Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Leasuithe Iarmartacha ar Chuid IX den Phríomh-Acht.)

37 1935


Uimhir 37 de 1935.


ACHT UM BEITHIGH AGUS CAOIRE DO MHARBHADH (LEASÚ), 1935.


ACHT CHUN AN ACHTA UM BEITHIGH AGUS CAOIRE DO MHARBHADH, 1934 , DO LEASÚ I SLITE IOMDHA AGUS, GO SONNRÁCH, CHUN DLEACHTA DO GHEARRADH AR BHEITHIGH AGUS AR CHAOIRE MARBHÓFAR IN ÁIT EILE SEACHAS IN ÁITREABH CHLÁRUITHE AGUS CHUN CODA IX DEN ACHT SAN DO LEASÚ TRÉ MHAIRTFHEOIL DO THABHAIRT TRÉ DHÍOL AR PHRAGHAS ORDUITHE DO CHUR IN IONAD MAIRTFHEOLA DO THABHAIRT TRÉ ROINNT IN AISCE.

[6adh Lúnasa, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Gearr-theideal, luadh, agus ré.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Beithígh agus Caoire do Mharbhadh (Leasú), 1935 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna um Beithígh agus Caoire do Mharbhadh, 1934 agus 1935, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.

(3) Fanfaidh an tAcht so i bhfeidhm faid a leanfaidh an Príomh-Acht de bheith i bhfeidhm agus ragha sé in éag má théigheann agus nuair a raghaidh an Príomh-Acht in éag.

Mínithe agus léiriú.

2. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht um Beithígh agus Caoire do Mharbhadh, 1934 (Uimh. 42 de 1934) .

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht, agus dá réir sin beidh le gach abairt agus focal dá dtugtar brí áirithe leis an bPríomh-Acht chun crícheanna an Achta san, beidh leis, san Acht so agus chun crícheanna an Achta so, an brí tugtar do amhlaidh.

Rialacháin.

3. —An chomhacht chun rialachán do dhéanamh a bronntar ar an Aire le halt 4 den Phríomh-Acht bainfidh le rialacháin do dhéanamh chun éinní no aon ruda d'ordú dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú, agus bainfidh fo-alt (2) den alt san 4 le gach rialachán den tsórt san agus fós le rialacháin a déanfar fé aon alt eile den Acht so.

Costaisí, táillí, agus ciontaí.

4. —Beidh ag ailt 6, 7 agus 8 den Phríomh-Acht fé seach feidhm agus éifeacht maidir le costaisí fé n-a raghfar agus le táillí is iníoctha fén Acht so agus le ciontaí fé aon alt no fo-alt den Acht so fé mar atá feidhm agus éifeacht acu fé seach maidir le costaisí fé n-a dtéightear agus le táillí is iníoctha fén bPríomh-Acht agus le ciontaí fé aon alt den Phríomh-Acht.

Alt 12 den Phríomh-Acht do leasú.

5. —Leasuítear leis seo fo-alt (2) d'alt 12 den Phríomh-Acht tré sna focail “prima facie” do scriosadh amach as agus tré sna focail “ná beidh aon dul tháirse” do chur isteach ann in ionad na bhfocal san a scriostar amach amhlaidh, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 14 den Príomh-Acht do leasú.

6. —Leasuítear leis seo alt 14 den Phríomh-Acht tré sna focail “an scartach, na croicinn agus na seithí” do chur isteach ann tar éis an fhocail “uainfheoil” i bhfo-alt (1) de, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 18 den Phríomh-Acht do leasú.

7. —Leasuítear leis seo alt 18 den Phríomh-Acht sna slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “scartach, croicinn no seithí” do chur isteach ann tar éis an fhocail “feoil”, i ngach áit ina bhfuil an focal san i bhfo-alt (1) den alt san; agus

(b) tré sna focail “chun duine ar bith ag á mbeidh” do scriosadh amach as mír (c) den fho-alt san (1) agus tré sna focail “aon am no in aon áit chun duine ar bith ag á mbeidh an uair sin no ag á raibh tráth ar bith” do chur isteach sa mhír sin in ionad na bhfocal san a scriostar amach amhlaidh; agus

(c) tríd an mír seo leanas do chur i ndeireadh fo-ailt (1) den alt san, sé sin le rá:—

“(d) a éileamh aon am no in aon áit ar dhuine ar bith ag á mbeidh an uair sin no ag á raibh tráth ar bith coimeád no seilbh aon fheola, scartaigh, croiceann no seithí a gheobhfar le linn aon chomhachta dá mbronntar leis an alt so d'fheidhmiú, gach breacachán, billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhtear cóipeanna dhíobh i gcás gan iad féin do bheith ar fáil) do thaisbeáint a bhaineann leis an bhfeoil, an scartach, na croicinn no na seithí sin, agus cóipeanna d'aon scríbhinní den tsórt san (ar a n-áirmhítear mar adubhradh) do dhéanamh agus sleachta do thógaint asta”; agus

