Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Daoine Gheobhaidh Cuiteamh.)

39 1936


Uimhir 39 de 1936.


ACHT AOIS-LIÚNTAS, 1936.


ACHT CHUN SOCRUITHE SPEISIALTA DO DHÉANAMH MAIDIR LE FEIDHM NA nACHTANNA AOIS-LIÚNTAS, 1834 GO 1923, I gCÁSANNA IOMDHA D'EIRIGH LE LINN NA nACHTANNA SAN DO RIARADH Ó BUNUÍODH SAORSTÁT ÉIREANN, AGUS CHUN DEIREADH DO CHUR LE hAIMHRIALTACHTAÍ ÁIRITHE THÁINIG CHUN SOLUIS LE LINN AN RIARTHA SAN, AGUS CHUN NA nACHTANNA SAN DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ CHUN NA gCRÍCHEANNA SAN AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE.

[14adh Lúnasa, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgid;

cialluíonn an abairt “na hAchtanna Aois-liúntas” na hAchtanna Aois-liúntas, 1834 go 1923, agus an tAcht so;

cialluíonn an abairt “an Rialtas Sealadach” an rialtas do bunuíodh do réir Airtiogail 17 de Chonnradh 1921 chun bheith ina rialtas sealadach chun na gcrícheanna luaidhtear san Airtiogal san;

cialluíonn an abairt “stát-sheirbhís Dháil Éireann” an státsheirbhís do bunuíodh fé údarás an Chéad Dáil Éireann agus do coinníodh ar bun ina dhiaidh sin fé údarás an Dáil Éireann san agus a comharbaí;

foluíonn tagairtí do scur de bheith ar fostú agus do scur de bheith ag fónamh scur ar aon tslí, pe'ca go toilteannach no go neathoilteannach é, agus foluíd go sonnrách geallbhruideadh puist do gheobhfaí mara mbeadh san, diúltú do dhuine do dháiliú no an dáiliú do mhoilliú, agus cur ar fiunraoi o dhiúité gan págh;

cialluíonn an abairt “seirbhís bhunuithe” seirbhís i bhfeadhmannas gur féidir aois-liúntas do dheonadh ina thaobh fé sna hAchtanna Aois-liúntas;

cialluíonn an abairt “post bunuithe” post ina dtugtar seirbhís bhunuithe;

cialluíonn an abairt “seirbhís nea-bhunuithe” seirbhís i bhfeadhmannas inar gá seirbhís lán-aimsire ach nach féidir aois-liúntas do dheonadh ina taobh fé sna hAchtanna Aois-liúntas;

cialluíonn an abairt “post nea-bhunuithe” post ina dtugtar seirbhís nea-bhunuithe.

Stát-sheirbhísí le n-a mbaineann ath-shuidheamh fén Acht so.

2. —(1) Chun crícheanna an Achta so is stát-sheirbhís le n-a mbaineann ath-shuidheamh fén Acht so gach seirbhís acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) stát-sheirbhís Dháil Éireann;

(b) stát-sheirbhís Ríochta Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann le déanaí;

(c) stát-sheirbhís Ríochta Aontuithe na Breataine Móire agus Tuaiscirt Éireann;

(d) stát-sheirbhís Thuaiscirt Éireann;

(e) stát-sheirbhís an Rialtais Shealadaigh:

(f) stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann.

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “stát-sheirbhís le n-a mbaineann ath-shuidheamh fén Acht so” stát-sheirbhís is státsheirbhís le n-a mbaineann ath-shuidheamh fén Acht so de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo den alt so.

Stát-sheirbhísí Briotáineacha.

3. —(1) Chun crícheanna an Achta so is stát-sheirbhís Bhriotáineach gach stát-sheirbhís acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) stát-sheirbhís Ríochta Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann le déanaí;

(b) stát-sheirbhís Ríochta Aontuithe na Breataine Móire agus Tuaiscirt Éireann;

(c) stát-sheirbhís Thuaiscirt Éireann.

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “stát-sheirbhís Bhriotáineach” stát-sheirbhís is stát-sheirbhís Bhriotáineach de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo den alt so.

Seirbhís i statsheirbhís Dháil Éireann do rangú.

4. —(1) Chun crícheanna an Achta so—

(a) duine do ceapadh chun puist i stát-sheirbhís Dháil Éireann roimh an 11adh lá d'Iúl, 1921, tuigfear é do cheapadh chun puist bhunuithe sa stát-sheirbhís sin, agus

(b) duine do céad-cheapadh chun puist i stát-sheirbhís Dháil Éireann an 11adh lá d'Iúl, 1921, no dá éis sin, tuigfear é do cheapadh chun puist nea-bhunuithe sa stát-sheirbhís sin.

(2) Pé uair is deimhin leis an Aire go ndearna duine áirithe, an 11adh lá d'Iúl, 1921, no dá éis sin, ar iarratas o Aireacht an Dara Dáil Éireann, post consulach no diplomáideach thar lear i státsheirbhís Dháil Éireann do ghlacadh agus ar an bpost san do ghlacadh dhó gur thárla cailliúint mhór airgid dó toisc gurbh éigin dó a ghnó do chur de láimh, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é agus d'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, a thuisgint, chun crícheanna an Achta so, post bunuithe i stát-sheirbhís Dháil Éireann do bheith ag an duine sin.

(3) Nuair a bheidh an tAire ag tabhairt deimhnithe uaidh fén Acht so maidir le duine do bhí ar fostú i stát-sheirbhís Dháil Éireann féachfaidh d'fhorálacha na bhfo-alt san roimhe seo den alt so.

Tosach agus scur fostaíochta i státsheirbhís Dháil Éireann.

5. —(1) Pé uair a dheimhneoidh an tAire i ndeimhniú bhéarfa sé uaidh fén Acht so gur scuir duine de bheith ar fostú i státsheirbhís Dháil Éireann no gur scuir duine, do bhí ar fostú i stát-sheirbhís Dháil Éireann, de bheith ar fostu i stát-sheirbhís eile le n-a mbaineann ath-shuidheamh fén Acht so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) luadhfaidh an tAire sa deimhniú san an dáta ar a dtuigfear fostaíocht an duine sin i stát-sheirbhís Dháil Éireann do thosnú chun crícheanna an deimhnithe sin agus an ailt den Acht so bhaineann leis an gcás;

(b) i gcás gan an duine sin do bheith ar fostú amhlaidh ach ar feadh aon tréimhse leanúnaighe amháin áirmheofar, chun crícheanna an Achta so, an tréimhse bhí sé sa bhfostaíocht san do thosnú ar an dáta luadhfar amhlaidh;

(c) i gcás an duine sin do bheith ar fostú amhlaidh ar feadh dhá thréimhse nea-leanúnach no níos mó áirmheofar, chun crícheanna an Achta so, an tréimhse bhí sé sa bhfostaíocht san do thosnú ar an dáta luadhfar amhlaidh agus do leanúint ón dáta san gan briseadh go dtí deireadh na tréimhse is déanaí de sna tréimhsí nea-leanúnacha san.

(2) Na tagairtí atá san Acht so do scur fostaíochta toisc cúiseanna polaitíochta amháin déanfar, i gcás gur dhá thréimhse nea-leanúnacha fostaíochta no níos mó i stát-sheirbhís Dháil Éireann an fhostaíocht, iad do léiriú mar thagairtí ná baineann ach le scur na tréimhse fostaíochta is déanaí acu san.

Seirbhís i státsheirbhís an Rialtais Shealadaigh.

6. —(1) Tuigfear chun crícheanna uile na nAchtanna Aoisliúntas gur seirbhís i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann seirbhís i stát-sheirbhís an Rialtais Shealadaigh agus féadfar í d'áireamh chun crícheanna na nAchtanna san dá réir sin.

(2) Aon amhras, ceist no aighneas eireoidh i dtaobh ce'ca mar sheirbhís bhunuithe no mar sheirbhís nea-bhunuithe a háirmheofar fén alt so seirbhís aon duine áirithe i stát-sheirbhís an Rialtais Shealadaigh isé an tAire bhéarfaidh breith air agus ní bheidh dul thar a bhreith-sean air.

Alt 2 den Acht Aois-liúntas agus Pinsean. 1923, do leasú.

7. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Aois-liúntas agus Pinsean, 1923 ( Uimh. 34 de 1923 ), agus maidir le deimhnithe do thug an tAire uaidh no bheireann le tuisgint an tAire á dtabhairt uaidh fén bhfo-alt san, sé sin le rá:—

(a) déanfar agus deintear leis seo an fo-alt san do leasú go bhfeidhm o dháta an Achta san do rith tré sna focail “laistigh de shé mhí tar éis rithte an Achta so” do scriosadh amach san áit ina bhfuil na focail sin an dara huair sa bhfo-alt san;

(b) sa bhfo-alt san folóidh an abairt “seirbhís shíbhialta Shaorstáit Éireann” agus tuigfear gur fholuigh sí riamh stát-sheirbhís an Rialtais Shealadaigh;

(c) aon deimhniú do thug an tAire uaidh no bheireann le tuisgint an tAire á thabhairt uaidh fén bhfo-alt san ní bheidh sé nea-dhleathach ná ní tuigfear é bheith neadhleathach riamh de bhíthin é bheith ráite ann go ndearnadh an duine le n-a mbaineann an deimhniú san d'ath-shuidheamh i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann ar dháta roimh an Acht san do rith agus dá bhíthin sin amháin;

(d) má bhíonn sé ráite i ndeimhniú do thug an tAire uaidh no bheireann le tuisgint an tAire á thabhairt uaidh fén bhfo-alt san go ndearnadh an duine le n-a mbaineann an deimhniú san d'ath-shuidheamh i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann ar dháta roimh dháta bhunuithe Shaorstáit Éireann, léireofar an ráiteas san agus beidh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith riamh aige mar ráiteas a bhaineann le hath-shuidheamh an duine sin i stát-sheirbhís an Rialtais Shealadaigh;

(e) gach duine gur thug an tAire deimhniú ina thaobh no gur tugadh le tuisgint an tAire do thabhairt deimhnithe ina thaobh fén bhfo-alt san tuigfear go ndearnadh é d'athshuidheamh i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann, no (másé is gá sa chás) i stát-seirbhís an Rialtais Shealadaigh, ar an dáta ar a ndeirtear sa deimhniú san é d'ath-shuidheamh i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann;

(f) an tréimhse dá ngairmtear sa bhfo-alt san an tréimhse sheirbhíse 'na bhfuil teideal ag duine ar aon tslí eile chun í d'áireamh fé sna hAchtanna Aois-liúntas folóidh sí agus tuigfear gur fholuigh sí riamh tréimhse sheirbhíse an duine sin do réir bhrí na nAchtanna san in aon stát-sheirbhís Bhriotáinigh agus freisin tréimhse a sheirbhíse do réir bhrí na nAchtanna san i státsheirbhís Shaorstáit Éireann agus (más gá é sa chás) tréimhse a sheirbhíse do réir bhrí na nAchtanna san i stát-sheirbhís an Rialtais Shealadaigh agus déanfar na tréimhsí sin uile agus fé seach agus an tréimhse idir dháta eirithe as no briste an duine sin a luaidhtear sa bhfo-alt san agus dáta a ath-shuidhimh a luaidhtear sa chéanna d'áireamh mar aon tréimhse sheirbhíse leanúnaigh amháin.

Seirbhís bhunuithe d'áireamh i gcásanna áirithe de sheirbhís bhriste.

8. —(1) Má dheineann an tAire, laistigh de dhá bhliain tar éis an Achta so do rith—

(a) a dheimhniú i scríbhinn fé n-a láimh gur scuir duine áirithe de bheith ar fostú i bpost bhunuithe i státsheirbhís le n-a mbaineann ath-shuidheamh fén Acht so agus gur toisc cúiseanna polaitíochta amháin do scuir sé amhlaidh agus gur ceapadh é ina dhiaidh sin chun puist bhunuithe i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann, agus

(b) a ordú leis an deimhniú san go mbainfidh an t-alt so le tréimhse sheirbhíse an duine sin i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann do chinneadh chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas,

ansan agus sa chás san, pé uair a bheidh tréimhse sheirbhíse an duine sin i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann á cinneadh chun crícheanna na nAchtanna san, beidh feidhm agus éifeacht ag fo-alt (3) den alt so maidir leis an gcinneadh sin.

(2) Féadfar an deimhhniú san a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so do thabhairt alos duine d'ainneoin gur thárla, roimh an deimhniú san do thabhairt agus roimh an Acht so no d'éis an Achta so do rith, an duine sin d'eirghe as stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann ar scór aoise no droch-shláinte no d'éag faid a bhí sé sa stát-sheirbhís sin agus, i gcás an deimhnithe sin do thabhairt amhlaidh alos duine d'eirigh as no d'éag amhlaidh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má rinneadh tréimhse sheirbhíse an duine sin i státsheirbhís Shaorstáit Éireann do chinneadh chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas roimh an deimhniú san do thabhairt, déanfar í d'ath-chinneadh de bhíthin an deimhnithe sin, agus

(b) beidh feidhm agus éifeacht ag fo-alt (3) den alt so maidir leis an tréimhse sheirbhíse sin do chinneadh no d'athchinneadh chun crícheanna na nAchtanna san, agus

(c) an t-aois-liúntas no an aisce no an sochar eile sin, fé sna hAchtanna Aois-liúntas, is oiriúnach do sheirbhís an duine sin, mar a déanfar san do chinneadh no d'athchinneadh chun crícheanna na nAchtanna san de bhíthin an deimhnithe sin, féadfar é dheonadh fé sna hAchtanna san don duine sin no alos an duine sin go bhfeidhm o dháta a eirithe as no a éaga amhlaidh (pe'ca aca é), agus

(d) má rinneadh aon aois-liúntas no aisce no sochar eile do dheonadh (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) fé sna hAchtanna Aois-liúntas don duine sin no alos an duine sin roimh an deimhniú san do thabhairt, féadfar an t-aois-liúntas no an aisce no an sochar eile sin do deonadh amhlaidh do choigeartú no d'atharú, go bhfeidhm o dháta eirithe as no éaga an duine sin (pe'ca aca é), sa tslí sin a bheidh oiriúnach don ath-chinneadh sin ar sheirbhís an duine sin de bhíthin an deimhnithe sin.

(3) Pé uair a bheidh tréimhse sheirbhíse éinne i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann, is duine gur thug an tAire deimhniú ina thaobh fén alt so, á cinneadh no á hath-chinneadh chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas, déanfar na tréimhsí so leanas d'áireamh mar aon tréimhse leanúnaigh amháin de sheirbhís bhunuithe i státsheirbhís Shaorstáit Éireann, sé sin le rá:—

(a) tréimhse fhostaíochta an duine sin (más aon tréimhse é) i bpost bhunuithe i stát-sheirbhís le n-a mbaineann athshuidheamh fén Acht so, agus

(b) an méid sin, ordóidh an tAire sa deimhniú san, den tréimhse o dháta an scurtha d'fhostaíocht a luadhfar sa deimhniú san go dtí dáta an cheapacháin (a luadhfar sa chéanna) chun puist bhunuithe i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann, agus

(c) tréimhse sheirbhíse bunuithe an duine sin ina dhiaidh sin i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann.

(4) Ní bheidh sé dleathach, de bhuadh an ailt seo, seirbhís ar bith do thug duine uaidh in aon stát-sheirbhís sarar shlánuigh sé sé bliana déag d'aois d'áireamh chun crícheanna na nAchtanna Aoisliúntas.

Seirbhís neabhunuithe d'áireamh i gcásanna áirithe de sheirbhís bhriste.

9. —(1) Má dheineann an tAire, laistigh de dhá bhliain tar éis an Achta so do rith—

(a) a dheimhniú i scríbhinn fé n-a láimh gur scuir duine áirithe de bheith ar fostú i bpost nea-bhunuithe i stát-sheirbhís le n-a mbaineann ath-shuidheamh fén Acht so agus gur toisc cúiseanna polaitíochta amháin do scuir sé amhlaidh agus gur ceapadh é ina dhiaidh sin chun puist nea-bhunuithe i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann, agus

(b) a ordú leis an deimhniú san go mbainfidh an t-alt so le tréimhse sheirbhíse an duine sin i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann do chinneadh chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas,

ansan agus sa chás san, pé uair a bheidh tréimhse sheirbhíse an duine sin i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann á cinneadh chun crícheanna na nAchtanna san, beidh feidhm agus éifeacht ag fo-alt (3) den alt so maidir leis an gcinneadh sin.

