An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Leasu Baguin agus Consighniu (Maraon le hEasportail) Baguin do Rialail.) Ar Aghaidh (CUID IV. Praghsanna Muc agus Conablach do Rialail.)

24 1935

ACHT MUC AGUS BAGÚIN, 1935

CUID III.

Tairgeadh agus Diol Baguin do Rialail.

Mínithe chun crícheanna Coda III.

73. —(1) Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an abairt “oifigeach údaruithe don Bhord Mharguithe Bagúin” duine go n-údarás i scríbhinn ón mBord Marguithe Bagúin chun na gcomhacht a bronntar ar oifigeach údaruithe don Bhord Mharguithe Bagúin leis an gCuid seo den Acht so d'fheidhmiú;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an mBord Marguithe Bagúin fén gCuid seo den Acht so.

(2) Chun crícheanna na Coda so den Acht so beidh gach bliain acu so leanas ina bliain toghacháin, sé sin le rá, an bhliain 1935, an bhliain 1936, an bhliain 1939, an bhliain 1942, an bhliain 1945, agus mar sin de.

Có-dhéanamh an Bhúird Mharguithe Bagúin.

74. —(1) Bunófar do réir na Coda so den Acht so Bord (dá ngairmtear an Bord sa Chuid seo den Acht so), ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Bord Marguithe Bagúin, chun na bhfeidhmeanna ceaptar do leis an gCuid seo den Acht so do chólíonadh.

(2) Beidh an Bord ina chólucht chorpruithe agus beidh síorchomharbas aige agus séala oifigiúil (ar a dtabharfar áird i gcúrsaí breithiúnais) agus féadfa sé dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí leis fé n-a ainm chorpruithe agus féadfa sé talamh do shealbhú agus do chur de láimh.

(3) Is ocht mbaill a bheidh ar an mBord, eadhon, Cathaoirleach (dá ngairmtear an Cathaoirleach sa Chuid seo den Acht so) agus seacht ngnáth-bhaill (dá ngairmtear na gnáth-bhaill sa Chuid seo den Acht so) a toghfar sa tslí luaidhtear anso ina dhiaidh seo.

Cathaoirleach an Bhúird Mharguithe Bagúin.

75. —(1) Déanfaidh an tAire, chó luath agus is gá é tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so agus ina dhiaidh sin fé mar is gá, duine d'ainmniú chun bheith ina Chathaoirleach.

(2) Beidh an Cathaoirleach i seilbh oifige faid is toil leis an Aire é.

(3) Pé uair a bheidh an Cathaoirleach, toisc easláinte no toisc leor-chúise eile, fé mhí-chumas shealadach maidir le dualgaisí a oifige do chólíonadh ainmneoidh an tAire duine chun dualgaisí an Chathaoirligh do chólíonadh i gcaitheamh an mhí-chumais sin agus, an duine ceapfar amhlaidh, beidh comhachta uile an Chathaoirligh aige agus tuigfear chun crícheanna na Coda so den Acht so gurb eisean an Cathaoirleach i gcaitheamh an mhíchumais sin.

(4) Íocfaidh an Bord le duine ar bith a hainmneofar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo pé luach saothair agus pé liúntaisí i gcóir costaisí cheapfaidh an tAire.

Painéil de mhórleasuitheoirí, de mheánleasuitheoirí agus de mhionleasuitheoirí.

76. —(1) I ngach bliain toghacháin déanfaidh an tAire, chó luath agus is féidir é tar éis an dáta cháilíochta, na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) má bhíonn aon daoine ann do bhí in a mór-leasuitheoirí ar an dáta san, painéal (dá ngairmtear painéal de mhór-leasuitheoirí sa Chuid seo den Acht so) d'ainmneacha na ndaoine sin d'ullamhú;

(b) má bhíonn aon daoine ann do bhí ina meán-leasuitheoirí ar an dáta san, painéal (dá ngairmtear painéal de mheán-leasuitheoirí sa Chuid seo den Acht so) d'ainmneacha na ndaoine sin d'ullamhú;

(c) má bhíonn aon daoine ann do bhí ina mion-leasuitheoirí ar an dáta san, painéal (dá ngairmtear painéal de mhion-leasuitheoirí sa Chuid seo den Acht so) d'ainmneacha na ndaoine sin d'ullamhú.

(2) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) cialluíonn an abairt “an dáta cáilíochta”—

(i) maidir le bliain toghacháin 1935, an seachtú lá tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, agus

(ii) maidir le bliain toghacháin ar bith eile, an 1adh lá de Dheire Fómhair sa bhliain sin;

(b) cialluíonn an abairt “an tréimhse oiriúnach”—

(i) maidir le bliain toghacháin 1935, an bhliain 1934;

(ii) maidir le bliain toghacháin ar bith eile, an tréimhse de dhá mhí dhéag dar críoch an 31adh lá de Lúnasa sa bhliain sin;

(c) tuigfear duine do bheith ina mhór-leasuitheoir ar an dáta cáilíochta in aon bhliain toghacháin más rud é—

(i) gur shealbhóir ar cheadúnas é ar an dáta san, agus

(ii) gur táirgeadh i gcaitheamh na tréimhse oiriúnaighe, sna háitreabhacha uile gur ina dtaobh do bhí sé ceadúnuithe ar an dáta san, breis agus seacht míle seachtód céadmeáchaint de bhagún;

(d) tuigfear duine do bheith ina mheán-leasuitheoir ar an dáta cáilíochta in aon bhliain toghacháin más rud é—

(i) gur shealbhóir ar cheadúnas é ar an dáta san, agus

(ii) gur táirgeadh i gcaitheamh na tréimhse oiriúnaighe, sna háitreabhacha uile gur ina dtaobh a bhí sé ceadúnuithe ar an dáta san, caindíocht de bhagún nár lugha ná trí mhíle triochad céadmeáchaint agus nár mhó ná seacht míle seachtód céadmeáchaint;

(e) tuigfear duine do bheith ina mhion-leasuitheoir ar an dáta cáilíochta in aon bhliain toghacháin más rud é—

(i) gur sheallbhóir ar cheadúnas é ar an dáta san, agus

(ii) gur táirgeadh i gcaitheamh na tréimhse oiriúnaighe, sna háitreabhacha uile gur ina dtaobh a bhí sé ceadúnuithe ar an dáta san, níos lugha ná trí mhíle triochad céadmeáchaint de bagún.

(3) Féadfaidh duine ar bith aon phainéal a bheidh ullamhuithe fén alt so d'iniúchadh pé tráth agus i pé áit a cheapfaidh an tAire.

An líon do ghnáth-bhaill a thoghfaidh aicmí deifriúla leasuitheoirí agus dátaí an toghacháin.

77. —(1) Maran gá, fén alt deiridh sin roimhe seo, ach aon phainéal amháin d'ullamhú in aon bhliain toghacháin déanfaidh an tAire, chó luath agus is féidir é tar éis an phainéil sin d'ullamhú, ordú (dá ngairmtear ordú gnáth-bhall (toghachán) sa Chuid seo den Acht so) á dhearbhú go ndéanfaidh na daoine go mbeidh a n-ainmneacha iontrálta sa phainéal san gnáth-bhaill uile an Bhúird do thoghadh ag cruinniú de sna daoine sin a comórfar ar an dáta sa bhliain toghacháin sin a luadhfar chuige sin san ordú san.