(d) tríd an bhfocal agus an mír seo leanas do chur i ndeireadh fo-ailt (3) den alt san, sé sin le rá:—

“no

(e) go dteipfidh air no dhiúltóidh aon scríbhinn do thaisbeáint go ndéanfaidh aon bhall no cigire den tsórt san, i bhfeidhmiú aon chomhachta chuige sin dá mbronntar leis an alt so, a éileamh air go dleathach a thaisbeáint, no go dteipfidh air no dhiúltóidh a leigint d'aon bhall no cigire den tsórt san cóipeanna do dhéanamh d'aon scríbhinn den tsórt san no sleachta do thógaint aisti.”

Saoráidí meáchana in áitreabh chláruithe.

8. —(1) Cuirfidh gach dílseánach cláruithe ar fáil agus coimeádfaidh i dtreo mhaith oibre i ngach áitreabh cláruithe dar dílseánach cláruithe é na meaisíní, na hionstruimí agus na saoráidí eile dleathacha san chun feola do mheadh a bheidh oiriúnach don áitreabh san agus dóthanach don mhéid gnótha deintear san áitreabh san.

(2) Pé uair is deimhin leis an Aire, maidir le haon áitreabh cláruithe, ná fuil aon tsaoráidí meáchana den tsórt is gá do réir an ailt seo ar fáil san áitreabh san, féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar dhílseánach chláruithe an áitreibh sin á cheangal air saoráidí meáchana oiriúnacha dóthanacha do chur ar fáil do réir an ailt seo san áitreabh san laistigh d'am áirithe agus, más ceart san dar leis an Aire, ag luadh na meaisíní, na n-ionstruimí agus na saoráidí eile bheidh le cur ar fáil amhlaidh.

(3) Pé uair is deimhin leis an Aire, maidir le haon áitreabh cláruithe, ná fuil na saoráidí meáchana atá ar fáil san áitreabh san do réir a n-éilítear leis an alt so, féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar dhílseánach chláruithe an áitreibh sin á chur in úil do ná fuil na saoráidí meáchana san do réir a n-éilítear amhlaidh agus á rá conus ná fuilid dá réir sin, agus á cheangal ar an dílseánach chláruithe sin na saoráidí meáchana san do bheith do réir a n-éilítear amhlaidh laistigh d'am áirithe agus, más ceart san dar leis an Aire, á luadh cadiad na nithe bheidh le déanamh chuige sin ag an dílseánach chláruithe sin.

(4) Gach dílseánach cláruithe go dteipfidh air déanamh do réir fógra seirbheálfar air fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt.

(5) Féadfar fógra fén alt so do sheirbheáil ar dhílseánach chláruithe tré n-a chur tríd an bpost cláruithe roimh-íoctha agus é dírithe chun an dílseánaigh chláruithe sin ag an áitreabh cláruithe le n-a mbaineann an fógra san.

Feoil, etc., do mheadh.

9. —(1) Tugtar údarás agus comhacht leis seo do gach cigire don Aire a éileamh ar éinne ag á mbeidh coimeád aon fheola, scartaigh, croiceann no seithí, gheobhaidh an cigire sin agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an bPríomh-Acht no leis an Acht so, go ndéanfaidh an duine sin, i láthair an chigire sin, aon fheoil, scartach, croicinn no seithí den tsórt san do mheadh agus go ndéanfaidh, má éilíonn an cigire sin san air, aon fheoil den tsórt san do ghearradh no do roinnt sna coda san ordóidh an cigire sin chun í do mheadh go caothúil, ag féachaint chun na saoráidí meáchana bheidh ar fáil san áitreabh no san áit ina bhfuighidh an cigire sin an fheoil, an scartach, na croicinn no na seithí sin.

(2) Gach duine go dteipfidh air no dhiúltóidh aon fheoil, scartach, croicinn no seithí do mheadh i láthair cigire don Aire, no go dteipfidh air no dhiúltóidh aon fheoil den tsórt san do ghearradh no do roinnt sna coda san ordóidh an cigire sin, ar an gcigire sin dá éileamh san air, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Comhacht chun a cheangal ar dhílseánach chláruithe gan beithígh, etc., do cheannach ach ón Aire.

10. —(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach agus pé uair is oiriúnach leis é, fógra (dá ngairmtear fógra toirmeascach san alt so) i scríbhinn sa bhfuirm orduithe do sheirbheáil ar aon dílseánach chláruithe áirithe á thoirmeasc ar an dílseánach chláruithe sin aon bheithígh no caoire do cheannach no d'fháil ar shlí eile o dhuine ar bith ach amháin oifigeach don Aire go n-údarás chuige sin ón Aire, agus aon fheoil do cheannach no d'fháil ar shlí eile chun crícheanna a ghnótha mar dhílseánach chláruithe den tsórt san o aon duine ar bith lá áirithe agus dá éis (nách giorra ná ceithre lá déag tar éis an fhógra san do sheirbheáil ar an dílseánach chláruithe sin) a hainmneofar sa bhfógra san.

