20 1936


Uimhir 20 de 1936.


ACHT LÍN, 1936.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTREO GO bhFÁSFAR NÍOS MO LÍN AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH, CHUIGE SIN, CHUN FÁS, SCUITSEÁIL, AGUS DÍOL LÍN DO RIALÁIL AGUS DO STIÚRADH AGUS I dTAOBH NITHE IOMDHA BHAINEAS NO GHABHAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [11adh Meitheamh, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so;

nuair a húsáidtear an focal “áitreabh” maidir leis an gclár d'áitreabhacha líon-fháis a bheidh á choimeád fén Acht so cialluíonn sé talamh talmhaíochta;

cialluíonn an focal “cigire” duine bheidh ceaptha i scríbhinn (go generálta no chun críche áirithe) ag an Aire chun bheith ina chigire chun crícheanna an Achta so;

cialluíonn an abairt “áitreabh cláruithe” áitreabh a bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád ag an Aire fén Acht so;

cialluíonn an abairt “áitreabh líon-fháis cláruithe” áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár d'áitreabhacha líon-fháis a bheidh á choimeád fén Acht so;

cialluíonn an abairt “áitreabh muileann-scuitseála cláruithe” áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár d'áitreabhacha muileannscuitseála a bheidh á choimeád fén Acht so;

cialluíonn an abairt “dílseánach cláruithe áitreibh líon-fháis chláruithe” duine bheidh iontrálta sa chlár d'áitreabhacha líonfháis, a bheidh á choimeád fén Acht so, mar dhílseánach ar aitreabh a bheidh cláruithe sa chlár san;

cialluíonn an abairt “dílseánach cláruithe áitreibh mhuileannscuitseála chláruithe” duine bheidh iontrálta sa chlár d'áitreabh acha muileann-scuitseála, a bheidh á choimeád fén Acht so, mar dhílseánach ar áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár san;

cialluíonn an abairt “saosúr díola” an tréimhse dar tosach an 1adh lá de Dheireadh Fómhair in aon bhliain agus dar críoch an 31adh lá de Mhárta an bhliain ina dhiaidh sin.

An líomatáiste le n-a mbainfidh an tAcht so.

2. —(1) Déanfaidh an tAire, chó luath agus a bheidh san caothúil tar éis an Achta so do rith, ordú (dá ngairmtear san Acht so an príomh-ordú um líomatáiste lín) ag ceapadh an líomatáiste le n-a mbainfidh an tAcht so.

(2) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, as a chomhairle féin, le hordú (dá ngairmtear san Acht so ordú leasúcháin um líomatáiste lín) an líomatáiste le n-a mbainfidh an tAcht so d'atharú, tré chur leis no baint uaidh no tré chur leis agus baint uaidh, lá áirithe nach déanaí ná ceithre lá déag tar éis dáta an orduithe sin agus ón lá san amach.

(3) Féadfaidh an líomatáiste le n-a mbainfidh an tAcht so bheith ina aon líomatáiste amháin le chéile no ina dhá líomatáiste no níos mó agus iad deighilte o chéile, pe'ca aca is dóich leis an Aire is ceart.

(4) San Acht so (agus an t-alt so d'áireamh) cialluíonn an abairt “an líomatáiste le n-a mbainfidh an tAcht so” an líomatáiste le n-a mbainfidh an tAcht so de thurus na huaire de bhuadh an phríomh-orduithe um líomatáiste lín agus gach orduithe leasúcháin um líomatáiste lín, más aon cheann é, bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

Forálacha de dhruim líomatáiste do dhúuadh amach ón líomatáiste le n-a mbainfidh an tAcht so.

3. —Pé uair a scuirfidh aon líomatáiste (dá ngairmtear an líomatáiste dúnta amach san alt so), de bhuadh orduithe leasúcháin um líomatáiste lín, de bheith ina chuid den líomatáiste le n-a mbainfidh an tAcht so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní dhéanfaidh an scur san deifir—

(i) d'oibriú an Achta so roimhe sin sa líomatáiste dúnta amach ná d'éinní do rinneadh no do fulaingeadh fén Acht so sa líomatáiste dúnta amach, ná

(ii) d'aon cheart, príbhléid, oblagáid no freagarthacht do fuarthas no d'fhás no fé n-a ndeachthas fén Acht so sa líomatáiste dúnta amach, ná

(iii) d'aon phionós, geallbhruid no peannaid fé n-a ndeachthas fén Acht so, ná

(iv) d'aon fhiosrúchán, imeacht dlí no leigheas alos aon chirt, príbhléide, oblagáide, pionóis, geallbhruide no peannaide den tsórt san roimhráite, agus

(b) féadfar aon chionta fé alt ar bith den Acht so do rinneadh roimh an scur san d'fhiosrú, do chúiseamh, do thriail agus do phionósú tar éis an scurtha san, agus dá ainneoin, fé is ná tárlódh an scur san.

Cláir a bheidh le coimeád fén Acht so.

4. —(1) Déanfaidh an tAire, chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith, na cláir seo leanas do bhunú agus iad do choimeád ina dhiaidh sin, sé sin le rá:—

(a) clár (dá ngairmtear san Acht so an clár d'áitreabhacha líon-fháis) d'áitreabhacha sa líomatáiste le n-a mbainfidh an tAcht so go mbeidh líon á fhás no go mbeifear ar aigne é d'fhás ortha no ar aon chuid díobh; agus

(b) clár (dá ngairmtear san Acht so an clár d'áitreabhacha muileann-scuitseála) d'áitreabhacha sa líomatáiste le n-a mbainfidh an tAcht so ina mbeidh gnó scuitseála lín ar siúl.