(2) Maran gá, fén alt deiridh sin roimhe seo, ach dhá phainéal d'ullamhú in aon bhliain toghacháin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) más painéal de mhór-leasuitheoirí agus painéal de mheánleasuitheoirí na painéil sin, déanfaidh an tAire, chó luath agus is féidir é tar éis na bpainéal san d'ullamhú, ordú (dá ngairmtear freisin ordú gnáth-bhall (toghachán) sa Chuid seo den Acht so) á dhearbhú maidir leis an seacht ngnáth-bhaill—

(i) go ndéanfaidh na daoine go mbeidh a n-ainmneacha iontrálta sa phainéal san de mhórleasuitheoirí pé méid den tseachtar san a luadhfar san ordú san do thoghadh ag cruinniú de sna daoine sin a comórfar ar an dáta sa bhliain toghacháin sin a luadhfar chuige sin san ordú san, agus

(ii) go ndéanfaidh na daoine go mbeidh a n-ainmneacha iontrálta sa phainéal san de mheánleasuitheoirí an chuid eile den tseachtar san do thoghadh ag cruinniú de sna daoine sin a comórfar ar an dáta sa bhliain toghacháin sin a luadhfar chuige sin san ordú san;

(b) más painéal de mhór-leasuitheoirí agus painéal de mhionleasuitheoirí na painéil sin, déanfaidh an tAire, chó luath agus is féidir é tar éis na bpainéal san d'ullamhú, ordú (dá ngairmtear freisin ordú gnáthbhall (toghachán) sa Chuid seo den Acht so) á dhearbhú maidir leis an seacht ngnáth-bhaill—

(i) go ndéanfaidh na daoine go mbeidh a n-ainmneacha iontrálta sa phainéal san de mhórleasuitheoirí pé méid den tseachtar san a luadhfar san ordú san do thoghadh ag cruinniú de sna daoine sin a comórfar ar an dáta sa bhliain toghachéin sin a luadhfar chuige sin san ordú san, agus

(ii) go ndéanfaidh na daoine go mbeidh a n-ainmneacha iontrálta sa phainéal san de mhionleasuitheoirí an chuid eile den tseachtar san do thoghadh ag cruinniú de sna daoine sin a comórfar ar an dáta sa bhliain toghacháin sin a luadhfar chuige sin san ordú san;

(c) más painéal de mheán-leasuitheoirí agus painéal de mhion-leasuitheoirí na painéil sin, déanfaidh an tAire, chó luath agus is féidir é tar éis na bpainéal san d'ullamhú, ordú (dá ngairmtear freisin ordú gnáthbhall (toghachán) sa Chuid seo den Acht so) á dhearbhú maidir leis an seacht ngnáth-bhaill—

(i) go ndéanfaidh na daoine go mbeidh a n-ainmneacha iontrálta sa phainéal san de mheánleasuitheoirí pé méid den tseachtar san a luadhfar san ordú san do thoghadh ag cruinniú de sna daoine sin a comórfar ar an dáta sa bhliain toghacháin sin a luadhfar chuige sin san ordú san, agus

(ii) go ndéanfaidh na daoine go mbeidh a n-ainmneacha iontrálta sa phainéal san de mhionleasuitheoirí an chuid eile den tseachtar san do thoghadh ag cruinniú de sna daoine sin a comórfar ar an dáta sa bhliain toghacháin sin a luadhfar chuige sin san ordú san.

(3) Más gá, fén alt deiridh sin roimhe seo, trí painéil d'ullamhú in aon bhliain toghacháin déanfaidh an tAire, chó luath agus is féidir é tar éis na bpainéal san d'ullamhú, ordú (dá ngairmtear freisin ordú gnáth-bhall (toghachán) sa Chuid seo den Acht so) á dhearbhú maidir leis an seacht ngnáth-bhaill—

(i) go ndéanfaidh na daoine go mbeidh a n-ainmneacha iontrálta sa cheann san de sna painéil sin is painéal de mhór-leasuitheoirí pé méid den tseachtar san a luadhfar san ordú san do thoghadh ag cruinniú de sna daoine sin a comórfar ar an dáta sa bhliain toghacháin sin a luadhfar chuige sin san ordú san;

(ii) go ndéanfaidh na daoine go mbeidh a n-ainmneacha iontrálta sa cheann san de sna painéil sin is painéal de mheán-leasuitheoirí pé méid den tseachtar san a luadhfar san ordú san do thoghadh ag cruinniú de sna daoine sin a comórfar ar an dáta sa bhliain toghacháin sin a luadhfar chuige sin san ordú san; agus

(iii) go ndéanfaidh na daoine go mbeidh a n-ainmneacha iontrálta sa cheann san de sna painéil sin is painéal de mhion-leasuitheoirí an chuid eile den tseachtar san do thoghadh ag cruinniú de sna daoine sin a comórfar ar an dáta sa bhliain toghacháin sin a luadhfar chuige sin san ordú san.

(4) Déanfar gach ordú gnáth-bhall (toghachán) d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

Gnath-bhaill agus baill tánaisteacha do thoghadh.

78. —(1) Má dearbhuítear le hordú gnáth-bhall (toghachán) a déanfar i mbliain toghacháin go dtoghfaidh daoine go mbeidh a n-ainmneacha iontrálta i bpainéal le leasuitheoirí méid áirithe (dá ngairmtear an méid ceaptha san alt so) de ghnáth-bhaill ag cruinniú de sna daoine sin a comórfar ar an dáta luadhfar chuige sin san ordú san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfar an méid ceaptha de ghnáth-bhaill do thoghadh ag an gcruinniú san, agus

(b) déanfar freisin, díreach tar éis an toghacháin sin, líon daoine (dá ngairmtear baill tánaisteacha sa Chuid seo den Acht so) do thoghadh ag an gcruinniú san chun gníomhú, má héilítear san ortha, i rith téarma a n-oifige mar thánaistí do sna gnáth-bhaill sin, agus beidh an méid ball tánaisteach a toghfar amhlaidh níos mó fé dhó ná an méid ceaptha de ghnáth-bhaill.

(2) Déanfar tagairtí san Acht so do bhaill tánaisteacha is ionadaithe don aicme chéanna leasuitheoirí darb ionadaí gnáthbhall do léiriú mar thagairtí do sna baill tánaisteacha do toghadh ag an gcruinniú céanna ag ar toghadh an gnáth-bhall san.

Forálacha i dtaobh cruinniú chun gnáth-bhall agus ball tánaisteach do thoghadh.

79. —Más gá, de bhuadh orduithe ghnáth-bhall (toghachán), go dtoghfadh na daoine go mbeidh a n-ainmneacha iontrálta i bpainéal áirithe de leasuitheoirí gnáth-bhaill agus baill tánaisteacha ag cruinniú de sna daoine sin a comórfar ar an dáta luadhfar chuige sin san ordú san, déanfaidh an tAire, chó luath agus is féidir é tar éis an orduithe sin do dhéanamh, na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) ceapfa sé an uair ar an dáta san ar a gcomórfar an cruinniú san agus an áit ina gcomórfar é;

(b) ainmneoidh sé duine chun gníomhú mar chathaoirleach ar an gcruinniú san;

(c) déanfa sé, deich lá ar a laighead roimh an lá bheidh ceaptha chun an chruinnithe sin do chomóradh, fógra i scríbhinn do chur chun gach duine fé leith a bheidh iontrálta sa phainéal san ina luadhfar—

(i) an dáta, an t-am agus an áit a bheidh ceaptha le haghaidh an chruinnithe sin;

(ii) ainm an duine bheidh ceaptha chun gníomhú mar chathaoirleach;

(iii) an dáta ar a gcaithfear ainmniúcháin na n-iarrthóirí chun a dtoghtha mar ghnáth-bhaill agus mar bhaill tánaisteacha bheith faighte ag an Aire

Toghacháin do ghnáth-bhaill agus do bhaill tánaisteacha do stiúradh.

80. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach toghachán do ghnáth-bhaill agus do bhaill tánaisteacha déanfar do réir na Coda so den Acht so ag cruinniú daoine bheidh iontrálta in aon phainéal de leasuitheoirí, sé sin le rá:—

(a) stiúrófar an toghachán do ghnáth-bhaill agus an toghachán do bhaill tánaisteacha mar dhá thoghachán ar leithligh a déanfar ag an gcruinniú san agus dá réir sin tuigfear chun crícheanna an ailt seo gur toghachán ar leithligh gach toghachán fé leith acu san agus léireofar an focal “toghachán” dá réir sin san alt so;

(b) cialluíonn an focal “toghthóir” duine go mbeidh a ainm iontrálta sa phainéal san;

(c) cialluíonn an abairt “an méid folúntas”—

(i) nuair a húsáidtear í maidir leis an toghachán do ghnáth-bhaill, an méid gnáth-dhaoine bheidh le toghadh ag an toghachán san,

(ii) nuair a húsáidtear í maidir leis an toghachán do bhaill tánaisteacha, an méid ball tánaisteach a bheidh le toghadh ag an toghachán san;

(d) déanfar an toghachán do gnáth-bhaill ar dtúis;

(e) beidh gach toghthóir i dteideal vótála ag gach ceann den dá thoghachán i bpearsain no, fé réir forálacha na céad mhíre ina dhiaidh seo, tré leas-vótálaí;

(f) beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le vótáil tré leas-vótálaí, sé sin le rá:—

(i) is i scríbhinn agus i pé fuirm ordóidh an tAire bheidh an ionstruim ag ceapadh leas-vótálaí agus beidh sí fé láimh an toghthóra no, más cuideachta theoranta an toghthóir, fé n-a séala no fé láimh dhuine go n-údarás cuibhe uaithi chuige sin,

(ii) lóisteálfar an ionstruim sin in oifig an Aire tráth nách déanaí ná deireadh an tríú lae roimh an lá bheidh ceaptha i gcóir an chruinnithe sin, agus mara lóisteáltar amhlaidh í deighleálfar léi mar ionstruim nea-dhleathach;