(2) Pé uair a sheirbheálfaidh an tAire fógra toirmeascach ar dhílseánach chláruithe breithneoidh an tAire aon chúis a dhéanfaidh an dílseánach cláruithe sin, laistigh de sheacht lá tar éis an fhógra san do sheirbheáil, do phlé leis.

(3) Pé uair a sheirbheálfaidh an tAire fógra toirmeascach ar dhílseánach chláruithe déanfaidh an tAire pé socrú is dóich leis is ceart chun an tsoláthair sin de bheithígh agus de chaoire theastóidh go réasúuta ón dílseánach chláruithe sin, chun crícheanna a ghnótha, do chur ar fáil chun a cheannuithe ag an dílseánach chláruithe sin o oifigeach don Aire go n-údarás chuige sin ón Aire.

(4) Na beithígh agus na caoire uile dhíolfaidh oifigeach don Aire le dílseánach cláruithe fén alt so díolfar amhlaidh iad ar an bpraghas san agus ar na téarmaí sin ordóidh an tAire o am go ham.

(5) Nuair a bheidh an tAire tar éis fógra thoirmeascaigh do sheirbheáil ar dhílseánach chláruithe féadfaidh an tAire, más ceart agus nuair is ceart san dar leis, fógra (dá ngairmtear fógra tarraice siar san alt so) i scríbhinn sa bhfuirm orduithe do sheirbheáil ar an dílseánach chláruithe sin ag tarrac an fhógra thoirmeascaigh sin siar ar lá agus o lá a hainmneofar sa bhfógra tarraice siar san.

(6) Nuair a bheidh fógra toirmeascach seirbheálta ar dhílseánach chláruithe ní bheidh sé dleathach don dílseánach chláruithe sin aon bheithígh ná caoire do cheannach ná d'fháil ar shlí eile o dhuine ar bith nách oifigeach don Aire go n-údarás chuige sin ón Aire, ná aon fheoil do cheannach ná d'fháil ar shlí eile o aon duine ar bith, an lá ná tar éis an lae a hainmneofar chuige sin sa bhfógra toirmeascach san agus roimh an bhfógra toirmeascach san do tharrac siar le fógra tarraice siar.

(7) Gach dílseánach cláruithe dhéanfaidh aon bheithígh no caoire no aon fheoil do cheannach no d'fháil ar shlí eile contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt.

(8) Féadfar fógra fén alt so do sheirbheáil ar dhílseánach chláruithe tré n-a chur tríd an bpost cláruithe roimh-íoctha agus é dírithe chun an dílseánaigh chláruithe sin ag an áitreabh chláruithe no ag aon cheann de sna háitreabhacha cláruithe dar dílseánach cláruithe é.

Comhacht chun a cheangal ar dhílseánach chláruithe fógra i dtaobh marbhadh do thabhairt uaidh.

11. —(1) Féadfaidh an tAire, pé uair is oiriúnach leis san do dhéanamh, fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar dhílseánach chláruithe sheamlais chláruithe á cheangal ar an dílseánach chláruithe sin go ndéanfaidh, ceithre huaire fichead ar a laighead sara marbhuídh aon bheithígh no caoire chun a ndíolta mar bhia do dhaoine i Saorstát Éireann, a chur in úil don Aire, sa bhfuirm agus sa tslí luadhfar sa bhfógra san, é bheith ar intinn ag an dílseánach chláruithe sin na beithígh no na caoire sin (do réir mar bheidh) do mharbhadh amhlaidh agus cathoin agus canad atáthar ar intinn an marbhadh san do dhéanamh.

(2) Pé uair a beifear tar éis fógra fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do sheirbheáil ar dhílseánach chláruithe sheamlais chláruithe ní bheidh sé dleathach don dílséanach chláruithe sin aon bheithígh ná caoire do mharbhadh chun a ndíolta mar bhia do dhaoine i Saorstát Éireann mara mbeidh an dílseánach cláruithe sin tar éis déanamh do réir an fhógra san i ngach slí maidir leis an marbhadh san.

(3) Gach dílseánach cláruithe seamlais chláruithe dhéanfaidh, contrárdha don alt so, aon bheithígh no aon chaoire do mharbadh chun a ndíolta mar bhia do dhaoine i Saorstát Éireann beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air alos gach ainmhí do marbhuíodh.

