An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Cuid IV den Acht so d'Fheidhmiu.)

41 1934

ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1934

CUID II.

An Priomh-Acht agus an tAcht Tora Talmhaiochta (Arbhar) (Leasu), 1933 , do Leasu agus do Leathnu.

Léiriú Coda II.

4. —Gach focal agus abairt a húsáidtear sa Chuid seo den Acht so agus go gcuireann an Príomh-Acht brí áirithe leo chun crícheanna an Achta san tá leo san Acht so na bríonna cuirtear leo amhlaidh.

An míniú ar “plúr” sa Phríomh-Acht do leasú.

5. —Deintear leis seo an míniú ar an bhfocal “plúr” atá in alt 3 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “an mhioniarmairt a gheibhtear tré ghealachán meilte na heithne cruithneachtan do chriathairt tré éadach chriathrach nách gairbhe ná éadach criathrach caigdheánach Uimh. 9 ar bhran agus pollard na cruithneachtan do dhealú leis tré oibrithe oiriúnacha muilneoireachta” do chur in ionad na bhfocal “plúr ar bith a gheibhtear as cruithneachtain ach ní fholuíonn sé min a gheibhtear as cruithneachtain ná turscar cruithneachtan” atá anois ann, agus léireofar an Príomh-Acht agus an Chuid seo den Acht so agus beidh éifeacht acu ag féachaint go cuibhe don atharú dheineann an leasú san ar an abairt sin.

An quota in aghaidh na roimh-thréimhse quota d'atharú.

6. —I gcás ordú do bheith déanta fé alt 27 den Príomh-Acht ag ceapadh an quota do mhuileann in aghaidh na roimh-thréimhse quota don mhuileann san féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le hordú, roimh an 1adh lá d'Iúl sa roimh-thréimhse quota san, an quota san do mhéadú no do laigheadú agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san maidir le muileann isé is quota don mhuileann san in aghaidh na roimh-thréimhse, d'ainneoin éinní atá in alt 27 den Príomh-Acht agus chun crícheanna an Phríomh-Achta, ná an quota do ceapadh leis an ordú san a céadluaidhtear agus é méaduithe no laigheaduithe leis an ordú san is déanaí luaidhtear.

Alt 28 den Phríomh-Acht do leasú.

7. —(1) Deintear leis seo alt 28 den Phríomh-Acht do leasú ar na slite seo leanas agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “iomlán an quota no” do chur isteach i bhfo-alt (2) den alt san roimh na focail “cion áirithe luadhfar den quota” atá anois sa bhfo-alt san; agus

(b) tré sna focail “nách mó ná an méid a luadhfar sa cheadúnas san” do chur isteach sa bhfo-alt san (2) in ionad na bhfocal “nách mó ná an cion san” atá anois sa bhfo-alt san.

(2) Beidh agus tuigfar go raibh éifeacht ag an alt so o thosach feidhme Coda II den Phríomh-Acht.

An iomarca mine cruithneachtan do dhéanamh.

8. —(1) Má dheineann éinne is sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta alos muilinn áirithe agus dar deonadh ceadúnas fé fho-alt (2) d'alt 28 den Phríomh-Acht, mar a leasuítear san leis an Acht so, á údarú dho cion áirithe luaidhte den quota don mhuileann san in aghaidh na roimh-thréimhse quota no in aghaidh bliana quota áirithe do mheilt ina mhin chruithneachtan, níos mó cruithneachtan ná mar do luadhadh sa cheadúnas san is déanaí luadhadh do mheilt ina mhin chruithneachtan i rith na roimhthréimhse no na bliana san sa mhuileann san beidh an sealbhóir sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid III den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

(2) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no féadfar ar agra an Aire sin, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh.

Alt 30 den Phríomh-Acht do leasú.