(2) Iontrálfar i ngach ceann de sna cláir a bheidh á gcoimeád do réir an ailt seo na mion-innste seo leanas i dtaobh gach áitreibh a bheidh cláruithe sa chlár san, sé sin le rá:—

(a) ainm agus sloinne agus tuairisc dhílseánaigh an áitreibh sin, agus

(b) tuairisc ar an áitreabh san is leor chun é d'aithint.

Clárú sa chlár d'áitreabhacha líon-fháis.

5. —(1) Einne fhásfaidh líon no go mbeidh beartuithe aige líon d'fhás ar aon talamh sa líomatáiste le n-a mbainfidh an tAcht so féadfaidh a iarraidh ar an Aire, sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, an talamh san do chlárú sa chlár d'áitreabhacha líon-fháis.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach iarratas fén alt so ar thalamh a bheidh i seilbh an iarratasóra do chlárú sa chlár d'áitreabhacha líon-fháis, sé sin le rá:—

(a) féadfar an t-iarratas san do dhéanamh tráth ar bith;

(b) féadfaidh an t-iarratas san, agus an clárú (más aon chlárú é) déanfar sa chlár san do réir an iarratais sin, baint le hiomlán feirme no gabháltais no le cion áirithe d'fheirm no de ghabháltas i seilbh an iarratasóra cé ná beidh in úsáid aige no ná beidh beartuithe aige a bheith in úsáid aige ach cuid den fheirm no den ghabháltas san no den chion áirithe sin den chéanna chun líon d'fhás;

(c) má géilltear don iarratas san leanfaidh an clárú san a déanfar sa chlár san do réir an iarratais sin i bhfeidhm go dtí go gcealófar é fén Acht so.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach iarratas fén alt so ar thalamh ná beidh i seilbh an iarratasóra do chlárú sa chlár d'áitreabhacha líon-fháis, sé sin le rá:—

(a) féadfar an t-iarratas san do dhéanamh—

(i) sa bhliain 1936 tráth ar bith tar éis an Achta so do rith agus sara ndeinidh an tAire fén Acht so an quota do cheapadh in aghaidh an tsaosúir dhíola dar tosach an 1adh lá de Dheire Fómhair, 1936, agus ní tráth ar bith eile, agus

(ii) in aon bhliain eile ar an 1adh lá d'Eanar no ina dhiaidh sin sa bhliain sin agus ar an lá deireannach d'Fheabhra no roimhe sin sa bhliain chéanna agus ní tráth ar bith eile;

(b) ní bhainfidh an t-iarratas san, ná an clárú (más aon chlárú é) déanfar sa chlár san do réir an iarratais sin, ach le talamh go mbeidh beartuithe ag an iarratasóir líon d'fhás air i rith na bliana ina ndéanfar an t-iarratas san;

(c) má géilltear don iarratas san leanfaidh an clárú déanfar sa chlár san do réir an iarratais sin i bhfeidhm (mara gcealuítear é roimhe sin fén Acht so) go dtí an chéad saosúr díola thosnóidh tar éis dáta an iarratais sin agus raghaidh in éag ansan;

(d) má bhíonn an talamh le n-a mbainfidh an t-iarratas san cláruithe cheana sa chlár san in ainm shealbhaire an tailimh sin oibreoidh an clárú (más aon chlárú é), a déanfar sa chlár san do réir an iarratais sin, chun an clárú san a bheidh déanta ar an talamh san in ainm shealbhaire an chéanna do chealú ar feadh ré an chláruithe déanfar do réir an iarratais sin.

(4) Féadfaidh an tAire diúltú ar aon scór acu so leanas d'iarratas ar thalamh do chlárú sa chlár d'áitreabhacha líon-fháis, sé sin le rá:—

(a) go raibh an t-iarratasóir cláruithe roimhe sin sa chlár d'áitreabhacha líon-fháis (pe'ca alos an tailimh chéanna no tailimh eile é) agus go ndearnadh a chlárú ann do chealú;

(b) nach deimhin leis an Aire gur fásadh líon ar an talamh san laistigh de dheich mbliana roimh an Acht so do rith;

(c) ag féachaint don méid daoine atá cláruithe cheana sa chlár d'áitreabhacha líon-fháis, nach é leas na puiblíochta aon daoine eile do chlárú amhlaidh;

(d) ná fuiltear ag déanamh no ná dearnadh do réir na bhforálacha den Acht so bhaineann leis an gcás.

(5) Pé uair a hiarrfar ar an Aire fén alt so clárú do dhéanamh sa chlár d'áitreabhacha líon-fháis déanfaidh an tAire, mara ndiúltuighidh don iarratas san ar scór a húdaruítear leis an alt so, an talamh le n-a mbainfidh an t-iarratas san do chlárú sa chlár san agus an t-iarratasóir do chlárú sa chlár san mar dhílseánach ar an talamh san.

Clárú sa chlár d'áitreabhacha muileann-scuitseála.

6. —(1) Einne go mbeidh scuitseáil lín ar siúl aige no go mbeidh beartuithe aige san do bheith ar siúl aige mar ghnó in áitreabh sa líomatáiste le n-a mbainfidh an tAcht so féadfaidh a iarraidh ar an Aire, sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, an t-áitreabh san do chlárú sa chlár d'áitreabhacha muileann-scuitseála.