(4) Má cúisítear dílseánach cláruithe seamlais chláruithe i gcionta fén alt so beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san don dílseánach chláruithe sin a chruthú go raibh an t-ainmhí gurb é a mharbhadh adeirtear gurb é an cionta san é i bpéin de dheascaibh díobhála no galair agus gur marbhuíodh é d'fhonn an fhulaing nea-ghátaraigh do sheachaint do bheadh ar an ainmhí sin tré n-a mharbhadh do chur siar go dtí tar éis forálacha an ailt seo do chólíonadh.

Comhachta chun cuardaigh do bheithígh agus do chaoire agus chun iad do scrúdú.

12. —(1) Tugtar údarás agus comhacht leis seo do gach cigire don Aire chun gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le ra:—

(a) dul isteach gach tráth réasúnta in aon tailte no áitreabh ina bhfuil beithígh no caoire no ina gcreideann sé iad do bheith no iad do bheith le coimeád;

(b) iniúchadh agus scrúdú do dhéanamh ar na beithígh agus na caoire uile do gheobhfar in aon tailte no áitreabh ina ragha sé isteach fén bhfo-alt so;

(c) pé ceisteanna, is dóich leis an gcigire sin is ceart, i dtaobh aon bheithíoch no caorach do gheobhfar le linn feidhmithe aon chomhachta dá mbronntar leis an bhfo-alt so, do chur chun éinne bheidh i bhfeighil na mbeithíoch no na gcaorach san no 'na mbeidh a gcoimeád no a seilbh aige, agus ainm agus seoladh an duine sin d'éileamh agus do thógaint, agus freisin ainm agus seoladh únaer na mbeithíoch agus na gcaorach san uile no aon chinn acu d'éileamh ar an duine sin agus do thógaint uaidh;

(d) a éileamh ar éinne bheidh i bhfeighil aon bheithíoch no caorach den tsórt san no 'na mbeidh a gcoimeád no a seilbh aige gach breacachán, billín, móta consighneachta, admháil, agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh i gcás gan iad féin do bheith ar fáil) do thaisbeáint a bhaineann leis na beithígh no na caoire sin agus cóipeanna d'aon scríbhinní den tsórt san (ar a n-áirmhítear mar adubhradh) do dhéanamh agus sleachta do thógaint asta.

(2) Gach duine dhéanfaidh éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) aon chigire don Aire do chosc no do bhac agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar ar an gcigire sin leis an alt so, no

(b) é do theip air no é do dhiúltadh freagra do thabhairt, chó fada le n-a eolas agus le n-a chumas, ar aon cheist a chuirfidh aon chigire den tsórt san chuige i bhfeidhmiú aon chomhachta den tsórt san, no

(c) freagra do thabhairt ar aon cheist den tsórt san is eol do a bheith bréagach no mí-threorach, no

(d) nuair a dhéanfaidh aon chigire den tsórt san, i bhfeidhmiú aon chomhachta den tsórt san, a ainm no a sheoladh féin no ainm no seoladh éinne eile d'éileamh air, é do theip air no é do dhiúltadh an seoladh san do thabhairt uaidh no é do thabhairt ainme no seolta uaidh a bheidh bréagach no mí-threorach, no

(e) é do theip air no é do dhiúltadh aon scríbhinn do thaisbeáint a dhéanfaidh an cigire sin, i bhfeidhmiú aon chomhachta den tsórt san, a éileamh go dleathach air a thaisbeáint no é do theip air no é do dhiúltadh a leigint d'aon chigire den tsórt san cóipeanna d'aon scríbhinn den tsórt san do dhéanamh no sleachta do thógaint aisti,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Dleacht fé alt 19 den Príomh-Acht do bhaint amach.

13. —In aon imeachta bhunóidh an tAire i gcoinnibh dílseánaigh chláruithe chun méid dleachta do bhaint den dilseánach chláruithe sin is iníoctha aige leis an Aire fé alt 19 den Phríomh-Acht, déanfar deimhniú bheidh séaluithe le séala oifigiúil an Aire agus ag deimhniú na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) méid an dleachta dob iníoctha ag an dílseánach cláruithe sin leis an Aire fé alt 19 den Phríomh-Acht alos áitreibh chláruithe áirithe leis an dílseánach cláruithe sin in aghaidh mí áirithe, agus

(b) go ndearna an tAire deimhniú go cuibhe de réir fo-ailt (3) den alt san 19 á dheimhniú gurbh é an méid sin méid an dleachta san dob iníoctha amhlaidh ag an dílseánach cláruithe sin, agus

(c) gur seirbheáladh cóip den deimhniú san go cuibhe ar an dílseánach cláruithe sin do réir fo-ailt (3) den alt san 19, agus

(d) go bhfuil an méid sin dob iníoctha amhlaidh ag an dílseánach cláruithe sin gan íoc,

déanfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, an deimhniú san do ghlacadh mar leor-fhianaise ar na nithe sin a bheidh luaidhte amhlaidh sa deimhniú san.

