An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT CHUMANN NA NÁISIÚN (OBLAGÁIDÍ BALLRAÍOCHTA, 1935)

40 1935

ACHT CHUMANN NA NÁISIÚN (OBLAGÁIDÍ BALLRAÍOCHTA, 1935

SCEIDEAL.

Na Tairisginti le n-ar Ghlac an Coiste Co-orduchain.

TAIRISGINT I.

Le n-ar ghlac an Coiste Có-ordúcháin an 11adh Deire Fómhair, 1935 (agus do leasuíodh an 16adh Deire Fómhair, 1935).

AIRM, LON LAMHAIGH AGUS FEARAS COGAIDH D'EASPORTAIL.

D'fhonn a chur in usacht do Rialtaisí Ball Chumann na Náisiún a n-oblagáidí fé Airtiogal 16 den Naidhmcheangal do chólíonadh ba cheart na slite seo leanas do ghlacadh láithreach:

(1) Déanfaidh Rialtaisí na mBall de Chumann na Náisiún atá i láthair na huaire ag foirfheidhmiú meán chun easportáil, ath-easportáil no iompar arm, muinisean agus fearais chogaidh chun na hEitióipe do thoirmeasc no do shrianadh, déanfaid na meáin sin do chur ar nea-mbrí láithreach;

(2) Toirmiscfidh Rialtaisí Ball Chumann na Náisiún láithreach airm, muinisin agus fearas cogaidh a luaidhtear sa liost atá ceangailte dhe seo d'easportáil, d'ath-easportáil no d'iompar chun na hIodáile no chun sealbhachaisí Iodáileacha;

(3) Déanfaidh Rialtaisí Ball Chumann na Náisiún pé nithe is gá chun a chur in áirithe ná déanfar airm, muinisin agus fearas cogaidh, a luaidhtear sa liost atá ceangailte dhe seo agus a heasportálfar go tíortha seachas an Iodáil, d'ath-easportáil, go díreach ná go nea-dhíreach, chun na hIodáile ná chun sealbhachaisí Iodáileacha;

(4) Bainfidh na slite dá bhforáltar i míreanna 2 agus 3 le connartha atá á gcólíonadh.

Fo-scríbhinn.

EARRAI A hAIRMHITEAR MAR AIRM, MAR LON LAMHAIGH AGUS MAR FHEARAS CHOGAIDH.

Cineál I.

1. Muscaedaí agus cairbíní agus a mbarraillí.

2. Meaisín-ghunnaí, inneall-mhuscaedaí agus meaisín-phiostail de gach cailibéir agus a mbarraillí.

3. Gunnaí, howitzerí, agus moirtéirí de gach cailibéir, a seastáin, a mbarraillí agus a meicníochtaí athchasta.

4. Lón lámhaigh do sna hairm a luaidhtear fé n-a 1 agus a 2 thuas; diubhraiceáin líonta agus nea-líonta do sna hairm a luaidhtear fé n-a 3 thuas, agus lánáin tiomána ullamhuithe do sna hairm seo.

5. Gránáidí, bombaí, toirpéadaí agus mianaigh, líonta no nealíonta, agus gléas chun a n-úsáidthe no a gcaithte.

6. Rian-charbaid, carbaid scabalacha agus traenacha scabalacha. Gach saghas scabal-phláta.

Cineál II.

Gach saghas árthach cogaidh, ar a n-áirmhítear iompróirí aerárthach agus báid-fó-thuinn.

Cineál III.

1. Aer-árthaí, cóghabhtha no dí-ghabhtha, pe'ca is truime no is éadtruime ná aer iad, agus a gcuid tiománach no aer-scriúna, agus a gcuid creat, gunna-sheastán aeir, frámaí aeir, cabhlach, aonad eirbaill agus aonad fearas túirlinge.

2. Innill aer-árthach.

Cineál IV.

Gunnáin agus inneall-phiostail is truime ná púnt agus sé únsa (630 gram) agus lón lámhaigh dóibh.

Cineál V.

1. Diubhraiceoirí lasrach agus gach saghas eile diubhraiceoirí a húsáidtear i gcogadh ceimíochta no tóiteáin.

2. Geas mustáird, Lewisít, etildiclorairsín, metildiclorairsín, agus gach táirgeadh eile i gcóir cogaidh cheimíochta no thóiteáin.

3. Púdar chun crícheanna cogaidh, agus pléascáin.

TAIRISGINT II.

Le n-ar Ghlac an Coiste Co-orduchain an 14adh Deire Fomhair, 1935.

MEAIN AIRGEADAIS.

