43 1935


Uimhir 43 de 1935.


ACHT NA mBÓTHAR IARAINN, 1935.


ACHT CHUN AILT 4 D'ACHT NA mBÓTHAR IARAINN, 193 DO LEASÚ. [7adh Mí na Nodlag, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Alt 4 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1933 , do leasú.

1. —Déanfar agus deintear leis seo alt 4 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1933 ( Uimh. 9 de 1933 ), do leasú sna slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tríd an abairt “31adh lá de Mhí na Nodlag, 1935,” do scriosadh amach as gach áit ina bhfuil an abairt sin i bhfo-alt (1) den alt san 4, agus tríd an abairt “31adh lá de Mhí na Nodlag, 1937,” do chur isteach i ngach cás in ionad na habairte scriostar amach amhlaidh, agus

(b) tríd an abairt “1adh lá d'Eanar, 1936,” do scriosadh amach as gach áit ina bhfuil an abairt sin i bhfo-alt (2) den alt san 4, agus tríd an abairt “1adh lá d'Eanar, 1938,” do chur isteach i ngach cás in ionad na habairte scriostar amach amhlaidh.

Gearr-theideal agus luadh.

2. —(1) Féadfar Acht na mBóthar Iarainn, 1935 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na mBóthar Iarainn, 1924 go 1935, do ghairm d'Achtanna na mBóthar Iarainn, 1924 go 1933, agus den Acht so le chéile.