Dleacht alos beithíoch agus caorach a marbhuíodh no marbhófar in áitreabh nea-chláruithe.

14. —(1) Gach duine rinne no dhéanfaidh, tar éis tosach feidhme Coda II den Phríomh-Acht agus roimh an Acht so do rith no dá éis sin, aon bheithígh no caoire do mharbhadh mar bhia do dhaoine i Saorstát Éireann in aon áitreabh ná raibh no ná fuil, le linn an mharbhtha san, cláruithe sa chlár de sheamlaisí cláruithe, dlighfidh, má ba shárú no más sarú ar an gCuid sin II gan an t-áitreabh san do bheith cláruithe amhlaidh dleacht ar na beithígh agus na caoire uile do marbhuíodh no marbhófar amhlaidh d'íoc leis an Aire ar an Aire dá éileamh san.

(2) Gach duine dhlighfidh no chreidfidh an tAire dhlighfidh, fen alt so, dleacht d'íoc leis an Aire déanfaidh, má éilíonn agus pé uair éileoidh an tAire san air i scríbhinn, tuairisceán do chur le chéile agus do chur sa tslí orduithe chun an Aire in am chun go sroichfe sé an tAire an seachtú lá ar a dhéanaí tar éis don duine sin an t-éileamh san d'fháil, tuairsceán sa bhfuirm orduithe ina dtaisbeánfar an méid beithíoch agus an méid caorach do mhairbh an duine sin mar bhia do dhaoine i Saorstát Éireann in áitreabh seachas áitreabh cláruithe i rith aon tréimhse luadhfar san éileamh san.

(3) Gach dleacht is iníoctha fén alt so alos aon bheithíoch no caorach beidh sé iníoctha amhlaidh do réir an ráta gur dá réir a bheidh an dleacht fé alt 19 den Phríomh-Acht iníoctha le linn na mbeithíoch no na gcaorach san do mharbhadh.

(4) Féadfaidh an tAire méid aon dleachta is iníoctha ag duine ar bith leis an Aire fén alt so do bhaint den duine sin mar fhiacha síbhialta in aon chúirt dlighinse inniúla.

(5) In aon imeachta bhunóidh an tAire chun méid dleachta do bhaint de dhuine ar bith is iníoctha ag an duine sin fén alt so déanfar deimhniú bheidh séaluithe le séala oifigiúil an Aire agus ag deimhniú na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) méid an dleachta dob iníoctha ag an duine sin leis an Aire fén alt so in aghaidh aon tréimhse áirithe, agus

(b) go ndearna an tAire éileamh go cuibhe do réir an ailt seo ar mhéid an dleachta san, agus

(c) gur seirbheáladh an t-éileamh san go cuibhe ar an duine sin do réir an ailt seo, agus

(d) go bhfuil an méid sin dob iníoctha amhlaidh ag an duine sin gan íoc,

déanfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, an deimhniú san do ghlacadh mar leor-fhianaise ar na nithe sin a bheidh luaidhte amhlaidh sa deimhniú san.

(6) Gach duine ar a n-éilítear leis an alt so tuairisceán do chur chun an Aire agus ar a dteipfidh an tuairisceán san do chur le chéile agus do chur ar aghaidh do réir an ailt seo no dhéanfaidh aon tuairisceán den tsórt san a chur le chéile a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

(7) Gach suim a híocfar leis an Aire no bhainfe sé amach fén alt so déanfar í d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Srianta maidir le tráth an mharbhtha.

15. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon bheithígh ná caoire do mharbhadh ar an Domhnach chun a ndíolta mar bhia do dhaoine i Saorstát Éireann.

(2) Gach duine mharbhóidh aon bheithígh no caoire contrárdha don fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air in aghaidh gach ainmhí gur ina thaobh do rinneadh an cionta san.

(3) Féadaidh an tAire le hordú, pé uair is oiriúnach leis san do dhéanamh, a thoirmeasc, go generálta no sna líomatáistí sin a luadhfar san ordú san, beithígh no caoire do mharbhadh aon uaireanna no tráthanna seachas na huaireanna no na tráthanna san a luadhfar chuige sin san ordú san.

(4) Gach duine mharbhóidh aon bheithígh no caoire contrárdha d'ordú ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air in aghaidh gach ainmhí gur ina thaobh do rinneadh an cionta san.

(5) Má cúisítear duine i gcionta fé aon fho-alt den alt so beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san don duine sin a chruthú go raibh an t-ainmhí gur ina thaobh adeirtear do rinneadh an cionta i bpéin de dheascaibh díobhála no galair agus gur marbhuíodh é d'fhonn an fhulaing nea-ghátaraigh do sheachaint do bheadh ar an ainmhí sin tré n-a mharbhadh do chur siar go dtí tráth ná beadh an marbhadh san ina shárú ar an alt so.