(2) Féadfar an deimhniú san a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so do thabhairt alos duine d'ainneoin gur thárla, roimh an deimhniú san do thabhairt agus roimh an Acht so no d'éis an Achta so do rith, an duine sin d'eirghe as stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann ar scór aoise no droch-shláinte no d'éag faid a bhí sé sa stát-sheirbhís sin agus, i gcás an deimhnithe sin do thabhairt amhlaidh alos duine d'eirigh as no d'éag amhlaidh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má rinneadh tréimhse sheirbhíse an duine sin i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann do chinneadh chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas roimh an deimhniú san do thabhairt, déanfar í d'ath-chinneadh de bhíthin an deimhnithe sin, agus

(b) beidh feidhm agus éifeacht ag fo-alt (3) den alt so maidir leis an tréimhse sheirbhíse sin do chinneadh no d'athchinneadh chun crícheanna na nAchtanna san, agus

(c) an aisce sin fé sna hAchtanna Aois-liúntas is oiriúnach do sheirbhís an duine sin, mar a déanfar san do chinneadh no d'ath-chinneadh chun crícheanna na nAchtanna san de bhíthin an deimhnithe sin, féadfar í dheonadh fé sna hAchtanna san don duine sin no alos an duine sin, agus

(d) má rinneadh aon aisce do dheonadh (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) fé sna hAchtanna Aoisliúntas don duine sin no alos an duine sin roimh an deimhniú san do thabhairt, féadfar an aisce sin do deonadh amhlaidh do choigeartú no d'atharú sa tslí sin a bheidh oiriúnach don ath-chinneadh sin ar sheirbhís an duine sin de bhíthin an deimhnithe sin.

(3) Pé uair a bheidh tréimhse sheirbhíse éinne i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann, is duine gur thug an tAire deimhniú ina thaobh fén alt so, á cinneadh no á hath-chinneadh chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas, déanfar na tréimhsí so leanas d'áireamh mar aon tréimhse leanúnaigh amháin de sheirbhís nea-bhunuithe i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann, sé sin le rá:—

(a) tréimhse fhostaíochta an duine sin (más aon tréimhse é) i stát-sheirbhís le n-a mbaineann ath-shuidheamh fén Acht so, agus

(b) an méid sin, ordóidh an tAire sa deimhniú san, den tréimhse o dháta an scurtha d'fhostaíocht a luadhfar sa deimhniú san go dtí dáta an cheapacháin (a luadhfar sa chéanna) chun puist nea-bhunuithe i státsheirbhís Shaorstáit Éireann, agus

(c) tréimhse sheirbhíse nea-bhunuithe an duine sin ina dhiaidh sin i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann.

(4) Ní bheidh sé dleathach, de bhuadh an ailt seo, seirbhís ar bith do thug duine uaidh in aon stát-sheirbhís sarar shlánuigh sé sé bliana déag d'aois d'áireamh chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas.

Seirbhís bhunuithe d'áireamh i gcásanna áirithe droch-shláinte.

10. —(1) Má dheineann an tAire, laistigh de dhá bhliain tar éis an Achta so do rith—

(a) a dheimhniú i scríbhinn fé n-a láimh gur scuir duine áirithe de bheith ar fostú i bpost bhunuithe i státsheirbhís le n-a mbaineann ath-shuidheamh fén Acht so agus gur toisc cúiseanna polaitíochta amháin do scuir sé amhlaidh agus gur ceapadh é ina dhiaidh sin chun puist nea-bhunuithe i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann agus ná raibh de chúis le ceapadh san an duine sin chun puist sa stát-sheirbhís sin do bheith ina cheapadh chun puist nea-bhunuithe ach nárbh fhéidir, de bhíthin droch-shláinte an duine sin, é do cheapadh go dleathach chun puist bhunuithe sa státsheirbhís sin, agus

(b) a ordú leis an deimhniú san go mbainfidh an t-alt so le tréimhse sheirbhíse an duine sin i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann do chinneadh chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas,

ansan agus sa chás san, pé uair a bheidh tréimhse sheirbhíse an duine sin i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann á cinneadh chun crícheanna na nAchtanna san beidh feidhm agus éifeacht ag fo-alt (3) den alt so maidir leis an gcinneadh sin,

(2) Féadfar an deimhniú san a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so do thabhairt alos duine d'ainneoin gur thárla, roimh an deimhniú san do thabhairt agus roimh an Acht so no d'éis an Achta so do rith, an duine sin d'eirighe as stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann ar scór aoise no droch-shláinte no d'éag faid a bhí sé sa stát-seirbhís sin agus, i gcás an deimhnithe sin do thabhairt amhlaidh alos duine d'eirigh as no d'éag amhlaidh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sá sin le rá:—

(a) má rinneadh tréimhse sheirbhíse an duine sin i státsheirbhís Shaorstáit Éireann do chinneadh chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas roimh an deimhniú san do thabhairt, déanfar í d'ath-chinneadh de bhíthin an deimhnithe sin, agus

(b) beidh feidhm agus éifeacht ag fo-alt (3) den alt so maidir leis an tréimhse sheirbhíse sin do chinneadh no d'ath-chinneadh chun crícheanna na nAchtanna san, agus

(c) an t-aois-liúntas no an aisce no an sochar eile sin, fé sna hAchtanna Aois-liúntas, is oiriúnach do sheirbhís an duine sin. mar a déanfar san do chinneadh no d'athchinneadh chun crícheanna na nAchtanna san de bhíthin an deimhnithe sin, féadfar é dheonadh fé sna hAchtanna san don duine sin no alos an duine sin go bhfeidhm o dháta a eirithe as no a éaga amhlaidh (pe'ca aca é).

(3) Pé uair a bheidh tréimhse sheirbhíse éinne i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann, is duine gur thug an tAire deimhniú ina thaobh fén alt so, á cinneadh no á hath-chinneadh chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfar seirbhís leanúnach an duine sin i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann o dháta agus tar éis dáta an cheapacháin, a luadhfar sa deimhniú san, chun puist nea-bhunuithe sa stát-sheirbhís sin d'áireamh, chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas, mar sheirbhís bhunuithe sa stát-sheirbhís sin, agus

(b) déanfar na tréimhsí seo leanas d'áireamh mar aon tréimhse leanúnaigh amháin de sheirbhís bhunuithe Shaorstáit Éireann, sé sin le rá:—

(i) tréimhse fhostaíochta an duine sin (más aon tréimhse é) i bpost bhunuithe i stát-sheirbhís le n-a mbaineann ath-shuidheamh fén Acht so, agus

(ii) an méid sin, ordóidh an tAire sa deimhniú san, den tréimhse o dháta an scurtha d'fhostaíocht a luadhfar sa deimhniú san go dtí dáta an cheapacháin sin (a luadhfar sa chéanna) chun puist neabhunuithe i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann, agus

(iii) an tréimhse sheirbhíse atá, de bhuadh na míre sin (a) roimhe seo, ion-áirmhithe chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas mar sheirbhís bhunuithe i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann, agus

(c) chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas deighleálfar leis an duine sin i slite eile mar stát-sheirbhíseach do réir bhrí na nAchtanna san.

(4) Ní bheidh sé dleathach, de bhuadh an ailt seo, seirbhís ar bith do thug duine uaidh in aon stát-sheirbhís sarar shlánuigh sé sé bliana déag d'aois d'áireamh chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas.

Seirbhís bhunuithe d'áireamh i gcásanna áirithe dá ndeineann teora aoise deifir.