9. —(1) Leasuítear leis seo alt 30 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach ann in ionad fo-ailt (1), mar a leasuítear san le halt 7 den Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar) (Leasú), 1933 ( Uimh. 49 de 1933 ), atá anois ann agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

“(1) Más rud é, in aon roimh-thréimhse quota no in aon bhliain quota do mhuileann go mbeidh ceadúnas muilneoir eachta i bhfeidhm maidir leis i rith na tréimhse no na bliana san, go meilfear sa mhuileann san níos mó cruithneachtan ná an quota don mhuileann san in aghaidh na tréimhse no na bliana san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) maran mó ná míle cruithneachtan an quota don mhuileann san in aghaidh na tréimhse no na bliana san agus gur mó ná míle barraille cruithneachtan an méid cruithneachtan a meilfear sa mhuileann san i rith na tréimhse no na bliana san déanfaidh sealbhóir an cheadúnais sin, fé réir forálacha míre (c) den fho-alt so, i gceann na tréimhse no na bliana san, suim d'íoc leis an Aire a háirmheofar do réir trí scillinge in aghaidh gach ceithre chéad púnt cruithneachtan de bhreis ar mhíle barraille, do meileadh sa mhuileann san i rith na tréimhse no na bliana san;

(b) más mó ná míle barraille cruithneachtan an quota don mhuileann san in aghaidh na tréimhse no na bliana san íocfaidh sealbhóir an cheadúnais mhuilneoireachta san leis an Aire, fé réir forálacha míre (c) den fho-alt so, i gceann na tréimhse no na bliana san—

(i) maran mó ná trí mhíle barraille an deifríocht (dá ngairmtear an deifríocht san sa bhfo-alt so) idir an quota don mhuileann san in aghaidh na tréimhse no na bliana san agus an méid cruithneachtan a meilfear ina phlúr sa mhuileann san i rith na tréimhse no na bliana san, suim a háirmheofar do réir trí scillinge in aghaidh gach ceithre chéad púnt cruithneachtan, de bhreis ar an quota, do meileadh sa mhuileann san i rith na tréimhse no na bliana san, agus

(ii) más mó an deifríocht san ná trí mhíle barraile ach nách mó í ná ceithre mhíle barraille, suim is có-ionann le hiomlán na suimeanna so leanas, eadhon, trí chéad agus cúig púint déag agus suim a háirmheofar do réir cúig scillinge in aghaidh gach ceithre chéad púnt cruithneachtan, de bhreis ar trí mhíle barraille, do meileadh sa mhuileann san i rith na tréimhse no na bliana san,

(iii) más mó an deifríocht san ná ceithre mhíle barraille ach nách mó í ná cúig mhíle bar raille, suim is có-ionann le hiomlán na suimeanna so leanas, eadhon, ceithre chéad agus nócha púnt agus suim a háirmheofar do réir deich scillinge in aghaidh gach ceithre chéad púnt cruithneachtan, de bhreis ar cheithre mhíle barraille, do meileadh sa mhuileann san i rith na tréimhse no na bliana san,

(iv) más mó an deifríocht san ná cúig mhíle barraille ach nách mó í ná sé mhíle barraille, suim is có-ionann le hiomlán na suimeanna so leanas, eadhon, ocht gcéad agus dachad púnt agus suim a háirmheofar do réir fiche scilling in aghaidh gach ceithre chéad púnt cruithneachtan, de bhreis ar chúig mhíle barraille, do meileadh sa mhuileann san i rith na tréimhse no na bliana san,

(v) más mó an deifríocht san ná sé mhíle barraille, suim is có-ionann le hiomlán na suimeanna so leanas, eadhon, míle cúig céad agus dachad púnt agus suim a háirmheofar do réir triocha scilling in aghaidh gach ceithre chéad púnt cruithneachtan, de bhreis ar shé mhíle barraille, do meileadh sa mhuileann san i rith na tréimhse no na bliana san;

(c) má chuireann sealbhóir an cheadúnais sin ina luighe ar an Aire gur easportáil sé, i rith na tréimhse no na bliana san, plúr do meileadh as cruithneachtain sa mhuileann san i rith na tréimhse no na bliana san, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a mheas gurb é is quota don mhuileann san chun crícheanna an fho-ailt seo, ach ní chun aon chríche eile, ná an quota don mhuileann san in aghaidh na tréimhse no na bliana san maraon le hoiread cruithneachtan agus is có-ionann, dar leis an Aire, leis an gcruithneachtain as a bhfuarthas an plúr do heasportáladh amhlaidh.”

(2) Beidh agus tuigfear go raibh éifeacht ag an mír seo ón 1adh lá de Lúnasa, 1934.

Alt 31 den Phríomh-Acht do leasú.