Alt 25 den Phríomh-Acht do leasú.

16. —Leasuítear leis seo alt 25 den Phríomh-Acht mar leanas, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “no dhéanfaidh tairiscint no có-aontú no connradh chun aon bheithígh no caoire do cheannach” do chur isteach san alt san i ndiaidh an fhocail “caoire” i bho-alt (2) dhe, agus

(b) tré sna focail “dhíolfaidh no” agus “do dhíol no” do scriosadh amach as fo-alt (3) den alt san sna háiteanna ina bhfuil na focail sin sa bhfo-alt san,

agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 34 den Phríomh-Acht do leasú.

17. —Leasuítear leis seo alt 34 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach ann in ionad fo-ailt (4) atá anois ann agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

“(4) Féadfaidh an tAire, pé uair is oiriúnach leis san do dhéanamh, ceadúnas déantóireachta do cheiliúradh fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so.”

Comhacht chun saoirse do thabhairt do shealbhóirí ceadúnas déantóireachta.

18. —(1) Pé uair is ceart san dar leis an Aire féadfaidh, le hordú (dá ngairmtear ordú saoirse san alt so) ar n-a dhéanamh le toiliú an Aire Airgid, sealbhóirí uile no aon tsealbhóirí áirithe ceadúnas déantóireachta do shaoradh o gach foráil no o aon fhorálacha áirithe den Phríomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht so é no den Acht so.

(2) Pé uair is ceart san dar leis an Aire féadfaidh le hordú ar n-a dhéanamh le toiliú an Aire Airgid, ordú saoirse do leasú no do cheiliúradh.

(3) Pé uair agus faid a bheidh ordú saoirse i bhfeidhm ní bhainfidh na forálacha den Phríomh-Acht ná den Acht so, a bheidh luaidhte chuige seo san ordú san, le haon tsealbhóir cheadúnais déantóireachta a bheidh saortha leis an ordú san o sna forálacha san.

Cuid IX den Phríomh-Acht do leasú tré dhíol do chur in ionad roinnte in aisce.

19. — (1) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith mar an lá ceaptha chun crícheanna an ailt seo agus dá réir sin cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” san alt so an lá ceapfar amhlaidh.

(2) Ar an lá ceaptha scuirfidh Cuid IX den Phríomh-Acht, mar a leasuítear san leis an Acht so, d'éifeacht do bheith aici sa mhéid gur achtachán í le n-a socruítear mairtfheoil do roinnt in aisce ar fháltaithe agus, ar an lá ceaptha, tiocfaidh an Chuid sin IX, mar a leasuítear amhlaidh í, chun bheith agus beidh sí ina hachtachán á shocrú mairtfheoil do dhíol le fáltaithe ar phraghas ar n-a áireamh do réir an ráta orduithe an púnt, agus léireofar an Chuid sin agus beidh éifeacht aici dá réir sin.

(3) Chun lán-éifeachta do thabhairt don fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas an lá ceaptha agus dá éis sin, sé sin le rá:—

(a) i ngach áit ina bhfuil an focal “thabhairt” i gCuid IX den Phríomh-Acht (mar a leasuítear í leis an Acht so) déanfar an focal san do léiriú agus beidh éifeacht aige, maidir le mairtfheoil do thabhairt d'fháltaithe, fé is dá dtugtaí mar bhrí dho “mairtfheoil do thabhairt tré n-a díol le fáltaithe agus tré fháltaithe dá ceannach ar phraghas ar n-a áireamh do réir an ráta orduithe an púnt” agus gach focal gaolmhar (le n-a n-áirmhítear an focal “soláthar”) atá sa Chuid sin IX, mar a leasuítear amhlaidh í, maidir le mairtfheoil do thabhairt d'fháltaithe, déanfar é do léiriú agus beidh éifeacht aige dá réir sin;

(b) i ngach áit ina bhfuil an focal “d'fháil” sa Chuid sin IX, mar a leasuítear amhlaidh í, léireofar é mar fhocal a chialluíonn mairtfheoil d'fháil tré cheannach ar phraghas ar n-a áireamh do réir an ráta orduithe an púnt, agus léireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

(c) déanfar tagairtí sa Chuid sin IX, mar a leasuítear amhlaidh í, don phraghas is iníoctha no bheidh le n'íoc ag an Aire le dílseánach cláruithe áitreibh bhiataíochta chláruithe ar mhairtfheoil do bhéarfaidh an dílseánach cláruithe sin fén gCuid sin IX, mar a leasuítear amhlaidh í, d'fháltaithe do léiriú mar thagairtí don phraghas is iníoctha no bheidh le n'íoc amhlaidh i dteanta an phraghais a íocfaidh fáltaithe na mairtfheola san do réir na Coda san IX, mar a leasuítear amhlaidh í, leis an dílseánach cláruithe sin ar an mairtfheoil sin;

(d) na hailt agus na fo-ailt uile agus fé seach den Phríomh-Acht a luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so déanfar agus deintear leis seo iad do leasú fé seach sa tslí luaidhtear sa dara colún den Sceideal san os coinne luadh an ailt no an fho-ailt sin sa chéad cholún san.