11. —Má dheineann an tAire, laistigh de dhá bhliain tar éis an Achta so do rith, a dheimhniú i scríbhinn fé n-a láimh gur scuir duine áirithe de bheith ar fostú i bpost bhunuithe i stát-sheirbhís le n-a mbaineann ath-shuidheamh fén Acht so agus gur toisc cúiseanna polaitíochta amháin do scuir sé amhlaidh, agus gur dóich leis an Aire é bheith neamh-oiriúnach, de bhíthin aoise, chun é cheapadh chun puist bhunuithe i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann no cosc do bheith air, de dheascaibh droch-shláinte, o aon phost, bunuithe no nea-bhunuithe, d'fháil sa stát-sheirbhís sin, ansan agus sa chás san beidh sé dleathach aois-liúntas fé sna hAchtanna Aoisliúntas do dheonadh don duine sin, go bhfeidhm ar dháta agus o dháta an Achta so do rith, aois-liúntas a déanfar amach—

(a) ar an tuarastal san a luadhfaidh an tAire chuige sin sa deimhniú san uaidh, agus

(b) ar thréimhse de sheirbhís bhunuithe a tuigfear a thosnú ar an dáta san (nach luatha ná an dáta ar ar céadcheapadh an duine sin chun puist bhunuithe i státsheirbhís le n-a mbaineann ath-shuidheamh fén Acht so) a luadhfaidh an tAire chuige sin sa deimhniú san uaidh agus a chríochnú ar pé dáta acu so leanas is túisce, sé sin le rá, dáta slánuithe a chúig bliana sheascad don duine sin no dáta an Achta so do rith.

Dáta tosnuithe seirbhíse bunuithe i gcásanna speisialta áirithe.

12. —(1) Má dheineann an tAire, laistigh de dhá bhliain tar éis an Achta so do rith—

(a) a dheimhniú i scríbhinn fé n-a láimh gur thárla do dhuine áirithe, do ceapadh chun puist bhunuithe i státsheirbhís Shaorstáit Éireann tar éis an 1adh lá d'Fheabhra, 1926, agus roimh an Acht so do rith, é do scur roimhe sin de bheith ar fostú i bpost neabhunuithe i stát-sheirbhís le n-a mbaineann athshuidheamh fén Acht so agus gur toisc cúiseanna polaitíochta amháin do scuir sé amhlaidh, agus

(b) a ordú leis an deimhniú san go mbainfidh an t-alt so le tréimhse sheirbhíse an duine sin i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann do chinneadh chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas,

ansan agus sa chás san, pé uair a bheidh tréimhse sheirbhíse an duine sin i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann á cinneadh chun crícheanna na nAchtanna san, beidh feidhm agus éifeacht ag fo-ailt (3) agus (4) den alt so maidir leis an gcinneadh sin.

(2) Féadfar an deimhniú san a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so do thabhairt alos duine d'ainneoin gur thárla, roimh an deimhniú san do thabhairt agus roimh an Acht so no d'éis an Achta so do rith, an duine sin d'eirghe as stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann ar scór aoise no droch-shláinte no d'éag faid a bhí sé sa stát-sheirbhís sin agus, i gcás an deimhnithe sin do thabhairt amhlaidh alos duine d'eirigh as no d'éag amhlaidh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má rinneadh tréimhse sheirbhíse an duine sin i státsheirbhís Shaorstáit Éireann do chinneadh chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas roimh an deimhniú san do thabhairt, déanfar í d'ath-chinneadh de bhíthin an deimhnithe sin, agus

(b) beidh feidhm agus éifeacht ag fo-ailt (3) agus (4) den alt so maidir leis an tréimhse sheirbhíse sin do chinneadh no d'ath-chinneadh chun chrícheanna na nAchtanna san, agus

(c) an t-aois-liúntas no an aisce no an sochar eile sin, fé sna hAchtanna Aois-liúntas, is oiriúnach do sheirbhís an duine sin, mar a déanfar san do chinneadh no d'athchinneadh chun crícheanna na nAchtanna san de bhíthin an deimhnithe sin, féadfar é dheonadh fé sna hAchtanna san don duine sin no alos an duine sin go bhfeidhm o dháta a eirithe as no a éaga amhlaidh (pe'ca aca é), agus

(d) má rinneadh aon aois-liúntas no aisce no sochar eile do dheonadh (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) fé sna hAchtanna Aois-liúntas don duine sin no alos an duine sin roimh an deimhniú san do thabhairt, féadfar an t-aois-liúntas no an aisce no an sochar eile sin do deonadh amhlaidh do choigeartú no d'atharú, go bhfeidhm o dháta an duine sin d'eirghe as no d'éag amhlaidh (pe'ca aca é), sa tslí sin a bheidh oiriúnach do sheirbhís an duine sin d'ath-chinneadh amhlaidh de bhíthin an deimhnithe sin.

(3) Pé uair a bheidh tréimhse sheirbhíse éinne i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann, is duine gur thug an tAire deimhniú ina thaobh fén alt so, á cinneadh no á hath-chinneadh chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) tuigfear, chun crícheanna na nAchtanna san, an duine sin d'fhónamh i bpost bhunuithe i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann (pe'ca bhí sé ag fónamh in aon fheadhmannas sa stát-sheirbhís sin no ná raibh) ón dáta san, roimh é do cheapadh amhlaidh chun puist bhunuithe sa státsheirbhís sin (ach ní níos luatha ná an 1adh lá d'Fheabhra 1926), a luadhfaidh an tAire chuige sin sa deimhniú san uaidh, agus

(b) déanfar na tréimhsí seo leanas d'áireamh mar aon tréimhse leanúnaigh amháin de sheirbhís bhunuithe sa stát-sheirbhís sin, sé sin le rá:—

(i) an tréimhse do thosnuigh ar an dáta san a luadhfar amhlaidh sa deimhniú san agus a chríochnuigh ar dháta cheaptha san an duine sin chun puist bhunuithe sa stát-sheirbhís sin, agus

(ii) an tréimhse de sheirbhís bhunuithe leanúnaigh an duine sin sa stát-sheirbhís sin i ndiaidh dáta san a cheaptha amhlaidh chun puist bhunuithe.

(4) Más rud é, i gcás duine gur thug an tAire deimhniú amach ina thaobh fén alt so, go gcuirtear ina luighe ar an Aire méid seirbhíse bunuithe an duine sin, chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas, ar n-a chinneadh do réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so, do bheith níos lugha ná mar a bheadh méid a sheirbhíse bunuithe, chun crícheanna na nAchtanna san, dá gcinntí í ar fhoras an duine sin—

(a) do thabhairt seirbhíse leanúnaighe uaidh o dháta a chéad-ghlactha isteach i stát-sheirbhís le n-a mbaineann ath-shuidheamh fén Acht so go dtí dáta a cheaptha chun puist bhunuithe i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann, agus

(b) d'fháil le linn na seirbhíse sin na sochar i bhfuirm bunúcháin d'fhéadfadh sé d'fháil fén ngnáth chleachta do bhainfeadh leis dá mba sheirbhís leanúnach a sheirbhís,

féadfaidh an tAire a ordú go ndéanfar seirbhís an duine sin do chinneadh, chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas, ar an bhforas roimhráite (fé réir an tsrianta ná déanfar aon tseirbhís do thug an duine sin uaidh sarar shlánuigh sé sé bliana déag d'aois d'áireamh sa chinneadh sin) agus ar an ordú san do thabhairt deonfar don duine sin no alos an duine sin an t-aois-liúntas no an aisce no an sochar eile sin, fé sna hAchtanna san, is oiriúnach ar an gcinneadh sin ar mhéid a sheirbhíse bunuithe do dhéanamh.

Dáta tosnuithe seirbhíse bunuithe i gcás daoine áirithe ceapadh no ceapfar tré scrúdú.

13. —(1) Duine ar bith do ceapadh no ceapfar chun puist bhunuithe i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann tré scrúdú chomórtais do bhí ann laistigh de cheithre bliana roimh an Acht so do rith no bheidh ann laistigh de dhá mhí dhéag dá éis sin agus a coimeádadh no coimeádfar ar leithligh do dhaoine áirithe do hathshuidheadh no dar tairgeadh ath-shuidheamh i bpostanna neambunuithe no sealadacha tuigfear, pé uair a bheidh tréimhse a sheirbhíse i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann á cinneadh chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas, é d'fhónamh i bpost bhunuithe sa stát-sheirbhís sin (pe'ca bhí sé ag fónamh in aon fheadhmannas sa stát-sheirbhís sin no ná raibh) ar an dáta san agus ón dáta san roimh é do cheapadh amhlaidh chun puist bhunuithe, ach ní níos luatha ná an 1adh lá d'Fheabhra, 1926, ordóidh an tAire agus chun crícheanna na nAchtanna san déanfar na tréimhsí seo leanas d'áireamh mar aon tréimhse leanúnaigh amháin de sheirbhís bhunuithe i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann, sé sin le rá:—

(a) an tréimhse thosnuigh no thosnóidh ar an dáta san ordóidh an tAire amhlaidh agus a chríochnuigh no chríochnóidh ar dháta a cheaptha amhlaidh chun puist bhunuithe sa stát-sheirbhís sin, agus

(b) tréimhse a sheirbhíse bunuithe leanúnaighe sa státsheirbhís sin tar éis dáta a cheaptha amhlaidh chun puist bhunuithe.

