An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT BAINNE AGUS DÉIRITHE, 1935) Ar Aghaidh (CUID II. Reachtairi Bainne agus Deirithe do chlaru.)

22 1935

ACHT BAINNE AGUS DÉIRITHE, 1935

CUID I

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht Bainne agus Déirithe, 1935 , do ghairm den Acht so.

Tosach feidhme an Achta.

2. —Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá no laetheanta ceapfar chuige sin le haon ordú no orduithe ón Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí go generálta no maidir le haon chríoch no foráil áirithe agus féadfar laetheanta deifriúla do cheapadh amhlaidh chun crícheanna deifriúla agus i gcóir forálacha deifriúla den Acht so.

“Bainne.”

3. —(1) San Acht so (ach amháin i gCuid IV de) cialluíonn an focal “bainne” aon abhar bídh is fíor-bhainne no bainne bearrtha na bainne deighilte no uachtar no bláthach.

(2) I gCuid IV den Acht so cialluíonn an focal “bainne” fíor-bhainne.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “fíor-bhainne” bainne nár baineadh aon cheann dá chó-abhair as ar shlí seachas de bharr aon oibrithe ghlantóireachta (ar a n-áirmhítear pasteuráil no seascadh) fé n-ar cuireadh an bainne sin.

Tuigfear bainne díolfar, etc., do dhíol, etc., chun daoine dá chaitheamh i bhfuirm bainne.

4. —Má díoltar bainne no má bhíonn bainne á thaisbeáint no á choimeád chun a dhíolta, tuigfear, chun crícheanna an Achta so, mara gcruthuítear agus go dtí go gcruthófar a mhalairt, é do dhíol, no é do bheith á thaisbeáint no á choimeád chun a dhíolta chun daoine dá chaitheamh i bhfuirm bainne agus sa bhfuirm sin amháin.

Léiriú ar thagairtí do bhainne do dhíol.

5. —Déanfar tagairtí sna forálacha ina dhiaidh seo den Acht so do bhainne do dhíol do léiriú mar thagairtí do bhainne do dhíol chun daoine dá chaitheamh i bhfuirm bainne agus sa bhfuirm sin amháin, agus déanfar tagairtí sna forálacha san ina dhiaidh seo do dhíoltóir bhainne do léiriú dá réir sin.

Mínithe.

6. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

foluíonn an abairt “soláthróir bainne” duine is díoltóir bainne pe'ca ina mhór-choda no ina mhion-choda é;

foluíonn an abairt “déirí” (ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt san Acht so) aon fheirm, tigh feirme, bó-theach, stór bainne, siopa bainne, no áit eile as a dtugtar bainne amach ar díol no chun a dhíolta, no ina gcoimeádtar no ina n-úsáidtear bainne chun díolta, agus, i gcás soláthróra bhainne ná bíonn aon áitreabh ar seilbh aige chun bainne do dhíol, foluíonn sí an áit ina gcoimeádann an soláthróir sin na hárthaighe úsáideann sé chun bainne do dhíol;

foluíonn an abairt “reachtaire bainne” (ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt san Acht so) duine is sealbhóir déirí, no aon tsoláthróir bainne;

foluíonn an focal “scrúdú” scrúduithe agus tástála ceimiceacha agus bactéarlaíochta agus prótosólaíochta agus aon scrúdú no tástáil eile deintear ar bhainne chun galruithe, truaillithe, eisíodhaine, no aon lochta eile ina chóshuidheamh do bhrath;

cialluíonn an abairt “ceanntar sláintíochta” ceanntar sláintíochta fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931;

cialluíonn an abairt “an t-údarás sláintíochta” maidir le ceanntar sláintíochta an t-údarás sláintíochta fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, don cheanntar sláintíochta san;

cialluíonn an abairt “máinliaigh beithíoch oifigiúil” maidir le húdarás sláintíochta oifigeach sláintíochta ar n-a cheapadh ag an údarás sláintíochta san fé alt 11 den Public Health (Ireland) Act, 1878, mar a leasuítear san le halt 22 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 );

cialluíonn an focal “cigire” duine ar bith go n-údarás i scríbhinn ón Aire (go generálta no chun críche speisialta) chun gach ceann no aon cheann de sna comhachta d'fheidhmiú agus chun gach ceann no aon cheann de sna dualgaisí do chólíonadh a bronntar no cuirtear ar chigire fén Acht so;

cialluíonn an focal “ainmhithe” ba no gabhair;

nuair a húsáidtear an focal “orduithe” maidir leis an gCúirt Dúithche cialluíonn sé orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so ag an Aire Dlí agus Cirt agus i ngach cás eile cialluíonn sé orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so ag an Aire.