(g) gan dochar don cheart chun vótála tré leas-vótálaí féadfaidh toghthóir is cuideachta theoranta vótáil tré éinne dá stiúrthóirí, no tré n-a rúnaí, agus féadfaidh toghthóir is páirtnéireacht vótáil tré éinne de sna páirtnéirí;

(h) ní bheidh duine ar bith cáilithe chun a thoghtha mar ghnáth-bhall no mar bhall tánaisteach ag an gcruinniú san mara ndeinidh toghthóir é ainmniú i scríbhinn mar iarrthóir, agus mara bhfuighidh an tAire an páipéar ainmniúcháin tráth nach déanaí ná deireadh an tríú lae roimh an lá bheidh ceaptha i gcóir an chruinnithe;

(i) má deintear duine bheidh ainmnithe mar ghnáth-bhall agus mar bhall tánaisteach do thoghadh mar ghnáth-bhall tuigfear ainmniúchán an duine sin mar bhall tánaisteach do bheith tarraicthe siar;

(j) mara ndeintear níos mó iarrthóirí ná an méid folúntas d'ainmniú go cuibhe dearbhófar na hiarrthóirí sin do bheith toghtha;

(k) más mó an méid iarrthóirí cuibhe-cháilithe in aon toghachán den tsórt san ná an méid folúntas, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) déanfar vótáil;

(ii) beidh gach toghthóir i dteideal vótála le hoiread iarrthóirí agus a bheidh d'fholúntaisí ann agus ní le níos mó ná san;

(iii) dearbhófar na hiarrthóirí is mó fuair vótanna, suas go dtí an méid folúntas, do bheith toghtha agus, i gcás dhá iarrthóir no níos mó d'fháil an mhéide chéanna vótanna, beidh vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe;

(l) díreach tar éis an chruinnithe sin cuirfidh an cathaoirleach tuairisceán chun an Aire ina dtaisbeánfar ainmneacha na ndaoine do toghadh mar ghnáth-bhaill agus mar bhaill tánaisteacha i ngach toghachán fé leith agus beidh an tuairisceán san ina fhianaise dho-chlaoite i dtaobh na ndaoine sin do thoghadh;

(m) má theipeann ar na toghthóirí bheidh ag an gcruinniú san an méid daoine do thoghadh ag aon toghachán acu san is gá do réir na Coda so den Acht so do thoghadh ag an toghachán san, no mara dtagaidh éinne de sna toghthóirí go dtí an cruinniú san, ainmneoidh an tAire, chó luath agus is féidir é, an méid sin no pé méid fé n-a bhun san is gá sa chás de dhaoine bheidh toilteanach chun gníomhú mar ghnáthbhaill no mar bhaill tánaisteacha (do réir mar bheidh) agus tuigfear chun gach críche na daoine a hainmneofar amhlaidh do bheith toghtha go cuibhe ag an gcruinniú san mar ghnáth-bhaill no mar bhaill tánaisteacha (do réir mar bheidh).

An Bord Marguithe Bagúin do bhunú

81. —(1) Déanfaidh an tAire, laistigh de mhí tar éis an chéad toghacháin do ghnáth-bhaill agus do bhaill tánaisteacha do chríochnú, fógra d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil á dhearbhú an Bord do bheith bunuithe o dháta (bheidh níos déanaí ná dáta an fhógra san d'fhoillsiú) a luadhfar sa bhfógra san agus leis sin tuigfear chun gach críche an Bord do bhunú go cuibhe ar an dáta luadhfar amhlaidh.

(2) San Acht so déanfar gach tagairt do dháta bhunuithe an Bhúird do léiriú mar thagairt don dáta ar a dtuigfear de bhuadh an ailt seo an Bord do bhunú.

Téarma oifige gnáth-bhall agus ball tánaisteach.

82. —(1) Beidh gach gnáth-bhall (seachas duine ceapfar chun foth-fholúntais), marab éag no eirghe as no teacht fé dhícháilíocht roimhe sin do, i seilbh oifige—

(a) más i mbliain toghacháin 1935 a toghfar é o dháta bhunuithe an Bhúird go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1936;

(b) más in aon bhliain toghacháin eile toghfar é ar feadh tréimhse trí mblian ón gcéad 1adh lá d'Eanar tar éis an toghacháin sin.

(2) Beidh gach ball tánaisteach, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do no mara gceaptar roimhe sin é chun foth-fholúntais imeasc na ngnáth-bhall, i seilbh oifige mar bhall tánaisteach—

(a) más i mbliain toghacháin 1935 a toghfar é, o dháta bhunuithe an Bhúird go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1936;

(b) más in aon bhliain toghacháin eile toghfar é, ar feadh tréimhse trí mbliain ón gcéad 1adh lá d'Eanar tar éis an toghacháin sin.

(3) Gnáth-bhall no ball tánaisteach a bheidh ag dul as oifig ar bheith caithte dá théarma oifige tré imeacht aimsire beidh sé ion-aththoghtha.

Gnáth-bhaill agus baill tánaisteacha d'eirghe as agus do theacht fé dhí-cháilíocht.

83. —(1) Féadfaidh gnáth-bhall no ball tánaisteach eirghe as a oifig mar bhall den tsórt san tráth ar bith tré leitir do dhíriú agus do chur chun rúnaí an Bhúird agus beidh éifeacht ag gach eirghe as den tsórt san i dtosach an chéad chruinnithe bheidh ag an mBord tar éis don rúnaí an leitir sin d'fháil.

(2) Má thárlann agus pé uair a thárlóidh go dtabharfar mar bhreith ar aon ghnáth-bhall no ball tánaisteach gur duine gnóbhriste é no go ndéanfa sé réiteach no socrú le n-a fhiachéilitheoirí no go ndaorfaidh cúirt dlighinse inniúla é chun príosúntachta no pian-tseirbhíse no go scuirfe sé de bheith ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann no, i gcás gnáth-bhaill, go bhfanfa sé gan toiliú an Bhúird o chruinnithe uile an Bhúird ar feadh tréimhse de thrí mhí, scuirfe sé de bheith i seilbh oifige mar ghnáth-bhall no mar bhall tánaisteach, do réir mar bheidh.

Foth-fholúntaisí imeasc gnáth-bhall an Bhúird Mharguithe Bagúin do líonadh.

84. —(1) Pé uair a thárlóidh folúntas (dá ngairmtear fothfholúntas san alt so) i mballraíocht an Bhúird de dheascaibh gnáth-bhaill de d'éagadh, d'eirghe as no do theacht fé dhícháilíocht, cuirfidh an Cathaoirleach in úil don Aire an folúntas san do bheith ann, agus déanfaidh an tAire chó luath agus is féidir é, i gcás aon bhall tánaisteach do bheith ann is ionadaithe don aicme chéanna leasuitheoirí darb ionadaí an gnáth-bhall san, duine de sna baill tánaistecha san no, in aon chás eile, pé duine is dóich leis is ceart do cheapadh chun an fholúntais sin.

(2) Ball tánaisteach a ceapfar chun foth-fholúntais scuirfidh leis sin de bheith ina bhall tánaisteach.

(3) Gach duine ceapfar chun foth-fholúntais beidh sé, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, i seilbh oifige mar ghnáth-bhall ar feadh a mbeidh gan caitheamh den téarma oifige go mbeadh an ball gurbh é a éag no a eirghe as no a theacht fé dhí-cháilíocht fé ndeár an folúntas i seilbh oifige mara mbeadh a éag no a éirghe as no a theacht fé dhícháilíocht.

Ball tánaisteach do ghníomhú do ghnáth-bhall.

85. —Pé uair a chífear don Aire go mbeidh gnáth-bhall gan bheith ábalta go sealadach, toisc breoiteachta no leor-chúise eile, ar a dhualgaisí mar bhall den tsórt san do chólíonadh, féadfaidh an tAire duine de sna baill tánaisteacha is ionadaí don aicme chéanna leasuitheoirí darb ionadaí an gnáth-bhall san do cheapadh chun gníomhú mar ghnáth-bhall ar feadh pé tréimhse (nách sia ná ré na mí-ábaltachta san) is dóich leis is ceart, agus gach ball tánaisteach a ceapfar amhlaidh chun gníomhú mar ghnáth-bhall den Bhord beidh sé, i gcaitheamh na tréimhse dá gceapfar é amhlaidh, ina ghnáth-bhall in ionad an ghnáth-bhaill sin a céad-luaidhtear.