D'fhonn a chur in usacht do Rialtaisí Ball Chumann na Náisiún a n-oblagáidí fé Airtiogal 16 den Naidhmcheangal do chólíonadh ba cheart na slite seo leanas do ghlacadh láithreach:

Déanfaidh Rialtaisí Ball Chumann na Náisiún láithreach gach ní is gá chun cose iomlán do chur leis na nithe seo leanas:

(1) Gach iasacht don Rialtas Iodáileach no le n-a n-aghaidh agus gach síntiús d'iasachtaí bheidh á lorg san Iodáil no in áit eile ag an Rialtas Iodáileach no le n-a n-aghaidh;

(2) Gach creidmheas bancaerachta no eile don Rialtas Iodáileach no le n-a n-aghaidh agus aon dul ar aghaidh, tré roimh-íoc no breis-tharrac no eile, le connartha atá ann cheana chun iasachta do thabhairt, go díreach no go nea-dhíreach, don Rialtas Iodáileach;

(3) Gach iasacht d'aon údarás puiblí, duine no corparáid i gcrích Iodáileach no le n-a aghaidh agus gach síntiús d'iasachtaí den tsórt san a bheidh á lorg san Iodáil no in áit eile;

(4) Gach creidmheas bancaerachta no eile d'aon údarás puiblí, duine no corparáid i gcrích Iodáileach no le n-a aghaidh agus aon dul ar aghaidh, tré roimh-íoc no breis-tharrac no eile, le connartha atá ann cheana chun iasachta do thabhairt, go díreach no go nea-dhíreach, don údarás, don duine no don chorparáid sin;

(5) Gach tabhairt-amach scaireanna no cruinniú eile caipitail d'aon údarás puiblí, duine no corparáid i gcrích Iodáileach agus gach síntiús do thabhartha-amach scaireanna no do chruinnithe caipitail den tsórt san san Iodáil no in áit eile.

(6) Déanfaidh na Rialtaisí gach ní is gá chun cose iomlán do chur leis na headarghnóthaí luaidhtear i míreanna (1) go (5) pe'ca bheid san á ndéanamh go díreach no tré eadarghabhálaithe de náisiúntacht ar bith.

TAIRISGINT III.

Le n-ar Ghlac an Coiste Co-orduchain an 19adh Deire Fomhair, 1935.

TOIRMEASC AR EARRAI IODAILEACHA D'IOMPORTAIL.

D'fhonn a chur in usacht do Rialtaisí Ball Chumann ná Náisiún a n-oblagáidí fé Airtiogal 16 den Naidhmcheangal do chólíonadh ba cheart na slite seo leanas do ghlacadh:

(1) Toirmeascfaidh Rialtaisí Ball Chumann na Náisiún gach earra (seachas barraí agus monadh óir no airgid) do consighníodh ón Iodáil no o shealbhachaisí Iodáileacha, no do fásadh no do táirgeadh no do rinneadh san Iodáil no i sealbhachaisí Iodáileacha, d'iomportáil isteach ina gcríocha féin, pé áit óna dtiocfaidh;

(2) Tuigfear an toirmeasc do bhaint le hearraí do fásadh no do táirgeadh san Iodáil no i sealbhachaisí Iodáileacha agus do cuireadh fé phróiseas éigin i dtír eile agus le hearraí do rinneadh go leathrannach san Iodáil no i sealbhachaisí Iodáileacha agus go leathrannach i dtír eile mara mbeidh 25 per cent, no níos mó de luach na n-earraí, an uair fhágadar an áit is déanaí ó n-ar consighníodh iad, ionchurtha i leith próiseasaí fé n-ar cuireadh iad ón uair is déanaí d'fhágadar an Iodáil no sealbhachaisí Iodáileacha;

(3) Ní bheidh earraí le n-a mbaineann connartha atá ann cheana saor ón toirmeasc;

(4) Beidh earraí bheidh en route le linn an toirmisc d'fhorchur saor o oibriú an toirmisc. Le linn Rialtaisí do thabhairt éifeachta don fhoráil seo féadfaid, ar mhaithe le cúrsaí riaracháin, dáta oiriúnach do cheapadh, ag féachaint don ghnáth-am is gá chun earraí d'iompar ón Iodáil, go mbainfidh an toirmeasc le hearraí dá éis.

(5) Earraí pearsanta le lucht taistil ón Iodáil no o shealbhachaisí Iodáileacha féadfar iad-san, leis, do scaoileadh saor o oibriú an toirmisc.

TAIRISGINT IV.

Le n-ar Ghlac an Coiste Co-orduchain an 19adh Deire Fomhair, 1935.

BAC AR EASPORTALA AIRITHE CHUN NA HIODAILE.

