An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Tairgeadh agus Diol Baguin do Rialail.)

24 1935

ACHT MUC AGUS BAGÚIN, 1935

CUID IV.

Praghsanna Muc agus Conablach do Rialail.

Mínithe chun crícheanna Coda IV.

116. —Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an abairt “muc mhonarcha-cheannuithe” muc ar n-a seachadadh in áitreabh ceadúnuithe, no in áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de mhion-leasuitheoirí, ar théarmaí gur tar éis í do mharbhadh a cinnfear praghas na muice sin;

cialluíonn an abairt “muc nách muc mhonarcha-cheannuithe” muc ar n-a ceannach ar théarmaí ná deineann muc mhonarchacheannuithe den mhuic sin;

cialluíonn an abairt “oifigeach údaruithe don Bhord Mharguithe Muc” duine go n-údarás i scríbhinn ón mBord Marguithe Muc chun na gcomhacht a bronntar ar oifigeach údaruithe don Bhord Mharguithe Muc leis an gCuid seo den Acht so d'fheidhmiú;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an mBord Marguithe Muc fén gCuid seo den Acht so.

Có-dhéanamh an Bhúird Mharguithe Muc.

117. —(1) Bunófar do réir na Coda so den Acht so Bord (dá ngairmtear an Bord sa Chuid seo den Acht so), ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Bord Marguithe Muc, chun na bhfeidhmeanna ceaptar do leis an gCuid seo den Acht so do chólíonadh.

(2) Beidh an Bord ina chólucht chorpruithe agus beidh síorchomharbas aige agus séala oifigiúil (ar a dtabharfar áird i gcúrsaí breithiúnais) agus féadfa sé dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí leis fé n-a ainm chorpruithe agus féadfa sé talamh do shealbhú agus do chur de láimh.

(3) Is seacht mbaill a bheidh ar an mBord, eadhon, Cathaoirleach (dá ngairmtear an Cathaoirleach sa Chuid seo den Acht so) agus sé gnáth-bhaill (dá ngairmtear na gnáth-bhaill sa Chuid seo den Acht so) a toghfar no a hainmneofar sa tslí luaidhtear anso ina dhiaidh seo.

Cathaoirleach an Bhúird Mharguithe Muc.

118. —(1) Déanfaidh an tAire, chó luath agus is gá é tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so agus ina dhiaidh sin fé mar is gá, duine d'ainmniú chun bheith ina Chathaoirleach.

(2) Beidh an Cathaoirleach i seilbh oifige faid is toil leis an Aire é.

(3) Pé uair a bheidh an Cathaoirleach, toisc easláinte no toisc leor-chúise eile, fé mhí-chumas shealadach maidir le dualgaisí a oifige do chólíonadh, féadfaidh an tAire duine d'ainmniú chun dualgaisí an Chathaoirligh do chólíonadh i gcaitheamh an mhíchumais sin agus, an duine ceapfar amhlaidh, beidh comhachta uile an Chathaoirligh aige agus tuigfear chun crícheanna na Coda so den Acht so gurb eisean an Cathaoirleach i gcaitheamh an mhíchumais sin.

(4) Íocfaidh an Bord le gach duine a hainmneofar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo pé luach saothair agus pé liúntaisí i gcóir costaisí cheapfaidh an tAire.

Gnáth-bhaill an Bhúird Mharguithe Muc.

119. —(1) Déanfaidh an Bord Marguithe Bagúin trí baill (dá ngairmtear baill leasuitheoireachta sa Chuid seo den Acht so) de sna gnáth-bhaill do thoghadh do réir an Achta so agus déanfar trí baill (dá ngairmtear baill táirgtheoireachta sa Chuid seo den Acht so) de sna gnáth-bhaill d'ainmniú do réir an Achta so.

(2) Isiad a bheidh mar bhaill leasuitheoireachta ná daoine atá ina ngnáth-bhaill den Bhord Mharguithe Bagúin.

(3) Isiad a bheidh mar bhaill táirgtheoireachta ná daoine atá ionadathach do tháirgtheoirí muc i Saorstát Éireann.

Baill leasuitheoireachta den Bhord Mharguithe Muc do thoghadh.

120. —(1) Déanfaidh an Bord Marguithe Bagúin, ag an gcéad chruinniú bheidh acu sa bhliain 1935 agus ag gach cruinniú cinn trí mblian den Bhord Mharguithe Bagúin, trí baill leasuitheoireachta do thoghadh.

(2) Má theipeann ar an mBord Marguithe Bagúin trí baill leasuitheoireachta do thoghadh ag an gcéad chruinniú bheidh acu no ag aon chruinniú cinn trí mblian déanfaidh an tAire, tráth nách déanaí ná cúig lá tar éis an chruinnithe sin, triúr no pé uimhir is lugha ná san agus is gá sa chás de ghnáth-bhaill den Bhord Mharguithe Bagúin d'ainmniú chun bheith ina mbaill leasuitheoireachta agus na daoine a hainmneofar amhlaidh tuigfear chun gach críche gur toghadh iad go cuibhe ag an gcruinniú san mar bhaill leasuitheoireachta.

Baill táirgtheoireachta d'ainmniú.

121. —Déanfaidh an tAire, tráth nách déanaí ná cúig lá tar éis gach toghacháin do bhaill leasuitheoireachta, triúr daoine d'ainmniú chun bheith ina mbaill táirgtheoireachta.

An Bord Marguithe Muc do bhunú.

122. —(1) Déanfaidh an tAire, laistigh de mhí tar éis an chéad ainmniúcháin do bhaill táirgtheoireachta do chríochnú, fógra d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil á dhearbhú an Bord do bheith bunuithe o dháta (bheidh níos déanaí ná dáta an fhógra san d'fhoillsiú) a luadhfar sa bhfógra san agus leis sin tuigfear chun gach críche an Bord do bhunú go cuibhe ar an dáta luadhfar amhlaidh.

(2) Sa Chuid seo den Acht so léireofar gach tagairt do dháta bhunuithe an Bhúird mar thagairt don dáta ar a dtuigfear de bhuadh an ailt seo an Bord do bhunú.

Téarma oifige gnáth-bhall.

123. —(1) Beidh gach ball leasuitheoireachta agus gach ball táirgtheoireachta (seachas duine ceapfar chun foth-fholúntais), marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, i seilbh oifige—

(a) más sa bhliain 1935 a toghfar no a hainmneofar é, o dháta bhunuithe an Bhúird go dtí an 10adh lá d'Eanar, 1937;

(b) más in aon bhliain eile toghfar no a haimneofar é, ar feadh tréimhse trí mbliain ón 11adh lá d'Eanar sa bhliain sin.

(2) Ball leasuitheoireachta no ball táirgtheoireachta bheidh ag dul as oifig ar bheith caithte dá théarma oifige tré imeacht aimsire beidh sé ion-aththoghtha no ion-athainmnithe.

Gnáth-bhaill den Bhord Mharguithe Muc d'eirghe as agus do theacht fé dhí-cháilíocht.

124. —(1) Féadfaidh gnáth-bhall eirghe as a oifig mar bhall den tsórt san tráth ar bith tré leitir do dhíriú agus do chur chun rúnaí an Bhúird agus beidh feidhm ag gach eirghe as den tsórt san i dtosach an chéad chruinnithe bheidh ag an mBord tar éis don rúnaí an leitir sin d'fháil.

(2) Má thárlann agus pé uair a thárlóidh go dtabharfar mar bhreith ar aon ghnáth-bhall gur duine gnó-bhriste é no go ndéanfa sé réiteach no socrú le n-a fhiach-éilitheoirí no go ndaorfaidh cúirt dlighinse inniúla é chun príosúntachta no pian-tseirbhíse no go scuirfe sé de bheith ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann no go bhfanfa sé gan toiliú an Bhúird o chrainnithe uile an Bhúird ar feadh tréimhse de thrí mhí no, i gcás baill leasuitheoireachta, go scuirfe sé de bheith ina bhall den Bhord Mharguithe Bagúin, scuirfe sé de bheith i seilbh oifige mar ghnáth-bhall.

Foth-fholúntaisí imeasc gnáth-bhall an Bhúird Mharguithe Muc do líonadh.

