15 1935


Uimhir 15 de 1935.


ACHT TORTHAÍ TALMHAÍOCHTA (EASPORTÁIL DO RIALÁIL) (LEASÚ), 1935.


ACHT CHUN AN ACHTA TORTHAÍ TALMHAÍOCHTA (EASPORTÁIL DO RIALÁIL), 1933 , DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ. [12adh Abrán, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

“An Príomh-Acht.”

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Torthaí Talmhaíochta (Easportáil do Rialáil), 1933 (Uimh. 26 de 1933) .

Ailt 1 agus 2 den Phríomh-Acht do leasú.

2. —(1) Deintear leis seo an míniú ar an abairt “tora talmhaíochta” atá in alt 1 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “aon ainmhí, bainne, uachtar, uibhe, agus aon earra bhídh no dighe do rinneadh no do fuarthas, i bpáirt no go hiomlán, as aon tora den tsórt san no o aon ainmhí no as bainne, uachtar no uibhe, agus foluíonn sí cleití, olann seithí agus croicne ainmhithe” do chur in ionad na bhfocal “agus aon earra bhídh no dighe do rinneadh no do fuarthas, i bpáirt no go hiomlán, as aon tora den tsórt san agus lomraí agus seithí ainmhithe” agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige ag féachaint go cuibhe don atharú deintear ar an abairt sin leis an leasú san.

(2) Leasuítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach ann in ionad fo-ailt (1) atá anois ann agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

“(1) I gcás Rialtais aon tíre do bhunú aon chórais ag srianadh no ag rialú iomportála aon tora talmhaíochta áirithe isteach sa tír sin o Shaorstát Éireann no i gcás Rialtais aon tíre do dhéanamh aon chó-aontuithe no socruithe le Rialtas Shaorstáit Éireann tré n-ar ceaduithe no tré n-ar gá méid teoranta d'aon tora talmhaíochta áirithe d'iomportáil isteach sa tír sin o Shaorstát Éireann no tré n-a gcuirtear in usacht aon tora talmhaíochta áirithe d'iomportáil isteach sa tír sin o Shaorstát Éireann féadfaidh an tAire, pé uair agus a mhinicí is doich leis is ceart é, ordú do dhéanamh (dá ngairmtear ordú iomportála san Acht so) chun easportála aon tora talmhaíochta áirithe chun na tíre sin o Shaorstát Éireann do rialáil agus do stiúradh i pé slí chífear do is deallrathach a chuirfidh in áirithe go bhfuighfear an tairbhe is mó lomhálfaidh an córas sriantachta agus rialuithe sin no an có-aontú no an socrú san no is deallrathach a chuirfidh in áirithe go ndéanfar do réir an chó-aontuithe no an tsocruithe sin agus go sonnrách féadfaidh, gan dochar do gheneráltacht na forála san roimhe seo, socrú do dhéanamh, leis an ordú san, i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) daoine bhíonn ag easportáil an tortha san chun na tíre sin do chlárú;

(b) easportáil an tortha san chun na tíre sin o Shaorstát Éireann do rialú agus do shrianadh;

(c) easportáil aon tsaghsanna áirithe den tora san chun na tíre sin o Shaorstát Éireann do thoirmeasc;

(d) a thoirmeasc ar éinne seachas an tAire, no pé duine no daoine údaróidh sé o am go ham, an tora san d'easportáil chun na tíre sin o Shaorstát Éireann;

(e) an tAire do dhéanamh orduithe o am go ham ag ceapadh tréimhsí áirithe chun bheith ina dtréimhsí quota chun crícheanna an orduithe sin agus ag ceapadh caindíochtaí áirithe den tora san chun bheith ina quotaí in aghaidh na dtréimhsí quota san;

(f) a cheangal ar dhaoine cláruithe easportáil do dhéanamh chun na tíre sin, i rith aon tréimhse no tréimhsí quota a ceapfar chun crícheanna an orduithe sin, ar chaindíocht áirithe den tora san nách mó ná an chaindíocht a bheidh geallta ag na daoine sin fé seach a easportáil chun na tíre sin i rith na tréimhse no na dtréimhsí sin;

(g) aon easportáil eile chun na tíre sin, a bheidh ceaduithe mar mhalairt de thurus na huaire, do rialáil agus do stiúradh;

(h) a chur in áirithe go dtabharfar tuairisceáin;

(i) a shocrú sáruithe áirithe ar an ordú san do bheith ina gciontaí is inphionósuithe ar dhaoine do chiontú ionta ar an slí achmair, agus na pionóisí do cheapadh a gheobhaidh leis na ciontaí sin.”