(2) I gcás duine le n-a mbainfeadh an fo-alt san roimhe seo den alt so, dá mbeadh sé i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann le linn an Achta so do rith, d'eirighe as an stát-sheirbhís sin, roimh an Acht so do rith, ar scór aoise no droch-shláinte no d'éag faid a bhí sé sa stát-sheirbhís sin, agus roimh an Acht so do rith, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) tuigfear an fo-alt san do bhaint leis an duine sin díreach roimh é d'eirighe as no d'éag amhlaidh (pe'ca aca é), agus

(b) féadfaidh an tAire an t-ordú san a luaidhtear sa bhfo-alt san do thabhairt tar éis an Achta so do rith agus má tugtar amhlaidh é beidh sé fé mar a bheadh éifeacht aige ar dháta agus o dháta eirithe as no éaga an duine sin (pe'ca aca é), agus

(c) má rinneadh tréimhse sheirbhíse an duine sin i státsheirbhís Shaorstáit Éireann do chinneadh chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas roimh an Acht so do rith ath-chinnfear í ag féachaint don alt so, agus aon aois-liúntas no aisce no sochar fé sna hAchtanna san do deonadh don duine sin roimh an Acht so do rith déanfar é do choigeartú no d'atharú dá réir sin go bhfeidhm o dháta a eirithe as no a éaga amhlaidh.

Seirbhís daoine do haistríodh o stát-sheirbhís Bhriotáinigh d'áireamh.

14. —(1) An tseirbhís in aon stát-sheirbhís Bhriotáinigh do thug duine uaidh nach oifigeach aistrithe do réir bhrí an Achta um Chúiteamh Stát-Sheirbhíse (Oifigigh Aistrithe), 1929 ( Uimh. 36 de 1929 ), ach do rinneadh, roimh an Acht so do rith, a aistriú go díreach o phost i stát-sheirbhís Bhriotáinigh chun puist i státsheirbhís an Rialtais Shealadaigh no i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann féadfar, chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas, a thuisgint gur seirbhís i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann í, agus féadfar aon aois-liúntas no aisce no sochar eile do deonadh don duine sin no alos an duine sin fé sna hAchtanna san do dhéanamh amach dá réir sin.

(2) Duine do haistríodh go díreach o phost bhunuithe i státsheirbhís Bhriotáinigh chun puist i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann agus d'eirigh, roimh an Acht so do rith, as an tseirbhís sin is déanaí luaidhtear féadfar, chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas, a thuisgint é d'fhónamh i bpost bhunuithe i státsheirbhís Shaorstáit Éireann do réir bhrí agus chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so d'ainneoin ná dearnadh riamh a cheapachán chun an phuist sin do chríochnú tré Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse do thabhairt deimhnithe amach alos an cheapacháin sin.

(3) Beidh éifeacht ag an dá fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so agus tuigfear éifeacht do bheith riamh acu o dháta bhunuithe Shaorstáit Éireann agus dá réir sin oibreoid chun dleathacht do thabhairt, fé réir pé coigeartú no atharú (más aon cheann é) bheidh oiriúnach sa chás, do gach deonadh aois-liúntais no aisce no sochair eile do deonadh no thug le tuisgint é dheonadh fé sna hAchtanna Aois-liúntas tar éis an bhunuithe sin agus roimh an Acht so do rith agus do bheadh dleathach dá mbeadh an dá fho-alt deiridh sin roimhe seo i bhfeidhm nuair do rinneadh an deonadh san.

Seirbhís d'áireamh i gcásanna speisialta áirithe.

15. —(1) I gcás duine atá ag tabhairt seirbhíse uaidh is seirbhís bhunuithe no go dtuigtear, de bhuadh an Achta so, gur seirbhís bhunuithe í do bheith, gan briseadh ama i leanúnachas a fhostaíochta, ar fostú, ar fad no i dteanta dualgaisí eile do bheith aige, i bpost síbhialta (seachas mar bhall den Ghárda Síochána, no mar mhúinteoir, no in aon fheadhmannas i gcoláiste ullmhúcháin) i seirbhís phuiblí Shaorstáit Éireann ná beadh seirbhís ann ina seirbhís bhunuithe mara mbeadh an t-alt so, ansan agus sa chás san, pé uair a bheidh seirbhís an duine sin i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann á cinneadh chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas tuigfear, chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas, gur seirbhís bhunuithe i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann agus gurbh eadh riamh seirbhís an duine sin sa phost síbhialta san, más deimhin leis an Aire go ndearna an duine sin, ar feadh iomlán na fostaíochta san sa phost síbhialta san, seirbhís lán-aimsire do thabhairt uaidh do híocadh in iomlán go díreach as airgead do sholáthruigh an tOireachtas.

(2) Duine do thug seirbhís uaidh roimhe seo a tuigtear, de bhuadh an Achta so, do bheith ina seirbhís bhunuithe i státsheirbhís Shaorstáit Éireann agus do thug seirbhís lán-aimsire uaidh ina dhiaidh sin i bpuist eile i seirbhís phuiblí Shaorstáit Éireann agus atá, le linn an Achta so do rith, ag fónamh i bpost bhunuithe sa stát-sheirbhís sin go bhfuair sé deimhniú ina thaobh o Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse féadfar, ar an Aire do bheith sásta ná raibh aon bhriseadh ama i leanúnachas a fhostaíochta ón dáta ar ar thosnuigh sé ar dtúis ar sheirbhís do thabhairt uaidh a tuigtear mar adubhradh do bheith ina seirbhís bhunuithe go dtí dáta an Achta so do rith agus go raibh sé ar feadh na fostaíochta san go léir ag fáil a luach saothair ar fad díreach amach as airgead do sholáthruigh an tOireachtas, a lomháil dó an tréimhse iomlán ón dáta san ar ar thosnuigh sé ar dtúis ar sheirbhís do thabhairt uaidh a tuigtear mar adubhradh do bheith ina seirbhís bhunuithe go dtí dáta a cheaptha chun puist bhunuithe i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann d'áireamh chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas mar aon tréimhse leanúnaigh amháin de sheirbhís bhunuithe gan briseadh idir í agus a sheirbhís bhunuithe sa phost bhunuithe sin.

(3) I gcás duine do haistríodh chun stát-sheirbhíse Shaorstáit Éireann faid a bhí sé ag fónamh mar oifigeach den Ghárda Síochána agus ag á bhfuil post bunuithe sa stát-sheirbhís sin le linn an Achta so do rith, féadfaidh an tAire, pé uair a bheidh tréimhse sheirbhíse an duine sin sa stát-sheirbhís sin á cinneadh chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas, a ordú, más ceart san dar leis, go bhféadfar a thuisgint gur seirbhís bhunuithe i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann an méid sin de sheirbhís an duine sin mar oifigeach den Ghárda Síochána is ceart dar leis an Aire agus a luadhfa sé, agus má thugann an tAire an t-ordú san féadfar a lomháil don duine sin an méid sin dá sheirbhís, mar oifigeach den Ghárda Síochána, luadhfar san ordú san d'áireamh chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas mar sheirbhís bhunuithe i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann agus an tseirbhís bhunuithe sin agus a sheirbhís bhunuithe leanúnach tar éis é d'aistriú amhlaidh chun na stát-sheirbhíse sin d'áireamh mar aon tréimhse leanúnaigh amháin de sheirbhís bhunuithe sa státsheirbhís sin chun crícheanna na nAchtanna san.

Seirbhís fé Choimisinéirí an Mheán-Oideachais d'áireamh i gcásanna áirithe.