125. —(1) Pé uair a thárlóidh folúntas (dá ngairmtear fothfholúntas san alt so) i mballraíocht an Bhúird de dheascaibh gnáthbhaill de d'éagadh, d'eirghe as no do theacht fé dhí-cháilíocht, cuirfidh an Cathaoirleach in úil don Aire an folúntas san do bheith ann, agus déanfaidh an tAire, má ba bhall leasuitheoireachta an gnáth-bhall san, duine de ghnáth-bhaill an Bhúird Mharguithe Bagúin nách ball an tráth san den Bhord Mharguithe Muc do cheapadh chun an fholúntais sin no, má ba bhall táirgtheoireachta an gnáth-bhall san, duine atá ionadathach do tháirgtheoirí muc do cheapadh chun an fholúntais sin.

(2) Gach duine ceapfar chun foth-fholúntais beidh sé, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, i seilbh oifige mar ghnáth-bhall ar feadh a mbeidh gan caitheamh den téarma oifige go mbeadh an ball gurbh é a éag no a eirghe as no a theacht fé dhí-cháilíocht fé ndeár an folúntas i seilbh oifige mara mbeadh a éag no a eirghe as no a theacht fé dhí-cháilíocht.

Fear ionaid do cheapadh do ghnáth-bhall a bheidh fé mhí-chumas shealadach.

126. —Pé uair a chífear don Aire go mbeidh gnáth-bhall gan bheith ábalta go sealadach, toisc breoiteachta no leorchúise eile, ar a dhualgaisí mar bhall den tsórt san do chólíonadh, féadfaidh an tAire, más ball leasuitheoireachta an ball san, gnáth-bhall den Bhord Mharguithe Bagúin no, más ball táirgtheoireachta an ball san, duine atá ionadathach do tháirgtheoirí muc do cheapadh chun gníomhú mar ghnáth-bhall ar feadh pé tréimhse, nách sia ná ré na mí-ábaltachta san) is dóich leis is ceart, agus gach duine ceapfar amhlaidh chun gníomhú mar ghnáth-bhall den Bhord beidh sé, i gcaitheamh na tréimhse dá gceapfar é amhlaidh, ina ghnáth-bhall in ionad an ghnáth-bhaill sin a céad-luaidhtear.

Forálacha breise maidir le baill táirgtheoireachta.

127. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú (dá ngairmtear ordú um baill táirgtheoireachta (toghachán) san alt so) ordú do thabhairt gur comhlachaisí ceaduithe thoghfaidh, sa bhliain toghacháin a luadhfar san ordú san agus i ngach bliain toghacháin ina dhiaidh sin, na trí baill táirgtheoireachta agus fós seisear daoine eile (gur asta (má bhíd le fáil) a líonfar foth-fholúntaisí imeasc ball táirgtheoireachta agus a ceapfar fir ionaid chun gníomhú do bhaill táirgtheoireachta bheidh gan bheith ábalta go sealadach ar a ndualgaisí do chólíonadh toisc breoiteachta no leos-chúise eile), agus feadfaidh na forálacha san uile (ar a n-áirmhítear oiriúnuithe agus atharuithe ar an gCuid seo den Acht so) bheith san ordú san is dóich leis an Aire is gá chun éifeachta do thabhairt don ordú do bhéarfar amhlaidh.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú (dá ngairmtear ordú um baill táirgtheoireachta (painéal) san alt so) ordú do thabhairt go gceapfar, sa bhliain toghacháin a luadhfar san ordú san agus i ngach bliain toghacháin ina dhiaidh sin, painéal de líon áirithe daoine bheidh ion-ainmnithe ag an Aire mar bhaill táirgtheoireachta, gur comhlachaisí ceaduithe agus coistí talmhaíochta ainmneoidh na daoine go mbeidh a n-ainmneacha le hiontráil sa phainéal san, agus gur as na daoine go mbeidh a n-ainmneacha iontrálta sa phainéal san a roghnófar na daoine ainmneoidh an tAire chun bheith ina mbaill táirgtheoireachta chun fothfholúntaisí imeasc ball táirgtheoireachta do líonadh agus chun gníomhú do bhaill táirgtheoireachta bheidh gan bheith ábalta go sealadach ar a ndualgaisí do chólíonadh toisc breoiteachta no leor-chúise eile, agus féadfaidh pé forálacha (ar a n-áirmhítear oiriúnuithe agus atharuithe ar an gCuid seo den Acht so) bheith san ordú san is dóich leis an Aire is gá chun éifeachta do thabhairt don ordú do bhéarfar amhlaidh.

(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar ordú um baill táirgtheoireachta (toghachán) no ar ordú um baill táirgtheoireachta (painéal) no ar aon ordú déanfar fén alt so ag leasú orduithe roimhe sin.

(4) San alt so cialluíonn an abairt “comhlachaisí ceaduithe” comhlachaisí do tháirgtheoirí muc i Saorstát Éireann a bheidh ceaduithe de thurus na huaire ag an Aire.

(5) Chun crícheanna an ailt seo beidh gach bliain acu so leanas ina bliain toghacháin, sé sin le rá, an bhliain 1936, an bhliain 1939, an bhliain 1942, an bhliain 1945, agus mar sin de.

Luach saothair ball an Bhúird Mharguithe Muc.

128. —(1) Íocfaidh an Bord leis an gCathaoirleach pé luach saothair agus pé liúntaisí in aghaidh costaisí cheapfaidh an tAire o am go ham.

(2) Íocfaidh an Bord le gach gnáth-bhall pé luach saothair agus pé liúntaisí in aghaidh costaisí cheapfaidh an Bord o am go ham le toiliú an Aire agus féadfar rátaí deifriúla luach saothair do cheapadh do ghnáth-bhaill den Bhord is baill den Bhord Mharguithe Bagúin agus do ghnáth-bhaill eile den Bhord.

Oifigí agus fuireann an Bhúird Mharguithe Muc.

129. —(1) Féadfaidh an Bord pé oifigí agus áitreabhacha eile is dóich leo agus a bheidh i pé áiteanna is dóich leo is gá chun a bhfeidhmeanna fén gCuid seo den Acht so d'fheidhmiú go cuibhe do cheannach, do thógaint ar léas, do thógáil no d'fháil ar shlí eile agus iad do ghléasadh agus do chothabháil agus féadfaid aon áitreabh den tsórt san is dóich leo ná beidh ag teastáil a thuilleadh chun na críche sin do dhíol, do chur ar léas no do chur de láimh ar shlí eile.

(2) Déanfaidh an tAire, chó luath agus is gá san tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so agus ina dhiaidh sin fé mar is gá sa chás, duine do cheapadh chun bheith ina rúnaí don Bhord.

(3) Beidh an rúnaí don Bhord i seilbh oifige faid is toil leis an Aire é agus íocfaidh an Bord leis pé luach saothair agus pé liúntaisí in aghaidh costaisí cheapfaidh an tAire o am go ham.

(4) Ceapfaidh an Bord pé oifigigh (seachas an rúnaí), pé seirbhísigh agus pé gníomhairí agus pé méid acu san is dóich leis an mBord o am go ham is gá chun a bhfeidhmeanna fén gCuid seo den Acht so d'fheidhmiú go cuibhe agus gach oifigeach, seirbhíseach agus gníomhaire ceapfar amhlaidh beidh sé i seilbh oifige ar pé téarmaí agus fé réir pé coinníollacha chinnfidh an Bord.

(5) Íocfaidh an Bord le hoifigigh (seachas an rúnaí), le seirbhísigh agus le gníomhairí an Bhúird pé luach saothair agus pé liúntaisí in aghaidh costaisí cheapfaidh an Bord o am go ham.

Stát-Sheirbhísigh do thabhairt ar iasacht don Bhord Mharguithe Muc.

130. —Ná deintear duine ar seirbhís i Stát-Sheirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann do thabhairt ar iasacht le haghaidh seirbhíse fén mBord aisíocfaidh an Bord leis an Stát-Chiste, i pé slí ordóidh an tAire Airgid tuarastal an duine sin agus fós na muirearacha san, alos aois-liúntais agus liúntaisí agus aiscí eile is iníoctha leis an duine sin no ina thaobh fé sna hAchtanna Aois-liúntais a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, a chinnfidh an tAire sin do bheith ceart.

Toirmeasc ar bhaill agus ar oifigigh an Bhúird Mharguithe Muc eolas do nochtadh.

131. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo ní bheidh sé dleathach d'aon bhall den Bhord na d'aon oifigeach don Bhord aon eolas i dtaobh gnótha duine ar bith eile gheobhaidh sé mar bhall no mar oifigeach den tsórt san do nochtadh.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

(3) Ní bhainfidh éinní atá i bhfo-alt (1) den alt so le haon eolas do nochtadh chun crícheanna aon imeacht dlí (síbhialta no coiriúil) a bunófar no beifear chun a bhunú fén gCuid seo den Acht so.