(2) Féadfaidh an tAire diúltú ar aon scór acu so leanas d'iarratas ar áitreabh do chlárú sa chlár d'áitreabhacha muileann-scuitseála, sé sin le rá:—

(a) gur dóich leis an Aire ná fuil an t-áitreabh san oiriúnach no nach leor an fearas atá ann chun gnó muileannscuitseála do bheith ar siúl ann;

(b) gur dóich leis an Aire ná fuil an t-áitreabh san no a fhearas i dtreo, in ordú agus ar staid mhaith;

(c) nach deimhin leis an Aire an t-iarratasóir do bheith inniúil ar ghnó muileann-scuitseála do bheith ar siúl aige go héifeachtúil agus leor-mhéid daoine atá inniúil ar líon do scuitseáil go héifeachtúil do bheith ar fostú aige san áitreabh san;

(d) gur dóich leis an Aire, ag féachaint don méid daoine no don méid áitreabh atá cláruithe cheana sa chlár san no don dá mhéid sin, nach é leas na puiblíochta an t-iarratasóir do chlárú sa chlár san alos an áitreibh le n-a mbaineann an t-iarratas;

(e) go raibh an t-iarratasóir cláruithe cheana sa chlár d'áitreabhacha muileann-scuitseála (pe'ca alos an áitreibh chéanna no alos áitreibh eile é) agus go ndearnadh a chlárú ann do chealú;

(f) ná fuiltear ag déanamh no ná dearnadh do réir na bhforálacha den Acht so bhaineann leis an gcás.

(3) Pé uair a hiarrfar ar an Aire fén alt so clárú do dhéanamh sa chlár d'áitreabhacha muileann-scuitseála déanfaidh an tAire, mara ndiúltuighidh don iarratas san ar scór a húdaruítear leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, an t-áitreabh le n-a mbainfidh an t-iarratas san do chlárú sa chlár san agus an t-iarratasóir do chlárú sa chlár san mar dhílseanach ar an áitreabh san.

Iarratasóirí ar chlárú do thabhairt eolais uatha.

7. —(1) Gach éinne iarrfaidh ar an Aire aon áitreabh do chlárú i gclár a bheidh á choimeád fén Acht so déanfaidh, ar an Aire dá cheangal san air, gach eolas do thabhairt don Aire theastóidh ón Aire chun an iarratais sin do bhreithniú.

(2) Féadfaidh an tAire a chur mar cheangal, maidir le haon ráiteas réada déanfar in iarratas ar chlárú i gclár a bheidh á choimeád fén Acht so no déanfar mar fhreagra ar an Aire ar eisean d'iarraidh colais fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, go bhfíorófaí an ráiteas san le dearbhú reachtúil o dhuine éigin go n-eolas pearsanta aige ar na réada bheidh sna ráitisí sin.

(3) Má dheineann duine ar bith, in iarratas ar chlárú i gclár a bheidh á choimeád fén Acht so no le linn dó aon eolas do thabhairt uaidh do réir iarratais ón Aire fén alt so, aon ráiteas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(4) Má theipeann ar dhuine ar bith aon eolas no aon fhíorú do thabhairt uaidh a cheanglóidh an tAire ar an duine sin fén alt so do thabhairt uaidh féadfaidh an tAire, ar scór an teipthe sin, diúltú don iarratas gur ina thaobh do ceangladh air amhlaidh an t-eolas no an fíorú san do thabhairt uaidh.

Fógra i dtaobh bheith ar intinn diúltú d'iarratas ar chlárú.

8. —Sara ndiúltuighidh d'iarratas ar chlárú i gclár a bheidh á choimeád fén Acht so seirbheálfaidh an tAire tríd an bpost cláruithe ar neach iarrtha an chláruithe sin fógra seacht lá á rá go bhfuil an tAire ar intinn diúltú don iarratas san agus ag luadh na réasún atá leis an diúltú san agus breithneoidh aon chúis a phléidhfidh an t-iarratasóir sin leis fé cheann seacht lá tar éis an fhógra san do sheirbheáil.

Clárú d'aistriú nuair a haistreofar áitreabh.

9. —Pé uair a déanfar únaeracht iomláin aon áitreibh a bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád fén Acht so d'aistriú, pe'ca tré ghníomh na bpáirtithe no tré oibriú dlí é, ón duine bheidh iontrálta sa chlár san mar dhílseánach ar an áitreabh san chun duine eile déanfaidh an tAire, nuair is deimhin leis an t-aistriú san do bheith déanta, clárú an áitreibh sin sa chlár san do leasú tré ainm an duine eile sin d'iontráil ann mar dhílseánach ar an áitreabh san.

Cláir do leasú.

10. —(1) Féadfaidh an tAire uaidh féin, tráth ar bith, clár a bheidh á choimeád fén Acht so do leasú tré aon carráid shoiléir ann do cheartú.

(2) Déanfaidh an tAire, ar n-a iarraidh sin air do dhílseánach chláruithe áitreibh a bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád fén Acht so, an clár san do leasú tré aon carráid i dtuairisc an dílseánaigh chláruithe sin no an áitreibh sin sa chlár san do cheartú no tré atharú in únaeracht an áitreibh sin no atharú (pe'ca tré chur leis, laigheadú, no ar shlí eile é) san áitreabh san d'iontráil sa chlár san.

