Ar Aghaidh (SCEIDEAL. MION-LEASUITHE AR AN bPRIOMH-ACHT.)

36 1935


Uimhir 36 de 1935.


ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (FEOIL ÚR) (LEASÚ), 1935.


ACHT CHUN AN ACHTA TORA TALMHAÍOCHTA (FEOIL ÚR), 1930 , DO LEASÚ. [6adh Lúnasa, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 (Uimh. 10 de 1930) .

(2) Gach focal agus abairt a húsáidtear san Acht so agus le n-a gcuireann an Príomh-Acht brí áirithe chun crícheanna an Phríomh-Achta tá leo san Acht so an brí cuirtear leo amhlaidh.

Saoirse o tháillí leath-bhliana easportálaí no na táillí sin do laigheadú i gcásanna áirithe.

2. —Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, más oiriúnach leis é, a ordú o am go ham, maidir le haon tseamlas eallaigh cláruithe áirithe agus alos aon leath-bhliana áirithe—

(a) i gcás duine ar bith ag á raibh i rith na leath-bhliana san no i rith aon choda dhi ceadúnas easportálaí mhairtfheola alos an áitreibh áirithe sin agus ná raibh aon cheadúnas eile easportálaí aige i rith na leathbhliana san ná i rith aon choda dhi, ná beidh aon táille leath-bhliana easportálaí fé alt 13 den Phríomh-Acht iníoctha alos aon eallaigh a tíolaicfear fén gceadúnas easportálaí mhairtfheola san do scrúdóir tréidliaghachta chun a scrúduithe san áitreabh áirithe sin i rith na leath-bhliana san, agus

(b) i gcás duine ar bith ag á raibh i rith na leath-bhliana san no i rith aon choda dhi ceadúnas easportálaí mhairtfheola alos an áitreibh áirithe sin agus ag á raibh i rith na leath-bhliana san no i rith aon choda dhi aon cheadúnas eile easportálaí (le n-a n-áirmhítear ceadúnas easportálaí mhairtfheola alos áitreibh eile), ná beidh sa táille leath-bhliana easportálaí is iníoctha ag an duine sin fén alt san 13 aon tsuim alos aon eallaigh a tíolaicfear, fén gceadúnas easportálaí mhairtfheola san a céad-luaidhtear, do scrúdóir tréidliaghachta chun a scrúduithe san áitreabh áirithe sin i rith na leath-bhliana san,

agus, d'ainneoin éinní atá san alt san 13 no sa Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, beidh éifeacht ag aon ordú den tsórt san do réir théarmaí an chéanna.

Ceadúnaisí áirithe easportálaithe do scur de bheith i bhfeidhm.

3. —(1) Má scuireann áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de sheamlaisí eallaigh de bheith cláruithe amhlaidh, ansan, díreach ar é do scur amhlaidh, scuirfidh gach ceadúnas easportálaí mhairtfheola do deonadh alos an áitreibh sin de bheith i bhfeidhm.

(2) Má scuireann áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de sheamlaisí muc de bheith cláruithe amhlaidh, ansan, díreach ar é do scur amhlaidh, scuirfidh gach ceadúnas easportálaí mhuicfheola do deonadh alos an áitreibh sin de bheith i bhfeidhm.

(3) Má scuireann áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de sheamlaisí caorach de bheith cláruithe amhlaidh, ansan, díreach ar é do scur amhlaidh, scuirfidh gach ceadúnas easportálaí chaoirfheola do deonadh alos an áitreibh sin de bheith i bhfeidhm.

(4) Má scuireann áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de sheamlaisí capall de bheith cláruithe amhlaidh, ansan, díreach ar é do scur amhlaidh, scuirfidh gach ceadúnas easportálaí feola capaill do deonadh alos an áitreibh sin de bheith i bhfeidhm.

(5) Má scuireann áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de sheamlaisí gabhar de bheith cláruithe amhlaidh, ansan, díreach ar é do scur amhlaidh, scuirfidh gach ceadúnas easportálaí feola gabhair do deonadh alos an áitreibh sin de bheith i bhfeidhm.

(6) Athghairmtear leis seo mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 16 den Phríomh-Acht.

Cearta aois-liúntais oifigeach áirithe tréidliaghachta údarás áitiúil do bhuanchoimeád.

4. —(1) Oifigeach tréidliaghachta d'údarás sláintíochta áitiúil dar húdaruíodh fé alt 39 den Phríomh-Acht na comhachta agus na dualgaisí d'fheidhmiú agus do chólíonadh a bronntar no a cuirtear leis an bPríomh-Acht ar scrúdóir tréidliaghachta agus dob oifigeach inphinsin, le linn an údaruithe sin do réir bhrí Coda IV den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , no do réir bhrí aon achtacháin eile i dtaobh aois-liúntais do thabhairt d'oifigigh d'údaráis áitiúla, ní scuirfidh de bheith ina oifigeach inphinsin, do réir bhrí na Coda san IV no an achtacháin eile sin, de bhíthin é do thabhairt coda dá chuid aimsire ag feidhmiú agus ag cólíonadh na gcomhacht agus na ndualgas san agus dá bhíthin sin amháin.

(2) Beidh an t-alt so fé mar a bheadh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith aige o am an Phríomh-Achta do rith.

Mion-leasuithe ar an bPríomh-Acht.

5. —Léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí gach alt agus fo-alt a luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal a gabhann leis an Acht so do leasú fé seach sa tslí atá leagtha amach sa dara colún den Sceideal san os coinne an ailt agus an fho-ailt sin fé seach.

Costaisí.

6. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur in éifeacht.

Gearr-theideal agus luadh.

7. —Féadfar an tAcht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur) (Leasú), 1935 , do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 go 1935, do ghairm de sna hAchtanna Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 agus 1931, agus den Acht so le chéile.