(3) Beidh agus tuigfear go raibh éifeacht ag fo-ailt (1) agus (2) den alt so o dháta an Phríomh-Achta do rith.

(4) Gach ordú do rinneadh fé fho-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht roimh dháta an Achta so do rith agus atá i bhfeidhm ar an dáta san leanfa sé i bhfeidhm agus tuigfear go ndearnadh é go cuibhe fén bPríomh-Acht, mar a leasuítear é leis an Acht so, agus beidh sé ina ordú easportála do réir bhrí an Phríomh-Achta, mar a leasuítear é amhlaidh.

Feidhmeanna an Aire Talmhaíochta d'aistriú chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála.

3. —(1) Féadfaidh an Ard-Chomhairle, o am go ham, le hordú, na feidhmeanna, na comhachta agus na dualgaisí uile fé seach a bronntar no forchuirtear leis an bPríomh-Acht, mar a leasuítear é leis an Acht so, ar an Aire Talmhaíochta d'aistriú chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus do dhílsiú ann sa mhéid go mbaineann na feidhmeanna, na comhachta agus na dualgaisí sin le tora no torthaí talmhaíochta luadhfar san ordú san.

(2) Pé uair a bheidh feidhmeanna, comhachta, agus dualgaisí an Aire Talmhaíochta fén bPríomh-Acht, mar a leasuítear é leis an Acht so, maidir le haon tora talmhaíochta áirithe, dílsithe de thurus na huaire san Aire Tionnscail agus Tráchtála de bhuadh orduithe fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú, na feidhmeanna, na comhachta agus na dualgaisí sin fé seach d'ath-aistriú chun an Aire Talmhaíochta agus d'ath-dhílsiú ann, sa mhéid go mbainid leis an tora talmhaíochta áirithe sin.

(3) Féadfaidh an Ard-Chomhairle aon uair, le hordú, aon ordú do rinneadh roimhe sin fén alt so do leasú.

(4) Pé uair agus faid a bheidh na feidhmeanna, na comhachta agus na dualgaisí bronntar no forchuirtear ar an Aire Talmhaíochta leis an bPríomh-Acht, mar a leasuítear é leis an Acht so, dílsithe, sa mhéid go mbainid le tora talmhaíochta áirithe, san Aire Tionnscail agus Tráchtála de bhuadh orduithe do rinneadh fén alt so ní bheidh feidhm ná éifeacht, maidir leis an tora talmhaíochta áirithe sin, ag an méid sin den Phríomh-Acht a mhíníonn an abairt “an tAire” mar abairt a chialluíonn an tAire Talmhaíochta agus ina ionad san, sa Phríomh-Acht mar a leasuítear é leis an Acht so, ciallóidh an abairt sin, maidir leis an tora talmhaíochta áirithe sin, an tAire Tionnscail agus Tráchtála agus déanfar an Príomh-Acht, mar a leasuítear é leis an Acht so, do leiriú agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(5) Ní dhéanfaidh aon aistriú ná ath-aistriú déanfar fén alt so ar fheidhmeanna, ar chomhachta agus ar dhualgaisí dochar ná deifir do dhleathacht, d'oibriú ná do ré aon orduithe no ní (agus áireamh de dhéanamh ar ordú no ar ní do rinneadh roimh an Acht so do rith) do rinne an tAire, ina raibh na feidhmeanna agus na comhachta agus na dualgaisí sin dílsithe de thurus na huaire, i bhfeidhmiú no i gcólíonadh na bhfeidhmeanna agus na gcomhacht agus na ndualgaisí sin roimh an aistriú no roimh an athaistriú san (pe'ca aca é) agus léireofar tagairtí in aon ordú den tsórt san don Aire do rinne an t-ordú san agus beidh éifeacht acu mar thagairtí don Aire ina mbeidh na feidhmeanna, na comhachta agus na dualgaisí sin dílsithe de thurus na huaire.

Costaisí.

4. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire Talmhaíochta no an tAire Tionnscail agus Tráchtála fén bPríomh-Acht, mar a leasuítear é leis an Acht so.

Gearr-theideal agus luadh.

5. —Féadfar an tAcht Torthaí Talmhaíochta (Easportáil do Rialáil) (Leasú), 1935 , do ghairm den Acht so agus féadfar na hAchtanna Torthaí Talmhaíochta (Easportáil do Rialáil), 1933 agus 1935, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.