1) Caithfear aicsean, chun airgead damáiste do bhaint amach, do bhunú, fé mar is rogha leis an ngearánaí, i gcrích Páirtí de sna hArd-Pháirtithe Connarthacha, os cóir na Cúirte ag á bhfuil dlighinse san áit ina gcomhnuíonn an t-iompróir no ina bhfuil a phríomh-áit ghnótha aige no ina bhfuil tigh gnótha aige do rinne an connradh no os cóir na Cúirte ag á bhfuil dlighinse ag an gceann scríbe.

(2) Isé dlí na Cúirte gur os a cóir a bheidh an cás a rialóidh ceisteanna i dtaobh nós imeachta.

Airtiogal 29.

(1) Beidh cosc leis an gceart chun airgid damáiste mara mbunuítear aicsean laistigh de dhá bhliain, ar n-a áireamh ón dáta ar ar sroicheadh an ceann scríbe no ón dáta ar ar cheart don aerárthach é shroichint no ón dáta ar ar stad an t-iompar.

(2) Is do réir dlí na Cúirte gur os a cóir a bheidh an cás a cinnfear an modh ina ndéanfar amach an tréimhse roimhráite.

Airtiogal 30.

(1) I gcás iompair atá le déanamh ag iompróirí iomdha i ndiaidh a chéile agus le n-a mbaineann an míniú atá leagtha amach sa tríú mír d'Airtiogal 1, tá ar gach iompróir a ghlacann bagáiste paisnéirí no earraí déanamh do réir na rialacha atá leagtha amach sa Chonvensiún so agus tuigtear gur páirtí é de sna páirtithe connarthacha sa chonnradh iompair sa mhéid go mbaineann an connradh san leis an gcuid sin den iompar a deintear fé n-a mhaoirseacht.

(2) I gcás iompair den chineál so, ní féidir don phaisnéir ná dá ionadaí aicsean do bhunú ach amháin i gcoinnibh an iompróra do rinne an t-iompar gur le n-a linn do thárla an tionóisc no an mhoill, ach amháin i gcás ina ndearna an chéad iompróir, le có-aontú soiléir, a ghlacadh air féin a bheith freagarthach in aghaidh an turuis ar fad.

(3) I gcás bagáiste no earraí, beidh ceart aicsin ag an gconsighneoir i gcoinnibh an chéad iompróra, agus beidh ceart aicsin ag an gconsighní atá i dteideal an tseachadtha i gcoinnibh an iompróra dheiridh, agus fós, féadfaidh an bheirt acu aicsean do bhunú i gcoinnibh an iompróra do rinne an t-iompar gur le n-a linn do thárla an milleadh, an chailliúint, an damáiste no an mhoill. Beidh na hiompróirí seo freagarthach i dteanta a chéile don chonsighneoir no don chonsighní.

Caibidil IV.—Forálacha i dtaobh Iompair Aontuithe.

Airtiogal 31.

(1) I gcás iompair aontuithe deintear go leathrannach d'aer agus go leathrannach tré aon mhodh eile iompair, ní bhaineann forálacha an Chonvensiúin seo ach leis an iompar d'aer, má bhíonn an t-iompar san do réir téarmaí Airtiogail I.

(2) Ní dhéanfaidh éinní atá sa Chonvensiún so na páirtithe, i gcás iompair aontuithe, do chosc ar choinníollacha i dtaobh modhanna eile iompair do chur sa scríbhinn aer-iompair, má forchoimeádtar forálacha an Chonvensiúin seo maidir leis an iompar d'aer.

Caibidil V.Forálacha Generálta agus Forálacha Deiridh.

Airtiogal 32.