Nós imeachta an Bhúird Mharguithe Muc.

132. —(1) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntais no folúntas do bheith imeasc na ngnáth-bhall.

(2) Déanfaidh an Bord, le haontú an Aire, an nós imeachta leanfar agus an gnó déanfar ag á gcruinnithe do rialáil tré bhuanorduithe no ar shlí eile.

Cruinnithe an Bhúird Mharguithe Muc.

133. —(1) Beidh a gcéad chruinniú ag an mBord pé lá agus pé uair agus i pé áit a cheapfaidh an tAire.

(2) Fé réir forálacha an ailt seo beidh ag an mBord pé cruinnithe agus pé méid cruinniú agus san pé tráthanna is gá chun a bhfeidhmeanna fén Acht so d'fheidhmiú go cuibhe.

(3) Is Ieor an Cathaoirleach leis féin mar quorum ag cruinniú den Bhord.

(4) Ní bheidh aon chruinniú ag an mBord mara mbeidh an Cathaoirleach i láthair ann.

An Bord Marguithe Muc do thabhairt breithe ar cheisteanna.

134. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so bhéarfar breith ar gach ceist eireoidh ag cruinniú den Bhord tré mhóráireamh vótaí na mball a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist, agus i gcás na vótaí ar gach taobh do bheith cothrom beidh an dara vóta no vóta réitigh ag an gCathaoirleach.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hordú praghais, le hordú um liúntas fartha, le hordú um liúntas ceannaigh, no le hordú, ag leasú orduithe phraghais no orduithe um liúntas fartha no orduithe um liúntas ceannaigh, do dhéanamh ag cruinniú den Bhord, sé sin le rá:—

(a) mara mbeidh aon ghnáth-bhaill no mara mbeidh ach aon ghnáth-bhall amháin i láthair ag an gcruinniú san isé an Cathaoirleach a dhéanfaidh an t-ordú san agus, chun crícheanna na Coda so den Acht so, tuigfear, maidir leis an ordú san mar a dhéanfaidh an Cathaoirleach amhlaidh é, an Bord dá dhéanamh go cuibhe ag an gcruinniú san;

(b) má bhíonn dhá ghnáth-bhall no níos mó i láthair ag an gcruinniú san beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) i gcás na ngnáth-bhall san uile do rith rúin d'aon aonta i bhfabhar an orduithe sin do dhéanamh i dtéarmaí luadhfar sa rún san, tuigfear chun crícheanna na Coda so den Acht so an Bord do dhéanamh an orduithe sin go cuibhe sna téarmaí sin ag an gcruinniú san, agus

(ii) in aon chás eile, isé an Cathaoirleach a dhéanfaidh an t-ordú san agus, chun crícheanna na Coda so den Acht so, tuigfear, maidir leis on ordú san mar a dhéanfaidh an Cathaoirleach amhlaidh é, an Bord dá dhéanamh go cuibhe ag an gcruinniú san.

Miontuairiscí cruinniú an Bhúird Mharguithe Muc.

135. —Coimeádfaidh an Bord, i leabhar a chuirfid ar fáil chuige sin, miontuairiscí ar na himeachta ag gach cruinniú den Bhord, agus sighneoidh an Cathaoirleach na miontuairiscí uile den tsórt san ag an gcruinniú le n-a mbainid no ag an gcéad chruinniú eile agus, ar iad do bheith sighnithe amhlaidh, glacfar i bhfianaise iad.

Séala an Bhúird Mharguithe Muc.

136. —(1) Cuirfidh an Bord có-shéala ar fáil agus beidh san acu.

(2) Déanfar séala an Bhúird do dhílse-dheimhniú le sighniú an Chathaoirligh.

(3) Gach scríbhinn a bheireann le tuiscint gur ordú no ionstruim eile í ar n-a dhéanamh no ar n-a thabhairt amach ag an mBord agus í bheith séaluithe le séala an Bhúird ar n-a dhílse-dheimhniú sa tslí foráltar leis an alt so glacfar i bhfianaise í agus tuigfear go dtí go gcruthófar a mhalairt gurb í an t-ordú no an ionstruim sin í gan cruthú ar údarás ná ar shighniú neach sighnithe an chéanna.

Cuntaisí, breacacháin agus tuarasgabhála an Bhúird.

137. —(1) Coimeádfaidh an Bord gach leabhar cuntaisí agus gach leabhar agus breacachán eile is ceart agus déanfaid, laistigh de thrí mhí tar éis deireadh gach bliana, ráiteas ar chuntaisí (agus é iniúchta agus deimhnithe go cuibhe ag iniúchóir a cheapfaidh an Bord le toiliú agus le haontú an Aire) in aghaidh na bliana san d'ullamhú agus do chur chun an Aire agus chun gach ceadúnaí agus chun an Bhúird Mharguithe Bagúin.

(2) Déanfaidh an Bord gach bliain, ar pé dáta agus i pé fuirm ordóidh an tAire, tuarasgabháil i dtaobh a n-imeacht fén gCuid seo den Acht so i rith na bliana roimhe sin do thabhairt don Aire agus leagfaidh an tAire an tuarasgabháil sin fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.

(3) Bhéarfaidh an Bord don Aire pé eolas, staitistíocht agus tuairisceáin a theastóidh ón Aire o am go ham.

(4) Bhéarfaidh an Bord do dhuine ar bith, ar tháille scillinge d'íoc, cóip d'aon ráiteas ar chuntaisí do hullamhuíodh do réir an ailt seo.

An tAire do thabhairt iasachtaí don Bhord Mharguithe Muc.

138. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, pé suimeanna is dóich leis is ceart do thabhairt ar iasacht don Bhord o am go ham amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) An t-airgead uile do bhéarfar ar iasacht don Bhord fén alt so bhéarfar ar iasacht amhlaidh é ar pé téarmaí agus coinníollacha, maidir le ham agus le slí a aisíoctha agus maidir leis an ráta úis agus le hurrús agus le nithe eile, cheapfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgid.

(3) An t-airgead uile gheobhaidh an tAire in aisíoc aon airgid a bheidh tugtha ar iasacht aige fén alt so no in íoc úis ar an airgead san no ar shlí eile maidir leis an airgead san déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

An Ciste Marguithe Muc.

139. —(1) Coimeádfaidh an Bord ciste (dá ngairmtear an ciste sa Chuid seo den Acht so) ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Ciste Marguithe Muc agus déanfaid an ciste sin do chothabháil agus do bhainistí do réir an Achta so.

(2) Íocfaidh an Bord isteach sa chiste an t-airgead uile gheobhaidh an Bord fén gCuid seo den Acht so.

(3) Déanfar an t-airgead so leanas, agus ní haon airgead eile, d'íoc amach as an gciste, sé sin le rá, an t-airgead uile is gá don Bhord do réir na Coda so den Acht so d'íoc agus na costaisí eile go léir fé n-a raghaidh an Bord chun a gcomhacht agus a ndualgas fén gCuid seo den Acht so d'fheidhmiú.

(4) Chun muirearacha, is gá do réir na Coda so den Acht so d'íoc amach as an gciste, do ghlanadh féadfaidh an Bord iasacht d'fháil ar urrús an chiste.

(5) An méid sin den chiste is dóich leis an mBord ná beidh, de thurus na huaire, ag teastáil láithreach chun suimeanna is iníoctha as an gciste sin fén gCuid seo den Acht so d'íoc suncálfaidh an Bord é in urrúis go mbeidh údaruithe d'iontaobhaithe do réir an dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire cistí iontaobhais do shuncáil ionta.

(6) Féadfaidh an Bord o am go ham, más rogha leo é an t-airgead uile bheidh suncálta fén alt so d'atharú no d'aistriú isteach i suncálanna eile bheidh údaruithe fén alt so agus féadfaid tráth ar bith gach suncáil no aon tsuncáil a bheidh déanta acu fén alt so do dhíol agus airgead d'fháil ar an gcéanna.

(7) Íocfar isteach sa chiste na díbhinní agus an t-ús go léir a gheobhaidh an Bord ar shuncálanna dhéanfaid fén Alt so no alos aon tsuncálanna den tsórt san do dhíol.

Orduithe Praghais.

