|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 31 de 1935. | ||
[EN] |
ACHT UM SHUNCÁIL CHEADUITHE (LEASÚ), 1935. | |
ACHT CHUN AN ACHTA UM SHUNCÁIL CHEADUITHE, 1933 , DO LEASÚ, TRÉ THRÉIMHSÍ TEORANNACHA ÁIRITHE LUAIDHTEAR ANN D'FHAIDIÚ AGUS TRÉ SHOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN GACH TRÉIMHSE NO AON TRÉIMHSE ACU SAN D'FHAIDIÚ TUILLEADH. | ||
[2adh Lúnasa, 1935.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Shuncáil Cheaduithe, 1933 (Uimh. 34 de 1933) ; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgid. | |
[EN] |
Na tréimhsí in ailt 6 agus 7 den Phríomh-Acht d'fhaidiú. |
2. —An tréimhse de dhá bhliain o am an Phríomh-Achta do rith a luaidhtear i bhfo-alt (1) d'alt 6 den Phríomh-Acht agus an tréimhse chéanna luaidhtear i bhfo-alt (2) den alt san 6 agus an tréimhse chéanna luaidhtear i bhfo-alt (1) d'alt 7 den Acht san deintear leis seo dhá bhliain do chur le gach tréimhse fé seach acu agus chuige sin leasuítear leis seo fo-ailt (1) agus (2) den alt san 6 agus fo-alt (1) den alt san 7, fé seach, tré sna focail “cheithre bliana” do chur in ionad na bhfocal “dhá bhliain” i ngach áit ina bhfuil na focail deiridh sin sna fo-ailt sin fé seach, agus léireofar na hailt sin 6 agus 7 agus beidh éifeacht acu dá réir sin. |
[EN] |
An tréimhse in alt 9 den Phríomh-Acht d'fhaidiú. |
3. —An tréimhse de dhá bhliain go leith o am an Phríomh-Achta do rith a luaidhtear i bhfo-alt (3) d'alt 9 den Phríomh-Acht deintear leis seo dhá bhliain do chur léi agus chuige sin leasuítear leis seo an fo-alt san (3) den alt san 9 tré sna focail “ceithre bliana go leith” do chur in ionad na bhfocal “dhá bhlian go leith” atá anois sa bhfo-alt san, agus léireofar an t-alt san 9 agus beidh éifeacht aige dá réir sin. |
[EN] |
Socrú chun tréimhsí sa Phríomh-Acht d'fhaidiú tuilleadh. |
4. —(1) Pé uair agus chó minic agus is dóich leis san do bheith ceart féadfaidh an tAire, le hordú ar n-a dhéanamh tar éis dul i gcomhairle le Cathaoirleach Coiste Chomhairlithigh na Suncálanna, faidiú do dhéanamh go ceann pé tréimhse is oiriúnach leis agus a luadhfaidh san ordú san ar gach tréimhse no ar aon tréimhse acu so leanas, sé sin le rá, na tréimhsí uile agus fé seach de cheithre bliana o am an Phríomh-Achta do rith a luaidhtear fé seach i bhfo-ailt (1) agus (2) d'alt 6 agus fo-alt (1) d'alt 7 den Phríomh-Acht mar a leasuítear san leis an Acht so, agus an tréimhse de cheithre bliana go leith o am an Phríomh-Achta do rith a luaidhtear i bhfo-alt (3) d'alt 9 den Phríomh-Acht mar a leasuítear san leis an Acht so. |
[EN] | (2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so ag faidiú aon tréimhse dá luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so déanfar an fo-alt den Phríomh-Acht (mar a leasuítear san leis an Acht so) ina luaidhtear an tréimhse sin do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí an tréimhse sin mar a faideofar í leis an ordú san do chur sa bhfo-alt san (mar a leasuítear san amhlaidh) in ionad na tréimhse luaidhtear ann. | |
[EN] |
Gearr-theideal. |
5. —Féadfar an tAcht um Shuncáil Cheaduithe (Leasú), 1935 , do ghairm den Acht so. |