10. —Leasuítear leis seo alt 31 den Phríomh-Acht tré sna focail “no chuirfidh síos in aon chuntas den tsórt san éinní bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach,” do chur isteach i bhfo-alt (2) den alt san i ndiaidh na bhfocal “ar gach slí” atá anois ann, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 32 den Phríomh-Acht do leasú.

11. —Nuair a bheidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála ag déanamh rialachán i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar i bhfo-alt 1 d'alt 32 den Phríomh-Acht mar ní no mar rud atá orduithe féadfa sé rialacháin deifriúla do dhéanamh i dtaobh muilte nách mó ná míle barraille cruithneachtan is quota dhóibh agus i dtaobh muilte eile.

Breacacháin bhreise choimeádfaidh sealbhóirí ceadúnaisí muilneoireachta.

12. —(1) I dteanta aon bhreacachán is gá dho, do réir an Phríomh-Achta no aon fhorála eile den Acht so, do choimeád beidh sé de dhualgas ar gach duine is sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta breacachán do choimeád, i pé áit a cheapfaidh agus i pé fuirm ordóidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, i dtaobh na cruithneachtan go léir a cheannóidh sé agus, laistigh de cheithre huaire fichead a' chluig tar éis aon cheannach den tsórt san do dhéanamh, pé mion-innste i dtaobh an cheannaigh sin ordóidh an tAire d'iontráil sa bhreacachán san.

(2) Fé réir na n-atharuithe seo leanas beidh feidhm ag fo-ailt (2) (3) agus (4) d'alt 32 den Phríomh-Acht maidir le breacacháin is gá do réir an ailt seo do choimeád fé mar atá feidhm ag na fo-ailt sin maidir le breacacháin is gá do réir fo-ailt (1) den alt san 32 do choimeád, sé sin le rá:—

(a) déanfar na tagairtí atá i míreanna (b), (c), agus (e) den fho-alt san (4) don áit cheaptha do léiriú mar thagairt don áit a cheapfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála fé fho-alt (1) den alt so, agus

(b) ní bheidh feidhm ag mír (d) den fho-alt san (4).

Alt 34 den Phríomh-Acht do leasú.

13. —(1) Léireofar alt 34 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na focail “laistigh de sheacht lá tar éis an fhógra san do sheirbheáil” do chur i mír (b) d'fho-alt (3) den alt san in ionad na bhfocal “sara dtéighidh an fógra san in éag” sa dá áit ina bhfuil na focail sin anois inti.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach fiosrúchán a déanfar fé fho-mhír (ii) de mhír (b) d'fho-alt (3) d'alt 34 den Phríomh-Acht, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála duine ceart oiriúnach do cheapadh chun an fhiosrúcháin sin do dhéanamh agus beidh de chomhacht ag an té ceapfar amhlaidh fianaise do ghlacadh fé mhionn agus údaruítear do leis seo daoine do chur fé mhionn;

(b) déanfaidh an tAire sin fógra i dtaobh an ama agus na háite ina ndéanfar an fiosrúchán san do thabhairt don té gur mar gheall air a bheidh an fiosrúchán san le déanamh agus beidh an duine sin i dteideal teacht i láthair le linn an fhiosrúcháin sin tré abhcóide no tré atúrnae agus fianaise do thabhairt ar áird.

Ceadúnaisí muilneoireachta do cheiliúradh.

14. —Má ciontuítear sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta i gcionta fé alt ar bith den Acht so tuigfear, chun crícheanna ailt 34 den Phríomh-Acht, gur ciontuíodh an sealbhóir sin i gcionta fén bPríomh-Acht agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an alt san 34 mar a leasuítear leis an Acht so é.

Nithe bhaineas le muilneoireacht phlúir d'fhoillsiú.

15. —(1) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála na nithe seo leanas d'fhoillsiú i pé slí is oiriúnach leis:—

(a) mion-innste i dtaobh gach ceadúnais no aon cheadúnais mhuilneoireachta agus gach ceada no aon cheada mhuilneoireachta (cruithneacht dúthchais) a bheidh tugtha amach aige;

(b) fógra i dtaobh é do dhéanamh nea-mbríochainte no atharuithe ar cheadúnas mhuilneoireachta no ar chead mhuilneoireachta (cruithneacht dúthchais).

