24 1936


Uimhir 24 de 1936.


ACHT NA SCLÁBHAITHE, 1936.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN TIONÓNTAITHE IOSTÁN AGUS PLÁSÁN DO CUIREADH AR FÁIL FÉ ACHTANNA NA SCLÁBHAITHE, 1883 GO 1931, DO CHEANNACH NA nIOSTÁN AGUS NA bPLÁSÁN SAN, CHUN NA nACHTANNA SAN DO LEASÚ, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE IOMDHA BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE.

[29adh Meitheamh, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Minithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an abairt “na Príomh-Achtanna” Achtanna na Sclábhaithc, 1883 go 1931, mar a leasuítear iad le hAcht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 (Uimh. 19 de 1932) ;

cialluíonn an abairt “Acht 1891” an Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891;

cialluíonn an focal “iostán” iostán a cuireadh ar fáil fé sna Príomh-Achtanna, agus foluíonn sé an plásán (más aon cheann é) do cuireadh ar fáil maidir leis an iostán san;

foluíonn an focal “gabháltas” paiste de thalamh nea-thionón tuithe do réir bhrí na nAchtanna Talamh-Cheannaigh, agus foluíonn freisin, má lomhálann an có-théacs é, cuid de ghabháltas;

cialluíonn an abairt “talamh stáit” aon talamh is le Saorstát Éireann de bhuadh Airtiogal 11 den Bhunreacht;

tá leis an abairt “bord sláinte” an brí céanna atá léi sna hAchtanna Rialtais Áitiúla, 1925 go 1934;

nuair a húsáidtear an focal “únaer” i dtaobh iostáin do ceannuíodh o bhord shláinte fén Acht so déanfar, má lomhálann an có-théacs san, é do léiriú mar fhocal fholuíonn ionadaí pearsanta dlíthiúil únaera;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so.

“An lá ceaptha.”

2. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá cheapfaidh an tAire chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

An míniú ar sclábhaí talmhaíochta do leathnú.

3. —(1) D'ainneoin forálacha ailt 93 den Irish Land Act, 1903, agus forálacha provísó (iii) a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 1 den Labourers (Ireland) Act, 1919, má bhíonn duine i seilbh níos mó ná ceathrú acra talmhan ní fhágfaidh san amháin gan é bheith ina sclábhaí talmhaíochta do réir bhrí na bPríomh-Achtanna.

(2) San Acht so (lasmuich den alt so) cialluíonn an abairt “sclábhaí talmhaíochta” sclábhaí talmhaíochta do réir bhrí na bPríomh-Achtanna mar a leasuítear iad leis an alt so.

Alt 1 den Labourers (Ireland) Act, 1919, d'athghairm go leathrannach.

4. —Athghairmtear leis seo provísó (i) (eadhon, an provísó dar tosach na focail “the rents” agus dar críoch na focail “Local Government Board”; and) a ghabhann le halt 1 den Labourers (Ireland) Act, 1919.

Iostáin d'aistriú o chomhairlí contae chun bord sláinte.

5. —Más rud é, maidir le hiostán gur haistríodh a únaeracht o chomhairle thuathcheanntair chun comhairle contae de bhuadh ailt 3 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , ná dearnadh, roimh dháta an Achta so do rith, é d'aistriú, fé fho-alt (3) d'alt 10 den Acht san, chun an bhúird sláinte gur ina gceanntar sláinte contae atá an t-iostán san, tiocfaidh an t-iostán san chun bheith agus beidh sé dílsithe, ar an dáta san agus gan leithliú ná sannadh ar bith, sa bhord sláinte sin chun an estáit agus an téarma no an leasa uile chun a raibh an céanna dílsithe sa chomhairle chontae sin díreach roimh an dáta san agus déanfaidh an bord sláinte sin chó luath agus is féidir é gach ní is gá chun go gclárófaí a dteideal chun an iostáin sin fé Acht 1891.

Alt 34 den Acht Talmhan, 1927 , do scur d'fheidhm do bheith aige maidir le hiostáináirithe.

6. —(1) Scuirfidh alt 34 den Acht Talmhan, 1927 ( Uimh. 19 de 1927 ), d'éifeacht do bheith aige maidir le haon phaiste talmhan le n-a mbaineann an t-alt so ach amháin i gcás mion-innste i dtaobh an phaiste sin do bheith lóisteálta, roimh dháta an Achta so do rith, le Coimisiún Talmhan na hÉireann do réir ailt 40 den Acht Talmhan, 1923 (Uimh. 42 de 1923) .

(2) Baineann an t-alt so le gach paiste talmhan—

(a) do tógadh ar léas fé sna Príomh-Achtanna, agus

(b) ba thalamh talmhaíochta no talamh féaraíochta no gur thalamh talmhaíochta cuid de agus talamh féaraíochta an chuid eile dhe do réir bhrí na nAchtanna Talamh-Cheannaigh an tráth do tógadh amhlaidh é, agus

(c) do bhí ar seilbh fén léas san díreach roimh dháta an Achta so do rith.

Ath-orba bithdhílse i dtailte áirithe sealbhuítear fé léas do dhílsiú i mbúird sláinte.

7. —I gcás aon talamh (nach talamh stáit ná talamh le n-a mbaineann alt 34 den Acht Talmhan, 1927 ( Uimh. 19 de 1927 ), mar a leasuítear san leis an alt deiridh sin roimhe seo) do bheith ar seilbh ar léas ag bord sláinte chun crícheanna na bPríomh-Achtanna díreach roimh an lá ceaptha, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) an leas (dá ngairmtear leas an léasóra san alt so) a bheidh ag an léasóir fén léas san agus aon leas eile sa talamh san is uachtaraighe ná leas an léasóra tiocfaid chun bheith agus beid dílsithe sa bhord sláinte sin ar an lá ceaptha, gan leithliú ná sannadh ar bith, ar intinn go dtiocfaidh an talamh san chun bheith agus go mbeidh sé dílsithe ar fad ar an lá ceaptha sa bhord sláinte sin i mbithdhílse agus saor o ualaigh, ach fé réir aon tionóntachtaí bheidh ann ag daoine bheidh i seilbh an tailimh sin mar thionóntaithe don bhord sláinte sin;

(b) íocfaidh an bord sláinte, leis an duine do bhí i dteideal leasa an léasóra díreach roimh an lá ceaptha agus fós le duine ar bith do bhí, díreach roimh an lá ceaptha, i dteideal aon leasa sa talamh san dob uachtaraighe ná leas an léasóra, cúiteamh alos na leasanna san do dhílsiú fén alt so amhail is dá mb'é bheadh sna leasanna san ná talamh do gheobhadh an bord sláinte sin chun crícheanna na bPríomh-Achtanna tré ordú ceannaigh éigeanta do déanfaí fé alt 20 d'Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 ( Uimh. 19 de 1932 ), agus do thiocfadh i ngníomh an lá ceaptha, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha de gach achtachán a bhaineann le talamh a gheibhtear amhlaidh (ar a n-áirmhítear forálacha i dtaobh airgid a lóisteáltar sa Chúirt);