(3) Más deimhin leis an Aire dílseánach cláruithe áitreibh a bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád fén Acht so do bheith tar éis bháis leasóidh an tAire an clár san tré bhás an duine sin d'iontráil ann agus tré ionadaí pearsanta (más ann do) an dílseánaigh mhairbh sin no comharba teidil an dílseánaigh mhairbh sin no pé duine eile is dóich leis an Aire is ceart, do réir chúrsaí an cháis, d'iontráil sa chlár san mar dhílseánach ar an áitreabh san.

Clárú do chealú.

11. —(1) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, clárú aon áitreibh i gclár a bheidh á choimeád fén Acht so do chealú ar n-a iarraidh sin air do dhílseánach chláruithe an áitreibh sin.

(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, d'éamais aon iarratais den tsórt san roimhráite, clárú aon áitreibh i gclár a bheidh á choimeád fén Acht so do chealú más deimhin leis—

(a) gur tré chalaois no tré cham-thuairisc, pe'ca calaoiseach no neamh-urchóideach di, do fuarthas an t-áitreabh san do chlárú, no

(b) ná dearnadh, i gcás clárú áitreibh do bhí cláruithe sa chlár d'áitreabhacha líon-fháis do chealú tar éis dhá bhlian o dháta an Achta so do rith, aon líon d'fhás ar an áitreabh san i rith na tréimhse de dhá bhliain díreach roimh an gcealú san no, i gcás áitreibh do bhí cláruithe sa chlár d'áitreabhacha muileann-scuitseála, gur scuireadh de ghnó muileann-scuitseála do dhéanamh san áitreabh san, no

(c) más pearsa dílseánach cláruithe an áitreibh sin, go bhfuil sé tar éis bháis no, más cólucht corpruithe é, go bhfuil sé scurtha agus, i gceachtar cás, ná dearnadh, fé cheann trí mí tar éis an bháis no an scurtha san, aon duine eile do chlárú mar dhílseánach ar an áitreabh san in ionad an dílseánaigh chláruithe atá tar éis bháis no scurtha amhlaidh, no

(d) go ndearna dílseánach cláruithe an áitreibh sin, dar leis an Aire, sárú (pe'ca tré ghníomh no tré fhaillí é) ar an Acht so no ar rialachán do rinneadh fé.

(3) Sara ndeinidh an tAire (ar shlí seachas do réir iarratais chuige sin a déanfar fén alt so) clárú áitreibh ar bith do chealú, bhéarfaidh fógra míosa ar a laighead i scríbhinn do dhílseánach chláruithe an áitreibh sin no dá ionadaí phearsanta (más ann do) no dá shocrathóir (do réir mar bheidh) á rá go bhfuil sé ar intinn an clárú san do chealú agus breithneoidh aon chúis a dhéanfaidh an dílseánach cláruithe, an t-ionadaí pearsanta no an socrathóir sin (do réir mar bheidh) do phlé leis fé cheann seacht lá tar éis an fhógra san do sheirbheáil.

(4) Féadfar fógra fén alt so, á rá go bhfuil an tAire ar intinn clárú áitreibh do chealú, do sheirbheáil tré n-a sheachadadh don duine chun a mbeidh sé dírithe no tré n-a chur tríd an bpost chun an duine chun a mbeidh sé dírithe ag an áitreabh le n-a mbaineann an fógra san.

Tuairisceáin i dtaobh lín a bheidh beartuithe d'fhás.

12. —Déanfaidh gach dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe líon-fháis, ar an dáta orduithe no roimhe sin gach bliain, tuairisceán (dá ngairmtear san Acht so an tuairisceán i dtaobh lín a bheidh beartuithe d'fhás) do chur chun an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe á rá ce'ca tá sé ar intinn aon líon do chur san áitreabh san an bhliain sin no ná fuil agus, má deir sé amhlaidh go bhfuil sé ar intinn aon líon do chur amhlaidh, á rá freisin cadé an méid acra atá sa chion den áitreabh san go bhfuil sé ar intinn líon do chur ann.

Tuairisceáin dtaobh lín do fásadh.

13. —(1) Déanfaidh gach dílseánach cláruithe áitreibh líon-fháis, ar dháta nach déanaí ná an 30adh lá de Mheán Fhómhair sa bhliain 1936 agus nach déanaí ná an 30adh lá de Mheitheamh i ngach bliain ina dhiaidh sin, tuairisceán (dá ngairmtear san Acht so an tuairisceán i dtaobh lín do cuireadh) do chur chun an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, á rá ce'ca chuir sé aon líon san áitreabh san an bhliain sin no nár chuir agus, má deir sé amhlaidh gur chuir sé aon líon amhlaidh, á rá freisin cadé an t-áitreabh muileann-scuitseála cláruithe chun a bhfuil sé ar intinn toradh an lín do cuireadh amhlaidh do chur dá scuitseáil.

(2) Gach dílseánach cláruithe áitreibh líon-fháis ar a dteipfidh aon tuairisceán do thabhairt uaidh do réir an ailt seo a ceangailtear air leis an alt so do thabhairt uaidh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíncáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

E beith d'oblagáid líon do chur chun muilinn scuitseála áirithe.

14. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so ní bheidh sé dleathach do dhílseánach chláruithe áitreibh líon-fháis chláruithe líon do fásadh ar an áitreabh san do chur dá scuitseáil chun aon áitreibh mhuileann-scuitseála ach amháin chun an áitreibh mhuileann-scuitseála bheidh luaidhte sa tuarisceán do tugadh chuige sin fén Acht so i dtaobh an lín sin no chun pé áitreabh muileann-scuitseála eile bheidh údaruithe go speisialta chuige sin ag an Aire.