(2) Ní déanfar aon chuntas áirithe ná aon chuid áirithe de chuntas do bhéarfar do réir Choda II den Phríomh-Acht d'fhoillsiú ná do nochtadh ach amháin chun crícheanna cúisimh fén bPríomh-Acht no fén Acht so.

(3) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála o am go ham pé eolas staitistíochta is oiriúnach leis do bhailiú agus d'fhoillsiú (agus staitistíocht as cuntaisí do cuireadh chuige do réir Choda II den Phríomh-Acht d'áireamh) i dtaobh méid na ngnóthaí bheidh ar siúl ag sealbhóirí ceadúnaisí muilneoireachta agus ceadanna muilneoireachta (cruithneacht dúthcais).

(4) Chó fada agus is féidir san do réir réasúin, ní bheidh in aon eolas staitistíochta foillseofar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo mion-innste ar bith do chuirfeadh ar chumas éinne a aithint cé hé an duine áirithe no cadé an gnó no an cúram áirithe le n-a mbaineann na mion-innste sin mara bhfaghtar cead i scríbhinn chuige ón duine sin no o dhílseánach an ghnótha no an chúraim sin.

Alt 36 den Phríomh-Acht do do leasú.

16. —(1) Leasuítear leis seo alt 36 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach ann in ionad fo-ailt (1) atá anois ann agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

“(1) Féadfaidh an tAire más oiriúnach leis é, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, cead (da ngairm tear cead muilneoireachta (cruithneacht dúthchais) san alt so) do dheonadh d'éinne chun cruithneachtan dúthchais do mheilt in aon mhuileann áirithe seachas i muileann gur sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta an duine sin maidir leis.”

(2) Beidh agus tuigfear go raibh éifeacht ag an alt so o thosach feidhme Coda II den Phríomh-Acht.

Alt 54 den Phríomh-Acht do leasú.

17. —Léireofár fo-alt (2) d'alt 54 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na focail “ainm an duine sin do chur sa chlár san in ionad ainme an duine do bhí cláruithe cheana ann” do chur isteach in ionad na bhfocal “an iontráil a bheidh ar an áitreabh san sa chlár san do scriosadh amach agus an duine sin do chlárú sa chlár san alos an áitreibh sin” atá anois ann.

Ailt 55 agus 57 den Phríomh-Acht do leasú.

18. —(1) Scuirfidh alt 55 den Phríomh-Acht d'fheidhm do bheith aige maidir le déantóirí cláruithe abhar beathadh cumaiscthe.

(2) Leasuítear leis seo alt 55 den Phríomh-Acht tré sna focail “no chuirfidh síos in aon chuntas den tsórt san éinní bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach,” do chur isteach i bhfo-alt (3) den alt san i ndiaidh na bhfocal “ar gach slí” atá anois ann, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(3) Scuirfidh alt 57 den Phríomh-Acht d'fheidhm do bheith aige maidir le daoine bheidh cláruithe i gclár na ndéantóirí abhar beathadh cumaiscthe, le háitreabh a bheidh iontrálta sa chlár san, agus le déantóirí cláruithe abhar beathadh cumaiscthe.

(4) Leasuítear leis seo alt 57 den Phríomh-Acht tré sna focail “i dtaobh na gcaindíocht de mheascán mhine buidhe do tugadh chun an áitreibh sin” do chur isteach i mír (c) d'fho-alt 2 den alt san i ndiaidh na bhfocal “ina meascán mine buidhe san áitreabh san” atá anois sa mhír sin, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 58 den Phríomh-Acht do leasú.

19. —Leasuítear leis seo alt 58 den Phríomh-Acht tré mhír (a) d'fho-alt (4) den alt san do scriosadh amach agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 61 den Phríomh-Acht do leasú.

20. —(1) Léireofar alt 61 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí—

(a) an mhír seo leanas do chur i bhfo-alt (4) den alt san in ionad míre (e) atá anois ann, sé sin le rá:—

“(e) gur dóich leis an Aire ceart go ndearna an duine atá cláruithe sa chlár san aon tsárú (pe'ca tré ghníomh no tré fhaillí é) ar an Acht so no ar aon rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so,” agus

