11 1936


Uimhir 11 de 1936.


ACHT PRÍMH-CHISTE, 1936.


ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍCHEANNA AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD A SÉ TRIOCHAD AGUS MÍLE NAOI gCÉAD A SEACHT TRIOCHAD. [27adh Márta, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

£925,793 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31adh Márta, 1936.

1. —Féadfaidh an tAire Airgid suim Naoi gCéad agus Cúig Mhíle Fichead, Seacht gCéad agus Trí Púint Nóchad do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a sé triochad.

£9,850,000 a thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31adh Márta, 1937.

2. —Féadfaidh an tAire Airgid suim Naoi Milleon agus Ocht gCéad agus Caoga Míle Púnt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a seacht triochad.

Comhacht an Aire Airgid chun iasacht d'fháil suas go dtí £10,775,793.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgid aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar Deich Milleon Seacht gCéad agus Cúig Mhíle Seachtód agus Seacht gCéad agus Trí Púint Nóchad d'fháil ar iasacht o aon duine agus féadfaidh Banc na hÉireann an tsuim no na suimeanna san do roimh-íoc leis an Aire Airgid agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire Airgid aon urrúsanna do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis is oiriúnach leis agus fé pé coinníollacha is oiriúnach leis i dtaobh aisíoca, fuascailte no aon ní eile.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urrúsanna do bhéarfar amach fén Acht so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh na n-urrús san do thabhairt amach.

(3) Aon airgead a soláthrófar de bharr urrúsanna do bhéarfar amach fén Acht so cuirfear é chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Ciste sin ar fáil.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht Prímh-Chiste, 1936 , do ghairm den Acht so.