D'fhonn a chur in usacht do Rialtaisí Ball Chumann na Náisiún a n-oblagáidí fé Airtiogal 16 den Naidhmcheangal do chólíonadh ba cheart na slite seo leanas do ghlacadh:

(1) Cuirfidh Rialtaisí Ball Chumann na Náisiún mír (2) de Thairisgint I ón gCoiste Có-ordúcháin i mbaint leis na hearraí seo leanas maidir le n-a n-easportáil agus a n-ath-easportáil chun na hIodáile agus chun sealbhachaisí Iodáileacha agus beidh san toirmeasctha dá réir sin:

(a) Capaill, miúlacha, asail, camail agus gach ainmhí iompair eile;

(b) Cúitsiúc;

(c) Bauxít, aluminium agus alumína (aluminium-ocsaoid), iarann-mhianach agus iarmhar iarainn;

Crómium, maingnéis, nicil, titanium, tungsten, vanadium, a mianaigh agus a gcóimmiotail iarainn (agus fós ferromolibdenum, ferro-silicon, ferro-silico-maingnéis agus ferro-silico-maingnéis-aluminium);

Stán agus Stán-mhianach.

Airmhítear i liost (c) thuas fuirmeacha amhdha uile na minearál agus na miotal a luaidhtear agus a mianaigh, a n-iarmhair agus a gcóimmiotail;

(2) Déanfaidh Rialtaisí Ball Chumann na Náisiún pé nithe is gá chun a chur in áirithe ná déanfar na hearraí luaidhtear i mír (1) thuas agus a heasportálfar go tíortha seachas an Iodáil no sealbhachaisí Iodáileacha d'ath-easportáil go díreach ná go nea-dhíreach chun na hIodáile ná chun sealbhachaisí Iodáileacha;

(3) Bainfidh na meáin dá bhforáltar i míreanna (1) agus (2) thuas le connartha atá á gcólíonadh;

(4) Beidh earraí bheidh en route le linn an toirmisc d'fhorchur saor o oibriú an toirmisc. Le linn Rialtaisí do thabhairt éifeachta don fhoráil seo féadfaid, ar mhaithe le cúrsaí riaracháin, dáta oiriúnach do cheapadh, ag féachaint don ghnáth-am is gá chun earraí d'iompar chun na hIodáile no chun seaibhachaisí Iodáileacha, go mbainfidh an toirmeasc le hearraí dá éis.

TAIRISGINT V.

Le n-ar Ghlac an Coiste Co-orduchain an 19adh Deire Fomhair, 1935.

CO-NEARTU DO CHOGHLEASADH.

Cuireann an Coiste Có-ordúcháin i gcuimhne go speisialta do gach Rialtas na hoblagáidí atá ortha fé mhír 3 d'Airtiogal 16 den Naidhmcheangal, mír go ndeineann Baill an Chumainn a ghabháil le n-a n-ais dá réir neartú le chéile chun na slite eacnamaíochta agus airgeadais a glacfar fén airtiogal so do chur i bhfeidhm.

D'fhonn na hoblagáidí seo do chur in éifeacht:

(a) Déanfaidh Rialtaisí Ball Chumann na Náisiúin slite do ghlacadh láithreach chun a chur in áirithe ná tiocfaidh d'aon ghníomh a déanfar de bharr Airtiogail 16 go mbainfear de thír ar bith a chuirfidh smacht-bhannaí i bhfeidhm pé buntáistí do fuair sí, tré sna connartha tráchtála do rinne na Stáit rannpháirteacha leis an Iodáil, as oibriú an chláis úd i dtaobh barr fábhair do náisiún ar leith;

(b) Cuirfid meáin oiriúnacha in éifeacht chun go ndéanfaí, in ionad táirgthe d'iomportáil ón Iodáil, táirgthe den tsórt chéanna d'iomportáil o sna Stáit rannpháirteacha, ach gan dul thar teora riachtanaisí a dtíortha féin fé seach;

(c) Beid ullamh, tar éis smacht-bhannaí eacnamaíochta do chur i bhfeidhm, ar mhargánaíocht do dhéanamh le haon tír rannpháirteach dar thárla caillteanas d'fhonn díol a cuid earraí do mhéadú chun cúitimh do dhéanamh maidir le haon mhargaí Iodáileacha a caillfear de dhruim smacht-bhannaí do chur i bhfeidhm;

(d) I gcásanna ná caillfid éinní maidir le haon earra áirithe staonfaid o n-a iarraidh go ndéanfaí aon chlás, i dtaobh barr fábhair do náisiún ar leith, do chur i bhfeidhm i gcás aon phríbhléidí do deonadh fé mhíreanna (b) agus (c) maidir leis an earra san.