Luach saothair ball an Bhúird Mharguithe Bagúin.

86. —(1) Íocfaidh an Bord leis an gCathaoirleach pé luach saothair agus pé liúntaisí in aghaidh costaisí cheapfaidh an tAire o am go ham.

(2) Íocfaidh an Bord le gach gnáth-bhall pé luach saothair agus pé liúntaisí in aghaidh costaisí cheapfaidh an Bord o am go ham le toiliú an Aire agus féadfar rátaí deifriúla luach saothair do cheapadh do ghnáth-bhaill den Bhord is baill den Bhord Mharguithe Muc agus do ghnáth-bhaill eile den Bhord.

Oifigí agus fuireann an Bhúird Mharguithe Bagúin.

87. —(1) Féadfaidh an Bord pé oifigí agus áitreabhacha eile is dóich leo agus a bheidh i pé áiteanna is dóich leo is gá chun a bhfeidhmeanna fén gCuid seo den Acht so d'fheidhmiú go cuibhe do cheannach, do thógaint ar léas, do thógáil no d'fháil ar shlí eile agus iad do ghléasadh agus do chothabháil agus féadfaid aon áitreabh den tsórt san is dóich leo ná beidh ag teastáil a thuilleadh chun na críche sin do dhíol, do chur ar léas no do chur de láimh ar shlí eile.

(2) Déanfaidh an Bord, le haontú an Aire, duine do cheapadh chun bheith ina rúnaí don Bhord agus beidh an duine sin i seilbh oifige ar pé téarmaí agus coinníollacha chinnfidh an Bord le haontú an Aire.

(3) Íocfaidh an Bord leis an Rúnaí don Bhord pé luach saothair agus pé liúntaisí in aghaidh costaisí cheapfaidh an Bord o am go ham le toiliú an Aire.

(4) Ceapfaidh an Bord freisin pé oifigigh (seachas an rúnaí), pé seirbhísigh agus pé gníomhairí agus pé méid acu san is dóich leis an mBord o am go ham is gá chun a bhfeidhmeanna fén gCuid seo den Acht so d'fheidhmiú go cuibhe agus beidh gach oifigeach, seirbhíseach agus gníomhaire ceapfar amhlaidh i seilbh oifige ar pé téarmaí agus fé réir pé coinníollacha chinnfidh an Bord.

(5) Íocfaidh an Bord le hoifigigh (seachas an rúnaí), le seirbhísigh agus le gníomhairí an Bhúird pé luach saothair agus pé liúntaisí in aghaidh costaisí cheapfaidh an Bord o am go ham.

Stát-Sheirbhísigh do thabhairt ar iasacht don Bhord Mharguithe Bagúin.

88. —Má deintear duine ar seirbhís i Stát-Sheirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann do thabhairt ar iasacht le haghaidh seirbhíse fén mBord aisíocfaidh an Bord leis an Stát-Chiste, i pé slí ordóidh an tAire Airgid, tuarastal an duine sin agus fós na muirearacha san, alos aois-liúntais agus liúntaisí agus aiscí eile is iníoctha leis an duine sin no ina thaobh fé sna hAchtanna Aois-liúntais a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, a chinnfidh an tAire sin do bheith ceart.

Toirmeasc ar bhaill agus ar oifigigh an Bhúird Mharguithe Bagúin eolas do nochtadh.

89. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo ní bheidh sé dleathach d'aon bhall den Bhord ná d'aon oifigeach don Bhord aon eolas i dtaobh gnótha duine ar bith eile gheobhaidh sé mar bhall no mar oifigeach den tsórt san do nochtadh.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

(3) Ní bhainfidh éinní atá i bhfo-alt (1) den alt so le haon eolas do nochtadh chun crícheanna aon imeacht dlí (síbhialta no coiriúil) a bunófar no beifear chun a bhunú fén gCuid seo den Acht so.

Nós imeachta an Bhúird Mharguithe Bagúin.

90. —(1) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntais no folúntas do bheith imeasc na ngnáth-bhall.

(2) Déanfaidh an Bord, le haontú an Aire, an nós imeachta leanfar agus an gnó déanfar ag á gcruinnithe do rialáil tré bhuancrduithe no ar shlí eile.

Cruinnithe an Bhúird Mharguithe Bagúin.

91. —(1) Beidh a gcéad chruinniú ag an mBord pé lá agus pé uair agus i pé áit a cheapfaidh an tAire.

(2) Beidh cruinniú (dá ngairmtear san Acht so an cruinniú cinn trí mblian den Bhord Mharguithe Bagúin) ag an mBord lá nách déanaí ná an 7adh lá d'Eanar i ngach bliain díreach i ndiaidh bliana toghacháin (seachas an bhliain toghacháin gurb í bliain 1935 í).

(3) Fé réir forálacha an ailt seo beidh ag an mBord pé cruinnithe agus pé méid cruinniú agus san pé tráthanna is gá chun a bhfeidhmeanna fén Acht so d'fheidhmiú go cuibhe.

(4) Is leor an Cathaoirleach leis féin mar quorum ag cruinniú den Bhord.

(5) Ní bheidh aon chruinniú ag an mBord mara mbeidh an Cathaoirleach i láthair ann.

An Bord Marguithe Bagúin do thabhairt breithe ar cheisteanna.

92. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so bhéarfar breith ar gach ceist eireoidh ag cruinniú den Bhord tré mhóráireamh vótaí na mball a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist, agus i gcás na vótaí ar gach taobh do bheith cothrom beidh an dara vóta no vóta réitigh ag an gCathaoirleach.

(2) Gach ceist a eireoidh ag cruinniú den Bhord, maidir le hordú do dhéanamh le n-a mbaineann an fo-alt so, bhéarfar breith uirthi do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) mara mbeidh aon ghnáth-bhaill no mara mbeidh ach aon ghnáth-bhall amháin i láthair ag an gcruinniú san isé an Cathaoirleach do bhéarfaidh breith ar an gceist sin;

(b) má bhíonn dhá ghnáth-bhall no níos mó i láthair—

(i) déanfar, sa chéad dul síos, an cheist sin do chur fé bhráid na ngnáth-bhall san chun iad do vótáil uirthi,

(ii) má vótálann na gnáth-bhaill sin go léir ar an gceist sin agus más vóta d'aon aonta do bhéarfaid uatha tuigfear an Bord do thabhairt breithe ar an gceist sin do réir an vóta san,

(iii) mara vótálaidh cuid de sna baill sin no mara vótálaidh éinne acu ar an gceist sin, no má vótálann na baill sin go léir agus nách vóta d'aon aonta do bhéarfaid uatha, cuirfear an cheist sin fé bhráid an Chathaoirligh chun a bhreithe do thabhairt uirthi agus tuigfear breith do thabhairt ar an gceist sin do réir bhreithe an Chathaoirligh.

Baineann an fo-alt so—

(a) le hordú um dhíola sa bhaile;

(b) le hordú dáiliúcháin (quota díola);

(c) le hordú fuar-stórála;

(d) le hordú ag leasú orduithe fhuar-stórála;

(e) le hordú ceannaigh;

(f) le hordú ag déanamh rialachán le n-a gceapfar an tsuim orduithe chun crícheanna na bhforálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le dleacht alos conablach a húsáidtear chun bagúin do tháirgeadh.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hordú táirgthe no le hordú dáiliúcháin (quota táirgthe) do dhéanamh ag cruinniú den Bhord, sé sin le rá:—

(a) mara mbeidh aon ghnáth-bhaill no mara mbeidh ach aon ghnáth-bhall amháin i láthair ag an gcruinniú san isé an Cathaoirleach a dhéanfaidh an t-ordú san agus, chun crícheanna an Achta so, tuigfear, maidir leis an ordú san mar a dhéanfaidh an Cathaoirleach amhlaidh é, an Bord dá dhéanamh go cuibhe ag an gcruinniú san;

(b) má bhíonn dhá ghnáth-bhall no níos mó i láthair ag an gcruinniú san beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) i gcás na ngnáth-bhall san uile do rith rúin d'aon aonta i bhfabhar an orduithe sin do dhéanamh i dtéarmaí luadhfar sa rún san, tuigfear chun crícheanna an Achta so an Bord do dhéanamh an orduithe sin go cuibhe sna téarmaí sin ag an gcruinniú san, agus

(ii) in aon chás eile, isé an Cathaoirleach a dhéanfaidh an t-ordú san agus, chun crícheanna an Achta so, tuigfear, maidir leis an ordú san mar a dhéanfaidh an Cathaoirleach amhlaidh é, an Bord dá dhéanamh go cuibhe ag an gcruinniú san.