(4) Ní déanfar rialacháin ag ordú an ráta an púnt gur dá réir a bheidh an praghas is iníoctha (fé Chuid IX den Phríomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht so í) ag fáltaithe ar mhairtfheoil le háireamh, ní déanfar iad gan toiliú an Aire Airgid.

Ailt 46 agus 47 den Phríomh-Acht do leasú agus iad d'athghairm go leathrannach.

20. —(1) Ní mór toiliú an Aire Airgid do bheith le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fé fho-alt (1) d'alt 46 den Phríomh-Acht más fé mhír (c) den fho-alt san agus sa mhéid gur fén bhfo-alt san a déanfar iad.

(2) Deintear leis seo mír (b) d'fho-alt (3) d'alt 46 den Phríomh-Acht agus iomlán fo-ailt (4) den alt san d'athghairm.

(3) An méid sin d'fho-alt (1) d'alt 47 den Phríomh-Acht gur gá dá réir cruthúnacht mhairtfheola do thíolacadh san áitreabh a hainmnítear ann, scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige.

Mairtfheoil channuithe do thabhairt amach chun crícheanna Coda IX den Phríomh-Acht.

21. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú, más ceart agus pé uair is ceart san dar leis, a údarú go ndéanfar, lá áirithe agus as san amach, mairtfheoil channuithe do thabhairt amach in ionad mairtfheola úire tré n-a díol le fáltaithe agus tré fháltaithe dá ceannach do réir Coda IX den Phríomh-Acht, mar a leasuítear í leis an Acht so, agus féadfaidh, leis an ordú san no le haon ordú ina dhiaidh sin, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh. sé sin le rá:—

(a) na daoine do bhéarfaidh agus na háiteanna ina dtabharfar mairtfheoil channuithe amach amhlaidh do cheapadh;

(b) a shocrú, le toiliú an Aire Airgid, cadé an chaindíocht mhaximum sheachtainiúil de mhairtfheoil channuithe a bhéarfaidh aon duine den tsórt san amach in aon áit den tsórt san;

(c) a shocrú, le toiliú an Aire Airgid, cadé an méid de mhairtfheoil channuithe bheidh, chun crícheanna Coda IX den Phríomh-Acht mar a leasuítear í leis an Acht so, có-ionann le haon mhéid áirithe mairtfheola bheidh luaidhte i gcruthúnacht mhairtfheola;

(d) a shocrú, le toiliú an Aire Airgid, cadé an ráta an púnt gur dá réir a bheidh an praghas is iníoctha ag an bhfáltaí ar an mairtfheoil channuithe sin le háireamh;

(e) pé socrú do dhéanamh, tré gach ceann no aon cheann d'fhorálacha (seachas forálacha peannaideacha) Coda IX den Phríomh-Acht (mar a leasuítear í leis an Acht so) d'oiriúnú no d'atharú, is gá, dar leis an Aire, chun a chur in áirithe go mbainfidh na forálacha san go hiomlán agus go ceart le mairtfheoil channuithe do thabhairt amach do réir an orduithe sin.

(2) Pé uair agus faid a bheidh aon ordú no orduithe, ar n-a ndéanamh ag an Aire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, i bhfeidhm is fé réir forálacha an orduithe no na n-ordú san a bheidh éifeacht ag Cuid IX den Phríomh-Acht, mar a leasuítear í leis an Acht so.

(3) Ach amháin i gcás dá bhforálfar a mhalairt le hordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fén alt so, nuair a húsáidtear an focal “mairtfheoil” gan coinníoll léireofar é agus beidh éifeacht aige, chun crícheanna Coda IX den Phríomh-Acht mar a leasuítear í leis an Acht so, mar fhocal ná cialluíonn ach mairtfheoil úr amháin.

(4) Féadfaidh an tAire aon am, le hordú, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar aon ordú do rinne sé roimhe sin fén alt so, le n-a n-áirmhítear ordú do rinneadh fén bhfo-alt so.

Connartha chun mairtfheola cannuithe do thabhairt amach.

22. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, connradh do dhéanamh le duine ar bith chun an duine sin do thabhairt mairtfheola cannuithe, do réir Coda IX den Phríomh-Acht mar a leasuítear í leis an Acht so, d'fháltaithe agus chun an Aire d'íoc praghais áirithe (i dteanta an phraghais íocfaidh na fáltaithe fén gCuid sin IX mar a leasuítear amhlaidh í) leis an duine sin ar an mairtfheoil channuithe go léir do bhéarfar amach amhlaidh.

