An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT TORA DÉIRÍOCHTA (PRAGHAS DO DHÉANAMH SEASMHACH), 1935) Ar Aghaidh (CUID II. Dioltoiri Ime nach Im Uachtarlainne do Chlaru.)

21 1935

ACHT TORA DÉIRÍOCHTA (PRAGHAS DO DHÉANAMH SEASMHACH), 1935

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), 1935 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

cialluíonn an focal “uachtarlann” áitreabh atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann a coimeádtar do réir an Achta Tora Déiríochta, 1924 ( Uimh. 58 de 1924 ), no is abhar do cheadúnas fé alt 42 den Acht san;

cialluíonn an abairt “im uachtarlainne” im do rinneadh in uachtarlainn agus nár meascadh ina dhiaidh sin le haon im ná dearnadh in uachtarlainn;

cialluíonn an abairt “im nách im uachtarlainne” im nách im uachtarlainne;

cialluíonn an abairt “monarcha ime” áitreabh ina ndeintear mar ghnó im do mheascadh no d'ath-oibriú no do chur fé aon chóiriú eile, ach san i slí ná scuireann de bheith ina im;

cialluíonn an abairt “líomatáiste na mbeithíoch gCiarraigheach” an líomatáiste go mbeidh sé dearbhuithe ina thaobh de thurus na huaire le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht Síolrúcháin Eallach Stuic, 1925 (Uimh. 3 de 1925) tairbh de gach cinéal seachas an cinéal Ciarraigheach do bheith neamh-oiriúnach do;

cialluíonn an focal “cigire” duine go n-údarás i scríbhinn ón Aire (go generálta no chun críche áirithe) chun na gcomhacht d'fheidmhiú bronntar ar chigire leis an Acht so;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so.

Míniú ar thorthaí bainne.

3. —(1) Isiad na substaintí seo leanas agus ní haon tsubstaintí eile is torthaí bainne chun crícheanna an Achta so, sé sin le rá, uachtar stánuithe, uachtar scaoilte, cáis neamh-oibrithe, cáis oibrithe, bainne códhlúite, agus bainne triomuithe no bainne púdaruithe, agus fós gach substaint is tora bainne de thurus na huaire chun na gcrícheanna roimhráite de bhuadh orduithe do rinneadh fén alt so.

(2) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, a dhearbhú gur tora bainne chun crícheanna an Achta so aon tsubstaint (seachas im agus na substaintí luaidhtear go sonnrách sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so) do gheibhtear go díreach no go neadhíreach as bainne agus féadfaidh, le hordú, aon uair aon ordú den tsórt san do leasú no do cheiliúradh.

(3) Pé uair agus faid a bheidh ordú fén alt so i bhfeidhm á dhearbhú gur tora bainne chun crícheanna an Achta so substaint áirithe beidh an tsubstaint sin ina tora bainne chun na gcrícheanna san.

Rialacháin.

4. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén alt so no fé aon alt eile den Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar neambrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

An tAcht Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Sasmhach), 1932, do choimeád i bhfeidhm go leathrannach.

5. —(1) D'ainneoin an Achta Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), 1932 ( Uimh. 10 de 1932 ), do dhul in éag an 31adh lá de Mhárta, 1935, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas agus tuigfear iad do theacht i ngníomh díreach ar dhul in éag don Acht san agus éifeacht do bheith acu o dhul in éag don Acht san, sé sin le rá:—

(a) na dleachtanna uile do tháinig chun bheith dlite agus iníoctha roimh an Acht san do dhul in éag ach ná raibh íoctha ar an Acht san do dhul in éag beid iníoctha agus ionbhainte amach fén Acht san;

(b) go dtí go cuirfear deireadh do réir an Achta so leis an gciste ime atá á chothabháil fén Acht san is isteach sa chiste ime sin a híocfar na suimeanna uile gheobhaidh an tAire no bhainfe sé amach de bhuadh na míre deiridh sin roimhe seo den alt so agus as san amach is isteach sa chiste tora déiríochta (praghas do dhéanamh seasmhach) a híocfar iad;

(c) na deolchairí uile do bheadh iníoctha fén Acht san (dá mba ná raghadh sé in éag) alos earraí do heasportáladh o Shaorstát Éireann roimh an Acht san do dhul in éag ach nár híocadh roimh é dhul in éag amhlaidh beid iníoctha fén Acht san agus dá réir;

(d) go dtí go gcuirfear deireadh do réir an Achta so leis an gciste ime sin is amach as an gciste ime sin a híocfar na deolchairí uile is iníoctha de bhuadh na míre deiridh sin roimhe seo den alt so agus as san amach is amach as an gciste tora déiríochta (praghas do dhéanamh seasmhach) a híocfar iad;

(e) déanfar an ciste ime sin do chothabháil agus do bhainistí fén Acht san agus dá réir go dtí go gcuirfear deireadh leis do réir an Achta so;

(f) gach duine adeirtear do rinne cionta fé aon alt den Acht san roimh an Acht san do dhul in éag féadfar, tar éis an Achta san do dhul in éag amhlaidh, an cionta san do chur ina leith agus é do chúiseamh ann agus, má gheibhtear ciontach ann é, pionós do chur air mar gheall air do réir an Achta san;

(g) tuigfear an tAcht san do leanúint i bhfeidhm sa mhéid gur gá agus faid is gá chun lán-fheidhm agus lán-éifeacht do thabhairt d'fhorálacha an ailt seo.

(2) Ní luighfidh aicsean ná imeacht dlí eile ar bith, síbhialta ná coiriúil, ná ní bheidh aon aicsean ná imeacht dlí den tsórt san ionsuidhte i gcoinnibh na gCoimisinéirí Ioncuim ná i gcoinnibh aon oifigigh chustum agus máil i dtaobh ná alos aon ghnímh no ruda do rinneadh no déanfar, roimh an Acht so do rith no dá éis, ag na Coimisinéirí Ioncuim no ag aon oifigeach custum agus máil chun no le linn cosc do chur le haon earra d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann, i rith na tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1935, agus dar chríoch an 27adh lá d'Abrán, 1935, go mbeadh sé neadhleathach í d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann i rith na tréimhse sin gan ceadúnas chuige sin dá leanadh an tAcht Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), 1932 , i bhfeidhm ar feadh na tréimhse sin ar fad agus fós gach ordú do rinneadh fén Acht san agus do bhí i bhfeidhm an 31adh lá de Mhárta, 1935.