(c) dlighfidh an bord sláinte sin aon chíos a bheidh dlite fén léas san roimh an lá ceaptha d'íoc leis an té bheidh i dteideal leasa an léasóra díreach roimh an lá ceaptha;

(d) íocfaidh an bord sláinte sin gach lá (ba lá gála fén léas san mara mbeadh leas an léasóra do dhílsiú sa bhord sláinte sin agus a thuitfidh ar an lá cheaptha no dá éis sin agus roimh dháta mheasta an chúitimh), leis an té bhí i dteideal leasa an léasóra díreach roimh an lá ceaptha, suim is có-ionann leis an gcíos dob iníoctha an lá san mara mbeadh an dílsiú san, agus nuair a bheidh méid an chúitimh alos leasa an léasóra á dhéanamh amach féachfar d'aon íocaíochtaí do rinneadh fén mír seo;

(e) chó luath agus is féidir é tar éis an lae cheaptha cuirfidh an bord sláinte sin chun an údaráis chlárathachta fé Acht 1891 an léas san agus mapa ag taisbeáint suidhimh an tailimh sin, agus ar fháil an léasa agus an mhapa san clárófar fé Acht 1891 teideal an bhúird sláinte sin chun únaeracht an tailimh sin i mbithdhílse.

Talamh do gheobhfar feasta chun crícheanna na bPríomh-Achtanna.

8. —Má gheibheann bord sláinte, chun crícheanna na bPríomh-Achtanna, ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin; aon talamh nach talamh stáit ná gabháltas fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh ná talamh a bheidh dílsithe i gCoimisiún Talmhan na hÉireann fé sna hAchtanna san, is i mbithdhílse saor agus glan o gach leas uachtarach do gheobhaidh an bord sláinte sin an talamh san.

Tailte ar seilbh fé sna Achtanna Talamh-Cheannaigh.

9. —(1) I gcás aon talamh do bheith ar seilbh, ar dháta an Achta so do rith, ag bord sláinte chun crícheanna na bPríomh-Achtanna no bord sláinte d'fháil aon tailimh, tar éis an dáta san, chun na gcrícheanna san, agus an talamh san do bheith ina ghabháltas fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh no do bheith dílsithe i gCoimisiún Talmhan na hÉireann fé sna hAchtanna san, déanfaidh an bord sláinte sin, chó luath agus a bheidh caothúil, gach ní is gá chun go ndílseofaí an talamh san sa bhord san i mbithdhílse saor agus glan o gach freagarthacht in aon bhlianacht cheannaigh no íocaíocht eile d'íoc le Coimisiún Talmhan na hÉireann.

(2) D'ainneoin éinní atá san Acht so ní dhéanfaidh bord sláinte ordú fén Acht so chun iostán, ar thalamh is gabháltas fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh no ar thalamh a bheidh dílsithe i gCoimisiún Talmhan na hÉireann fé sna hAchtanna san, do dhílsiú i dtionónta an iostáin sin go dtí go mbeidh an talamh san dílsithe sa bhord sláinte sin do réir an ailt seo.

Teideal bord sláinte i gcásannaáirithe do chlárú.

10. —Mara mbeidh clárú déanta fé Acht 1891 ar an teideal chun aon tailimh a bheidh dílsithe i mbord sláinte chun crícheanna na bPríomh-Achtanna agus do fuarthas roimh an Labourers (Ireland) Act, 1906, do rith, déanfaidh an bord sláinte sin gach ní is gá chun go gclárófaí amhlaidh a dteideal chun na dtailte sin.

Scéimeanna ceannaigh go generálta.

11. —(1) Nuair a húsáidtear an abairt “scéim cheannaigh” maidir le hiostán no iostáin i gceanntar sláinte contae cialluíonn sí, chun crícheanna an Achta so, scéim ina luaidhtear téarmaí ceannaigh (tré bhlianacht inchríochnuithe d'íoc) fén Acht so don iostán no do sna hiostáin sin.

(2) Maidir le gach scéim cheannaigh—

(a) beidh sí sa bhfuirm orduithe, agus

(b) luadhfar inti, maidir le gach iostán le n-a mbainfidh,—

(i) méid na blianachta inchríochnuithe bheidh le n'íoc alos an iostáin sin i gcomaoine a cheannuithe,

(ii) an méid blian a bheidh an bhliantacht san le n'íoc,

(iii) ce'ca ina tráthchoda có-ionanna seachtainiúla, míosúla, ráithiúla, no leath-bhliantúla no in aon tsuim amháin sa bhliain a bheidh an bhliantacht san le n'íoc,

(iv) pé mion-innste eile (más aon cheann é) a bheidh orduithe.

(3) San Acht so nuair a húsáidtear na habairtí seo leanas i dtaobh iostáin le n-a mbainfidh scéim cheannaigh a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire isiad na bríonna so leanas a bheidh leo, sé sin le rá:—

(a) cialluíonn an abairt “an bhlianacht” an bhlianacht inchríochnuithe luadhfar sa scéim sin maidir leis an iostán san;

(b) cialluíonn an abairt “an t-áireamh ceaptha de bhlianta” an méid blian, a luadhfar sa scéim sin, a bheidh an bhlianacht le n'íoc;

(c) cialluíonn an abairt “tráthchuid den bhlianacht”, i gcás blianachta is iníoctha in aon tsuim amháin sa bhliain, an bhlianacht san no, in aon chás eile, an codán san den bhlianacht a bheidh oiriúnach fé mar a bheidh an bhlianacht, do réir téarmaí na scéime sin, le n'íoc ina tráthchoda seachtainiúla, míosúla, ráithiúla no leath-bhliantúla.

Scéimeanna ceannaigh d'ullamhú agus do chur fé bhráid an Aire.

12. —(1) Ar dháta nach déanaí ná sé mhí tar éis an lae cheaptha déanfaidh bord sláinte gach ceanntair shláinte chontae, maidir le gach iostán sa cheanntar shláinte chontae sin ná beidh ar thalamh stáit, scéim cheannaigh d'ullamhú agus do chur fé bhráid an Aire do réir an Achta so.

(2) I gcás—

(a) scéim cheannaigh do cheanntar shláinte chontae do bheith tagtha i bhfeidhm, agus

(b)     (i) bord sláinte an cheantair shláinte chontae sin do bheith tar éis iostán sa mbreis (nach iostán ar thalamh stáit) do chur ar fáil fé sna Príomh-Achtanna, no

(ii) an scéim sin do bheith tar éis scurtha de bhaint le hiostán, a bhí dílsithe i dtionónta bhí á cheannach fén Acht so, toisc an bhúird sin d'fháil seilbhe an iostáin sin thar n-ais fén Acht so,

déanfaidh an bord sláinte sin, fé cheann dhá mhí dhéag, scéim cheannaigh d'ullamhú agus do chur fé bhráid an Aire maidir leis an iostán san.