16. —(1) Gach duine do chuaidh, aon uair tar éis Coimisinéirí an Mheán-Oideachais do bhunú, i bhfostaíocht na gCoimisinéirí sin, agus ba chigire fé sna Coimisinéirí sin díreach roimh iad do scur agus do tháinig, ar an scur san do thárlachtaint, chun bheith ina chigire sa Roinn Oideachais, féadfar a lomháil dó a sheirbhís leanúnach mar chigire den tsórt san fé sna Coimisinéirí sin d'áireamh, chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas, mar sheirbhís i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann agus an tréimhse den tseirbhís leanúnaigh sin aige agus tréimhse a sheirbhíse leanúnaighe mar chigire den tsórt san sa Roinn Oideachais, tar éis an scurtha san, d'áireamh, chun crícheanna na nAchtanna san, mar aon tréimhse amháin de sheirbhís leanúnaigh i státsheirbhís Shaorstáit Éireann.

(2) An scéim pinsin do rinne Bord Meán-Oideachais na hÉireann an 10adh lá de Mheán Fhómhair, 1914, fé alt 2 den Intermediate Education (Ireland) Act, 1913, ní bhainfe sí le duine ar bith le n-a mbaineann an fo-alt san roimhe seo den alt so.

Liúntas fé alt 7 den Superannuation Act, 1859, do mhéadú.

17. —Pé uair is deimhin leis an Aire—

(a) gur scuir duine áirithe de bheith ar fostú i bpost bhunuithe i stát-sheirbhís le n-a mbaineann athshuidheamh fén Acht so agus gur toisc cúiseanna polaitíochta amháin do scuir sé amhlaidh, agus

(b) gur ceapadh an duine sin ina dhiaidh sin chun puist bhunuithe i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann agus gur cuireadh as an stát-sheirbhís sin dá éis sin é i slí gur bhain alt 7 den Superannuation Act, 1859, leis an gcuras san, agus

(c) gur lugha an liúntas bliantúil do deonadh fén alt san 7 don duine sin ar a chur-as amhlaidh ná an liúntas do deonfaí dhó amhlaidh dá mbeadh sé i dteideal iomlán na tréimhse, ón dáta ar ar céad-cheapadh é chun puist bhunuithe i stát-sheirbhís le n-a mbaineann athshuidheamh fén Acht so go dtí dáta a churtha amhlaidh as stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann, d'áireamh mar sheirbhís bhunuithe leanúnaigh i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann, féadfaidh an tAire an liúntas bliantúil do deonadh don duine sin mar adubhradh fén alt san 7 do mhéadú, o dháta an duine sin do chur amhlaidh as an stát-sheirbhís sin, go dtí pé méid is ceart dar leis an Aire ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, ach gan san do dhul thar an liúntas bliantúil d'fhéadfaí a dheonadh don duine sin fé sna hAchtanna Aois-liúntas dá lomháltaí dhó, ar an dáta cuireadh as é amhlaidh, iomlán na tréimhse sin d'áireamh, chun crícheanna na nAchtanna san, mar sheirbhís bhunuithe leanúnaigh i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann, agus go ndéanfaí an liúntas bliantúil sin amach do réir an tuarastail mhaximum do bhí ag gabháil leis an ngrád ina raibh sé ag fónamh ar an dáta san maraon le haon liúntas inphinsin do bhí, ar an dáta san, ag gabháil leis an bpost do bhí aige an uair sin.

Cúiteamh do dhaoine luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

18. —Gach duine dá luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, eadhon, duine do bhí ar fostú roimhe seo i stát-sheirbhís le n-a mbaineann ath-shuidheamh fén Acht so agus do scuir de bheith ar fostú amhlaidh toisc cúiseanna polaitíochta amháin agus go bhfuil coiscithe de bhíthin a pósta í do cheapadh chun puist bhunuithe i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann féadfaidh an tAire, chó luath tar éis an Achta so do rith agus a bheidh san caothúil, suim thrí chéad púnt d'íoc léi amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Seirbhís fé Bhord na gCeanntar gCumhang do bhí ann le déanaí d'áireamh i gcásanna áirithe.

19. —(1) Beidh sé dleathach don Aire, más ceart san dar leis, a cheadú do dhuine ar bith i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann do ceapadh, roimh Shaorstát Éireann do bhunú, chun puist bhunuithe mar chléireach conganta (abstractor), i stát-sheirbhís Ríochta Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann do bhí ann le déanaí, tré scrúdú chomórtais agus dá lomháltar, de bhuadh an Achta so no eile, a sheirbhís no aon chuid dá sheirbhís i stát-sheirbhís na Ríochta Aontuithe sin a bhí ann le déanaí d'áireamh mar sheirbhís i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas, aon tréimhse sheirbhíse i bhfostaíocht Bhúird na gCeanntar gCumhang, tar éis trí mhí do bheith caithte o dháta an scrúduithe chomórtais sin, do chur isteach agus d'áireamh, chun crícheanna na nAchtanna san, mar sheirbhís i pé stát-sheirbhís acu san is oiriúnach ag féachaint do dhátaí na seirbhíse sin i bhfostaíocht an Bhúird sin.

(2) Beidh an t-alt so fé mar a bheadh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith riamh aige o dháta bhunuithe Shaorstáit Éireann, agus dá réir sin beidh sé dleathach don Aire an cead san a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so do thabhairt uaidh, tar éis an Achta so do rith, do dhuine no alos duine dar thárla roimh an Acht so do rith eirghe as stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann ar scór aoise no droch-shláinte no éag faid do bhí sé inti agus is duine go bhféadfaí an cead san do thabhairt dó no ina thaobh le linn a eirithe as no a éaga dá mbeadh an chéad fho-alt san i bhfeidhm an uair sin, agus má tugtar an cead san amhlaidh do dhuine ar bith no alos duine ar bith den tsórt san, déanfar an coigeartú no an t-atharú san, ar an aois-liúntas no ar an aisce no ar an sochar eile do deonadh don duine sin no ina thaobh fé sna hAchtanna Aois-liúntas ar é d'eirghe as no d'éag (pe'ca aca é), is gá chun éifeacht do thabhairt don chéad fho-alt san maidir leis an duine sin o dháta a eirithe as no a éaga, pe'ca aca é.

Cúrsaí aois-liúntais maidir le fuirinn Oifige an tSaor-Chíosa.

20. —(1) Gach duine do bhí ag fónamh i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann ar feadh na tréimhse no aon choda den tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1923, agus dar chríoch an 31adh lá de Mhárta, 1926, agus gur in Oifig an tSaor-Chíosa do bhí sé ag fónamh ar feadh na tréimhse sin no aon choda dhi, ach ná dearnadh a thuarastal in aghaidh na tréimhse sin, no na coda dhi go raibh sé ag fónamh amhlaidh san oifig sin, do mhuirearú i gconnibh airgid ná d'íoc amach as airgead do sholáthruigh an tOireachtas, tuigfear mar sin féin, chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas, é d'íoc amach as airgead do sholáthruigh an tOireachtas do réir bhrí ailt 17 den Superannuation Act, 1859, ar feadh na tréimhse sin no na coda san di, do réir mar bheidh.

(2) Beidh an t-alt so fé mar a bheadh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith riamh aige an 1adh lá d'Abrán, 1923, agus ón lá san amach, agus dá réir sin oibreoidh sé chun dleathacht do thabhairt d'aon aois-liúntas no aisce no sochar eile, do deonadh fé sna hAchtanna Aois-liúntas roimh an Acht so do rith do dhuine ar bith no alos duine ar bith dar thárla roimh an Acht so do rith eirighe as stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann no éag faid a bhí sé inti, agus do bheadh dleathach dá mbeadh an t-alt so i bhfeidhm nuair do deonadh amhlaidh an t-aoisliúntas no an aisce no an sochar eile sin agus fós chun dleathacht do thabhairt d'aon íocaíocht do rinneadh roimh an Acht so do rith mar gheall ar aon aois-liúntas no aisce no sochar eile den tsórt san.

Seirbhís mhúinteoireachta d'áireamh mar sheirbhís bhunuithe i gcásanna áirithe.

21. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag ordú na gcoinníollacha fé n-a bhféadfar a lomháil do dhaoine bheidh i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann de thurus na huaire, agus d'fhónuigh (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin no go leathrannach roimh an Acht so do rith agus go leathrannach dá éis sin é) sa stát-sheirbhís sin mar chigire no mar thimthire sa Roinn Oideachais, seirbhís mhúinteoireachta do thugadar uatha roimh a gceapadh mar chigire no mar thimthire den tsórt san d'áireamh mar sheirbhís bhunuithe, chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas, sa stát-sheirbhís sin, agus fós ag ordú an tsaghais seirbhíse múinteoireachta agus an mhéide dhi féadfar d'áireamh amhlaidh agus an mhéide féadfar agus na slí ina bhféadfar an tseirbhís mhúinteoireachta san d'áireamh amhlaidh.

(2) Má dheineann agus pé uair a dhéanfaidh an tAire rialacháin fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so féadfar, maidir le gach duine le n-a mbainfidh na rialacháin sin, a lomháil dó, fé sna coinníollacha agus sa mhéid agus sa tslí a hordófar leis na rialacháin sin, an tseirbhís mhúinteoireachta san agus pé méid di a hordófar amhlaidh d'áireamh mar sheirbhís bhunuithe i státsheirbhís Shaorstáit Éireann chun crícheanna na nAchtanna Aoisliúntas.

(3) Ar na coinníollacha a hordófar le rialacháin a déanfar fén alt so beidh coinníoll ná déanfar, i gcás daoine is oifigigh aistrithe do réir bhrí an Achta um Chúiteamh Stát-Sheirbhíse (Oifigigh Aistrithe), 1929 ( Uimh. 36 de 1929 ), aon tsochar a fhásfaidh fén alt so no dá bhuadh do chur san áireamh nuair a bheidh aon cheist chúitimh á cinneadh fén Acht san.

Cúrsaí aois-liúntais maidir le daoine do cheap an Ard-Chomhairle chun postanna.

22. —(1) Seirbhís a bheidh tugtha (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin no go leathrannach roimh an Acht so do rith agus go leathrannach dá éis sin é) ag duine i bpost síbhialta lánaimsire (seachas mar bhall den Ghárda Síochána) i seirbhís phuiblí an Rialtais Shealadaigh no i seirbhís phuiblí Shaorstáit Éireann, chun a ndearna an Ard-Chomhairle é cheapadh (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) no chun a dtuigtear chun crícheanna an ailt seo an Ard-Chomhairle á cheapadh, tuigfear, chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas, í bheith ina seirbhís bhunuithe i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann agus, i gcás aon tseirbhíse den tsórt san do tugadh roimh an Acht so do rith, í bheith riamh ina seirbhís bhunuithe i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann.

(2) Gach duine do ceapadh tar éis an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, chun puist síbhialta lán-aimsire (seachas mar bhall den Ghárda Síochána sa tseirbhís phuiblí, is post gur san Ard-Chomhairle atá, le linn an Achta so do rith, no do bhí, aon tráth tar éis an duine sin do cheapadh, comhacht dílsithe go dleathach chun duine do cheapadh chuige, tuigfear chun crícheanna an ailt seo gurb iad an Ard-Chomhairle do cheap chun an phuist sin é.

Tréimhse dhíláithreachta o dhiúité d'áireamh i gcás daoine áirithe ar fostú in Oifig an Phuist.

23. —(1) Nuair a beifear ag cinneadh, chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas, seirbhíse duine dar thárla, an 15adh lá de Dheire Fómhair, 1932, no dá éis sin agus roimh an Acht so do rith, eirighe as stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann no éag faid a bhí sé inti no dá dtárlóidh, aon tráth tar éis an Achta so do rith, eirghe as an stát-sheirbhís sin no éag faid a bheidh sé inti agus do bhí, i gceachtar cás, ar fostú i bpost bhunuithe no nea-bhunuithe i bPost-Oifig an Rialtais Shealadaigh díreach roimh an tréimhse agus díreach i ndiaidh na tréimhse dar thosach an 11adh lá de Mheán Fhómhair, 1922, agus dar chríoch an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1922, agus nár fhónuigh ar feadh aon choda no ná fuair luach saothair alos aon choda den tréimhse sin, no nár fhónaigh ach ar feadh coda agus ná fuair luach saothair ach alos coda den tréimhse sin, féadfar, má orduíonn an tAire amhlaidh, an tréimhse sin no an chuid eile sin di (pe'ca aca é) d'áireamh i seirbhís sin an duine sin agus, má háirmhítear í amhlaidh, áirmheofar í mar sheirbhís gan briseadh idir í agus seirbhís an duine sin roimhe sin agus ina dhiaidh sin.

(2) I gcás duine le n-a mbaineann an fo-alt san roimhe seo den alt so agus dar thárla, roimh an Acht so do rith, é d'eirighe as stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann ar scór aoise no droch-shláinte no d'éag faid do bhí sé inti, féadfaidh an tAire an t-ordú san a luaidhtear sa bhfo-alt san do thabhairt uaidh tar éis an Achta so do rith agus, má tugtar an t-ordú san amhlaidh, déanfar an coigeartú no an t-atharú san, ar an aois-liúntas no ar an aisce no ar an sochar eile do deonadh don duine sin no ina thaobh fé sna hAchtanna Aois-liúntas ar é d'eirighe as no d'éag (pe'ca aca é), is gá chun éifeacht do thabhairt don fho-alt san maidir leis an duine sin o dháta a eirithe as no a éaga, pe'ca aca é.

Na hAchtanna Aois-liúntas do bhaint le seirbhísí áirithe.

24. —(1) Tuigfear, chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas, gur seirbhís i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann seirbhís lánaimsire mar oifigeach don Oireachtas, no mar bhall d'fhuirinn an Oireachtais, no mar bhall d'fhuirinn an Ard-Scrúdóra no na gCoimisinéirí Ioncuim no Leabharlainne Náisiúnta na hÉireann no Ghaileirí Náisiúnta na hÉireann, más díreach amach as airgead a sholáthruíonn an tOireachtas a híoctar luach saothair iomlán na seirbhíse sin.

(2) Féadfaidh an tAire, más ceart san dar leis do réir chúrsaí an cháis, diúltú do lomháil go ndéanfaí seirbhís i bpost, ná ceangailtear ar an sealbhóir do réir téarmaí a cheapacháin ach seirbhís páirt-aimsire do thabhairt ann, d'áireamh chun crícheanna an ailt seo mar sheirbhís lán-aimsire, d'ainneoin seirbhís lánaimsire do bheith á déanamh.

(3) Airgead do bheirtear amach do réir ailt 10 den Exchequer and Audit Departments Act, 1866, féadfar, chun crícheanna an ailt seo, é d'áireamh mar airgead a híoctar díreach amach as airgead a sholáthruíonn an tOireachtas.

(4) Beidh an t-alt so fé mar a bheadh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith aige o dháta bhunuithe Shaorstáit Éireann.

Seirbhís fé Chorparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta, d'áireamh i gcásanna áirithe.

25. —Duine go ndearnadh, faid do bhí sé ag tabhairt seirbhíse bunuithe uaidh i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann, é d'aistriú gan briseadh ama chun puist mar stiúrthóir agus rúnaí Chorparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta, féadfar a lomháil dó a sheirbhís leanúnach sa phost san mar stiúrthóir agus rúnaí d'áireamh, chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas, mar sheirbhís bhunuithe i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann gan briseadh idir í agus a sheirbhís bhunuithe sa stát-sheirbhís sin roimh é d'aistriú amhlaidh.

Deimhnithe fén Acht Aois-liúntas agus Pinsean, 1923 .

26. —(1) Pé uair is dóich leis an Aire deimhniú, do tugadh no do bheireann le tuisgint é thabhairt fé alt 1 no fé alt 2 den Acht Aois-liúntas agus Pinsean, 1923 ( Uimh. 34 de 1923 ), alos duine ar bith, do bheith easnamhach de dheascaibh mí-ráitis fíre no mionearráide eile sa deimhniú san no gur tré dhearmhad agus tríd sin amháin do fágadh deimhniú, fé cheachtar de sna hailt sin, gan tabhairt alos aon duine áirithe agus ná raibh aon fhaillí ná teip i bpáirt an duine sin ina cúis leis sin, féadfaidh an tAire, aon tráth laistigh de shé mhí tar éis an Achta so do rith, an deimhniú san a húdaruítear le pé alt acu san a bhaineann leis an gcás do thabhairt uaidh alos an duine sin, agus má deireann an tAire sa deimhniú san é bheith ar an tuairim adubhradh beidh éifeacht ag an deimhniú san fén alt oiriúnach den Acht Aois-liúntas agus Pinsean, 1923 , adubhradh, fé is dá dtugtaí é laistigh de shé mhí tar éis an Achta san do rith.