(2) Féadfaidh an tAire, pé uair is oiriúnach leis é, a cheangal ar dhílseánach chláruithe áitreibh líon-fháis chláruithe líon do fásadh ar an áitreabh san do chur dá scuitseáil chun áitreibh mhuileann-scuitseála áirithe agus, ar n-a cheangal san air, déanfaidh gach dílseánach cláruithe den tsórt san líon do fásadh ar áitreabh líon-fháis ar an dílseánach cláruithe é do chur chun é do scuitseáil chun an áitreibh mhuileann-scuitseála a luadhfaidh an tAire amhlaidh.

(3) Gach dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe líon-fháis a dhéanfaidh aon líon do fásadh ar an áitreabh san do chur dá scuitseáil chun aon áitreibh mhuileann-scuitseála contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig scillinge do chur air in aghaidh gach cloiche lín a chuirfe sé chun an áitreibh sin.

An riail-phraghas.

15. —(1) Déanfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú déanfar san am no laistigh den am a luaidhtear sa chéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so, a cheapadh, in aghaidh gach saosúir dhíola, cadé an praghas an chloch ar líon do fásadh agus do scuitseáladh i Saorstát Éireann a bheidh ina riail-phraghas chun crícheanna an Achta so ar an líon san an saosúr díola san.

(2) Gach ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so—

(a) déanfar é, másé an t-ordú é déanfar amhlaidh in aghaidh an tsaosúir dhíola dar tosach an 1adh lá de Dheire Fómhair, 1936, chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith, agus

(b) déanfar é, másé an t-ordú é déanfar amhlaidh in aghaidh aon tsaosúir dhíola ina dhiaidh sin, ar dháta nách déanaí ná an 31adh lá d'Eanar díreach roimh an saosúr díola san.

(3) San Acht so cialluíonn an abairt “riail-phraghas” praghas a ceapfar fén alt so mar riail-phraghas chun crícheanna an Achta so.

Líon i muileann scuitseála d'iniúchadh, etc.

16. —(1) An líon uile fasfar ar áitreabh líon-fháis cláruithe agus a chuirfidh dílseánach cláruithe an áitreibh sin go dleathach chun áitreibh mhuileann-scuitseála chláruithe chun é do scuitseáil déanfar—

(a) é do scuitseáil san áitreabh mhuileann-scuitseála san, agus

(b) nuair a bheidh sé scuitseálta amhlaidh, é do choimeád san áitreabh san go dtí go ndéanfar do réir na céad mhíre eile den fho-alt so alos an lín sin, agus

(c) é d'iniúchadh, do mheádh, do ghrádú agus do luacháil san áitreabh san do réir an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le líon scuitseálta d'iniúchadh, do mheádh, do ghrádú agus do luacháil do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh dílseánach an áitreibh mhuileann-scuitseála an líon scuitseálta san do mheádh i láthair chigire an tráth cheapfaidh an cigire sin chuige sin agus leis sin cuirfidh an cigire sin meáchaint an chéanna ar breacadh;

(b) díreach tar éis é do mheádh amhlaidh, déanfaidh cigire an líon scuitseálta san d'iniúchadh, do ghrádú agus do luacháil agus leis sin cuirfe sé grád agus luach an chéanna ar breacadh;

(c) an líon scuitseálta do fásadh in aon áitreabh líon-fháis áirithe déanfar é do mheádh, d'iniúchadh, do ghrádú, agus do luacháil do réir an ailt seo ar leithligh ón líon do fásadh in aon áitreabh líon-fháis eile agus déanfar agus coimeádfar ar leithligh, ar an gcuma gcéanna, an breacachán ar na meáchaintí, na grádanna agus na luachanna san;

(d) féachfaidh gach cigire, agus é ag luacháil aon lín scuitseálta do réir an ailt seo, do phraghsanna reatha margaidh lín scuitseálta agus go sonnrách do phraghas reatha margaidh an ghráid de líon scuitseálta inar chuir sé an líon scuitseálta bheidh á luacháil amhlaidh agus déanfaidh an cigire sin an líon scuitseálta san do luacháil dá réir sin.

(3) An méid a cheapfaidh cigire do réir an ailt seo mar luach an chloch d'aon líon scuitseálta gairmtear luach cinnte an lín sin de san Acht so.

Líon-deolchaire d'íoc.

17. —(1) I gcás meán-luach cinnte na cloiche den líon uile do fásadh sa liomatáiste le n-a mbainfidh an tAcht so agus do cuireadh go dleathach dá scuitseáil chun áitreibh mhuileann-scuitseála chláruithe agus do scuitseáladh ann aon tsaosúr díola áirithe do bheith níos lugha de thrí pingne no d'aon mhéid thairis sin ná an riail-phraghas an chloch in aghaidh an tsaosúir dhíola san déanfaidh an tAire, fé réir na srian a forchuirtear tríd an alt so, deolchaire (dá ngairmtear líon-deolchaire san Acht so) d'íoc le gach dílseánach cláruithe áitreibh líon-fháis chláruithe ar gach cloich iomláin de líon do fásadh ar an áitreabh san agus do scuitseáladh go dleathach mar adubhradh, deolchaire is có-ionann leis an deifríocht idir an meán-luach cinnte sin an chloch agus an riail-phraghas san an chloch.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na srianta so leanas maidir leis an Aire d'íoc líon-deolchaire fén alt so, sé sin le rá:—