Déirithe áirithe agus reachtairí áirithe bainne do dhúnadh amach.

7. —I gcás—

(a) ina ndeintear bainne is farisbarr agus do táirgeadh ar fheirm do dhíol uaireanta le daoine chun a chaithte ag na daoine sin no ag á líonta tighe, agus

(b) ná díolann sealbhóir na feirme sin san aon lá amháin níos mó ná galún den bhainne sin, agus

(c) nách cuid de ghnáth-ghnó an tsealbhóra san bainne do dhíol,

ansan, chun crícheanna an Achta so, tuigfear nách déirí an fheirm sin agus tuigfear nách reachtaire bainne an sealbhóir sin agus, chun crícheanna na bhforálacha de Chuid II den Acht so bhaineann le reachtairí áirithe bainne do dhúnadh amach go sealadach o Chuid II agus na bhforálacha de Chuid III den Acht so bhaineann le déirithe áirithe agus reachtairí áirithe bainne do dhúnadh amach go sealadach o Chuid III, tuigfear nár díoladh an bainne sin leis na daoine sin.

“An dochtúir oifigiúil.”

8. —(1) Cialluíonn an abairt “an dochtúir oifigiúil”—

(a) nuair a húsáidtear í maidir le ceanntar sláintíochta is contae-bhuirg, an príomh-dhochtúir oifigiúil sláinte don chontae-bhuirg sin no an duine bheidh de thurus na huaire ag gníomhú mar phríomh-dhochtúir oifigiúil sláinte den tsórt san, agus

(b) nuair a húsáidtear í maidir le haon cheanntar sláintíochta eile, an dochtúir oifigiúil sláinte contae ghníomhuíonn don cheanntar san, no an duine bheidh de thurus na huaire ag gníomhú mar dhochtúir oifigiúil sláinte contae den tsórt san.

(2) I gcás ceanntair íclainne is cuid de cheanntar sláintíochta ná beidh aon dochtúir oifigiúil do réir bhrí an fho-ailt dheiridh sin roimhe seo den alt so ag gníomhú dho de thurus na huaire beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá, faid ná beidh aon dochtúir oifigiúil den tsórt san ann isé dhéanfaidh na comhachta agus na dualgaisí do bheadh infheidhmhithe agus ionchólíonta, fén Acht so ag an dochtúir oifigiúil sin, dá mbeadh a leithéid ann, d'fheidhmiú agus do chólíonadh laistigh den cheanntar íclainne sin agus maidir leis ná dochtúir oifigiúil sláinte an cheanntair íclainne sin.

Tuigfear bainne do dhíol i gcásanna áirithe.

9. —(1) Má coinnítear bainne i ndéirí no i gcoimeád no i seilbh aon reachtaire bainne, tuigfear chun crícheanna an Achta so, mara gcruthuítear agus go dtí go gcruthófar a mhalairt, é do bheith á choinneáil chun é do dhíol.

(2) Gach duine thairgfidh no thaisbeánfaidh bainne chun a dhíolta, no lomhálfaidh bainne do dhíol no do thairiscint no do thaisbeáint chun a dhíolta tuigfear chun crícheanna an Achta so gur dhíol sé an bainne sin.

Nithe ilghnéitheacha do léiriú.

10. —(1) Tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gnó reachtaire bhainne do bheith ar siúl ag reachtaire bainne i ngach áitreabh úsáideann sé chun crícheanna a ghnótha mar reachtaire bhainne.

(2) I gcás gan duine 'na mbíonn gnó reachtaire bhainne ar siúl aige i gceanntar sláintíochta do shealbhú aon áitreibh sa cheanntar sláintíochta san chun crícheanna an ghnótha san, tuigfear chun crícheanna an Achta so gur áitreabh sa cheanntar san gach feithicil úsáideann an duine sin chun crícheanna an ghnótha san.

(3) Má foráltar le téarmaí connartha sheirbhíse go mbeidh bainne le tabhairt in aisce ag an bhfostóir don fhostaí tuigfear chun crícheanna an Achta so nár dhíol an fostóir leis an bhfostaí bainne do thug an fostóir don fhostaí fén gconnradh san.

Údaráis sláintíochta do chur an Achta i bhfeidhm.

11. —(1) Beidh sé de dhualgas ar an údarás sláintíochta forálacha an Achta so agus forálacha gach orduithe agus rialacháin a déanfar fé do chur i bhfeidhm agus na comhachta dílsítear ionta leis an Acht so no dílseofar ionta leis an ordú no an rialachán san d'fheidhmiú.