(2) Féadfar deimhniú do thabhairt fén Acht so alos duine gur tugadh deimhniú ina thaobh fén Acht Aois-liúntas agus Pinsean, 1923 (Uimh. 34 de 1923) , i gcás an scurtha fhostaíochta is abhar don deimhniú fén Acht so do thárlachtaint tar éis an deimhnithe do thabhairt fén Acht Aois-liúntas agus Pinsean, 1923 , adubhradh.

(3) Ach amháin mar a húdaruítear leis an alt so, ní thabharfaidh an tAire aon deimhniú uaidh fén Acht so alos duine ar bith gur tugadh deimhniú ina thaobh fén Acht Aois-liúntas agus Pinsean, 1923 (Uimh. 34 de 1923) .

Meán-tuarastal no meán-shochar oifige d'áireamh i gcásanna áirithe.

27. —Pé uair ba ghá (mara mbeadh an t-alt so), do réir ailt 12 no ailt 28 den Superannuation Act, 1834, no do réir chó-oibriú an dá alt san, tuarastail no sochar oifige dhuine, i bpost bhunuithe i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann, gur thug an tAire deimhniú no ordú uaidh ina thaobh fén Acht so do dhéanamh amach do réir mheán-tuarastail no meán-shochair oifige no meán-tuarastail agus meán-shochair oifige an duine sin ar feadh na tréimhse a horduítear chuige sin leis an alt san no leis na hailt sin agus go bhfolódh an tréimhse sin aon am ná raibh an duine sin ag fónamh i bpost bhunuithe i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) más rud é go mbeidh an duine sin, i ndeireadh na tréimhse gur ar a feadh ba ghá amhlaidh an meán san d'áireamh, ag fónamh sa phost bhunuithe i státsheirbhís Shaorstáit Éireann chun ar céad-cheapadh é laistigh den tréimhse sin, ní bheidh feidhm ag an alt san 12 ná ag an alt san 28 ná ag an dá alt san le chéile (do réir mar bheidh) agus ní déanfar tuarastal ná sochar oifige an duine sin do mheánú fútha san chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas;

(b) más rud é go mbeidh an duine sin, i ndeireadh na tréimhse sin, ag fónamh i bpost bhunuithe seachas an post bunuithe dar céad-cheapadh é mar adubhradh, is ar feadh na tréimhse bhí an duine sin ag fónamh i bpost bhunuithe i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann a háirmheofar an meán san in ionad é d'áireamh ar feadh na tréimhse a horduítear leis an alt san 12 no leis an alt san 28 no leis na hailt sin le chéile (do réir mar bheidh).

Comhacht chun blianta breise do chur leis an tréimhse i gcásanna áirithe.

28. —(1) Pé uair do bhéarfaidh an tAire deimhniú uaidh fén Acht so, 'na bhféadfar dá bhuadh a lomháil don duine le n-a mbainfidh an deimhniú san tréimhse de sheirbhís bhunuithe i státsheirbhís Dháil Éireann d'áireamh mar sheirbhís bhunuithe i státsheirbhís Shaorstáit Éireann chun crícheanna na nAchtanna Aoisliúntas, féadfaidh an tAire, leis an deimhniú san, a ordú go ndéanfar, pé uair a bheidh tréimhse sheirbhíse bunuithe an duine sin le déanamh amach chun crícheanna na nAchtanna san, tréimhse do chur leis an tréimhse de sheirbhís bhunuithe go mbeidh an duine sin i dteideal d'éamuis an orduithe sin no lomhálfar dó d'éamuis an orduithe sin d'áireamh chun na gcrícheanna san, pé tréimhse (nach mó ná cúig bliana in aon chás) is dóich leis an Aire sin is ceart, ag féachaint d'aois agus d'fhaid seirbhíse an duine sin agus do chúrsaí eile bhaineann leis, agus a luadhfa sé chuige sin sa deimhniú san.

(2) Pé uair a bheidh in aon deimhniú den tsórt san a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so an t-ordú san a húdaruítear leis an bhfo-alt san beidh éifeacht dlí ag an ordú san agus cólíonfar é dá réir sin, ach san fé réir na teorann ná beidh teideal ag éinne, de bhuadh an orduithe sin, chun aon liúntas no aisce fé sna hAchtanna Aois-liúntas is mó ná an liúntas no an aisce maximum a ceaduítear leis na hAchtanna san.

Toirmeasc ar aon tréimhse d'áireamh fé dhó.

29. —Má deintear, de bhuadh aon fhorála den Acht so, tréimhse d'áireamh mar sheirbhís no mar sheirbhís bhunuithe chun crícheanna na nAchtanna Aois-liúntas, ní háirmheofar an tréimhse sin amhlaidh ach aon uair amháin chun crícheanna na nAchtanna san agus ní háirmheofar aon chuid di fé dhó chun na gcrícheanna san.

Banc Taisce an Phuist do thabhairt síntiúis d'fhiachas aois-liúntas.

30. —(1) I ngach bliain airgeadais íocfar isteach sa Stát-Chiste as cistí Bhanc Taisce an Phuist, pé tráthanna agus i pé slí ordóidh an tAire, an tsuim sin is dóich leis an Aire is có-ionann leis an bhfiachas no, i gcás daoine bheidh ar fostú i bpáirt mar a luaidhtear anso ina dhiadh seo, is có-ionann leis an gcionúireacht chuibhe den fhiachas a bheidh ag fás alos aois-liúntas, aiscí no sochar eile a thiocfaidh chun bheith iníoctha fé sna hAchtanna Aois-liúntas le daoine no alos daoine i stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann a bheidh ar fostú i bpáirt no go hiomlán in obair i mBanc Taisce an Phuist no maidir leis an mBanc san.

(2) Beidh an t-alt so fé mar a bheadh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith riamh aige o dháta bhunuithe Shaorstáit Éireann agus dá réir sin oibreoidh sé chun dleathacht do thabhairt d'aon íocaíocht do rinneadh roimh an Acht so do rith as cistí Bhanc Taisce an Phuist leis an Stát-Chiste agus do bheadh dleathach dá mbeadh an t-alt so i bhfeidhm nuair do rinneadh an íocaíocht san.

(3) Aon íocaíocht isteach sa Stát-Chiste a féadfaí go dleathach a dhéanamh fén alt so in aon bhliain airgeadais do chríochnuigh roimh an Acht so do rith dá mbeadh an t-alt so i bhfeidhm an bhliain airgeadais sin féadfar í do dhéanamh tar éis an Achta so do rith.

Muirearacha aois liúntas ar chistí Bhord na gCeanntar gCumhang do bhí ann le déanaí.

31. —Gach muirear alos aois-liúntas do thuitfeadh, mara mbeadh Bord na gCeanntar gCumhang do scur, ar chistí an Bhúird sin de bhíthin go ndearnadh, le hordú do rinneadh fé alt 7 den Acht Aois-liúntas agus Pinsean, 1923 ( Uimh. 34 de 1923 ), a dhearbhú na cistí sin do bheith ina gciste puiblí chun crícheanna an Superannuation Act, 1892, beid ionmhuirir ar airgead agus iníoctha amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

An tAire do thabhairt breithe ar nithe fé aighneas.

32. —Gach amhras, ceist, no aighneas eireoidh fén Acht so isé an tAire bhéarfaidh breith air agus ní beidh dul thar a bhreithscan air.

Costaisí.

33. —Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghfar chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Gearr-theideal agus luadh.

34. —(1) Féadfar an tAcht Aois-liúntas, 1936 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Aois-liúntas, 1834 go 1936, do ghairm de sna hAchtanna Aois-liúntas, 1834 go 1923, agus den Acht so le chéile.