140. —(1) Beidh cruinniú ag an mBord tráth nách déanaí ná mí tar éis dáta bhunuithe an Bhúird no tar éis pé dáta ina dhiaidh sin (más ann do) a cheapfaidh an tAire, agus déanfaid ag an gcruinniú san ordú (dá ngairmtear ordú praghais sa Chuid seo den Acht so)—

(a) ag roinnt muca nách muca monarcha-cheannuithe i pé saghsanna agus i pé méid saghas is oiriúnach leis an mBord; agus

(b) ag roinnt conablach muca monarcha-cheannuithe i pé saghsanna agus i pé méid saghas is oiriúnach leis an mBord, agus ag roinnt gach saghas fé leith den tsórt san i pé grádanna agus i pé méid grád is oiriúnach leis an mBord; agus

(c) ag roinnt conablach muca nách muca monarchacheannuithe i pé saghsanna agus i pé méid saghas is oiriúnach leis an mBord agus, más ceart san dar leis an mBord, ag roinnt gach saghas fé leith den tsórt san i pé grádanna agus i pé méid grád is oiriúnach leis an mBord; agus

(d) ag ceapadh tréimhse (thosnóidh lá nách déanaí ná mí tar éis lae an orduithe sin do dhéanamh) chun bheith ina céad tréimhse dhíola chun crícheanna na Coda so den Acht so; agus

(e) á shocrú, maidir le muca, nách muca monarchacheannuithe, de gach saghas fé leith a díolfar i rith na tréimhse díola san, cadé an praghas (i dtéarmaí ráta an chéadmeáchaint) a bheidh ortha; agus

(f) á shocrú, maidir le conablaigh mhuca monarchacheannuithe de gach grád fé leith de gach saghas fé leith a díolfar i rith na tréimhse díola san, cadé an praghas (i dtéarmaí ráta an chéadmeáchaint) a bheidh ortha; agus

(g) i gcás an Bhúird do roinnt gach saghas fé leith de chonablaigh mhuca nách muca monarcha-cheannuithe ina ghrádanna, á shocrú, maidir le gach grád fé leith de gach saghas fé leith a díolfar i rith na tréimhse díola san, cadé an praghas (i dtéarmaí ráta an chéadmeáchaint) a bheidh air, no, in aon chás eile, á shocrú, maidir le gach saghas fé leith a díolfar i rith na tréimhse díola san, cadé an praghas (i dtéarmaí ráta an chéadmeáchaint) a bheidh air.

(2) Beidh cruinniú ag an mBord tráth nách déanaí ná seachtain roimh dheireadh thréimhse díola, agus déanfaid ag an gcruinniú san ordú (dá ngairmtear freisin ordú praghais sa Chuid seo den Acht so)—

(a) ag roinnt muca nách muca monarcha-cheannuithe i pé saghsanna agus i pé méid saghas is oiriúnach leis an mBord; agus

(b) ag roinnt conablach muca monarcha-cheannuithe i pé saghsanna agus i pé méid saghas is oiriúnach leis an mBord, agus ag roinnt gach saghas fé leith den tsórt san i pé grádanna agus i pé méid grád is oiriúnach leis an mBord; agus

(c) ag roinnt conablach muca nách muca monarchacheannuithe i pé saghsanna agus i pé méid saghas is oiriúnach leis an mBord agus, más ceart san dar leis an mBord, ag roinnt gach saghas fé leith den tsórt san i pé grádanna agus i pé méid grád is oiriúnach leis an mBord; agus

(d) ag ceapadh tréimhse (thosnóidh ar bheith caithte don tréimhse dhíola san) chun bheith ina céad tréimhse dhíola eile chun crícheanna na Coda so den Acht so; agus

(e) á shocrú, maidir le muca, nách muca monarchacheannuithe, de gach saghas fé leith a díolfar i rith na céad tréimhse díola eile sin, cadé an praghas (i dtéarmaí ráta an chéadmeáchaint) a bheidh ortha; agus

(f) á shocrú, maidir le conablaigh mhuca monarchacheannuithe de gach grád fé leith de gach saghas fé leith a díolfar i rith na céad tréimhse díola eile sin, cadé an praghas (i dtéarmaí ráta an chéadmeáchaint) a bheidh ortha; agus

(g) i gcás an Bhúird do roinnt gach saghas fé leith de chonablaigh mhuca nách muca monarcha-cheannuithe ina ghrádanna, á shocrú, maidir le gach grád fé leith de gach saghas fé leith a díolfar i rith na céad tréimhse díola eile sin, cadé an praghas (i dtéarmaí ráta an chéadmeáchaint) a bheidh air, no, in aon chás eile, á shocrú, maidir le gach saghas fé leith a díolfar i rith na céad tréimhse díola eile sin, cadé an praghas (i dtéarmaí ráta an chéadmeáchaint) a bheidh air.

(3) Má fágtar forálacha fo-ailt (2) den alt so gan cólíonadh tráth ar bith féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, ordú praghais do dhéanamh ag cruinniú bheidh acu pé dáta cheapfaidh an tAire, agus is tréimhse thosnóidh ar pé dáta ordóidh an tAire an tréimhse ceapfar leis an ordú san mar an tréimhse dhíola chun críche na Coda so den Acht so.

(4) Féadfaidh an Bord tráth ar bith, le hordú, leasú do dhéanamh ar ordú praghais agus luadhfar i ngach ordú ag leasú orduithe phraghais cadé an dáta (nách túisce ná an chéad Luan tar éis dáta an orduithe sin do dhéanamh) ar a dtiocfaidh an t-ordú san i bhfeidhm.

(5) Nuair a bheidh ordú praghais no ordú ag leasú orduithe phraghais á dhéanamh acu féachfaidh an Bord do sna nithe seo leanas, eadhon—

(a) an méid bagúin is féidir do sna margaí (cois baile agus lasmuich) a ghlacadh;

(b) an méid bagúin is dóich leis an mBord is gá a chur i bhfuar-stóras i gcóir riachtanaisí todhachaidhe;

(c) an stoc bagúin a bheidh ar láimh;

(d) an méid muc is deallrathach a bheidh ar fáil;

(e) costas táirgthe muc agus go sonnrách costas abhar beathadh ar feadh na gceithre mí roimhe sin;

(f) pé nithe eile is dóich leis an mBord a bhaineann leis an scéal.

(6) Déanfar gach ordú praghais agus gach ordú ag leasú orduithe phraghais d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

Liúntas fartha.

141. —(1) Ag an gcruinniú ag á ndéanfaidh an Bord an chéad ordú praghais déanfaid ordú (dá ngairmtear ordú um liúntas fartha sa Chuid seo den Acht so)—

(a) ag roinnt Shaorstáit Éireann i pé líomatáistí agus i pé méid líomatáistí (dá ngairmtear líomatáistí díola sa Chuid seo den Acht so) is oiriúnach leis an mBord; agus

(b) á shocrú, maidir le gach líomatáiste díola fé leith, cadé an tsuim a bheidh mar an liúntas fartha in aghaidh gach muice no conablaigh fé leith a díolfar sa líomatáiste sin;

agus féadfar suimeanna deifriúla do shocrú maidir le líomatáistí díola deifriúla.

(2) Féadfaidh an Bord tráth ar bith le hordú fén bhfo-alt so, leasú do dhéanamh ar an ordú déanfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo no ar aon ordú bheidh déanta fén bhfo-alt so.

(3) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an liúntas fartha”, maidir le muic no le conablach a díolfar i líomatáiste díola áirithe, an tsuim a bheidh socair de thurus na huaire le hordú fén alt so mar an liúntas fartha in aghaidh muice no conablaigh a díolfar sa líomatáiste sin.

Liúntas ceannaigh.

142. —(1) Ag an gcruinniú ag á ndéanfaidh an Bord an chéad ordú praghais déanfaid ordú (dá ngairmtear ordú um liúntas ceannaigh sa Chuid seo den Acht so) á shocrú cadé an tsuim a bheidh mar an liúntas ceannaigh in aghaidh gach muice no conablaigh a díolfar.

(2) Féadfaidh an Bord tráth ar bith, le hordú fén bhfo-alt so, leasú do dhéanamh ar an ordú déanfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo no ar aon ordú bheidh déanta fén bhfo-alt so.

(3) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an liúntas ceannaigh”, maidir le muic no le conablach ar bith, an tsuim a bheidh socair de thurus na huaire le hordú fén alt so mar an liúntas ceannaigh.