(3) I gcás—

(a) scéim cheannaigh a bhainfidh le hiostán i gceanntar sláinte contae do bheith tagtha i bhfeidhm, agus

(b) an té is tionónta ar an iostán san agus nár cheannuigh an t-iostán san fén Acht so do scur de bheith ina thionónta amhlaidh,

déanfaidh bord sláinte an cheanntair shláinte chontae sin, má orduíonn an tAire amhlaidh, scéim cheannaigh nua d'ullamhú agus do chur fé bhráid an Aire láithreach maidir leis an iostán san.

(4) I gcás—

(a) scéim cheannaigh do cheanntar shláinte chontae do bheith tagtha i bhfeidhm, agus

(b) aon iostán áirithe le n-a mbainfidh an scéim sin do bheith gan ceannach fén Acht so,

féadfaidh bord sláinte an cheanntair shláinte chontae sin, le toiliú an Aire, scéim cheannaigh nua d'ullamhú agus do chur fé bhráid an Aire maidir leis an iostán san.

(5) Má dheineann bord sláinte scéim cheannaigh d'ullamhú agus do chur fé bhráid an Aire maidir le haon iostáin áirithe agus go ndéanfaidh an tAire, i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an gcéad alt ina dhiaidh seo, a cheangal ar an mbord sláinte sin scéim cheannaigh nua d'ullamhú agus do chur fé n-a bhráid maidir leis na hiostáin sin, déanfaidh an bord sláinte sin do réir an cheangail sin chó luath agus a bheidh caothúil.

(6) Má dheineann bord sláinte do cheanntar shláinte chontae scéim cheannaigh fén alt so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) sara gcuirfidh an bord sláinte sin an scéim sin fé bhráid an Aire foillseoid fógra sa bhfuirm orduithe, i dtaobh déanta na scéime sin, uair amháin ar a laighead i ngach seachtain de dhá sheachtain as a chéile i bpáipéar nuachta léightear sa cheanntar shláinte chontae sin;

(b) sara bhfoillseofar an fógra san den chéad uair cuirfidh an bord sláinte sin fé ndeár cóipeanna den scéim cheannaigh sin do chur ar fáil chun a n-iniúchta ag an bpuiblíocht sna tráthanna agus sna háiteanna orduithe;

(c) féadfaidh duine ar bith go mbeidh leas aige sa scéim cheannaigh sin agóidí i gcoinnibh na scéime ceannaigh sin do chur chun an Aire aon tráth laistigh de thrí seachtaine tar éis dáta foillsithe an fhógra san den dara huair.

Scéimeanna ceannaigh do cheadú, etc.

13. —(1) Má chuireann bord sláinte scéim cheannaigh i dtaobh aon iostán fé bhráid an Aire fén alt deiridh sin roimhe seo féadfaidh an tAire, tar éis breithniú do dhéanamh ar aon agóid a cuirfear chuige fé cheann trí seachtaine o am foillsithe an dara ceann de sna fógraí i dtaobh na scéime sin dá dtagartar san alt san, éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) ordú do dhéanamh ag ceadú na scéime ceannaigh sin gan atharú,

(b) ordú do dhéanamh ag atharú na scéime ceannaigh sin i pé slí (pe'ca tré chur léi, fágaint ar lár no atharú é) is oiriúnach leis agus ag ceadú na scéime ceannaigh sin mar a bheidh sí atharuithe amhlaidh,

(c) a cheangal ar an mbord sláinte sin scéim cheannaigh nua d'ullamhú agus do chur fé n-a bhráid maidir leis na hiostáin sin.

(2) I gcás ina dtuigfear fé fho-alt (4) den alt so bord sláinte do chur scéime ceannaigh fé bhráid an Aire naidir le haon iostáin féadfaidh an tAire—

(a) ordú do dhéanamh ag atharú na scéime ceannaigh sin i pé slí (pe'ca tré chur léi, fágaint ar lár no atharú é) is oiriúnach leis agus ag ceadú na scéime ceannaigh sin mar a bheidh sí atharuithe amhlaidh, no

(b) a cheangal ar an mbord sláinte sin scéim cheannaigh nua d'ullamhú agus do chur fé n-a bhráid.

(3) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so ag ceadú scéime ceannaigh leagfar é (maraon leis an scéim cheannaigh) fé bhráid Dháil Éireann chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann Dáil Éireann laistigh den chéad trí sheachtain (gan aon tseachtain do chur san áireamh nár shuidh Dáil Éireann in aon chor) tar éis na seachtaine inar leagadh an t-ordú san fé bhráid Dháil Éireann, rún do rith ag cur an orduithe sin ar neambrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin.

(4) Má cuirtear ordú ag ceadú scéime ceannaigh ar nea-mbrí fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo tuigfear scéim cheannaigh sna téarmaí céanna ina raibh an scéim cheannaigh sin a céad-luaidhtear mar a ceaduíodh í amhlaidh do bheith curtha fé bhráid an Aire ag an mbord sláinte d'ullamhuigh an scéim cheannaigh sin a céad-luaidhtear.

Scéimeanna ceannaigh do theacht i bhfeidhm.

14. —(1) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú ag ceadú scéime ceannaigh agus ná cuirfidh Dáil Éireann an t-ordú san ar neambrí tré rún do rith fén alt deiridh sin roimhe seo, déanfaidh an tAire ordú á dhearbhú cadé an lá thiocfaidh an scéim sin i bhfeidhm agus tiocfaidh an scéim sin i bhfeidhm an lá ceapfar amhlaidh.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so á dhearbhú cadé an lá thiocfaidh scéim cheannaigh i bhfeidhm déanfaidh an bord sláinte d'ullamhuigh an scéim cheannaigh sin a chur fé ndeár cóipeanna den ordú san agus den scéim cheannaigh sin do chur ar fáil chun a n-iniúchta ag an bpuiblíocht sna tráthanna agus sna háiteanna orduithe agus, fé cheann na haimsire orduithe, cuirfidh fé ndeár go bhfoillseofar uair amháin ar a laighead i ngach seachtain de dhá sheachtain as a chéile, i bpáipéar nuachta léightear i gceanntar sláinte contae an bhúird sláinte sin, fógra i dtaobh an orduithe sin do dhéanamh agus i dtaobh na dtráthanna agus na n-áiteanna ina mbeidh cóipeanna den ordú san agus den scéim cheannaigh sin ar fáil chun a n-iniúchta ag an bpuiblíocht.