(b) na focail “laistigh de sheacht lá tar éis an fhógra san do sheirbheáil” do chur i mír (b) d'fho-alt (5) den alt san in ionad na bhfocal “sara dtéighidh an fógra san in éag” sa dá áit ina bhfuil na focail sin anois inti.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach fiosrúchán a déanfar fé fho-mhír (ii) de mhír (b) d'fho-alt (5) d'alt 61 den Phríomh-Acht, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an tAire chuirfidh fé ndeár an fiosrúchán san do dhéanamh duine ceart oiriúnach do cheapadh chun an fhiosrúcháin sin do dhéanamh agus beidh de chomacht ag an té ceapfar amhlaidh fianaise do ghlacadh fé mhionn agus údaruítear do leis seo daoine do chur fé mhionn;

(b) déanfaidh an tAire sin fógra i dtaobh an ama agus na háite ina ndéanfar an fiosrúchán san do thabhairt don té gur mar gheall air a bheidh an fiosrúchán san le déanamh agus beidh an duine sin i dteideal teacht i láthair le linn an fhiosrúcháin sin tré abhcóide no tré atúrnae agus fianaise do thabhairt ar áird.

Alt 68 den Phríomh-Acht do leasú.

21. —(1) Leasuítear leis seo mír (c) de Chuid I den fhuirm atá leagtha amach i bhfo-alt (1) d'alt 68 den Phríomh-Acht tré sna focail “na tréimhse do horduíodh le toiliú an Aire Airgid maidir leis an mbliain” do chur in ionad na bhfocal “na ráithe díreach roimh thosach na bliana” atá anois ann.

(2) I gcás—

(a) ina ndéanfaidh duine ar bith aon chruithneacht dúthchais inmheilte do dhíol le sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta, agus

(b) ina mbeidh beartuithe, i dtaobh an phlúir no na mine a gheobhfar as an gcruithneachtain sin tar éis a meilte, an sealbhóir sin dá dhíol leis an duine sin,

ansan, d'ainneoin éinní atá in alt 68 den Phríomh-Acht, ní déanfar aon deimhniú díola (cruithneacht dúthchais) maidir le díol na cruithneachtan san.

(3) Má deintear deimhniú díola (cruithneacht dúthchais) contrárdha don alt so beidh gach duine de lucht déanta an deimhnithe sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

(4) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh.

Alt 70 den Phríomh-Acht do leasú.

22. —Nuair a beifear á chinneadh cé méid an barraille do híocadh ar chruithneachtain dúthchais inmheilte do díoladh i rith aon tsaosúir dhíola (cruithneacht) ní bacfar le codán de phingin is lugha ná leath-phingin agus áirmheofar mar phingin gach codán de phingin is có-ionann le leath-phingin no is mó ná leath-phingin.

Alt 71 den Phríomh-Acht do leasú.

23. —(1) Ní bheidh aon deolchaire chruithneachtan iníoctha fé alt 71 den Phríomh-Acht ar aon chodán de bharraille chruithneachtan.

(2) Más rud é—

(a) go ndíolfaidh duine ar bith cruithneacht dúthchais inmheilte le sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta, agus

(b) go mbeadh an duine sin, mara mbeadh an fo-alt so, i dteideal deolchaire chruithneachtan d'íoc leis alos na cruithneachtan san, agus

(c) go ndíolfaidh an sealbhóir sin leis an duine sin cuid den phlúr no den mhin no an plúr no an mhin go léir a gheobhfar as an gcruthneachtain sin agus as an gcruithneachtain sin amháin,

ansan, d'ainneoin éinní atá in alt 71 den Phríomh-Acht, ní híocfar aon deolchaire chruithneachtan leis an duine sin alos na cruithneachtan san.

(3) Leasuítear leis seo alt 71 den Phríomh-Acht ar na slite seo leanas agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “tréimhse do horduíodh le toiliú an Aire Airgid maidir leis an mbliain” do chur i bhfo-alt (1) den alt san in ionad na bhfocal “ráithe roimh thosach na bliana” atá anois ann; agus

(b) tré sna focail “tréimhse do horduíodh le toiliú an Aire Airgid maidir leis an mbliain” do chur i mír (a) d'fho-alt (2) den alt san in ionad na bhfocal “ráithe díreach roimh thosach na bliana” atá anois inti.

Alt 80 den Phríomh-Acht do leasú.

24. —Leasuítear leis seo alt 80 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach in ionad fo-ailt (2) atá anois ann agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

“  (2)  Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith, seachas iomportálaí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe, aon chruithneacht Indiathach do dhíol ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh ag an Aire.”

