45 1934


Uimhir 45 de 1934.


ACHT UM IOMPAR DE MHUIR (EARRAÍ TROMA), 1934.


ACHT CHUN É DO DHÉANAMH ÉIGEANTA A MOR- MHEACHAINT DO MHARCÁIL AR EARRAÍ BHEIDH LE hIOMPAR DE MHUIR NO D'UISCE INTÍRE AGUS DAR MOR-MHEACHAINT MÍLE CILOGRAM NO NÍOS MO. [21adh Mí na Nodlag, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Toirmeasc ar earraí troma áirithe do ládáil, etc.

1. —(1) Ní bheidh sé dleathach aon phacáiste ná earra dar mórmheáchaint míle cílogram no níos mó do ládáil ná tabhairt fé n-a ládáil isteach in aon luing, báirse, ná árthach eile chun é d'iompar de mhuir no d'uisce-bhealach intíre o phort no o áit eile i Saorstát Éireann (pe'ca go dtí port no áit eile i Saorstát Éireann é no go dtí port no áit eile lasmuich de Shaorstát Éireann), mara mbeidh mór-mheáchaint cheart an phacáiste no na hearra san marcálta go soiléir agus go buan ar an dtaobh amuich den phacáiste no den earra san le linn an phacáiste no na hearra san do ládáil isteach sa luing, sa bháirse, no san árthach eile sin.

(2) Ní bheidh sé dleathach aon phacáiste ná earra dar mórmheáchaint míle cílogram no níos mó d'easportáil ná tabhairt fé n-a easportáil amach as Saorstát Éireann trasna talamh-theorann chun é d'iompar (ag tosnú lasmuich de Shaorstát Éireann) de mhuir no d'uisce-bhealach intíre mara mbeidh mór-mheáchaint cheart an phacáiste no na hearra san marcálta go soiléir agus go buan ar an dtaobh amuich den phacáiste no den earra san le linn an phacáiste no na hearra san d'easportáil amhlaidh.

(3) Más rud é, toisc méid no saghas no déanamh an phacáiste no na hearra no toisc éinní eile, ná beidh sé réasúnta saoráideach a fháil amach cadé mór-mheáchaint chruinn an phacáiste no na hearra san gur gá do réir an ailt seo a mhór-mheáchaint cheart do mharcáil air, is leor chun an ailt seo do chólíonadh mórmheáchaint achmair an phacáiste no na hearra san, ar n-a déanamh amach no ar n-a meas chó cruinn agus is féidir é do réir réasúin i gcursaí an cháis, do mharcáil ar an bpacáiste no ar an earra san do réir an ailt seo.

(4) Pé uair a ládálfar pacáiste no earra isteach i luing no i mbáirse no in árthach eile no a déanfar iarracht air, no a heasportálfar pacáiste no earra no a déanfar iarracht air, contrárdha don alt so, ansan, an té dhéanfaidh, no go ndéanfaidh a sheirbhíseach no a ghníomhaire, an pacáiste no an earra san do chonsighniú i Saorstát Éireann chun é d'iompar ar an árthach san no chun é d'easportáil amhlaidh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(5) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no féadfar ar agra an Aire sin gach cionta fén alt so do chúiseamh.

(6) San alt so foluíonn an focal “consighniú” connradh do dhéanamh le hiompróir chun earraí d'iompar.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht um Iompar de Mhuir (Earraí Troma), 1934 , do ghairm den Acht so.