Scéim cheannaigh do scur d'fheidhm do bheith aici ar theacht i bhfeidhm do scéim cheannaigh nua.

15. —Má thagann scéim cheannaigh nua i bhfeidhm a bhainfidh le hiostán áirithe ní bheidh feidhm feasta, maidir leis an iostán san, ag aon scéim cheannaigh eile do bhain leis an iostán san agus do bhí i bhfeidhm díreach roimh theacht i bhfeidhm don scéim cheannaigh nua san.

Iarrataisí ar iostáin do cheannach.

16. —(1) I gcás—

(a) scéim cheannaigh a bhainfidh le hiostán i gceanntar sláinte contae do bheith i bhfeidhm, agus

(b) an t-iostán san do bheith ar seilbh ag duine is duine cáilithe, agus

(c) gan aon chíos do bheith dlite alos an iostáin sin,

féadfaidh an duine sin iarratas do chur chun bord sláinte an cheanntair shláinte chontae sin á iarraidh go n-aistreofaí leas an bhúird sláinte sin chuige tré ordú dílsiúcháin do dhéanamh fén Acht so.

(2) Chun crícheanna an ailt seo beidh gach duine acu so leanas ina dhuine cháilithe maidir le hiostán, sé sin le rá:—

(a) duine—

(i) is tionónta ar an iostán san, agus

(ii) is sclábhaí talmhaíochta no, neachtar acu, ba sclábhaí talmhaíochta ar é theacht chun bheith ina thionónta den chéad uair;

(b) duine—

(i) is baintreach do dhuine no is duine cloinne no gaol eile le duine ba thionónta ar an iostán san ar dháta a bháis agus ba sclábhaí talmhaíochta ar dháta a bháis no ar é theacht chun bheith ina thionónta den chéad uair, agus

(ii) do bhí, ar dháta an bháis, ina chomhnaí san iostán san, agus

(iii) go ndearbhóidh an bord sláinte, gur ina gceanntar sláinte contae bheidh an t-iostán san, gur duine cáilithe é.

(3) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach iarratas fén alt so agus beidh na mion-innste orduithe ann.

Orduithe dílsiúcháin agus coinníollacha reachtúla bhaineann le hiostáin.

17. —(1) I gcás—

(a) scéim cheannaigh i dtaobh iostáin i gceanntar sláinte contae do bheith i bhfeidhm, agus

(b) duine adeir go bhfuil san de theideal aige fén alt deiridh sin roimhe seo dá iarraidh ar bhord sláinte an cheanntair shláinte chontae sin leas an bhúird sláinte sin san iostán san d'aistriú chun an duine sin, agus

(c) gur deimhin leis an mbord sláinte sin an duine sin do bheith i dteideal amhlaidh,

déanfaidh an bord sláinte sin, fé réir forálacha an Achta so, ordú (dá ngairmtear ordú dílsiúcháin san Acht so) i dtaobh an iostáin sin.

(2) Gach ordú dílsiúcháin a dhéanfaidh bord sláinte i dtaobh iostáin le n-a mbainfidh scéim cheannaigh a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire:—

(a) is sa bhfuirm orduithe bheidh sé,

(b) luadhfar ann na laetheanta (dá ngairmtear na laetheanta gála san alt so) ar a mbeidh gach tráthchuid fé leith den bhlianacht le n'íoc (pe'ca go seachtainiúil; go míosúil, go ráithiúil, go leath-bhliantúil no go bliantúil, do réir mar a foráltar leis an scéim cheannaigh sin, a bheidh na tráthchoda iníoctha),

(c) déarfa sé agus déanfa sé an t-iostán san do dhílsiú i mbithdhílse i neach a cheannuithe, an chéad lá gála (dá ngairmtear lá an dílsithe san Acht so) i ndiaidh dáta an orduithe sin, agus é saor o ualaigh agus o gach estát, ceart, teideal agus leas de shaghas ar bith, ach fé réir agus fé mhuirear na blianachta d'íoc leis an mbord sláinte sin ar feadh áirimh de bhlianta (dá ngairmtear an tréimhse íocaíochta san Acht so) is có-ionann leis an áireamh ceaptha de bhlianta agus a thosnóidh an chéad lá i ndiaidh lae an dílsithe,

(d) déarfa sé agus déanfa sé freisin feidhm do thabhairt, maidir leis an iostán san, do sna coinníollacha so leanas (dá ngairmtear na coinníollacha reachtúla san Acht so) ar feadh na tréimhse íocaíochta, sé sin le rá:—

(i) go ndéanfar gach lá gála i rith na tréimhse íocaíochta tráthchuid den bhlianacht d'íoc go féichiúnta leis an mbord sláinte sin,

(ii) fé réir forálacha an Achta so ná húsáidfear an t-iostán san chun críche ar bith ach chun aon chríche amháin acu so leanas, sé sin le rá:—

(I) chun cóiríochta don cheannuitheoir no don cheannuitheoir agus do dhaoine dá líntighe,

(II) ar fháil bháis don cheannuitheoir, chun cóiríochta do dhuine is baintreach don cheannuitheoir no duine cloinne no gaol eile leis an gceannuitheoir agus do bhí ina chomhnaí san iostán san le linn an bháis sin, no chun cóiríochta don duine sin agus do dhaoine de líntighe an duine sin,

(III) chun cóiríochta do sclábhaí thalmhaíochta no do sclábhaí thalmhaíochta agus do dhaoine dá líntighe,

(iii) ná haistreofar an t-iostán san ach tré oibriú dlí no tré dhíol le toiliú an bhúird sláinte sin,

(iv) go gcoimeádfar an t-iostán san ar staid mhaith shláintíochta agus i dtreo mhaith,

(v) ná fo-roinnfear an t-iostán san,

(vi) ná cuirfear ar conacra an plásán (más aon cheann é) a bheidh ar seilbh i dteanta an iostáin sin,

(vii) ná tógfar aon ithir, gaineamh, gairbhéal ná abhar eile dá samhail as an bplásán (más aon cheann é) a bheidh ar seilbh i dteanta an iostáin sin ach sa mhéid is gá chun an phlásáin sin do shaothrú i gceart no chun foirgintí is gá do thógáil.

Iostán do dheisiú roimhé dhílsiú.

18. —(1) Pé uair a bheidh beartuithe ag bord sláinte ordú dílsiúcháin do dhéanamh maidir le aon iostán ná beidh i dtreo mhaith agus ar staid mhaith shláintíochta déanfaidh an bord sláinte sin ar an iostán san no ann, sara ndeinid an t-ordú dílsiúcháin sin, gach obair is gá chun an iostáin sin do chur i dtreo mhaith agus ar staid mhaith shláintíochta.