(2) Má theipeann ar údarás áitiúil aon cheann dá ndualgaisí fén Acht so do chólíonadh féadfaidh an tAire pé ordú do dhéanamh is dóich leis is gá no is ceart chun a chur fhiachaint ar an údarás san a ndualgaisí do chólíonadh agus féadfar, gan dochar d'fheidhmiú na gcomhacht a bronntar ar an Aire le halt 72 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), aon ordú den tsórt san do chur i bhfeidhm ar agra an Aire tré mhandamus.

Údaráis sláintíochta do cheapadh oifigeach.

12. —Féadfaidh údarás sláintíochta ar bith, le toiliú an Aire agus fé réir forálacha aon achtacháin a bhaineann leis an údarás san do cheapadh oifigeach pé oifigigh agus pé méid oifigeach do cheapadh is dóich leis an údarás san is gá chun na bhfeidhmeanna, na gcomhacht agus na ndualgas a bronntar no forchuirtear leis an Acht so d'fheidhmiú, agus íocfar le gach oifigeach a ceapfar amhlaidh pé luach saothair a chinnfidh an t-údarás sláintíochta le toilliú an Aire.

Ceart chun dul isteach in áitreabh.

13. —(1) Beidh gach oifigeach d'údarás sláintíochta agus gach cigire i dteideal dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh chun forálacha an Achta so agus forálacha, aon ordú agus rialachán a déanfar fé do chur i bhfeidhm.

(2) Má dheineann duine ar bith aon oifigeach d'údarás sláintíochta no aon chigire do chose no do bhac agus é ag feidhmiú na comhachta bronntar ar an oifigeach san no ar an gcigire sin leis an alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

(3) Ní dhéanfaidh éinní san alt so a údarú do dhuine ar bith, ach amháin le cead an údaráis áitiúla fé sna hAchtanna um Ghalair Ainmhithe (Éirinn), 1894 go 1934, dul isteach in aon bhó-theach no áit eile ina mbeidh ainmhí ar a mbeidh aon ghalar le n-a mbaineann na hAchtanna san á choimeád agus san suidhte in áit go ndearbhuítear fé sna hAchtanna san an galar san do bheith ann.

Fiosrúcháin phuiblí.

14. —(1) Pé uair a bronntar comhacht ar an Aire leis an Acht so chun aon ordú no rialachán do dhéanamh no chun éinní eile do dhéanamh féadfaidh an tAire roimh an gcomhacht san d'fheidhmiú fiosrú puiblí do dhéanamh i dtaobh an ní is abhar d'fheidhmiú san na comhachta san.

(2) Beidh feidhm ag Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, maidir le gach fiosrúchán puiblí déanfar fén alt so fé mar atá feidhm ag an Airtiogal san maidir leis na fiosrúcháin phuiblí luaidhtear ann.

Rialacháin ghenerálta.

15. —(1) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt le hordú rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda bhaineann leis an gCúirt Dúithche agus dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe agus ná húdaruítear leis an Acht so a ordú le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire Dlí agus Cirt;

(b) ag ordú éinní a húdaruítear don Aire le haon alt den Acht so a ordú le rialacháin ar n-a ndeanamh fén alt san.

(3) Aon rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so maidir le táillí beidh sé fé réir cheadú an Aire Airgid.

Rialacháin do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.

16. —Gach rialachán a déanfar fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis an rialacháin sin do dhéanamh agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Airgead.

17. —(1) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh Aire Stáit fén Acht so.

(2) Déanfar na costaisí fé n-a raghaidh údarás sláintíochta fén Acht so do chruinniú agus d'íoc sa tslí ina ndeintear na costaisí fé n-a dtéigheann an t-údarás sláintíochta san fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, do chruinniú agus d'íoc, agus i gcás an bhúird sláinte do cheanntair sláinte contae déanfar iad do mhuirearú go cothrom ar iomlán an cheanntair sláinte contae sin.

(3) Gach costas fé n-a raghaidh oifigeach d'údarás sláintíochta do réir réasúin maidir le haon chúiseamh i gcionta fén Acht so déanfaidh an t-údarás sláintíochta don cheanntar sláintíochta ina ndearnadh an cionta san iad d'aisíoc leis.

Cosaint d'Achtanna eile bhaineann le bainne agus le déirithe.

18. —Ní dhéanfaidh éinní atá san Acht so dochar ná deifir d'aon achtachán eile bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh bainne agus déirithe.

Athghairm.

19. —Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.