(a) i gcás an chaindíocht de líon do fásadh in aon áitreabh líon-fháis chláruithe áirithe agus a bheidh cáilithe fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so chun líondeolchaire in aon tsaosúr díola áirithe do bheith níos mó ná an quota bheidh ceaptha don áitreabh san in aghaidh an tsaosúir dhíola san, ní bheidh líon-deolchaire iníoctha ar an mbreis a bheidh ag an líon san ar an quota san;

(b) ní bheidh aon líon-deolchaire iníoctha in aon tsaosúr díola áirithe le dílseánach cláruithe aon áitreibh líonfháis chláruithe go ndearna an tAire ina thaobh, fén gcomhacht a bronntar air chuige sin leis an Acht so, staonadh o quota do cheapadh in aghaidh an tsaosúir dhíola san;

(c) féadfaidh an tAire, más ceart san dar leis, staonadh o líon-deolchaire d'íoc, in aon tsaosúr díola áirithe, le dílseánach cláruithe áitreibh líon-fháis chláruithe gur theip air aon tuairisceán do thabhairt uaidh do réir an Achta so do bhí ceangailte air, leis an Acht so no fé, do thabhairt uaidh, i rith na bliana inar thosnuigh an saosúr díola san;

(d) féadfaidh an tAire, más ceart san dar leis, staonadh o líon-deolchaire d'íoc ar aon líon do scuitseáladh in áitreabh muileann-scuitseála ná raibh sé dleathach fén Acht so an líon san do chur chuige chun é do scuitseáil.

(3) I gcás méid an líon-deolchaire is iníoctha alos lín scuitseálta do fásadh in aon áitreabh líon-fháis chláruithe áirithe do bheith níos lugha ná caoga púnt agus, an tráth bheidh an líon-deolchaire sin iníoctha, gan aon duine beo do bheith cláruithe mar dhílseánach ar an áitreabh san féadfaidh an tAire an líon-deolchaire sin d'íoc le pé duine no daoine chífear dó is sealbhaire no sealbhairí ar an áitreabh san agus, má bhíonn beirt no níos mó den tsórt san ann, i pé cionúireachtaí is dóich leis is ceart, agus an admháil no an cúiteántas eile bhéarfaidh an duine no na daoine sin don Aire ar an líon-deolchaire sin do híocadh leis no leo beidh sé ina leorghlanadh don Aire ar an líon-deolchaire sin.

(4) Nuair a bheidh meán-luach cinnte lín scuitseálta á dhéanamh amach chun crícheanna an ailt seo ní cuirfear san áireamh aon líon scuitseálta gur lugha a luach cinnte an chloch ná an luach minimum an chloch a ceapfar fén Acht so agus a bhainfidh leis an líon san.

Teora le méid líon-deolchaire.

18. —(1) Ceapfaidh an Ard-Chomhairle le hordú, in aghaidh gach saosúir dhíola, an chaindíocht mhaximum de líon ar a n-íocfar líon-deolchaire fén Acht so in aghaidh an tsaosúir dhíola san.

(2) An t-ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so in aghaidh an tsaosúir dhíola dar tosach an 1adh lá de Dheire Fómhair, 1936, déanfar é chó luath is a bheidh san caothúil tar éis an Achta so do rith agus an t-ordú déanfar amhlaidh in aghaidh aon tsaosúir dhíola ina dhiaidh sin déanfar é roimh an 1adh lá den Fheabhra roimh thosach an tsaosúir dhíola le n-a mbainfidh an t-ordú san.

Quotanna lín.

19. —(1) Nuair a dhéanfaidh an Ard-Chomhairle ordú fén Acht so ag ceapadh na caindíochta maximum de líon ar n-a n-íocfar líon-deolchaire in aghaidh aon tsaosúir dhíola áirithe ceapfaidh an tAire, maidir le gach áitreabh líon-fháis cláruithe, agus san chó luath is a bheidh sé caothúil agus (ach amháin maidir leis an saosúr díola dar tosach an 1adh lá de Dheire Fómhair, 1936) ar dháta nách déanaí ná an chéad 31adh lá de Mhárta tar éis an orduithe sin do dhéanamh, an chaindíocht mhaximum (dá ngairmtear an quota san Acht so) de líon do fásadh san áitreabh san ar a n-íocfar líon-deolchaire fén Acht so in aghaidh an tsaosúir dhíola le n-a mbainfidh an t-ordú san agus déanfa sé gach quota den tsórt san do cheapadh i slí ná raghaidh méid iomlán na quotanna san uile ceapfar amhlaidh in aghaidh an tsaosúir dhíola san thar an gcaindíocht mhaximum san de líon a ceapfar leis an ordú san in aghaidh an tsaosúir dhíola san.

(2) Nuair a bheidh quota á cheapadh aige fén alt so maidir le haon áitreabh líon-fháis cláruithe áirithe féachfaidh an tAire don méid acraí ar ar fásadh líon ar an áitreabh san i mblianta roimhe sin agus don méid acraí is méid maximum acraí, dar leis an Aire, ar a bhféadfaí, do réir prínsiobal na dea-fheirmeoireachta, líon d'fhás ar an áitreabh san.

(3) Má theipeann ar dhílseánach chláruithe áitreibh líon-fháis chláruithe tuairisceán i dtaobh lín a bheidh beartuithe d'fhás san áitreabh san do thabhairt uaidh do réir an Achta so in aghaidh aon bhliana áirithe féadfaidh an tAire, más ceart san dar leis, staonadh o aon quota do cheapadh maidir leis an áitreabh san in aghaidh an tsaosúir dhíola thosnóidh an bhliain sin.