(2) Má eiríonn aon amhras, aighneas no ceist i dtaobh aon iostán do bheith i dtreo mhaith no ar staid mhaith shláintíochta chun crícheanna an ailt seo no gan a bheith no i dtaobh cadiad na hoibreacha is gá chun aon iostán do chur i dtreo mhaith no ar staid mhaith shláintíochta chun crícheanna an ailt seo isé an tAire bhéarfaidh breith air agus ní bheidh dul thar a bhreith-sean air.

Unaeracht iostán le n-a mbaineann orduithe dílsiúcháin do chlárú fénLocal Registration of Title(Ireland) Act, 1891.

19. —(1) Má dílsítear iostán ina thionónta le hordú dílsiúcháin fén Acht so agus ná beidh sé éigeantach lá an dílsithe, de bhuadh aon fhorála d'Acht 1891 no de sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, únaeracht an iostáin sin do chlárú, ansan, ar lá an dílsithe agus dá éis beidh sé éigeantach únaeracht an iostáin sin do chlárú agus tuigfear gur talamh cláruithe do réir bhrí na nAchtanna san an t-iostán san.

(2) Pé uair a dhéanfaidh bord sláinte ordú dílsiúcháin fén Acht so ag dílsiú iostáin ina thionónta déanfaidh an bord sláinte sin láithreach, chun go gclárófar an tionónta san fé Acht 1891 mar únaer ar an iostán san, na nithe seo leanas do chur chun an údaráis chlárathachta fé Acht 1891—

(a) cóip den ordú dílsiúcháin sin, agus

(b) mapa ina dtaisbeánfar suidheamh an iostáin sin, agus

(c) an táille bheidh orduithe d'íoc as an gclárú san.

(3) Nuair a gheobhaidh an t-údarás clárathachta fé Acht 1891 o bhord sláinte cóip d'ordú dílsiúcháin do rinneadh i dtaobh aon iostáin maraon leis an mapa agus an táille a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo déanfaidh an t-údarás san, fé réir forálacha Achta 1891, tionónta an iostáin sin do chlárú mar únaer ar an iostán san lá an dílsithe no chó luath ina dhiaidh sin agus is féidir é.

(4) Beidh éifeacht ag forálacha Coda IV d'Acht 1891 maidir le haon iostán a cheannóidh a thionónta fén Acht so amhail is gur thalamh cláruithe saor-choinneála le n-a mbaineann an Chuid sin IV an t-iostán san.

(5) Béidh éifeacht ag alt 47 d'Acht 1891 amhail is go ndéanfaí an bhlianacht cheannaigh dob iníoctha alos iostáin do bheadh cláruithe fén Acht san agus na coinníollacha reachtúla do chur lets na hualaigh a luaidhtear i míreanna (a) go (i) den alt san agus gur chuid de sna hualaigh sin iad.

(6) Is le toiliú an Aire Airgid a déanfar gach rialachán ag ordú na dtáillí bheidh le n'íoc as tionóntaithe iostán do chlárú fén alt so mar únaerí ar na hiostáin sin.

Ordú dílsiúcháin do leasú.

20. —(1) Más deimhin leis an Aire, ar iarratas o dhuine ar bith le n-a mbaineann agus tar éis fógra do thabhairt do gach duine ordóidh sé agus ar éisteacht pé fianaise is dóich leis is ceart do ghlacadh, go bhfuil earráid no dearmhad, cléiriúil no tábhachtach, in ordú dílsiúcháin, pe'ca an bord sláinte do rinne an t-ordú dílsiúcháin sin fé ndeár é no nach iad, féadfaidh an tAire an t-ordú dílsiúcháin sin do leasú fé mar is gá do réir chirt.

(2) Má dheineann an tAire ordú fén alt so ag leasú orduithe dhílsiúcháin, déanfaidh an t-údarás clárathachta fé Acht 1891, ar chóip den ordú leasúcháin sin agus í séaluithe le séala an Aire do lóisteáil leis, an clár fé Acht 1891 do cheartú i pé slí is gá chun an chláir sin do chur ar aon dul leis an ordú dílsiúcháin sin mar a bheidh sé leasuithe amhlaidh.

Srian do chur le hiostáin do mhorgáistiú agus do mhuirearú.

21. —(1) Ní déanfar iostán a ceannófar fén Acht so do chur fé mhorgáiste ná fé mhuirear i rith na tréimhse íocaíochta maidir leis an iostán san.

(2) Ní bheidh brí ná éifeacht ag aon ionstruim mhorgáiste no mhuirir ar iostán a déanfar contrárdha don alt so.

(3) Béidh sé de dhualgas ar an údarás clárathachta fé Acht 1891 forálacha fo-alt (1) agus (2) den alt so do nótáil ar an gclár agus, chun crícheanna Achta 1891, tuigfear na forálacha san do bheith ina n-ualach go ndearbhuítear le hAcht 1891 ina thaobh d'ainneoin san é bheith claruithe gur ualach ar gach talamh cláruithe é.

Tráthchoda de bhlianacht do bhaint amach.

22. —I gcás—

(a) bord sláinte do dhéanamh orduithe dhílsiúcháin i dtaobh iostáin, agus

(b) gan aon tráthchuid áirithe den bhlianacht d'íoc ar an dáta bheidh sí iníoctha fé sna coinníollacha reachtúla,

tiocfaidh an tráthchuid sin láithreach chun bheith dlite don bhord san o únaer an iostáin sin agus féadfar í bhaint amach mar fhiacha ghnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla.

Coinníollacha reachtúla d'fhoirfheidhmiú.

23. —(1) Pé uair is deimhin le bord sláinte, i dtaobh aon iostáin do ceannuíodh ón mbord sláinte sin fén Acht so, go mbeadh sé mí-réasúnta aon cheann áirithe de sna coinníollacha reachtúla, a chuireann teora leis na crícheanna chun a bhféadfaí an t-iostán san d'úsáid, do chólíonadh ina iomlán no go dtiocfadh cruatan nea-chuibhe dá dhruim sin, féadfaidh an bord san, le toiliú an Aire, oibriú na gcoinníollacha reachtúla san do chur ar fiunraoi go cheann tréimhse áirithe fé réir aon teorann leis an bhfiunraíocht san a mheasfaidh an bord san is oiriúnach.

(2) Fé réir forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, beidh sé de dhualgas ar gach bord sláinte o n-a gceannófar aon iostán fén Acht so cólíonadh na gcoinníollacha reachtúla d'fhoirfheidhmiú maidir leis an iostán san agus chuige sin gach comhacht d'fheidhmiú agus gach leigheas d'úsáid do bheireann an tAcht so no aon Acht eile don bhord san.

(3) Aon am i rith na tréimhse íocaíochta maidir le hiostán a ceannófar o bhord sláinte fén Acht so féadfaidh duine ar bith, go n-údarás i scríbhinn chuige sin ón mbord san, dul isteach gach tráth réasúnta san iostán san chun an iostáin sin d'iniúchadh agus chun a fháil amach ce'ca tá na coinníollacha reachtúla á gcólíonadh ina thaobh no ná fuilid.

