An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT MUC AGUS BAGÚIN, 1935) Ar Aghaidh (CUID II Leasu Baguin agus Consighniu (Maraon le hEasportail) Baguin do Rialail.)

24 1935

ACHT MUC AGUS BAGÚIN, 1935

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Muc agus Bagúin, 1935 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá no laetheanta ceapfar chuige sin le hOrdú dhéanfaidh an tAire, go generálta no maidir le haon Chuid no foráil áirithe, agus féadfar laetheanta deifriúla do cheapadh amhlaidh i gcóir Codanna deifriúla agus forálacha deifriúla den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

cialluíonn an focal “conablach” conablach muice, pe'ca dí-innithe i bpáirt no go hiomlán do;

foluíonn an focal “bagún” leiseacha bagúin agus gambúin;

cialluíonn an focal “scartach” aon chuid de mhuic (seachas an conablach) is féidir d'úsáid mar bhia do dhaoine;

cialluíonn an abairt “an Bord Marguithe Bagúin” an Bord Marguithe Bagúin atá le bunú fé Chuid III den Acht so;

cialluíonn an abairt “an Bord Marguithe Muc” an Bord Marguithe Muc atá le bunú fé Chuid IV den Acht so;

cialluíonn an abairt “údarás sláintíochta áitiúil” údarás sláintíochta chun crícheanna na nAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931;

cialluíonn an abairt “an t-údarás seamlais áitiúil” an t-údarás áitiúil go mbeidh acu, san áit gur ina taobh a húsáidtear an abairt, comhachta chun seamlas do chlárú agus do cheadúnú;

cialluíonn an abairt “tráthanna oifige”—

(a) maidir le haon lá (nách Domhnach ná lá saoire bainc, ná lá saoire ná leath-lá saoire coimeádtar sa cheanntar) aon am idir a deich a' chlog ar maidin agus a cúig a' chlog um thráthnóna 'na mbíonn gnó ar siúl no obair á déanamh san áitreabh gur ina thaobh a húsáidtear an abairt; agus

(b) maidir le haon leath-lá saoire coimeádtar sa cheanntar, aon am idir a deich a' chlog ar maidin agus a haon a' chlog um thráthnóna 'na mbíonn gnó ar siúl no obair á déanamh san áitreabh gur ina thaobh a húsáidtear an abairt.

Scríbhinní do sheirbheáil.

3. —(1) Más gá no más ceaduithe do réir an Achta so scríbhinn do sheirbheáil ar dhuine ar bith is ar shlí acu so leanas a seirbheálfar an scríbhinn sin ar an duine sin, sé sin le rá:—

(a) tríd an scríbhinn sin do sheachadadh don duine sin, no

(b) tríd an scríbhinn sin do chur tríd an bpost i leitir chláruithe roimh-íoctha agus í dírithe chun an duine sin san áit ina mbíonn gnó ar siúl aige.

(2) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear gur ina n-oifig chláruithe bhíonn gnó ar siúl ag cólucht corpruithe bheidh cláruithe i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, agus tuigfear gur ina bpríomh-oifig no ina bpríomháit ghnótha i Saorstát Éireann a bhíonn gnó ar siúl ag gach cólucht corpruithe eile agus ag gach cólucht neamhionchorpruithe.

Costaisí an Aire.

4. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.