8 1935


Uimhir 8 de 1935.


ACHT PRÍMH-CHISTE, 1935.


ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍCHEANNA AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD A CÚIG TRIOCHAD AGUS MÍLE NAOI gCÉAD A SÉ TRIOCHAD. [28adh Márta, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

£2,170,047 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31adh Márta, 1935.

1. —Féadfaidh an tAire Airgid suim Dhá Mhilleon, Céad agus Seachtó Míle, agus Seacht bPúint Cheathrachad do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a cúig triochad.

£10,172,000 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31adh Márta, 1936.

2. —Féadfaidh an tAire Airgid suim Dheich Milleon agus Céad agus Dhá Mhíle Sheachtód Púnt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a sé triochad.

Comhacht an Aire Airgid chun iasacht d'fháil.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgid aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar Dhá Mhilleon Déag, Trí Chéad agus Dhá Mhíle Cheathrachad agus Seacht bPúint Cheathrachad d'fháil ar iasacht o aon duine agus féadfaidh Banc na hÉireann an tsuim no na suimeanna san do roimh-íce leis an Aire Airgid agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire Airgid aon urúsanna do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis is oiriúnach leis agus fé pé coinníollacha is oiriúnach leis i dtaobh aisíoca, fuascailte no aon ní eile.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urúsanna do bhéarfar amach fén Acht so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh na n-urús san do thabhairt amach.

(3) Aon airgead a soláthrófar de bharr urúsanna do bhéarfar amach fén Acht so cuirfear é chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí i na mbeidh an Ciste sin ar fáil.

Gearr-theideal

4. —Féadfar an tAcht Prímh-Chiste, 1935 , do ghairm den Acht so.