(4) Má chuireann éinne cosc no bac le duine ar bith agus an duine deiridh sin ag feidhmiú comhachta bronntar air leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phunt do chur air.

Búird sláinte do bhaint seilbhe iostán amach i gcás coinníollacha reachtúla do bhriseadh.

24. —(1) Más rud é, aon uair i rith na tréimhse íocaíochta maidir le hiostán ar bith a ceannófar fén Acht so o bhord sláinte, go mbeidh aon cheann de sna coinníollacha reachtúla gan cólíonadh maidir leis an iostán san féadfaidh an bord sláinte sin, fé réir forálacha an ailt seo, a iarraidh ar an mBreitheamh den Chúirt Dúithche go ndlighinse sa cheanntar ina mbeidh an t-iostán san barántas do thabhairt amach ag tabhairt seilbhe an iostáin sin don bhord sláinte sin.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le haon iarratas o bhord sláinte i dtaobh iostáin fén alt so:—

(a) sara ndeinidh an bord sláinte sin an t-iarratas san bhéarfaidh fógra d'únaer an iostáin sin go bhfuilid chun an iarratais sin do dhéanamh agus luadhfar sa bhfógra san na forais ar a mbunófar an t-iarratas san;

(b) beidh an fógra san—

(i) ina fhógra seachtaine ar a laighead másé foras ar a mbunófar é nár cólíonadh an coinníoll reachtúil a bhaineann le híoc tráthchoda den bhlianacht is iníoctha alos an iostáin sin;

(ii) ina fhógra sé seachtaine ar a laighead másé foras ar a mbunófar é gur fágadh aon choinníoll reachtúil eile gan cólíonadh.

(3) Pé uair iarrfaidh bord sláinte fén alt so go dtabharfaí amach barántas ag tabhairt seilbhe iostáin don bhord san agus a bheidh fógra i dtaobh an iarratais sin tugtha go cuibhe do réir an ailt seo féadfaidh an Breitheamh den Chúirt Dúithche éistfidh an t-iarratas san an barántas san do thabhairt amach más deimhin leis aon choinníoll reachtúil a bheidh luaidhte sa bhfógra san do bheith gan cólíonadh.

(4) Bainfidh forálacha ailt 86 den Landlord and Tenant Law Amendment Act, Ireland, 1860, le barántas do thabhairt amach fén alt so agus ar bharántas den tsórt san do thabhairt amach amhlaidh beidh sé ar aon éifeacht le barántas fén alt san 86.

(5) I gcás bord sláinte do bhaint amach seilbhe iostáin fén alt so de bhuadh barántais do bhéarfar amach fén alt so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh deireadh le n-a mbeidh d'estát agus de leas san iostán san ag an té ina raibh an t-iostán san dílsithe agus ag aon duine eile éilíonn tríd no fé,

(b) ath-dhílseoidh an t-iostán san sa bhord sláinte sin i mbithdhílse,

(c) déanfaidh an t-údarás is údarás clárathachta fé Acht 1891, ar iarratas an bhúird sláinte sin, an bord sláinte sin do chlárú mar únaer i mbithdhílse ar an iostán san fé Acht 1891,

(d) an scéim cheannaigh do bhain leis an iostán san scuirfidh de bhaint leis an iostán san,

(e) bainfidh forálacha na bPríomh-Achtanna, mar a leasuítear iad leis an Acht so, leis an iostán san fé mar a bhainfidís le hiostán do cuirfí ar fáil fé sna hAchtanna san, mar a leasuítear iad amhlaidh, agus do thiocfadh chun bheith neamh-áitreabhtha.

Bord sláinte do dheisiú iostáin.

25. —(1) Pé uair, i rith na tréimhse íocaíochta maidir le hiostán a ceannófar fén Acht so o bhord sláinte, a bheidh an coinníoll reachtúil sin gan cólíonadh a chuireann mar cheangal an t-iostán san do choimeád i dtreo mhaith agus ar staid mhaith shláintíochta féadfaidh an bord sláinte sin, gan dochar d'aon leigheas eile ach fé réir forálacha an ailt seo, dul isteach san iostán san agus gach obair do dhéanamh ann is gá chun an iostáin sin do chur i dtreo mhaith agus ar staid mhaith shláintíochta.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an gcomhacht a bronntar ar bhord sláinte leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo d'fheidhmiú maidir le hiostán a ceannófar fén Acht so ón mbord sláinte sin, sé sin le rá:—

(a) sara bhfeidhmeoidh an bord sláinte sin an chomhacht san seirbheálfaid ar únaer an iostáin sin fógra—

(i) á rá go bhfuil an bord sláinte sin ar intinn an chomhacht san d'fheidhmiú maidir leis an iostán san, agus

(ii) ag luadh saghas generálta na n-oibreacha atáthar ar intinn a dhéanamh i bhfeidhmiú na comhachta san, agus

(iii) ag luadh an dáta (agus ní bheidh san níos luatha ná mí o dháta an fhógra san do sheirbheáil) go mbeifear ar intinn an chomhacht san d'fheidhmiú air no ina dhiaidh;

(b) ní fheidhmeoidh an bord sláinte sin an chomhacht san roimh an dáta san;

(c) má seirbheáltar aon fhógra den tsórt san ar an únaer sin féadfaidh an t-únaer sin roimh an dáta san—

(i) ordú ag cealú an fhógra san d'iarraidh ar an Aire, agus

(ii) cóip den iarratas san do sheirbheáil ar an mbord sláinte sin;

(d) mara ndeinidh an t-únaer sin do réir forálacha míre (c) den alt so roimh an dáta san, féadfaidh an bord sláinte sin an chomhacht san d'fheidhmiú an dáta san no dá éis;

(e) má dheineann an t-únaer sin do réir forálacha na míre sin (c) roimh an dáta san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) breithneoidh an tAire an t-iarratas san agus tar éis a bhreithnithe dhó daingneoidh no cealóidh an fógra san le hordú,

(ii) ní fheidhmeoidh an bord sláinte sin an chomhacht san in aon chás go dtí go ndéanfaidh an tAire ordú ag daingniú no ag cealú an fhógra san,

(iii) má dheineann an tAire ordú ag cealú an fhógra san tuigfear nár seirbheáladh an fógra san riamh ar an únaer sin,

(iv) má dheineann an tAire ordú ag daingniú an fhógra san féadfaidh an bord sláinte sin díriú láithreach ar an gcomhacht san d'fheidhmiú.