An luach minimum chun crícheanna an Achta so.

20. —(1) Déanfaidh an tAire, le hordú, roimh thosach gach saosúir dhíola an luach an chloch a bheidh ina luach minimum, chun crícheanna an Achta so, do cheapadh in aghaidh an tsaosúir dhíola san.

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “luach minimum an chloch” an luach minimum an chloch chun crícheanna an Achta so ceapfar fén alt so in aghaidh an tsaosúir dhíola gur ina thaobh a húsáidtear an abairt.

Deolchairí a híocfar thar an gceart do bhaint amach.

21. —(1) Pé uair do gheobhaidh duine ar bith íocaíocht in aon líon-deolchaire fén Acht so agus gan teideal dlíthiúil aige chúichi no chun coda áirithe dhi, beidh an líon-deolchaire sin, no an chuid sin di, ina fiacha bheidh dlite ag an Aire ar an duine sin agus (pe'ca bunuíodh imeachta coiriúla i gcoinnibh an duine sin ina taobh no nár bunuíodh) beidh sí ionbhainte amach ag an Aire mar fhiacha síbhialta in aon Chúirt dlighinse inniúla.

(2) Deimhniú bheidh séaluithe le séala oifigiúil an Aire agus á rá go bhfuair aon duine áirithe íocaíocht i méid áirithe de líondeolchaire agus ná raibh an duine sin i dteideal na híocaíochta san no coda áirithe dhi d'fháil beidh sé, in aon imeachta fén alt so, ina fhianaise prima facie ar na cúrsaí sin mar a bheid ráite sa deimhniú san.

Tuairisceáin o dhílseánaigh chláruithe áitreabhacha cláruithe.

22. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh á cheangal ar dhílseánaigh chláruithe áitreabhacha a bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád fén Acht so tuairisceáin tréimhsiúla do thabhairt don Aire agus féadfaidh an tAire, leis na rialacháin sin, a ordú—

(a) cadiad na tuairisceáin do bhéarfaidh dílseánaigh chláruithe áitreabhacha líon-fháis cláruithe dhó amhlaidh agus cadiad na tráthanna do bhéarfar agus cadé an fhuirm agus an tslí ina dtabharfar na tuairisceáin sin, agus

(b) cadiad na tuairisceáin do bhéarfaidh dílseánaigh chláruithe áitreabhacha muileann-scuitseála cláruithe dhó amhlaidh, agus cadiad na tráthanna do bhéarfar agus cadé an tslí ina dtabharfar na tuairisceáin sin.

(2) Gach duine ar a gceanglófar le rialacháin a déanfar fén alt so aon tuairisceán áirithe do thabhairt uaidh agus go dteipfidh air no dhiúltóidh an tuairisceán san do thabhairt uaidh do réir na rialachán san ar gach slí, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead.

Breacacháin a coimeádfar in áitreabhacha muileann-scuitseála cláruithe.

23. —(1) Coimeádfaidh gach dílseánach cláruithe áitreibh mhuileann-scuitseála chláruithe no cuirfidh fé ndeár go coimeádfar, san áitreabh san, na breacacháin orduithe sa bhfuirm orduithe agus déanfaidh no cuirfidh fé ndeár go ndéanfar na hiontrála orduithe do chur i ngach breacachán den tsórt san sna hamanna no laistigh de sna hamanna orduithe.

(2) Gach breacacháin a bheidh á choimeád do réir an ailt seo féadfaidh cigire é d'iniúchadh gach tráth réasúnta, agus an té dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád beidh sé de dhualgas air an breacachán san do thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh an cigire sin é agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh i gcás ná beid féin ar fáil) a iarrfaidh an cigire sin go réasúnta chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as.

(3) Má thárlann d'éinne—

(a) maidir leis an mbreacachán san is gá dhó do réir an ailt seo do choimeád no a chur fé ndeár a choimeád. go dteipfidh air é choimeád no a chur fé ndeár é choimeád; no

(b) maidir le haon iontráil is gá dhó do réir an ailt seo do chur sa bhreacachán san, go dteipfidh air í chur no a chur fé ndeár í chur sa bhreacachán san laistigh den am orduithe; no

(c) maidir le haon bhreacachán, scríbhinn no cóip de scríbhinn is gá dhó do réir an ailt seo do thaisbeáint, go dteipfidh air é thaisbeáint no a chur fé ndeár é thaisbeáint ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh cigire é, no go gcoiscfe sé aon chigire agus é ag déanamh an iniúchta san; no

(d) go ndéanfa sé no go gcuirfe sé fé ndeár, go toiliúil no tré fhaillí, iontráil a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach do chur sa bhreacachán san;

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

(4) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) folóidh breacachán d'iniúchadh cóipeanna do dhéanamh de no sleachta do thógaint as; agus

(b) tuigfear gur hiarradh go cuibhe ar an dílseánach cláruithe breacachán no scríbhinn eile do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é má hiarradh san de bhréithre béil san áitreabh chláruithe ar éinne bhí ar fostú ag an dílseánach cláruithe; agus

(c) más duine bheidh ar fostú ag an dílseánach cláruithe dhiúltóidh no ar a dteipfidh breacachán no scríbhinn eile do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é agus más san áitreabh cláruithe thárlóidh an diúltú no an teip sin tuigfear gurb é an dílseánach cláruithe do dhiúltuigh no gurb air do theip amhlaidh.