Liúntas árachais.

143. —Féadfaidh an Bord, le hordú, rialacháin do dhéanamh á shocrú cadé an tsuim (dá ngairmtear an liúntas árachais sa Chuid seo den Acht so) a lomhálfar, alos gach muice no conablaigh a díolfar le ceadúnaí, i bhfuirm árachais i gcoinnibh scrúdóra thréidliaghachta do dhaoradh na muice no an chonablaigh sin agus scartaigh na muice sin fé Chuid II den Acht so agus i gcoinnibh údaráis sláintíochta áitiúla do dhaoradh an chéanna fé chomhachta reachtúla.

Srian le praghas muc agus conablach.

144. —(1) Ní bheidh sé dleathach, i rith aon tréimhse bheidh ceaptha le hordú praghais chun bheith ina tréimhse dhíola, aon cheadúnaí ná mion-leasuitheoir cláruithe do cheannach ná éinne do dhíol le ceadúnaí ná le mion-leasuitheoir cláruithe—

(a) aon mhuice, nách muc mhonarcha-cheannuithe, de shaghas a bheidh socair leis an ordú san ar shuim seachas an tsuim seo leanas, eadhon, suim a háirmheofar do réir meáchana na muice sin agus an phraghais a bheidh socair leis an ordú san do mhuca, nách muca monarchacheannuithe, den tsaghas san, lughaide an méid oiriúnach, an liúntas fartha, agus an liúntas ceannaigh;

(b) aon mhuice monarcha-cheannuithe ar shuim seachas an tsuim seo leanas, eadhon, suim a háirmheofar do réir meáchana conablaigh na muice sin agus an phraghais a bheidh socair leis an ordú san do chonablaigh mhuca monarcha-cheannuithe de ghrád agus de shaghas a bheidh ar có-réir le grád agus le saghas an chonablaigh sin, lughaide an méid oiriúnach;

(c) aon chonablaigh de mhuic nách muc mhonarcha-cheannuithe ar shuim seachas—

(i) i gcás an orduithe sin do shocrú grádanna de shaghsanna conablach muca nách muca monarchacheannuithe, an tsuim seo leanas, eadhon, suim a háirmheofar do réir meáchana an chonablaigh sin agus an phraghais a bheidh socair leis an ordú san do chonablaigh mhuca, nách muca monarchacheannuithe, de ghrád agus de shaghas a bheidh ar có-réir le grád agus le saghas an chonablaigh sin, lughaide an méid oiriúnach, an liúntas fartha, agus an liúntas ceannaigh, no

(ii) in aon chás eile, an tsuim seo leanas, eadhon, suim a háirmheofar do réir meáchana an chonablaigh sin agus an phraghais a bheidh socair leis an ordú san do chonablaigh mhuca, nách muca monarchacheannuithe, de shaghas a bheidh ar có-réir le saghas an chonablaigh sin, lughaide an méid oiriúnach, an liúntas fartha, agus an liúntas ceannaigh.

(2) San alt so cialluíonn an abairt “an méid oiriúnach”, maidir le haon mhuic no conablach a díolfar, suim na méideanna so leanas:—

(a) más ceadúnaí cheannóidh an mhuc no an conablach san—

(i) suim is có-mhéid leis an suim a bheidh orduithe de thurus na huaire chun crícheanna an dleachta is iníoctha ag ceadúnaithe leis an mBord fé sna forálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le dleacht is iníoctha ag ceadúnaithe leis an mBord Marguithe Muc; agus

(ii) suim is có-mhéid leis an suim a bheidh orduithe de thurus na huaire ag an Aire fé sna forálacha de Chuid II den Acht so bhaineann le táillí is iníoctha ag ceadúnaithe; agus

(iii) suim is có-mhéid leis an suim a bheidh socair de thurus na huaire mar an liúntas árachais; agus

(b) más mion-leasuitheoir cláruithe cheannóidh an mhuc no an conablach san, suim de scilling; agus

(c) más ar aonach no ar mhargadh ag á mbeidh custuim iníoctha ceannófar an mhuc no an conablach san, suim is có-mhéid le méid an chustuim ar mhuic amháin no ar chonablach amháin (do réir mar bheidh); agus

(d) más ar aonach no ar mhargadh a ceannófar an mhuc no an conablach san agus má deintear, chun críche an díola san, an mhuc no an conablach san do mheadh ar mheaisín meáchana bheidh curtha ar fáil chun críche an aonaigh no an mhargaidh sin, suim is có-mhéid leis an suim is inéilithe ar mhuic amháin no ar chonablach amháin (do réir mar bheidh) do mheadh ar an meaisín meáchana san; agus

(e) má deintear an mhuc no an conablach san do mheadh in áit seachas in áitreabh an cheadúnaí no an mhionleasuitheora chláruithe sin ar mheaisín meáchana bheidh curtha ar fáil ag an gceadúnaí no ag an mionleasuitheoir cláruithe sin, suim is có-mhéid leis an suim (más aon tsuim í) is inéilithe de ghnáth ag an gceadúnaí no ag an mion-leasuitheoir cláruithe sin ar mhuic amháin no ar chonablach amháin (do réir mar bheidh) do mheadh.

(3) Má cheannuíonn aon cheadúnaí no mion-leasuitheoir cláruithe, no má dhíolann duine ar bith le ceadúnaí no le mionleasuitheoir cláruithe, aon mhuca no conablaigh contrárdha don alt so beidh an ceadúnaí no an mion-leasuitheoir cláruithe sin agus an duine sin, gach duine fé leith acu, ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil dhá phúnt do chur air in aghaidh gach muice no conablaigh gur ina thaobh do rinneadh an cionta san.

An tslí ina ndéanfar amach meáchaint mhuc agus chonablach.

145. —(1) Féadfaidh an Bord, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh na slí ina ndéanfar amach chun crícheanna an díola meáchaint mhuc agus chonablach a díolfar i rith aon tréimhse díola le ceadúnaí no le mion-leasuitheoir cláruithe, agus féadfaid, le haon ordú den tsórt san, a cheangal an mheáchaint sin do dhéanamh amach tré mheadh do dhéanamh agus féadfaid, le haon ordú den tsórt san, rialacháin deifriúla do dhéanamh maidir le muca agus le conablaigh agus maidir le muca agus conablaigh a díolfar in áiteanna deifriúla.

(2) Pé uair a déanfar, i rith aon tréimhse díola, aon mhuca no conablaigh do dhíol le ceadúnaí no le mion-leasuitheoir cláruithe agus a déanfar amach, chun crícheanna an díola san, meáchaint na muc no na gconablach san ar shlí seachas an tslí bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so beidh díoltóir agus ceannuitheoir na muc no na gconablach san, gach duine fé leith acu, ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air in aghaidh gach muice no conablaigh gur ina thaobh do rinneadh an cionta san.

An Bord Marguithe Muc do cheannach muc barrachais agus na muca san do chur de láimh.

146. —(1) Pé uair is dóich leis an mBord gur mó an méid muc atá ar fáil chun bagúin do tháirgeadh ná an méid atá ag teastáil i dtrádáil an bhagúin, féadfaidh an Bord muca do cheannach.

(2) Má cheannuíonn an Bord aon mhuca fén alt so féadfaidh an Bord gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh—

(a) a chur fé ndeár do cheadúnaí na muca san no aon chuid díobh do mharbhadh agus do leasú thar ceann an Bhúird agus do réir chó-aontuithe déanfar leis an gceadúnaí sin, agus a chur fé ndeár go ndéanfar an bagún a gheobhfar as an gcéanna do dhíol no do chur i bhfuar-stóras;

(b) a chur fé ndeár aon bhagún a bheidh curtha i bhfuarstóras fé mhír (a) den fho-alt so do dhíol thar ceann an Bhúird;

(c) a chur fé ndeár na muca san no aon chuid díobh d'easportáil;

(d) a chur fé ndeár na muca san no aon chuid díobh do mharbhadh agus an céanna do dhíol mar mhuicfheoil chóirithe no, fé réir forálacha na nAchtanna Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 agus 1931, é d'easportáil mar mhuicfheoil chóirithe.

(3) Bagún a tháirgfidh ceadúnaí thar ceann an Bhúird fén alt so tuigfear, chun crícheanna Coda III den Acht so agus na Coda so den Acht so, gurb iad an Bord agus nách é an ceadúnaí sin do tháirg é, agus ní bheidh feidhm, maidir le conablaigh a húsáid fear chun an bhagúin sin do tháirgeadh, ag na forálacha de Chuid III den Acht so bhaineann le dleacht alos conablach a húsáidfear chun bagúin do tháirgeadh ná ag na forálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le dleacht is iníoctha ag ceadúnaithe leis an mBord Marguithe Muc.