Miontuairiscí cruinniú an Bhúird Mharguithe Bagúin.

93. —Coimeádfaidh an Bord, i leabhar a chuirfid ar fáil chuige sin, miontuairiscí ar na himeachta ag gach cruinniú den Bord, agus sighneoidh an Cathaoirleach na miontuairiscí uile den tsórt san ag an gcruinniú le n-a mbainid no ag an gcéad chruinniú eile agus, ar iad do bheith sighnithe amhlaidh, glacfar i bhfianaise iad.

Séala an Bhúird Mharguithe Bagúin.

94. —(1) Cuirfidh an Board có-shéala ar fáil agus beidh san acu.

(2) Déanfar séala an Bhúird do dhílse-dheimhniú le sighniú an Chathaoirligh.

(3) Gach scríbhinn a bheireann le tuiscint gur ordú no ionstruim eile í ar n-a dhéanamh no ar n-a thabhairt amach ag an mBord agus í bheith séaluithe le séala an Bhúird ar n-a dhílse-dheimhniú sa tslí foráltar leis an alt so glacfar i bhfianaise í agus tuigfear go dtí go gcruthófar a mhalairt gurb í an t-ordú no an ionstrium sin í gan cruthú ar údarás ná ar shighniú neach sighnithe an chéanna.

Cuntaisí, breacacháin agus tuarasgabhála an Bhúird Mharguithe Bagúin.

95. —(1) Coimeádfaidh an Bord gach leabhar cuntaisí agus gach leabhar agus breacachan eile is ceart agus déanfaid, laistigh de thrí mhí tar éis deireadh gach bliana, ráiteas ar chuntaisí (agus é iniúchta agus deimhnithe go cuibhe ag iniúchóir a cheapfaidh an Bord le toiliú agus le haontú an Aire) in aghaidh na bliana san d'ullamhú agus é do chur chun an Aire agus chun gach ceadúnaí agus chun an Bhúird Mharguithe Muc.

(2) Déanfaidh an Bord gach bliain, ar pé dáta agus i pé fuirm ordóidh an tAire, tuarasgabháil i dtaobh a n-imeacht fén gCuid seo den Acht so i rith na bliana roimhe sin do thabhairt don Aire agus leagfaidh an tAire an tuarasgabháil sin fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.

(3) Bhéarfaidh an Bord don Aire pé eolas, staitistíocht agus tuairisceáin a theastóidh ón Aire o am go ham.

(4) Bhéarfaidh an Bord do dhuine ar bith ar tháille scillinge d'íoc, cóip d'aon ráiteas ar chuntaisí do hullamhuíodh do réir an ailt seo.

An tAire do thabhairt iasachtaí don Bhord Mharguithe Bagúin.

96. —(1) Féadfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgid, pé suimeanna is dóich leis is ceart do thabhairt ar iasacht don Bhord o am go ham amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) An t-airgead uile do bhéarfar ar iasacht don Bhord fén alt so bhéarfar ar iasacht amhlaidh é ar pé téarmaí agus coinníollacha, maidir le ham agus le slí a aisíoctha agus maidir leis an ráta úis agus le hurrús agus le nithe eile, cheapfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgid.

(3) An t-airgead uile gheobhaidh an tAire in aisíoc aon airgid a bheidh tugtha ar iasacht aige fén alt so no in íoc úis ar an airgead san no ar shlí eile maidir leis an airgead san déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

An Ciste Marguithe Bagúin.

97. —(1) Coimeádfaidh an Bord ciste (dá ngairmtear an ciste san alt so) ar a dtabharfar mar ainm agus far theideal an Ciste Marguithe Bagúin agus déanfaid an ciste sin do chothabháil agus do bhainistí do réir an Achta so.

(2) Íocfaidh an Bord isteach sa chiste an t-airgead uile gheobhaidh an Bord fén gCuid seo den Acht so.

(3) Déanfar an t-airgead so leanas, agus ní haon airgead eile, d'íoc amach as an gciste, sé sin le rá, an t-airgead uile is gá don Bhord do réir na Coda so den Acht so d'íoc agus na costaisí eile go léir fé n-a raghaidh an Bord chun a gcomhacht agus a ndualgas fén gCuid seo den Acht so d'fheidhmiú.

(4) Chun muirearacha, is gá do réir na Coda so den Acht so d'íoc amach as an gciste, do ghlanadh féadfaidh an Bord iasacht d'fháil ar urrús an chiste.

(5) An méid sin den chiste is dóich leis an mBord ná beidh, de thurus na huaire, ag teastáil láithreach chun suimeanna is iníoctha as an gciste sin fén gCuid seo den Acht so d'íoc suncálfaidh an Bord é in urrúis go mbeidh údaruithe d'iontaobhaithe do réir an dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire cistí iontaobhais do shuncáil ionta.

(6) Féadfaidh an Bord o am go ham, más rogha leo é, an t-airgead uile bheidh suncálta fén alt so d'atharú no d'aistriú isteach i suncálanna eile bheidh údaruithe fén alt so agus feádfaid tráth ar bith gach suncáil no aon tsuncáil a bheidh déanta acu fén alt so do dhíol agus airgead d'fháil ar an gcéanna.

(7) Íocfar isteach sa chiste na díbhinní agus an t-ús go léir a gheobhaidh an Bord ar shuncálanna dhéanfaid fén alt so no alos aon tsuncálanna den tsórt san do dhíol.

Tréimhsí agus quotaí táirgthe.

98. —(1) Beidh cruinniú ag an mBord tráth nách déanaí ná mí tar éis dáta bhunuithe an Bhúird no tar éis pé dáta ina dhiaidh sin (más ann do) a cheapfaidh an tAire, agus déanfaid ag an gcruinniú san ordú (dá ngairmtear ordú táirgthe sa Chuid seo den Acht so)—

(a) ag ceapadh tréimhse (dar tosach lá nach déanaí ná mí tar éis dáta an orduithe sin do dhéanamh) chun bheith mar an gcéad tréimhse tháirgthe chun crícheanna na Coda so den Acht so, agus

(b) ag ceapadh méid áirithe bagúin chun bheith mar an quota táirgthe in aghaidh na céad tréimhse táirgthe.

(2) Beidh cruinniú ag an mBord tráth nach déanaí ná seachtain roimh dheireadh thréimhse táirgthe agus ag an gcruinniú san déanfaid ordú (dá ngairmtear freisin ordú táirgthe sa Chuid seo den Acht so)—

(a) ag ceapadh tréimhse (a thosnóidh ar an tréimhse tháirgthe sin do bheith caithte) chun bheith mar an gcéad tréimhse tháirgthe eile chun crícheanna na Coda so den Acht so, agus

(b) ag ceapadh méid áirithe bagúin chun bheith mar an quota táirgthe in aghaidh na céad tréimhse táirgthe eile sin.

(3) Má fágtar forálacha fo-ailt (2) den alt so gan cólíonadh tráth ar bith féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, ordú táirgthe do dhéanamh ag cruinniú bheidh acu pé dáta cheapfaidh an tAire, agus is tréimhse thosnóidh ar pé dáta ordóidh an tAire an tréimhse ceapfar leis an ordú san mar an tréimhse tháirgthe chun crícheanna na Coda so den Acht so.

(4) Nuair a bheidh ordú táirgthe á dhéanamh acu féachfaidh an Bord do sna nithe seo leanas, eadhon:—

(a) an méid bagúin is féidir do sna margaí (cois baile agus lasmuich) a ghlacadh;

(b) an méid bagúin is dóich leis an mBord is gá a chur i bhfuar-stóras i gcóir riachtanaisí todhachaidhe;

(c) an stoc bagúin a bheidh ar láimh;

(d) an méid muc is deallrathach a bheidh ar fáil;

(e) pé nithe eile is dóich leis an mBord a bhaineann leis an scéal.

(5) Féadfaidh an Bord Marguithe Muc molta do chur chun an Bhúird maidir leis an tréimhse tháirgthe agus an quota táirgthe bheidh le ceapadh le haon ordú táirgthe, agus breithneoidh an Bord aon mholta den tsórt san nuair a bheidh an t-ordú san á dhéanamh acu.

(6) Foillseofar gach ordú táirgthe san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

Quota táirgthe do dháiliú ar áitreabhacha ceadúnuithe.