A mbeidh sna cláir agus nithe eile d'fhoillsiú.

24. —(1) Féadfaidh an tAire gach ní no éinní dá mbeidh iontrálta i gclár a bheidh á choimeád fén Acht so, agus fós fógra á rá gur cuireadh ar ceal no gur hatharuíodh aon chlárú in aon chlár den tsórt san, d'fhoillsiú i pé slí is oiriúnach leis.

(2) Ní déanfar aon tuairisceán áirithe ná aon chuid áirithe de thuairisceán do bhéarfar do réir an Achta so d'fhoillsiú ná do nochtadh ach amháin chun crícheanna cúisimh fén Acht so.

(3) Féadfaidh an tAire o am go ham pé eolas staitistíochta is oiriúnach leis (le n-a áirmhítear staitistíocht as tuairisceáin do cuireadh chuige do réir an Achta so) do bhailiú agus d'fhoillsiú, i dtaobh éinní le n-a mbaineann an tAcht so, ach chó fada agus is féidir é do réir réasúin ní bheidh in aon eolas staitistíochta foillseofar amhlaidh mion-innste ar bith do chuirfeadh ar chumas éinne a aithint gur mion-innste bhaineann le haon duine, gnó, no cúram áirithe na mion-innste sin.

A mbeidh i gcláir do bheith ina fhianaise.

25. —(1) Gach clár a bheidh á choimeád fén Acht so—

(a) tuigfear é do bheith sa choimeád cheart nuair a bheidh sé i gcoimeád an Aire no oifigigh don Aire go n-údarás chuige sin ón Aire, agus

(b) beidh sé ionghlactha mar fhianaise, gan a thuilleadh cruthúnais, ar é do thabhairt i láthair as an gcoimeád cheart.

(2) Féadfar fianaise prima facie ar iontráil ar bith i gclár a bheidh á choimeád fén Acht so do thabhairt in aon chúirt no in aon imeachta dlí tré chóip den iontráil sin do thabhairt i láthair is cóip do bheireann le tuiscint í bheith deimhnithe bheith ina cóip dhílis ag aon oifigeach don Aire go n-údarás chuige sin, agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurb é an t-oifigeach san é ná go raibh an t-údarás san aige.

(3) Deimhniú do bheireann le tuiscint é bheith fé láimh oifigigh don Aire go n-údarás chuige sin ón Aire, á dheimhniú go bhfuil aon áitreabh áirithe luaidhtear sa deimhniú san gan bheith iontrálta sa chlár a bheidh á choimeád fén Acht so agus a luaidhtear sa deimhniú san, beidh sé ina fhianaise dho-chlaoite ar na nithe bheidh deimhnithe amhlaidh agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurb é an t-oifigeach san é ná go raibh an t-údarás san aige.

(4) Féadfaidh duine ar bith—

(a) cóip d'fháil, a bheidh deimhnithe ar an slí luaidhtear anso roimhe seo bheith ina cóip dhílis, d'iontráil ar bith i gclár a bheidh á choimeád fén Acht so ar tháille réalach d'íoc ar gach fólio de dhá fhocal sheachtód den chóip;

(b) deimhniú den tsórt san a luaidhtear anso roimhe seo d'fháil, á dheimhniú go bhfuil aon áitreabh áirithe gan bheith cláruithe i gclár áirithe bheidh á choimeád fén Acht so, ar tháille scillinge d'íoc.

(5) Na táillí uile is iníoctha fén alt so baileofar iad in airgead agus glacfar iad i pé slí ordóidh an tAire Airgid o am go ham agus déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir orduithe an Aire sin.

(6) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha fén alt so.

Aitreabhacha cláruithe d'iniúchadh.

26. —(1) Beidh teideal ag cigire ar bith dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh cláruithe no in aon áitreabh go mbeifear tar éis iarratas ar chlárú do dhéanamh ina thaobh agus an t-áitreabh san agus an gléasra, na fearaistí agus an chóir oibre ann d'iniúchadh maraon leis an líon, an ros agus an líon scuitseálta uile bheidh san áitreabh san, agus breithniú ar gach ceann no ar aon cheann de sna próiseasaí agus de sna modhanna bheidh in úsáid chun líon d'ullamhú chun a scuitseála no chun líon do scuitseáil (pe'ca aca é) san áitreabh san.

(2) Gach duine bhacfaidh no choiscfidh cigire agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Pionós mar gheall ar ráiteas bhréagach.

27. —Má dheineann duine ar bith. chun líon-deolchaire d'fháil dó féin no d'éinne eile, aon ráiteas no plé cúise is eol dó bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh an duine sin agus, i gcás cóluchta chorpruithe, gach stiúrthóir agus bainisteoir ar an gcólucht san agus gach rúnaí dhó, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Deimhnithe i dtaobh cigirí do cheapadh.

28. —Bhéarfar do gach cigire deimhniú i dtaobh a cheaptha mar chigire den tsórt san agus, nuair a bheidh sé ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar ar chigire leis an Acht so, déanfaidh, má hiarrtar san air, an deimhniú san do thaisbeáint do dhuine ar bith le n-a mbaineann.

Rialacháin.

29. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

Costaisí.

30. —Sá mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Ciontaí do chúiseamh.

31. —Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, gach cionta fé aon alt den Acht so do chúiseamh.

Gearr-theideal.

32. —Féadfar an tAcht Lín, 1936 , do ghairm den Acht so.