(3) Gach duine chuirfidh cosc no bac le bord sláinte d'fheidhmiú na comhachta san go dleathach a bronntar ar an mbord sláinte sin le fo-alt (1) den alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(4) Pé uair a dhéanfaidh bord sláinte aon oibreacha ar iostán no ann i bhfeidhmiú na comhachta bronntar le fo-alt (1) den alt so, beidh an bord sláinte sin i dteideal íoc d'fháil o únaer an iostáin sin i méid na gcostas agus na gcaiteachas fé n-a ndeachaidh an bord go réasúnta chun na n-oibreacha san do dhéanamh agus fós i dteideal an méid sin do bhaint den únaer san (mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla), agus má theipeann ar únaer an iostáin sin an méid sin d'íoc leis an mbord sláinte sin ar n-a éileamh dóibh tuigfear gur theip air déanamh do réir an choinníll reachtúla bhaineann le híoc tráthchoda den bhlianacht cheannaigh is iníoctha alos an iostáin sin agus beidh feidhm ag forálacha an Achta so dá réir sin.

Iostán a dítheofar de dheascaibh tóiteáin, etc., d'aithdhéanamh.

26. —(1) Más rud é, i rith na tréimhse íocaíochta maidir le hiostán a ceannófar o bhord sláinte fén Acht so, go dtiocfaidh, de dheascaibh tóiteáin tionóiscigh no tionóisce do-sheachanta eile agus gan faillí i bpáirt únaera no sealbhaire an iostáin sin, go mbeidh an t-iostán san díthithe, no ina fhothrach dho-áitreabhtha, no nach féidir é do shealbhú no d'úsáid chun tairbhe, aithdhéanfaidh an bord sláinte sin an t-iostán san fé cheann aimsire réasúnta.

(2) Féadfaidh bord sláinte, más oiriúnach leo é, árachú in aghaidh na freagarthachta cuirtear ortha leis an alt so.

Iostán agus gabháltas do chódhlúthú fé réir na nAchtanna Talamh-Cheannaigh.

27. —(1) Má bhíonn únaer aon iostáin a ceannófar o bhord sláinte fén Acht so no má thagann sé chun bheith, ina theanta san, ina únaer chláruithe fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh ar ghabháltas a bheidh fé bhlianacht cheannaigh is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann féadfaidh Coimisiún Talmhan na hÉireann ordú (dá ngairmtear ordú códhlúthacháin san alt so) do dhéanamh á dhearbhú an t-iostán agus an gabháltas san do bheith ina n-aon ghabháltas amháin chun crícheanna na nAchtanna san ar an dáta agus ón dáta (dá ngairmtear an dáta códhlúthacháin san alt so) a luadhfar chuige sin san ordú san.

(2) Má deintear ordú códhlúthacháin i dtaobh iostáin a bheidh fé bhlianacht (da ngairmtear blianacht cheannaigh an iostáin sa bhfo-alt so) is iníoctha le bord sláinte fén Acht so agus i dtaobh gabháltais a bheidh fé bhlianacht cheannaigh (dá ngairmtear blianacht cheannaigh an tailimh sa bhfo-alt so) is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann, ansan, ar an dáta agus ón dáta códhlúthacháin a bheidh luaidhte san ordú san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) tuigfear chun crícheanna na nAchtanna Talamh-Cheannaigh an t-iostán san agus an gabháltas san do bheith ina n-aon ghabháltas amháin (dá ngairmtear an gabháltas códhlúite sa bhfo-alt so) agus tuigfear chun na gcrícheanna san gurb é únaer an iostáin sin agus an ghabháltais sin is dílseánach ar an ngabháltas códhlúite, agus na coinníollacha fhorchuireann na hAchtanna san ar dhílseánach ghabháltais go ndearna Coimisiún Talmhan na hÉireann roimh-íoc fé sna hAchtanna san chun a cheannuithe bainfid leis an dílseánach san dá réir sin;

(b) leanfaidh blianacht cheannaigh an iostáin agus blianacht cheannaigh an tailimh de bheith iníoctha mar dhá bhlianacht ar leithligh;

(c) beidh blianacht cheannaigh an tailimh agus aon riaráiste neamh-íoctha den chéanna thiocfaidh chun bheith dlite roimh an dáta códhlúthacháin sin ina muirear ar an ngabháltas códhlúite agus ionbhainte amach as sa tslí chéanna ina raibh agus do réir na tosaíochta céanna gur dá réir do bhí blianacht cheannaigh an tailimh ina muirear ar an mbun-ghabháltas agus ionbhainte amach as díreach roimh an dáta códhlúthacháin sin fén mír seo,

(d) beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le blianacht cheannaigh an iostáin, sé sin le rá:—

(i) in ionad blianacht cheannaigh an iostáin d'íoc leis an mbord sláinte sin íocfar le Coimisiún Talmhan na hÉireann í, agus leanfar dá híoc amhlaidh go ceann na tréimhse íocaíochta maidir leis an iostán san mara bhfuascailtear roimhe sin í fén mír seo,

(ii) beidh blianacht cheannaigh an iostáin iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann ina tráthchoda leath-bhliantúla codroma ar na laetheanta gála ar a mbeidh blianacht cheannaigh an tailimh iníoctha, no ar a raibh sí iníoctha má scuireann blianacht cheannaigh an tailimh roimh bhlianacht cheannaigh an iostáin, agus beidh an chéad tráthchuid iníoctha ar an gcéad lá gála tar éis an dáta chódhlúthacháin sin, ach san fé réir na gcoinníoll so leanas:—

(I) más giorra ná sé mhí an tréimhse thosnóidh ar an dáta códhlúthacháin sin agus a chríochnóidh díreach roimh an gcéad lá gála san laigheadófar dá réir sin an tráthchuid is iníoctha alos blianacht cheannaigh an iostáin an chéad lá gála san,

(II) má chríochnuíonn an tréimhse íocaíochta maidir leis an iostán san lá nach lá gála beidh tráthchuid iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann alos blianacht cheannaigh an iostáin i gceann na tréimhse íocaíochta san, tráthchuid go mbeidh idir í agus blianacht cheannaigh an iostáin an cothrom céanna bheidh idir an tréimhse dar tosach an lá gála deiridh sa tréimhse íocaíochta san agus dar chríoch deireadh na tréimhse íocaíochta san agus bliain,

(iii) beidh blianacht cheannaigh an iostáin ina muirear ar an ngabháltas códhlúite,

(iv) beidh tosaíocht ag blianacht cheannaigh an iostáin díreach i ndiaidh blianacht cheannaigh an tailimh mar mhuirear ar an ngabháltas códhlúite,

(v) tuigfear blianacht cheannaigh an iostáin do bheith ina blianacht chun aisíoctha airgid do roimh-íocadh fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh chun ceannuithe gabháltais agus chun aon tráthchoda neamhíoctha den bhlianacht san do bhaint amach beidh ag Coimisiún Talmhan na hÉireann na leighseanna céanna atá acu chun tráthchoda neamh-íoctha de bhlianacht talamh-cheannaigh do bhaint amach,