99. —(1) Pé uair a dhéanfaidh an Bord ordú táirgthe ag aon chruinniú déanfaidh an Bord ag an gcruinniú san ordú (dá ngairmtear ordú dáiliúcháin (quota táirgthe) sa Chuid seo den Acht so) le n-a ndéanfar, fé réir forálacha an ailt seo, an quota táirgthe in aghaidh na tréimhse táirgthe ceapfar leis an ordú táirgthe sin do dháiliú ar na háitreabhacha ceadúnuithe uile i pé cionúireachtaí is dóich leis an mBord do bheith ceart, agus déanfar tagairtí sa Chuid seo den Acht so don fho-quota táirgthe i gcóir áitreibh cheadúnuithe áirithe in aghaidh tréimhse táirgthe áirithe do léiriú mar thagairtí don chuid den quota táirgthe in aghaidh na tréimhse táirgthe sin a bheidh dáilithe don áitreabh san le hordú dáiliúcháin (quota táirgthe).

(2) Má dheonann an tAire ceadúnas tar éis dáta bhunuithe an Bhúird féadfaidh a iarraidh ar an mBord go ndéanfaidís, nuair a bheidh ordú dáiliúcháin (quota táirgthe) á dhéanamh acu. cionúireacht áirithe den quota táirgthe in aghaidh na tréimhse táirgthe le n-a mbaineann an t-ordú dáiliúcháin (quota táirgthe) sin do dháiliú don áitreabh gur ina thaobh do deonadh an ceadúnas san, agus déanfaidh an Bord do réir aon iarratais den tsórt san.

(3) Nuair a bheidh cionúireacht den quota táirgthe in aghaidh tréimhse táirgthe áirithe á dháiliú ag an mBord fé ordú dáiliúcháin (quota táirgthe) d'aon áitreabh cheadúnuithe, féachfaid, fé réir forálacha na bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, do sna nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) oblagáidí an cheadúnaí alos an áitreibh sin fé aon ordú bheidh déanta ag an Aire fé alt 2 den Acht Torthaí Talmhaíochta (Easportáil do Rialáil), 1933 ( Uimh. 26 de 1933 ), mar a leasuítear san le haon achtachán ina dhiaidh sin, agus

(b) i gcás an orduithe dháiliúcháin (quota táirgthe) sin do dhéanamh i rith na bliana 1935 no na bliana, 1936, an méid bagúin do táirgeadh san áitreabh san i gcaitheamh na tréimhse de dhá mhí dhéag dar chríoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1934, agus

(c) i gcás an orduithe dháiliúcháin (quota táirgthe) sin do bhaint leis an quota táirgthe in aghaidh aon tréimhse táirgthe thosnóidh an 1adh lá d'Eanar, 1937, no dá éis sin, an méid bagúin a bheidh dáilithe don áitreabh cheadúnuithe sin fé orduithe dáiliúcháin (quota táirgthe) in aghaidh na dtréimhsí táirgthe bheidh i gcóréir chó comhgarach agus is féidir é leis an dá mhí dhéag díreach roimh thosach na tréimhse táirgthe sin a céad-luaidhtear.

(4) Chó luath agus a bheidh ordú dáiliúcháin (quota táirgthe) déanta cuirfidh an Cathaoirleach fé ndeár go ndéanfar, tráth nách déanaí ná cúig lá roimh thosach na tréimhse táirgthe le n-a mbaineann an t-ordú san, fógra i scríbhinn (dá ngairmtear fógra táirgthe sa Chuid seo den Acht so) do sheirbheáil ar gach ceadúnaí áitreibh cheadúnuithe, fógra ina luadhfar cadé an chionúireacht den quota táirgthe in aghaidh na tréimhse táirgthe sin do dáilíodh don áitreabh san leis an ordú san.

(5) Féadfaidh an Bord, ar chó-iarratas o dhuine is sealbhóir ar cheadúnas alos áitreibh áirithe agus o dhuine is sealbhóir ar cheadúnas alos áitreibh eile, iomlán an fho-quota tháirgthe no aon chuid den fho-quota tháirgthe i gcóir an áitreibh sin a céadluaidhtear in aghaidh tréimhse táirgthe áirithe d'aistriú ón áitreabh san a céad-luaidhtear chun an áitreibh eile sin, agus leis sin tuigfear, chun crícheanna na Coda so den Acht so, an fo-quota táirgthe i gcóir an áitreibh sin a céad-luaidhtear in aghaidh na tréimhse táirgthe sin agus an fo-quota táirgthe i gcóir an áitreibh eile sin in aghaidh na tréimhse táirgthe sin do bheith laigheaduithe agus méaduithe fé seach dá réir sin.

Pionós mar gheall ar gan méid áirithe bagúin do tháirgeadh.

100. —I gcás—

(a) fógra tháirgthe i dtaobh áitreibh ar bith do sheirbheáil go cuibhe ar an gceadúnaí alos an áitreibh sin, agus

(b) an méid bagúin a táirgfear san áitreabh san i gcaitheamh na tréimhse táirgthe le n-a mbaineann an fógra táirgthe sin do bheith níos lugha ná cúig nóchad per cent. den fho-quota táirgthe i gcóir an áitreibh sin in aghaidh na tréimhse sin,

beidh an ceadúnaí sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil do chur air a háirmheofar do réir deich scillinge in aghaidh gach céadmeáchainte bheidh an méid bagúin a táirgfear san áitreabh san i gcaitheamh na tréimhse táirgthe sin fé bhun an fho-quota tháirgthe i gcóir an áitreibh sin in aghaidh na tréimhse sin.

Pionós mar gheall ar an iomarca bagúin do tháirgeadh.

101. —I gcás—

(a) fógra tháirgthe i dtaobh áitreibh ar bith do sheirbheáil go cuibhe ar an gceadúnaí alos an áitreibh sin, agus

(b) an méid bagúin a táirgfear san áitreabh san i gcaitheamh na tréimhse táirgthe le n-a mbaineann an fógra táirgthe sin do bheith os cionn deich per cent. níos mó ná an fo-quota táirgthe i gcóir an áitreibh sin in aghaidh na tréimhse sin,

beidh an ceadúnaí sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil do chur air a háirmheofar do réir deich scillinge in aghaidh gach céad meáchainte bheidh an méid bagúin a táirgfear san áitreabh san i gcaitheamh na tréimhse táirgthe sin os cionn an fho-quota tháirgthe i gcóir an áitreibh sin in aghaidh na tréimhse sin.

Tréimhsí agus quotaí díola.

102. —(1) Féadfaidh an Bord, pé uair agus chó minic agus is dóich leo gur ceart san do dhéanamh, le hordú (dá ngairmtear ordu um dhíola sa bhaile sa Chuid seo den Acht so)—

(a) tréimhse áirithe do cheapadh chun bheith ina tréimhse dhíola chun crícheanna an orduithe sin, agus

(b) méid áirithe bagúin do cheapadh chun bheith mar an quota díola in aghaidh na tréimhse sin.

(2) Déanfar gach ordú um dhíola sa bhaile d'fhoillsiú an Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

Quota díola do dháiliú ar áitreabhacha ceadúnuithe.

103. —(1) Pé uair a dhéanfaidh an Bord ordú um dhíola sa bhaile ag aon chruinniú déanfaidh an Bord ordú (dá ngairmtear ordú dáiliúcháin (quota díola sa Chuid seo den Acht so) ag an gcruinniú san chun an quota dhíola in aghaidh na tréimhse díola ceapfar leis an ordú san um dhíola sa bhaile do dháiliú ar na háitreabhacha ceadúnuithe uile i pé cionúireachtaí is dóich leis an mBord do bheith ceart, agus déanfar tagairtí sa Chuid seo den Acht so don fho-quota díola i gcóir áitreibh cheadúnuithe áirithe in aghaidh tréimhse díola áirithe do léiriú mar thagairtí don chuid den quota díola in aghaidh na tréimhse díola san a bheidh dáilithe don áitreabh san le hordú dáiliúcháin (quota díola).

(2) Chó luath agus a bheidh ordú dáiliúcháin (quota díola) déanta cuirfidh an Cathaoirleach fé ndeár go ndéanfar, tráth nách déanaí ná cúig lá roimh thosach na tréimhse díola le n-a mbaineann an t-ordú san, fógra i scríbhinn (dá ngairmtear fógra díola sa Chuid seo den Acht so) do sheirbheáil ar gach ceadúnaí aitreibh cheadúnuithe fógra ina luadhfar cadé an chionúireacht den quota díola in aghaidh na tréimhse díola san do dáilíodh don áitreabh san leis an ordú san.

Pionós mar gheall ar mhéid bagúin is mó ná an fo-quota díola do chonsighniú.