Ní bheidh brí na éifeacht ag aon chlás a bheidh sa chonnradh ná ag aon chó-aontuithe speisialta, ar n-a ndéanamh roimh an damáiste do thárlachtaint, tré n-a dtugann na páirtithe le tuisgint go dtréigid na rialacha a leagtar síos leis an gConvensiún so, pe'ca tré n-a chinneadh cadé an dlí ag á mbeidh feidhm no tré sna rialacha i dtaobh dlighinse d'atharú. Ach ina thaobh san, lomháltar, fé réir an Chonvensiúin seo, clásanna eadrascáin, maidir le hearraí d'iompar, má bhíonn an t-eadrascán le déanamh laistigh de cheann de sna dlighinsí dá dtagartar sa chéad mhír d'Airtiogal 28.

Airtiogal 33.

Ní choiscfidh éinní atá sa Chonvensiún so an t-iompróir ar dhiúltadh d'aon chonnradh iompair do dhéanamh ná ar rialacháin do dhéanamh ná beidh contrárdha d'fhorálacha an Chonvensiúin seo.

Airtiogal 34.

Ní bhainfidh an Convensiún so le hiompar eadarnáisiúnta d'aer a dhéanfaidh gnóthaí aer-loingseoireachta i bhfuirm trialach tosaigh d'fhonn rian rialta aer-loingseoireachta do bhunú, ná ní bhainfe sé le hiompar a déanfar i gcásanna neaghnáthacha lasmuich de ghnáth-scóip ghnótha aer-iompróra.

Airtiogal 35.

Nuair a húsáidtear an focal “laetheanta” sa Chonvensiún so, is laetheanta reatha agus ní laetheanta oibre chialluíonn sé.

Airtiogal 36.

Is i bhFraincis agus in aon chóip amháin atá an Convensiún so curtha le chéile agus fanfaidh an chóip sin ar lóisteáil in annálacha Aireacht Ghnóthaí Coigríche na Polainne agus cuir fidh Rialtas na Polainne cóip chuibhe-dheimhnithe amháin di go dtí Rialtas gach Páirtí de sna Páirtithe Ard-Chonnarthacha.

Airtiogal 37.

(1) Daingneofar an Convensiún so. Déanfar ionstruimí an daingnithe do lóisteáil in annálacha Aireacht Ghnóthaí Coigríche na Polainne, agus cuirfidh an Aireacht san in úil do Rialtas gach Páirtí de sna Páirtithe Ard-Chonnarthacha go ndearnadh an lóisteáil.

(2) Chó luath agus a bheidh an Convensiún so daingnithe ag cuíg Páirtí de sna Páirtithe Ard-Chonnarthacha tiocfa sé i bhfeidhm eatortha ar an nóchadú lá tar éis an cúigiú daingniú do lóisteáil. Ina dhiaidh sin tiocfa sé i bhfeidhm, idir na Páirtithe Ard-Chonnarthacha ag á mbeidh sé daingnithe agus an Páirtí Ard-Chonnarthach a lóisteálfaidh a ionstruimí daingnithe, ar an nóchadú lá tar éis na lóisteála san do dhéanamh.

(3) Beidh sé de dhualgas ar Rialtas Phoblacht na Polainne dáta an Chonvensiúin seo do theacht i bhfeidhm agus fós dáta lóisteálta gach daingnithe fé leith a chur in úil do Rialtas gach Páirtí de sna Páirtithe Ard-Chonnarthacha.

Airtiogal 38.

(1) Tar éis é theacht i bhfeidhm, fanfaidh an Convensiún so ar oscailt chun Stát ar bith d'aontú leis.

(2) Isé slí ina ndéanfar an t-aontú ná tré fhógra díreofar chun Rialtas Phoblacht na Polainne, agus cuirfidh an Rialtas san an méid sin in úil do Rialtas gach Páirtí de sna Páirtithe Ard-Chonnarthachta.

(3) Raghaidh an t-aontú in éifeacht ón nóchadú lá tar éis an fhógra do thabhairt do Rialtas Phoblacht na Polainne.

Airtiogal 39.

(1) Féadfaidh aon Pháirtí de sna Páirtithe Ard-Chonnarthacha eirghe as an gConvensiún so tré fhógra díreofar chun Rialtas Phoblacht na Polainne, agus cuirfidh an Rialtas san an méid sin in úil láithreach do Rialtas gach Páirtí de sna Páirtithe Ard-Chonnarthacha.

