|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Ospideal Fiabhrais Chorcaighe.) |
ACHT OSPIDÉIL FHIABHRAIS CHORCAIGHE, 1935
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Tosach Feidhme Coda III den Acht so. | |
[EN] |
An Bárdas do chur scéime fé bhráid an Aire chun Ospidéil fhiabhrais nua do bhunú i gcathair Chorcaighe no in aice léi. |
5. —(1) Féadfaidh an Bárdas, más oiriúnach leo é, scéim (dá ngairmtear an scéim san Acht so) d'ullamhú agus do chur fé bhráid an Aire chun óspidéil fhiabhrais nua (le n-a n-áirmhítear cóiríocht dá fhuirinn) do thógáil agus do bhunú i gcathair Chorcaighe no in aice léi. |
[EN] | (2) Beidh sa scéim— | |
[EN] | (a) tuairisc ar ionad bheartuithe an óspidéil, | |
[EN] | (b) pleananna agus áireamhachtaí an óspidéil bheartuithe (le n-a n-áirmhítear cóiríocht dá fhuirinn), agus | |
[EN] | (c) meastachán ar an méid a chosnóidh sé an scéim do thabhairt chun críche. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire, ar an scéim d'fháil, an scéim do cheadú gan atharú no an scéim do cheadú go pé atharuithe is oiriúnach leis, no diúltú don scéim do cheadú. | |
[EN] | (4) Chun crícheanna Achta Bhainistí Chathair Chorcaighe, 1929 ( Uimh. 1 de 1929 ), beidh ullamhú na scéime fén alt so ina fheidhm fhorcoimeádtha. | |
[EN] | (5) Aon chostaisí fé n-a raghaidh an Bárdas fén alt so déanfaidh an Bárdas, i gcás gan Cuid III den Acht so do theacht i bhfeidhm, iad do chruinniú agus d'íoc sa tslí chéanna ina ndeintear costaisí fé n-a dtéigheann an Bárdas i bhfeidhmiú na nAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, do chruinniú agus d'íoc. | |
[EN] |
Tosach feidme Coda III den Acht so. |
6. —(1) Más rud é, fé cheann dhá bhlian tar éis an Achta so do rith— |
[EN] | (a) go gceadóidh an tAire an scéim fén alt deiridh sin roimhe seo, agus | |
[EN] | (b) go dtabharfar, fé alt 25 d'Acht na nOispidéal Puiblí, 1933 ( Uimh. 18 de 1933 ), don Bhárdas, chun sochair don óspidéal le n-a mbaineann an scéim, deontas as Ciste Iontaobhais na nOispidéal de mhéid nách lugha ná leath costais mheasta na scéime do thabhairt chun críche, mar a luaidhtear san sa scéim agus í ceaduithe amhlaidh, agus chun gach críche no aon chríche dá luaidhtear i míreanna (a) (b) (c) agus (d) d'fho-alt (7) den alt san 25, | |
[EN] | dearbhóidh an tAire le hordú go dtiocfaidh Cuid III den Acht so i ngníomh o dháta luadhfar san ordú san, agus ar bheith déanta don ordú san tiocfaidh an Chuid sin III i ngníomh ar an dáta luadhfar amhlaidh. | |
[EN] | (2) Ní thiocfaidh Cuid III den Acht so i ngníomh ach amháin de bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo. |