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, có-aontú le duine ar bith, le n-a mbeidh connradh déanta aige fén alt so, chun aon atharuithe do dhéanamh ar théarmaí agus ar fhorálacha an chonnartha san no chun an chonnartha san d'fhaidiú no deireadh do chur leis.

(3) Gach connradh déanfar fén alt so féadfaidh pé téarmaí agus forálacha bheith ann, ag gabháil no ag baint le n-a phríomhchuspóir, is dóich leis an Aire, le toiliú an Aire Airgid, do bheith ceart.

E bheith d'oblagáid mairtfheoil de cháilíocht cheart do thabhairt amach.

23. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'aon dílseánach chláruithe áitreibh bhiataíochta chláruithe ná do dhuine eile agá mbeidh teideal dleathach mairtfheoil no mairtfheoil channuithe do thabhairt d'fháltaithe no do dhíol leo, mar mhalairt ar chruthúnachtaí mairtfheola, aon mhairtfheoil no mairtfheoil channuithe do thabhairt uaidh ná do dhíol ná a thairiscint í do thabhairt uaidh no do dhíol, mar mhalairt ar chruthúnacht mhairtfheola, agus í de shaghas no de cháilíocht a bheidh deifriúil le saghas no le cáilíocht na mairtfheola no na mairtfheola cannuithe (do réir mar bheidh) gur gá dho do réir an Phríomh-Achta mar a leasuítear san leis an Acht so, no do réir aon orduithe no connartha no rialacháin ar n-a dhéanamh fé, do thabhairt uaidh no do dhíol amhlaidh.

(2) Gach dílseánach cláruithe no duine eile dhéanfaidh aon mhairtfheoil no mairtfheoil channuithe do thabhairt uaidh no do dhíol, no thairgfidh í do thabhairt uaidh no do dhíol, contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil na raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

E bheith d'oblagáid déanamh do réir téarmaí cruthúnachtaí mairtfheola.

24. —(1) Gach dílseánach cláruithe áitreibh bhiataíochta chláruithe no duine eile agá mbeidh teideal dleathach mairtfheoil no mairtfheoil channuithe do thabhairt d'fháltaithe no do dhíol leo, mar mhalairt ar chruthúnachtaí mairtfheola, agus a dhéanfaidh caindíocht de mhairtfheoil do thabhairt uaidh no do dhíol, mar mhalairt ar no thairgfidh í do thabhairt uaidh no do dhíol, mar mhalairt ar chruthúnacht mhairtfheola, agus í níos lugha ná an chaindíocht de mhairtfheoil a bheidh luaidhte sa chruthúnacht mhairtfheola san, no dhéanfaidh caindíocht de mhairtfheoil channuithe do thabhairt uaidh no do dhíol no thairgfidh í do thabhairt uaidh no do dhíol, mar mhalairt ar chruthúnacht mhairtfheola, agus i níos lugha ná an chaindíocht a bheidh, de bhuadh orduithe fén Acht so, có-ionann leis an gcaindíocht de mhairtfheoil a bheidh luaidhte amhlaidh, no dhéanfaidh aon earraí do thabhairt uaidh no do dhíol no thairgfidh iad do thabhairt uaidh no do dhíol, mar mhalairt ar chruthúnacht mhairtfheola, agus gurb earraí iad seachas an chaindíocht de mhairtfheoil a bheidh luaidhte sa chruthúnacht mhairtfheola san no an chaindíocht de mhairtfheoil channuithe is có-ionann mar adubhradh léi sin beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

(2) Gach duine dhéanfaidh caindíocht de mhairtfheoil do ghlacadh no do cheannach no thairgfidh í do ghlacadh no do cheannach, mar mhalairt ar chruthúnacht mhairtfheola, agus í níos lugha ná an chaindíocht de mhairtfheoil a bheidh luaidhte sa chruthúnacht mhairtfheola san, no dhéanfaidh caindíocht de mhairtfheoil channuithe do ghlacadh no do cheannach no thairgfidh í do ghlacadh no do cheannach, mar mhalairt ar chruthúnacht mhairtfheola, agus í níos lugha ná an chaindíocht a bheidh, de bhuadh orduithe fén Acht so, có-ionann leis an gcaindíocht de mhairtfheoil a bheidh luaidhte amhlaidh, no dhéanfaidh aon earraí do ghlacadh no do cheannach no thairgfidh iad do ghlacadh no do cheannach, mar mhalairt ar chruthúnacht mhairtfheola, agus gurb earraí iad seachas an chaindíocht de mhairtfheoil a bheidh luaidhte sa chruthúnacht mhairtfheola san no an chaindíocht de mhairtfheoil channuithe is có-ionann mar adubhradh léi sin beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.