(2) Raghaidh eirghe as in éifeacht sé mhí tar éis an fhógra ina thaobh do thabhairt, ach ní bheidh éifeacht aige ach amháin alos an pháirtí bheidh tar éis fógra maidir le heirghe as do thabhairt uaidh.

Airtiogal 40.

(1) Féadfaidh aon Pháirtí Ard-Chonnarthach, le linn an Chonvensiúin do shighniú no le linn a dhaingniú do lóisteáil no a aontú do dhéanamh, a dhearbhú i dtaobh é do ghlacadh leis an gConvensiún so ná baineann san le gach ceann no le haon cheann áirithe dá gcóilíneachtaí, dá choimircisí, no dá chríocha fé mhandáid, no le haon chrích eile fé n-a fhlaitheas no fé n-a údarás, no le haon chrích fé n-a thiarnas.

(2) Dá réir sin féadfaidh aon Pháirtí Ard-Chonnarthach aontú ar leithligh do dhéanamh ina dhiaidh sin in ainm gach ceann no aon cheann dá chóilíneachtaí, dá choimircisí, no dá chríocha fé mhandáid no aon chríche eile fé n-a fhlaitheas no fé n-a údarás no aon chríche eile fé n-a thiarnas do dúnadh amach amhlaidh le n-a bhun-dearbhú.

(3) Féadfaidh aon Pháirtí Ard-Chonnarthach fógra do thabhairt, do réir forálacha an Chonvensiúin seo, á rá go bhfuil sé féin no gach ceann no aon cheann dá chóilíneachtaí, dá choimircisí, dá chríocha fé mhandáid no aon chríoch eile fé n-a fhlaitheas no fé n-a údarás, no aon chríoch eile fé n-a thiarnas ag eirghe as an gConvensiún so.

Airtiogal 41.

Beidh Páirtí Ard-Chonarthach ar bith i dteideal, tráth nach luaithe ná dhá bhliain tar éis don Chonvensiún so teacht i bhfeidhm, a iarraidh go dtabharfaí Códháil nua eadarnáisiúnta le chéile chun aon fheabhsuithe d'fhéadfaí dhéanamh ar an gConvensiún so do bhreithniú. Chuige seo cuirfe sé scéala go dtí Rialtas Phoblacht na Fraince agus déanfaid san na nithe is gá chun ullamhuithe i gcóir na Codhála san.

Fanfaidh an Convensiún so, ar n-a dhéanamh i Warsaw an 12adh Deireadh Fómhair, 1929, ar oscailt chun a shighnithe go dtí an 31adh Eanar, 1930.

(Tá na sighnithe anso do cuireadh leis thar ceann na dtíortha so leanas:—

An Ghearmáin, An Ostair, An Bheilg, An Bhreasail. An Danmharg, An Spáinn, An Fhrainc, An Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann, Có-chiníochas na hAstráile, Aondacht na hAifrice Theas, An Ghréig, An Iodáil, An tSeapáin, An Laitbhe, Luxembourg, An Norbhuaidh, An Isiltír, An Pholainn, An Rúmáin, An Eilbhéis, An tSecshlóbhaic, Aondacht na bPoblacht Soibhéideach Sóisialta, agus An Iúgshlaibh.)

Protocol Breise.

(I dtaobh Airtiogail 2.)

Coimeádann na Páirtithe Ard-Chonnarthacha acu féin an ceart chun a dhearbhú tráth an daingnithe no an aontuithe ná bainfidh mír (1) d'Airtiogal 2 den Chonvensiún so le hiompar eadarnáisiúnta d'aer a déanfar go díreach ag an Stát, ag á chóilíneachtaí, ag á choimircisí no ag á chríocha fé mhandáid no ag aon chrích eile fé n-a fhlaitheas, fé n-a thiarnas no fé n-a údarás.

[Na sighnithe céanna san atá leis an gConvensiún agus a taisbeántar thuas.]