104. —I gcás—

(a) cóipe d'fhógra díola do rinneadh maidir le háitreabh ar bith do sheirbheáil go cuibhe ar an gceadúnaí alos an áitreibh sin, agus

(b) an méid bagúin a consighneofar (ar shlí seachas tré n-a easportáil) ar díol i gcaitheamh na tréimhse díola le n-a mbaineann an fógra san do bheith os cionn cúig per cent. níos mó ná an fo-quota díola i gcóir an áitreibh sin in aghaidh na tréimhse sin,

beidh an ceadúnaí sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil do chur air a háirmheofar do réir deich scillinge in aghaidh gach céadmeáchana bheidh an méid bagúin a consighneofar amhlaidh ón áitreabh san i gcaitheamh na tréimhse sin os cionn an fho-quota dhíola i gcóir an áitreabh sin in aghaidh na tréimhse sin.

Bagún do chur i bhfuar-stóras.

105. —(1) Féadfaidh an Bord, pé uair agus chó minic agus is dóich leo gur ceart san do dhéanamh, le hordú (dá ngairmtear ordú fuar-stórála sa Chuid seo den Acht so) na nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) a dhearbhú go mbeidh percentáiste áirithe de mhéid iomlán an bhagúin a táirgfear sna háitreabhacha ceadúnuithe uile i gcaitheamh aon tréimhse áirithe (seachas bagún a táirgfear sna háitreabhacha ceadúnuithe sin, agus a heasportálfar asta, i gcaitheamh na tréimhse sin) mar an percentáiste náisiúnta ceaptha in aghaidh na tréimhse sin;

(b) a cheangal ar gach ceadúnaí alos áitreibh áirithe percentáiste den bhagún a táirgfear san áitreabh san i gcaitheamh na tréimhse sin (seachas bagún a táirgfear san áitreabh ceadúnuithe sin, agus a heasportálfar as, i gcaitheamh na tréimhse sin) is có-ionann leis an bpercentáiste náisiúnta ceaptha san do chur, roimh dheireadh na tréimhse sin, as an áitreabh san i bhfuarstóras maran mó an percentáiste sin den bhagún san ná fiche céadmeáchaint.

(2) Féadfaidh an Bord le hordú, tráth ar bith, ordú fuarstórála do cheiliúradh no do leasú.

(3) Foillseofar gach ordú fuar-stórála san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

(4) Má theipeann ar an gceadúnaí alos áitreibh ar bith no má fhaillíonn sé déanamh do réir na n-oblagáidí cuirfear air maidir leis an áitreabh san le hordú fuar-stórála beidh an ceadúnaí sin ciontach i gcionta fén alt agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil do chur air a háirmheofar do réir deich scillinge in aghaidh gach céadmeáchana bheidh an méid bagúin a cuirfear, i gcaitheamh na tréimhse le n-a mbaineann an t-ordú fuar-stórála san, as an áitreabh san i bhfuar-stóras fé bhun an méid bagúin is gá do réir an orduithe fhuar-stórála san do chur, i gcaitheamh na tréimhse sin, as an áitreabh san i bhfuar-stóras.

Srian le bagun a cuirfear i bhfuar-stóras d'aistriú.

106. —(1) Má chuireann ceadúnaí aon bhagún i bhfuar-stóras do réir orduithe fhuar-stórála ní bheidh sé dleathach don cheadúnaí sin an bagún san d'aistriú as an bhfuar-stóras san ach amháin le toiliú an Bhúird.

(2) Má aistríonn ceadúnaí aon bhagún as fuar-stóras contrárdha don alt so beidh an ceadúnaí sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil do chur air a háirmheofar do réir deich scillinge in aghaidh gach céadmeáchana den bhagún san a haistreofar amhlaidh.

An Bord Marguithe Bagúin do cheannach bagúin go héigeanta o cheadúnaithe.

107. —(1) Pé uair is dóich leis an mBord, i dtaobh aon bhagúin a bheidh ar láimh ag ceadúnaí (nách bagún a bheidh á choimeád i bhfuar-stóras do réir orduithe fhuar-stórála), gur toisc an cheadúnaí sin do bheith ag éileamh praghais mhí-reasúnta air atá an bagún san gan díol féadfaidh an Bord ordú (dá ngairmtear ordú ceannaigh sa Chuid seo den Acht so) do dhéanamh á cheangal ar an leasuitheoir sin méid bagúin (a luadhfar san ordú san), is có-ionann leis an méid bagúin sin a céad-luaidhtear, do dhíol leis an mBord ar pé praghas a luadhfar san ordú san agus an méid sin do sheachadadh in áit agus ag am a luadhfar san ordú san.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an Bord ordú ceannaigh féadfaidh an Bord cóip den ordú san do sheirbheáil ar an duine le n-a mbaineann an t-ordú san cúig lá ar a laighead roimh an dáta bheidh ceaptha leis an ordú san chun an bhagúin a bheidh luaidhte san ordú san do sheachadadh.

(3) I gcás—

(a) cóipe d'ordú ceannaigh do sheirbheáil go cuibhe ar cheadúnaí, agus

(b) é do theip ar an gceadúnaí sin no an ceadúnaí sin dá fhailliú no dá dhiúltú an méid bagúin a bheidh luaidhte san ordú san do sheachadadh don Bhord ag an am agus san áit a bheidh luaidhte san ordú san,

beidh an ceadúnaí sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil do chur air a háirmheofar do réir deich scillinge in aghaidh gach céadmeáchana bagúin a bheidh luaidhte san ordú ceannaigh sin agus ná seachadfar amhlaidh.

(4) Má dheineann ceadúnaí aon bhagún do sheachadadh go cuibhe don Bhord do réir orduithe cheannaigh íocfaidh an Bord leis an gceadúnaí sin praghas an bhagúin sin a bheidh luaidhte san ordú san.

An Bord Marguithe Bagúin do tháirgeadh bagúin.

108. —(1) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire agus fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leis an Aire, gnó táirgthe bagúin do bheith ar siúl acu agus gach ní do dhéanamh is gá chun an ghnótha san do choimeád ar siúl.

(2) Ní bheidh feidhm ag na hAchtanna chun Déantúisí do Rialú, 1932 agus 1934, maidir le haon ghníomh no ní dhéanfaidh an Bord fén alt so.

Comhachta eile don Bhord Mharguithe Bagúin

109. —Féadfaidh an Bord gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) bagún d'fhógairt iad féin no i gcomhar le duine ar bith eile;

(b) obair thaighdthe do ghabháil de láimh, maidir le bagún do dhéanamh agus le fo-thorthaí d'ullamhú agus d'úsáid, is dóich leis an mBord a raghadh chun tairbhe do thionnscal an bhagúin;

(c) síntiúisí do thabhairt, le toiliú an tAire, mar chabhair chun íoctha costaisí scéimeanna chun muca d'fheabhsú;

(d) fé réir coinníollacha cheadóidh an tAire, bagún do dhíol no có-ghléasadh marguithe do bhunú chun bagúin do dhíol.

Oifigigh údaruithe don Bhord Mharguithe Bagúin d'iniúchadh áitreabhacha ceadúnuithe, etc.

110. —(1) Beidh teideal ag oifigeach údaruithe don Bhord Mharguithe Bagúin (ach an t-údarás i scríbhinn a bheidh aige mar oifigeach údaruithe den tsórt san do thaisbeáint má hiarrtar san air) dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh ceadúnuithe no fuar-stóras agus aon bhagún san áitreabh no sa bhfuar-stóras san d'iniúchadh.

(2) Gach duine bhacfaidh no choiscfidh aon oifigeach údaruithe don Bhord Mharguithe Bagúin agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Dleacht alos conablach a húsáidfear chun bagúin do tháirgeadh.

111. —(1) Gach duine bheidh no bhí i seilbh cheadúnais íocfaidh leis an mBord, in aghaidh gach leath-bhliana gur ar a feadh no ar feadh aon choda dhi bheidh no bhí sé i seilbh an cheadúnais sin, dleacht alos an cheadúnais sin a háirmheofar do réir suime orduithe in aghaidh gach conablaigh a húsáideadh chun bagúin do tháirgeadh i gcaitheamh na leath-bhliana san san áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san.

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis deireadh gach leath-bhliana déanfaidh an Bord amach, maidir le gach duine do bhí i seilbh cheadúnais ar feadh na leath-bhliana san ar fad no ar feadh aon choda dhí cadé méid an dleachta is iníoctha fén alt so ag an duine sin in aghaidh na leath-bhliana san alos an cheadúnais sin.

(3) Má dheineann an tAire ceadúnas a bheidh ag duine do cheiliúradh fé Chuid II den Acht so, ansan, má orduíonn an Bord amhlaidh, is díreach tar éis an cheiliúrtha san agus ní fén bhfo-alt san roimhe seo a déanfar amach an dleacht is iníoctha ag an duine sin alos an cheadúnais sin in aghaidh na leath-bhliana bheidh ann an uair sin.