Ceadúnaithe agus mion-leasuitheoirí cláruithe do dhéanamh íocaíochtaí le leis an mBord Marguithe Muc agus an Bord Marguithe Muc do dhéanamh íocaíochtaí le ceadúnaithe agus le mionleasuitheoirí cláruithe i gcásanna áirithe.

147. —(1) Pé uair, agus ordú praghais á dhéanamh acu, a shocróidh an Bord, maidir le muca d'aon tsaghas le n-a mbaineann an t-ordú san, praghas (dá ngairmtear an praghas ceaptha sa bhfo-alt so) is lugha no is mó ná an praghas (dá ngairmtear an praghas barúlach sa bhfo-alt so) is dóich leis an mBord ba phraghas ceart, i ngnáth-chúrsaí, ar mhuca den tsaghas san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) luadhfaidh an Bord san ordú san, maidir le muca de gach saghas fé leith den tsórt san, cadé praghas barúlach na muc san;

(b) más lugha an praghas ceaptha do mhuca de gach saghas fé leith den tsórt san ná an praghas barúlach do mhuca den tsaghas san, déanfaidh an Bord, ar bheith caithte don tréimhse dhíola le n-a mbaineann an t-ordú san, fógra do sheirbheáil ar gach ceadúnaí agus ar gach mionleasuitheoir cláruithe á cheangal air suim d'íoc leis an mBord, alos gach muice fé leith de gach saghas fé leith acu san a cheannuigh sé i rith na tréimhse díola san, suim a háirmheofar do réir mheáchana na muice sin agus do réir phraghais is có-mhéid leis an deifríocht idir an praghas ceaptha do mhuca den tsaghas san agus an praghas barúlach do mhuca den tsaghas san, agus, ar an bhfógra san do sheirbheáil, beidh an t-airgead a ceangailtear leis d'íoc ina fhiacha bheidh dlite ón gceadúnaí no ón mion-leasuitheoir cláruithe sin don Bhord agus iníoctha aige leis an mBord agus féadfar é bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla;

(c) más mó an praghas ceaptha do mhuca de gach saghas fé leith den tsórt san ná an praghas barúlach do mhuca den tsaghas san, féadfaidh an Bord suim d'íoc le gach ceadúnaí agus mion-leasuitheoir cláruithe fé leith, alos gach muice fé leith de gach saghas fé leith den tsórt san a cheannuigh sé i rith na tréimhse díola le n-a mbaineann an t-ordú san, pé suim is dóich leis an mBord do bheith ceart, ach san fé réir na teorann so leanas, eadhon, gan an méid iomlán is iníoctha fén mír seo alos na muc uile den tsaghas san a cheannuigh ceadúnaithe agus mionleasuitheoirí cláruithe i rith na tréimhse díola san do dhul, maran dóich leis an mBord é bheith cóir agus cothrom gan an méid iomlán san do bheith teoranta amhlaidh, thar suim a háirmheofar do réir iomláin mheáchaintí na muc san agus do réir phraghais is cómhéid leis an deifríocht idir an praghas ceaptha do mhuca den tsaghas san agus an praghas barúlach do mhuca den tsaghas san.

Sa bhfo-alt so cialluíonn an focal “muca” muca nách muca monarcha-cheannuithe.

(2) Pé uair, agus ordú praghais a dhéanamh acu, a shocróidh an Bord, maidir le conablaigh d'aon ghrád d'aon tsaghas le n-a mbaineann an t-ordú san, praghas (dá ngairmtear an praghas ceaptha sa bhfo-alt so) is lugha no is mó ná an praghas (dá ngairmtear an praghas barúlach sa bhfo-alt so) is dóich leis an mBord ba phraghas ceart, i ngnáth-chúrsaí, ar chonablaigh den ghrád san den tsaghas san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) luadhfaidh an Bord san ordú san, maidir le conablaigh de gach grád fé leith den tsórt san de gach saghas fé leith den tsórt san, cadé praghas barúlach na gconablach san;

(b) más lugha an praghas ceaptha do chonablaigh de gach grád fé leith den tsórt san de gach saghas fé leith den tsórt san ná an praghas barúlach do chonablaigh den ghrád san den tsaghas san, déanfaidh an Bord, ar bheith caithte don tréimhse dhíola le n-a mbaineann an t-ordú san, fógra do sheirbheáil ar gach ceadúnaí agus ar gach mion-leasuitheoir cláruithe á cheangal air suim d'íoc leis an mBord, alos gach muice monarcha-cheannuithe fé leith, gur conablach den ghrád san den tsaghas san a conablach, a cheannuigh sé i rith na tréimhse díola san, suim a háirmheofar do réir mheáchana an chonablaigh sin agus do réir phraghais is có-mhéid leis an deifríocht idir an praghas ceaptha do chonablaigh den ghrád san den tsaghas san agus an praghas barúlach do chonablaigh den ghrád san den tsaghas san, agus, ar an bhfógra san do sheirbheáil, beidh an t-airgead a ceangailtear leis d'íoc ina fhiacha bheidh dlite ón gceadúnaí no ón mion-leasuitheoir cláruithe sin don Bhord agus iníoctha aige leis an mBord agus féadfar é bhaint amach mar fhiacha gnáthchonnartha i gcúirt dlighinse inniúla;

(c) más mó an praghas ceaptha do chonablaigh de gach grád fé leith den tsórt san de gach saghas fé leith den tsórt ná an praghas barúlach do chonablaigh den ghrád san den tsaghas san, féadfaidh an Bord suim d'íoc le gach ceadúnaí agus mion-leasuitheoir cláruithe fé leith, alos gach muice monarcha-cheannuithe fé leith, gur conablach den ghrád san den tsaghas san a conablach, a cheannuigh sé i rith na tréimhse díola le n-a mbaineann an t-ordú san, pé suim is dóich leis an mBord do bheith ceart, ach san fé réir na teorann so leanas, eadhon, gan an méid iomlán is iníoctha fén mír seo alos na gconablach uile den ghrád san den tsaghas san a cheannuigh ceadúnaithe agus mionleasuitheoirí cláruithe i rith na tréimhse díola san do dhul, maran dóich leis an mBord é bheith cóir agus cothrom gan an méid iomlán san do bheith teoranta amhlaidh, thar suim a háirmheofar do réir iomláin mheáchaintí na gconablach san agus do réir phraghais is có-mhéid leis an deifríocht idir an praghas ceaptha do chonablaigh den ghrád san den tsaghas san agus an praghas barúlach do chonablaigh den ghrád san den tsaghas san.

Sa bhfo-alt so cialluíonn an focal “conablaigh” conablaigh mhuc monarcha-cheannuithe.

(3) Pé uair, agus ordú praghais á dhéanamh acu, a roinnfidh an Bord na saghsanna conablach ina ngrádanna agus a shocróid, maidir le conablaigh d'aon ghrád d'aon tsaghas, phraghas (dá ngairmtear an praghas ceaptha sa bhfo-alt so) is lugha no is mó ná an praghas (dá ngairmtear an praghas barúlach sa bhfo-alt so) is dóich leis an mBord ba phraghas ceart, i ngnáth-chúrsaí, do chonablaigh den ghrád san den tsaghas san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) luadhfaidh an Bord san ordú san, maidir le conablaigh de gach grád fé leith den tsórt san de gach saghas fé leith den tsórt san, cadé praghas barúlach na gconablach san;

(b) más lugha an praghas ceaptha do chonablaigh de gach grád fé leith den tsórt san de gach saghas fé leith den tsórt san ná an praghas barúlach do chonablaigh den ghrád san den tsaghas san, déanfaidh an Bord, ar bheith caithte don tréimhse dhíola le n-a mbaineann an t-ordú san, fógra do sheirbheáil ar gach ceadúnaí agus ar gach mion-leasuitheoir cláruithe á cheangal air suim d'íoc leis an mBord, alos gach conablaigh fé leith den ghrád san den tsaghas san a cheannuigh sé i rith na tréimhse díola san, suim a háirmheofar do réir mheáchana an chonablaigh sin agus do réir phraghais is có-mhéid leis an deifríocht idir an praghas ceaptha do chonablaigh den ghrád san den tsaghas san agus an praghas barúlach do chonablaigh den ghrád san den tsaghas san, agus, ar an bhfógra san do sheirbeáil, beidh an t-airgead a ceangailtear leis d'íoc ina fhiacha bheidh dlite ón gceadúnaí no ón mionleasuitheoir cláruithe sin don Bhord agus iníoctha aige leis an mBord agus féadfar é bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla;