(vi) beidh gach riaráiste de bhlianacht cheannaigh an iostáin a thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an dáta chódhlúthacháin sin ina mhuirear ar an gCiste Urraíochta fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, agus slánófar é as an gCiste sin, fé shocrú den tsórt chéanna bhaineann le riaráiste de bhlianachtaí talamh-cheannaigh,

(vii) féadfar blianacht cheannaigh an iostáin d'fhuascailt tráth ar bith tré pé suim d'íoc le Coimisiún Talmhan na hÉireann is dóich leis an Aire Airgid is ionann agus luach na dtráthchoda uile dhi bheidh an tráth san gan teacht chun bheith dlite,

(viii) féadfar blianacht cheannaigh an iostáin do laigheadú tré fhuascailt do dhéanamh ar chion di tré pé suim d'íoc le Coimisiún Talmhan na hÉireann is dóich leis an Aire Airgid is ionann agus luach an cheana san de sna tráthchoda uile dhi bheidh an tráth san gan teacht chun bheith dlite,

(ix) an t-airgead uile do gheobhaidh Coimisiún Talmhan na hÉireann alos tráthchodanna de bhlianacht cheannaigh an iostáin cuirfear de láimh é i pé slí ordóidh an tAire Airgid,

(x) an t-airgead uile do gheobhaidh Coimisiún Talmhan na hÉireann alos blianacht cheannaigh an iostáin no aon choda dhi d'fhuascailt íocfaidh Coimisiún Talmhan na hÉireann leis an mbord sláinte sin é agus cuirfe siad-san chun críche é i pé slí ordóidh an tAire;

(e) d'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh ní bheidh aon chuid de bhlianacht cheannaigh an tailimh ionfhuascailte go dtí go mbeidh iomlán blianacht cheannaigh an iostáin fuascailte no go scuirfe sí de bheith iníoctha;

(f) faid a leanfaidh blianacht cheannaigh an iostáin agus blianacht cheannaigh an tailimh de bheith iníoctha tuigfear, chun crícheanna a mbailithe agus a mbainte amach, na blianachtaí sin do bheith ina mblianacht chódhlúite de mhéid is có-ionann le suim an dá bhlianacht san;

(g) mara ndeintear agus go dtí go ndéanfar blianacht cheannaigh11 an iostáin d'fhuascailt ar fad dlighfidh Coimisiún Talmhan na hÉireann, ar gach dáta tar éis an dáta chódhlúthacháin sin ar a ndlighfeadh únaer an iostáin sin tráthchuid de bhlianacht cheannaigh an iostáin d'íoc leis an mbord sláinte sin dá mba ná déanfaí an t-ordú chódhlúthacháin sin, an méid seo leanas d'íoc leis an mbord sláinte sin no, má bhíonn aon fhiacha ag Coimisiún Talmhan na hÉireann ar an mbord sláinte sin, é chur creidiúna an bhúird sláinte sin, sé sin le rá:—

(i) mara mbeidh blianacht cheannaigh an iostáin laigheaduithe tré fhuascailt, méid is có-ionann le méid na tráthchoda san,

(ii) má bhíonn blianacht cheannaigh an iostáin laigheaduithe tré fhuascailt, méid go mbeidh idir é agus méid na tráthchoda san an cothrom céanna do bhí idir blianacht cheannaigh an iostáin tar éis a laigheaduithe amhlaidh agus blianacht cheannaigh an iostáin roimh í laigheadú amhlaidh;

(h) beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le haon riaráiste de bhlianacht cheannaigh an iostáin a tháinig chun bheith dlite roimh an dáta códhlúthacháin sin—

(i) ní dhlighfidh Coimisiún Talmhan na hÉireann an riaráiste sin do bhailiú ná é íoc leis an mbord sláinte sin,

(ii) beidh an riaráiste sin ionbhainte amach ag an mbord sláinte sin mar fhiacha gnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla;

(i) gach foráil den Acht so—

(i) a chuireann d'oblagáid ar únaer an iostáin sin aon tráthchuid de bhlianacht cheannaigh an iostáin d'íoc leis an mbord sláinte sin, no

(ii) a chuireann d'oblagáid ar únaer an iostáin sin déanamh do réir aon choinníll reachtúla, no

(iii) a bhronnann aon chomhacht no a chuireann aon dualgas ar an mbord sláinte sin maidir le hiostáin a ceannófar fén Acht so, no

(iv) a bhaineann le srian do chur le hiostáin do mhorgáistiú agus do mhuirearú,

scuirfe sí, fé réir forálacha na míre deiridh sin roimhe seo, d'éifeacht do bheith aici maidir leis an únaer sin no leis an iostán san ach beidh san gan dochar d'fheidhm aon fhorála de sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh;

(j) ní léireofar aon fhoráil den Acht so mar fhoráil a fhorchuireann aon dualgas ar Choimisiún Talmhan na hÉireann maidir leis an iostán san ná forchuirtear leis na hAchtanna Talamh-Cheannaigh mar a chuireann an fo-alt so iad i mbaint leis an ngabháltas códhlúite.

Blianachtaí do chur chun críche.

28. —An t-airgead uile do gheobhaidh bord sláinte in íoc blianacht fén Acht so cuirfidh an bord san é chun aisíoctha aon airgid do fuarthas ar iasacht fé sna Príomh-Achtanna no chun pé crícheanna eile ordóidh an tAire.

Fógraí do thabhairt.

29. —Fógra is gá do réir an Achta so do thabhairt d'únaer iostáin féadfar é thabhairt do in aon tslí acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) tré n-a sheachadadh don únaer sin;

(b) tré n-a fhágaint san áit ina gcomhnuíonn an t-únaer sin de ghnáth;

(c) tré n-a chur tríd an bpost i litir chláruithe roimh-íoctha bheidh dírithe chun an únaera san san áit ina gcomhnuíonn sé de ghnáth;

(d) maran féidir, le fiosrú réasúnta, a fháil amach cé hé an t-únaer sin no cá gcomhnuíonn an t-únaer sin de ghnáth, tré n-a sheachadadh do dhuine éigin os cionn sé bliana déag d'aois a chomhnuíonn no atá ar fostú san iostán no tré n-a ghreamú in ionad feiceálach éigin ar an iostán.

Rialacháin.

30. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid Dháil Éireann chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche shuidfidh Dáil Éireann ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Costaisí an Aire.

31. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire fén Acht so.

Costaisí bord sláinte.

32. —Gach costas fé n-a raghaidh bord sláinte fén Acht so íocfar é sa tslí ina bhfuil costaisí búird sláinte fé sna Príomh-Achtanna le n'íoc.

Gearr-theideal agus luadh.

33. —(1) Féadfar Acht na Sclábhaithe, 1936 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1936, do ghairm de sna Príomh-Achtanna agus den Acht so le chéile.