(4) I gcás ceadúnais do bheith ag beirt daoine no níos mó, i ndiaidh a chéile, i rith na leath-bhliana tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, an ceadúnas san do bheith, ar feadh na leath-bhliana san ar fad, ag an duine is déanaí go mbeidh sé aige i rith na leath-bhliana san agus gan é bheith ag aon duine eile uair ar bith i rith na leath-bhliana san.

(5) Cho luath agus a bheidh méid aon dleachta déanta amach fé sna forálacha san roimhe seo den alt so déanfaidh an Bord deimhniú (dá ngairmtear deimhniú féichiúnais san alt so) á dheimhniú cadé an leath-bhliain gur ina haghaidh atá an dleacht san iníoctha, agus cé hé an duine ag á bhfuil agus cadé an t-áitreabh gur ina thaobh atá an dleacht san iníoctha, agus cadé méid an dleachta san.

(6) Beidh gach deimhniú féichiúnais ina fhianaise prima facie ar gach ní go dtabharfar le tuiscint é bheith á dheimhniú ann, agus scríbhinn ar bith do bheireann le tuiscint í bheith ina deimhniú féichiúnais ar n-a thabhairt amach fén alt so tuigfear, ar í thabhairt i láthair in imeachta ar bith chun na suime dheimhníonn sí bheith iníoctha do bhaint amach agus go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur deimhniú féichiúnais í ar n-a thabhairt amach go cuibhe fén alt so agus glacfar i bhfianaise í dá réir sin.

(7) Chó luath agus is féidir é tar éis deimhnithe fhéichiúnais do dhéanamh seirbheálfar cóip de ar an duine deimhnítear leis do bheith freagarthach in íoc an dleachta is abhar don deimhniú san, agus an tsuim a deimhnítear leis an deimhniú san do bheith iníoctha ag an duine sin tiocfa sí chun bheith agus beidh sí iníoctha ag an duine sin leis an mBord díreach ar sheirbheáil na cóipe sin agus, i gcionn ceithre seachtaine o am na seirbheála san, féadfaidh an Bord an tsuim sin do bhaint amach mar fhiacha ghnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

(8) Má theipeann ar aon cheadúnaí no má fhaillíonn sé an tsuim a deimhnítear le deimhniú féichiúnais do bheith iníoctha aige d'íoc fé cheann ceithre seachtaine tar éis cóipe den deimhniú san do sheirbheáil air, féadfaidh an tAire an ceadúnas gur ina thaobh a bheidh an tsuim sin iníoctha do cheiliúradh, ach ní shaorfaidh an ceiliúradh san an duine sin o n-a bheith air an tsuim sin d'íoc.

(9) Féadfaidh an Bord tráth ar bith, le hordú, a dhearbhú ná beidh aon dleacht ann fén alt so alos aon chonablach a húsáidfear chun bagúin do tháirgeadh i rith aon leath-bhliana áirithe no coda áirithe de leath-bhliain, agus féadfaid, tráth ar bith, aon ordú den tsórt san do cheiliúradh no do leasú, agus pé uair a bheidh aon ordú den tsórt i bhfeidhm, ansan, d'ainneoin éinní atá san alt so, ní bheidh aon dleacht iníoctha fén alt so alos aon chonablach a húsáidfear chun bagúin do tháirgeadh i rith na leath-bhliana no na coda de leath-bhliain le n-a mbaineann an t-ordú san.

(10) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear gur leath-bhliain gach tréimhse fé leith acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) an tréimhse dar tosach dáta bunuithe an Bhúird agus dar críoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1935;

(b) aon tréimhse de shé mhí dar tosach aon 1adh lá d'Eanar no 1adh lá d'Iúl tar éis dáta bhunuithe an Bhúird.

Tuairisceáin fé Chuid III o cheadúnaithe agus o mhionleasuitheoirí cláruithe.

112. —(1) Féadfaidh an Bord, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) na tuairisceáin (ar a n-áirmhítear tuairisceáin i dtaobh aon tréimhse no tréimhsí do thosnuigh roimh dháta na rialachán san, ach ní níos túisce ná an 1adh lá d'Eanar, 1934) do bhéarfaidh sealbhóirí ceadúnas agus mionleasuitheoirí cláruithe don Bhord;

(b) na tráthanna do bhéarfar na tuairisceáin sin;

(c) na fuirmeacha ina dtabharfar na tuairisceáin sin.

(2) Gach duine ar a gceanglófar le rialacháin a déanfar fén alt so aon tuairisceán áirithe do thabhairt uaidh agus go dteipfidh air no dhiúltóidh an tuairisceán san do thabhairt uaidh do réir na rialachán san ar gach slí, no chuirfidh in aon tuairisceán den tsórt san aon ráiteas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead.

Breacacháin fé Chuid III.

113. —(1) Coimeádfaidh gach ceadúnaí fé cheadúnas no cuirfidh fé ndeár go gcoimeádfar, san áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san, na breacacháin orduithe sa bhfuirm orduithe agus déanfaidh no cuirfidh fé ndeár go ndéanfar na hiontrála orduithe do chur i ngach breacachán den tsórt san laistigh den am orduithe.

(2) Gach breacachán a bheidh á choimeád do réir an ailt seo féadfaidh oifigeach údaruithe don Bhord Mharguithe Bagúin é d'iniúchadh aon am le linn tráthanna oifige, agus an té dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád beidh sé de dhualgas air an breacachán san do thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh an t-oifigeach údaruithe sin é agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh i gcás ná beid féin ar fáil) a iarrfaidh an t-oifigeach údaruithe sin go réasúnta chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as.

(3) Má thárlann d'éinne—

(a) maidir leis an mbreacachán san is gá dho do réir an ailt seo do choimeád no a chur fé ndeár é choimeád, go dteipfidh air é choimeád no a chur fé ndeár é choimeád; no

(b) maidir le haon iontráil is gá dho do réir an ailt seo do chur sa bhreacachán san, go dteipfidh air í chur no a chur fé ndeár í chur sa bhreacachán san laistigh den am a ceaptar leis an alt so, no

(c) maidir le haon breachachán, scríbhinn no cóip de scríbhinn is gá dho do réir an ailt seo do thaisbeáint, go dteipfidh air é thaisbeáint no a chur fé ndeár é thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh oifigeach údaruithe don Bhord Mharguithe Bagúin é, no go gcoiscfidh aon oifigeach údaruithe den tsórt san agus é ag déanamh an iniúchta san; no

(d) go ndéanfa sé no go gcuirfe sé fé ndeár go ndéanfar aon iontráil a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach do chur sa bhreacachán san,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

(4) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) folóidh breacachán no scríbhinn d'iniúchadh cóipeanna do dhéanamh de no sleachta do thógaint as; agus

(b) tuigfear gur hiarradh breacachán, is gá do réir an ailt seo do choimeád in áitreabh ar bith, no aon scríbhinn eile, d'iarr oifigeach údaruithe don Bhord Mharguithe Bagúin go réasúnta fén alt so chun féachaint arbh' fhíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as, tuigfear gur hiarradh go cuibhe, ar an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád, an breacachán no an scríbhinn sin do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é má hiarradh san de bhréithre béil san áitreabh san ar phearsain ar bith do bhí ar fostú ag an duine sin; agus

(c) má thárlann diúltú no teip maidir le breacachán do thaisbeáint, is gá do réir an ailt seo do choimeád in áitreabh ar bith, no maidir le haon scríbhinn eile do thaisbeáint, a iarrfaidh oifigeach údaruithe don Bhord Mharguithe Bagúin go réasúnta fén alt so chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as, agus más san áitreabh san a thárlóidh san agus másé duine dá dtárlóidh ná pearsa ar fostú ag an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán no an scríbhinn sin do thaispeáint, tuigfear gurb é an duine deiridh sin a luaidhtear do dhiúltuigh no gurb air do theip amhlaidh.

An Bord Marguithe Bagúin do dhéanamh rialachán.

114. —Féadfaidh an Bord, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar sa Chuid seo den Acht so mar ní no mar rud orduithe.

Cúisimh fé Chuid III.

115. —(1) Féadfaidh an Bord no féadfar ar agra an Bhúird mar chúisitheoir cionta ar bith fé aon alt atá sa Chuid seo den Acht so do chúiseamh.

(2) Ní déanfar imeachta mar gheall ar chionta fé aon alt atá sa Chuid seo den Acht so do bhunú ach amháin ag an mBord no le toiliú an Bhúird.