(c) más mó an praghas ceaptha do chonablaigh de gach grád fé leith den tsórt san de gach saghas fé leith den tsórt san ná an praghas barúlach do chonablaigh den ghrád san den tsaghas san, féadfaidh an Bord suim d'íoc le gach ceadúnaí agus mion-leasuitheoir cláruithe fé leith, alos gach conablaigh fé leith de gach grád fé leith den tsórt san de gach saghas fé leith den tsórt san a cheannuigh sé i rith na tréimhse díola le n-a mbaineann an t-ordú san, pé suim is dóich leis an mBord do bheith ceart ach san fé réir na teorann so leanas, eadhon, gan an méid iomlán is iníoctha fén mír seo alos na gconablach uile den ghráid san den tsaghas san a cheannuigh ceadúnaithe agus mionleasuitheoirí cláruithe i rith na tréimhse díola san do dhul, maran dóich leis an mBord é bheith cóir agus cothrom gan an méid iomlán san do bheith teoranta amhlaidh, thar suim a háirmheofar do réir iomláin mheáchaintí na gconablach san agus do réir phraghais is có-mhéid leis an deifríocht idir an praghas ceaptha do chonablaigh den ghrád san den tsaghas san agus an praghas barúlach do chonablaigh den ghrád san den tsaghas san.

Sa bhfo-alt so cialluíonn an focal “conablaigh” conablaigh mhuc nách muca monarcha-cheannuithe.

(4) Pé uair, agus ordú praghais á dhéanamh acu, ná roinnfidh an Bord na saghsanna conablach ina ngrádanna ach a shocróid, maidir le conablaigh d'aon tsaghas, praghas (dá ngairmtear an praghas ceaptha sa bhfo-alt so) is lugha no is mó ná an praghas (dá ngairmtear an praghas barúlach sa bhfo-alt so) is dóich leis an mBord ba phraghas ceart, i ngnáth-chúrsaí, do chonablaigh den tsaghas san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá—

(a) luadhfaidh an Bord san ordú san, maidir le conablaigh de gach saghas fé leith den tsórt san, cadé praghas barúlach na gconablach san;

(b) más lugha an praghas ceaptha do chonablaigh de gach saghas fé leith den tsórt san ná an praghas barúlach do chonablaigh den tsaghas san, déanfaidh an Bord, ar bheith caithte don tréimhse dhíola le n-a mbaineann an t-ordú san, fógra do sheirbheáil ar gach ceadúnaí agus ar gach mion-leasuitheoir cláruithe á cheangal air suim d'íoc leis an mBord, alos gach conablaigh fé leith den tsaghas san a cheannuigh sé i rith na tréimhse díola san, suim a háirmheofar do réir mheáchana an chonablaigh sin agus do réir phraghais is có-mhéid leis an deifríocht idir an praghas ceaptha do chonablaigh den tsaghas san agus an praghas barúlach do chonablaigh den tsaghas san, agus, ar an bhfógra san do sheirbheáil, beidh an t-airgead a ceangailtear leis d'íoc ina fhiacha bheidh dlite ón gceadúnaí no ón mion-leasuitheoir cláruithe sin don Bhord agus iníoctha aige leis an mBord agus féadfar é bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla;

(c) más mó an praghas ceaptha do chonablaigh de gach saghas fé leith den tsórt san ná an praghas barúlach do chonablaigh den tsaghas san, féadfaidh an Bord suim d'íoc le gach ceadúnaí agus mion-leasuitheoir cláruithe fé leith, alos gach conablaigh fé leith de gach saghas fé leith den tsórt san a cheannuigh sé i rith na tréimhse díola le n-a mbaineann an t-ordú san, pé suim is dóich leis an mBord do bheith ceart, ach san fé réir na teorann so leanas, eadhon, gan an méid iomlán is iníoctha fén mír seo alos na gconablach uile den tsaghas san a cheannuigh ceadúnithe agus mion-leasuitheoirí cláruithe i rith na tréimhse díola san do dhul, maran dóich leis an mBord é bheith cóir agus cothrom gan an méid iomlán san do bheith teoranta amhlaidh, thar suim a háirmheofar do réir iomláin mheáchaintí na gconablach san agus do réir phraghais is có-mhéid leis an deifríocht idir an praghas ceaptha do chonablaigh den tsaghas san agus an praghas barúlach do chonablaigh den tsaghas san.

Sa bhfo-alt so cialluíonn an focal “conablaigh” conablaigh mhuc nách muca monarcha-cheannuithe.

(5) I gcás ina n-údaruítear don Bhord fé aon fhoráil acu so leanas den alt so, eadhon, mír (c) d'fho-alt (1), mír (c) d'fho-alt (2), mír (c) d'fho-alt (3) agus mír (c) d'fho-alt (4), suim d'íoc alos muice no conablaigh ar bith féadfaidh an Bord suimeanna deifriúla d'íoc alos muice no conablaigh go ndéanfar an bagún a táirgfear as d'easportáil agus alos muice no conablaigh ná déanfar an bagún a táirgfear as d'easportáil.

(6) An t-airgead a gheobhaidh an Bord fén alt so o cheadúnaithe agus o mhion-leasuitheoirí cláruithe ní húsáidfear é chun críche ar bith ach chun íocaíochtaí do dhéanamh fén alt so le ceadúnaithe agus le mion-leasuitheoirí cláruithe.

Comhachta eile don Bhord Mharguithe Muc.

148. —(1) Féadfaidh an Bord obair thaighdthe do ghabháil de láímh maidir le muca do tháirgeadh agus le bagún do dhéanamh.

(2) Foillseoidh an Bord o am go ham mion-innste ar chódhéantas lóin is oiriúnach mar bhia do mhuca agus ar chostas an lóin sin.

Oifigigh údaruithe don Bhord Mharguithe Muc d'iniúchadh áitreabhacha ceadúnuithe, etc.

149. —(1) Beidh teideal ag oifigeach údaruithe don Bhord Mharguithe Muc (ach an t-údarás i scríbhinn a bheidh aige mar oifigeach údaruithe den tsórt san do thaisbeáint má hiarrtar san air) dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh ceadúnuithe agus na muca, no conablaigh agus an bagún go léir san áitreabh san d'iniúchadh.

(2) Gach duine bhacfaidh no choiscfidh aon oifigeach údaruithe don Bhord Mharguithe Muc agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Dleacht is iníoctha ag ceadúnaithe leis an mBord Marguithe Muc.

150. —(1) Gach duine bheidh no bhí i seilbh cheadúnais íocfaidh leis an mBord, in aghaidh gach leath-bhliana gur ar a feadh no ar feadh aon choda dhi bheidh no bhí sé i seilbh an cheadúnais sin, dleacht alos an cheadúnais sin a háirmheofar do réir suime orduithe in aghaidh gach conablaigh a húsáideadh chun baguin do tháirgeadh i gcaitheamh na leath-bhliana san san áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san.

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis deireadh gach leathbhliana déanfaidh an Bord amach, maidir le gach duine do bhí i seilbh cheadúnais ar feadh na leath-bhliana san ar fad no ar feadh aon choda dhi, cadé méid an dleachta is iníoctha fén alt so ag an duine sin in aghaidh na leath-bhliana san alos an cheadúnais sin.

(3) Má dheineann an tAire ceadúnas a bheidh ag duine do cheiliúradh fé Chuid II den Acht so, ansan, má orduíonn an Bord amhlaidh, is díreach tar éis an cheiliúrtha san agus ní fén bhfo-alt san roimhe seo a déanfar amach an dleacht is iníoctha ag an duine sin alos an cheadúnais sin in aghaidh na leathbhliana bheidh ann an uair sin.

(4) I gcás ceadúnais do bheith ag beirt daoine no níos mó, i ndiaidh a chéile, i rith leath-bhliana tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, an ceadúnas san do bheith, ar feadh na leath-bhliana san ar fad, ag an duine is déanaí go mbeidh sé aige i rith na leathbhliana san agus gan é bheith ag aon duine eile uair ar bith i rith na leath-bhliana san.

(5) Chó luath agus a bheidh méid aon dleachta déanta amach fé sna forálacha san roimhe seo den alt so déanfaidh an Bord deimhniú (dá ngairmtear deimhniú féichiúnais san alt so) á dheimhniú cadé an leath-bhliain gur ina haghaidh atá an dleacht san iníoctha, agus cé hé an duine ag á bhfuil agus cadé ar t-áitreabh gur ina thaobh atá an dleacht san iníoctha, agus cadé méid an dleachta san.

(6) Beidh gach deimhniú féichiúnais ina fhianaise prima facie ar gach ní go dtabharfar le tuiscint é bheith á dheimhniú ann, agus scríbhinn ar bith do bheireann le tuiscint í bheith ina deimhniú féichiúnais ar n-a thabhairt amach fén alt so tuigfear, ar í thabhairt i láthair in imeachta ar bith chun na suime dheimhníonn sí bheith iníoctha do bhaint amach agus go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur deimhniú féichiúnais í ar n-a thabhairt amach go cuibhe fén alt so agus glacfar i bhfianaise í dá réir sin.

(7) Chó luath agus is féidir é tar éis deimhnithe fhéichiúnais do dhéanamh seirbheálfar cóip de ar an duine deimhnítear leis do bheith freagarthach in íoc an dleachta is abhar don deimhniú san, agus an tsuim a deimhnítear leis an deimhniú san do bheith iníoctha ag an duine sin tiocfa sí chun bheith agus beidh sí iníoctha ag an duine sin leis an mBord díreach ar sheirbheáil na cóipe sin agus, i gcionn ceithre seachtaine o am na seirbheála san, féadfaidh an Bord an tsuim sin do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

(8) Má theipeann ar aon cheadúnaí no má fhaillíonn sé an tsuim a deimhnítear le deimhniú féichiúnais do bheith iníoctha aige d'íoc fé cheann ceithre seachtaine tar éis cóipe den deimhniú san do sheirbheáil air, féadfaidh an tAire an ceadúnas gur ina thaobh a bheidh an tsuim sin iníoctha do cheiliúradh, ach ní shaorfaidh an ceiliúradh san an duine sin o n-a bheith air an tsuim sin d'íoc.

(9) Féadfaidh an Bord tráth ar bith, le hordú, a dhearbhú ná beidh aon dleacht ann fén alt so alos aon chonablach a húsáidfear chun bagúin do tháirgeadh i rith aon leath-bhliana áirithe no coda áirithe de leath-bhliain, agus féadfaid, tráth ar bith, aon ordú den tsórt san do cheiliúradh no do leasú, agus pé uair a bheidh aon ordú den tsórt i bhfeidhm, ansan, d'ainneoin éinní atá san alt so, ní bheidh aon dleacht iníoctha fén alt so alos aon chonablach a húsáidfear chun bagúin do tháirgeadh i rith na leath-bhliana no na coda de leath-bhliain le n-a mbaineann an t-ordú san.

(10) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear gur leathbhliain gach tréimhse fé leith acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) an tréimhse dar tosach dáta bunuithe an Bhúird agus dar críoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1935;

(b) aon tréimhse de shé mhí dar tosach aon 1adh lá d'Eanar no 1adh lá d'Iúl tar éis dáta bhunuithe an Bhúird.

Tuairisceáin do bhéarfaidh ceadúnaithe agus mion-leasuitheoirí cláruithe don Bhord Mharguithe Muc.

151. —(1) Féadfaidh an Bord, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) na tuairisceáin (ar a n-áirmhítear tuairisceáin i dtaobh aon tréimhse no tréimhsí do thosnuigh roimh dháta na rialachán san, ach ní níos túisce ná an 1adh lá d'Eanar, 1934) do bhéarfaidh sealbhóirí ceadúnas agus mionleasuitheoirí cláruithe don Bhord;

(b) na tráthanna do bhéarfar na tuairisceáin sin;

(c) na fuirmeacha ina dtabharfar na tuairisceáin sin.

(2) Gach duine ar a gceanglófar le rialacháin a déanfar fén alt so aon tuairisceán áirithe do thabhairt uaidh agus go dteipfidh air no dhiúltóidh an tuairisceán san do thabhairt uaidh do réir na rialachán san ar gach slí, no chuirfidh in aon tuairisceán den tsórt san aon ráiteas a bheidh bréagach no míthreorach in aon phonc táchtach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead.

Breacacháin fé Chuid IV.

152. —(1) Coimeádfaidh gach ceadúnaí fé cheadúnas agus gach mion-leasuitheoir cláruithe no cuirfidh fé ndeár go gcoimeádfar, i gcás ceadúnaí, san áitreabh le n-a mbaineann a cheadúnas agus, i gcás mion-leasuitheora chláruithe, san áitreabh gur ina thaobh atá sé cláruithe sa chlár de mhion-leasuitheoirí, na breacacháin orduithe sa bhfuirm orduithe agus déanfaidh no cuirfidh fé ndeár go ndéanfar na hiontrála orduithe do chur i ngach breacachán den tsórt san laistigh den am orduithe.

(2) Gach breacachán a bheidh á choimeád do réir an ailt seo féadfaidh oifigeach údaruithe don Bhord Mharguithe Muc é d'iniúchadh aon am le linn tráthanna oifige, agus an té dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád beidh sé de dhualgas air an breacachán san do thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh an t-oifigeach údaruithe sin é agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh i gcás na beid féin ar fáil) a iarrfaidh an t-oifigeach údaruithe sin go réasúnta chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as.

(3) Má thárlann d'éinne—

(a) maidir leis an mbreacachán san is gá dho do réir an ailt seo do choimeád no a chur fé ndeár é choimeád, go dteipfidh air é choimeád no a chur fé ndeár é choimeád; no

(b) maidir le haon iontráil is gá dho do réir an ailt seo do chur sa bhreacachán san, go dteipfidh air í chur no a chur fé ndeár í chur sa bhreacachán san laistigh den am a ceaptar leis an alt so; no

(c) maidir le haon bhreacachán, scríbhinn no cóip de scríbhinn is gá dho do réir an ailt seo do thaisbeáint, go dteipfidh air é thaisbeáint no a chur fé ndeár é thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh oifigeach údaruithe don Bhord Mharguithe Muc é, no go gcoiscfidh aon oifigeach údaruithe den tsórt san agus é ag déanamh an iniúchta san; no

(d) go ndéanfa sé no go gcuirfe sé fé ndeár go ndéanfar aon iontráil a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phone táchtach do chur sa bhreacachán san;

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

(4) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) folóidh breacachán no scríbhinn d'iniúchadh cóipeanna do dhéanamh de no sleachta do thógaint as; agus

(b) tuigfear gur hiarradh breacachán, is gá do réir an ailt seo do choimeád in áitreabh ar bith, no aon scríbhinn eile, d'iarr oifigeach údaruithe don Bhord Mharguithe Muc go réasúnta fén alt so chun féachaint arbh' fhíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as, tuigfear gur hiarradh go cuibhe, ar an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád, an breacachán no an scríbhinn sin do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é má hiarradh san de bhreithre béil san áitreabh san ar phearsain ar bith do bhí ar fostú ag an duine sin; agus

(c) má thárlann diúltú no teip maidir le breacachán do thaisbeáint, is gá do réir an ailt seo do choimeád in áitreabh ar bith, no maidir le haon scríbhinn eile do thaisbeáint, a iarrfaidh oifigeach údaruithe don Bhord Mharguithe Muc go réasúnta fén alt so chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as, agus más san áitreabh san a thárlóidh san agus másé duine dá dtárlóidh ná pearsa ar fostú ag an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán no an cuntas san do thaisbeáint, tuigfear gurb é an duine deiridh sin a luaidhtear do dhiúltuigh no gurb air do theip amhlaidh.

An Bord Marguithe Muc do dhéanamh rialachán.

153. —Féadfaidh an Bord, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar sa Chuid seo den Acht so mar ní no mar rud orduithe.

Cúisimh fé Chuid IV.

154. —(1) Féadfaidh an Bord no féadfar ar agra an Bhúird mar chúisitheoir cionta ar bith fé aon alt atá sa Chuid seo den Acht so do chúiseamh.

(2) Ní déanfar imeachta mar gheall ar chionta fé aon alt atá sa Chuid seo den Acht so do bhunú ach amháin ag an mBord no le toiliú an Bhúird.