Alt 82 den Phríomh-Acht do leasú.

25. —Leasuítear leis seo alt 82 den Phríomh-Acht ar na slite seo leanas agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “eithní coirce” do chur i bhfo-ailt (1) agus (3) den alt san in ionad na bhfocal “na heithní amháin de choirce” in aon áit ina bhfuil na focail deiridh sin ionta; agus

(b) tríd an bhfo-alt nua so leanas do chur isteach i ndeireadh an ailt sin, sé sin le rá:—

“(6) San alt so cialluíonn an abairt “eithne choirce” an chuid fhanann de ghráinne choirce tar éis an ghráinne sin do chur fé oibriú tré n-a mbaintear an cáithne den ghráinne choirce sin ar fad no sa mhéid nách mó meáchaint na coda fhanann den cháithne sin ná dó go leith per cent. de mheáchaint na coda san fhanann den ghráinne choirce sin tar éis a churtha fén oibriú san.”

Alt 83 den Phríomh-Acht do leasú.

26. —Leasuítear leis seo alt 83 den Phríomh-Acht tré sna focail “agus ainm agus seoladh an déantóra clóbhuailte ar an bpacáiste sin no ar dhuillín a bheidh ceangailte go daingean de” do chur isteach i mír (a) d'fho-alt (1) den alt san i ndiaidh an fhocail “bpacáiste” atá anois inti agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 85 den Phríomh-Acht do leasú.

27. —Leasuítear leis seo alt 85 den Phríomh-Acht tré mhír (a) d'fho-alt (1) den alt san do scriosadh amach agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 86 den Phríomh-Acht do leasú.

28. —Leasuítear leis seo alt 86 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach ann in ionad fo-ailt (1) den alt san atá anois ann agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

“(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon earra d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann go n-úsáidtear cruithneacht no toradh cruithneachtan chun a déanta maran rud é—

(a) gur fé cheadúnas agus do réir cheadúnais do dheon an tAire Tionnscail agus Tráchtála fén gCuid seo den Acht so a hiomportálfar an earra san, no

(b) gur lugha ná cúig púint meáchaint na hearra san agus gur lugha a luach ná deich scillinge agus gur mar éifeachtaí príobháideacha i mbagáiste paisnéara a hiomportálfar í no gur tré phost na mbeart a hiomportálfar í agus go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim gur cuireadh í o dhuine nách trádálaí dheighleálann in earraí dá sórt agus go bhfuil sí beartuithe mar bhronntanas chun úsáide pearsanta an té chun a bhfuil sí dírithe.”

Alt 92 den Phríomh-Acht do leasú.

29. —Leasuítear leis seo alt 92 den Phríomh-Acht tríd an mír seo leanas do chur isteach i bhfo-alt (1) den alt san in ionad míreanna (c), (d), (e), agus (f) den fho-alt san atá anois ann agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

“(c) aon earra go n-úsáidtear cruithneacht no aon toradh cruithneachtan chun í d'ullamhú.”

Forálacha maidir le habhair bheathadh chumaiscthe do dhíol.

30. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon abhar beathadh cumaiscthe do dhíol, do thaisbeáint chun a dhíolta, ná do thairisgint chun a dhíolta maran rud é—

(a) i gcás abhair bheathadh chumaiscthe ná dearnadh i Saorstát Éireann, go mbeidh clóbhuailte ar an bpacáiste ina mbeidh an t-abhar beathadh cumaiscthe sin no ar dhuillín a bheidh ceangailte go daingean den phacáiste sin ainm agus seoladh an déantóra maraon le ráiteas sa bhfuirm orduithe á rá gur hiomportáladh an t-abhar beathadh cumaiscthe sin isteach i Saorstát Éireann fé cheadúnas do thug an tAire Talmhaíochta amach, agus

(b) i gcás abhair bheathadh chumaiscthe do rinneadh i Saorstát Éireann, go mbeidh clóbhuailte ar an bpacáiste ina mbeidh an t-abhar beathadh cumaiscthe sin no ar dhuillín a bheidh ceangailte go daingean den phacáiste sin ráiteas sa bhfuirm orduithe á rá go ndearnadh an t-abhar beathadh cumaiscthe sin i Saorstát Éireann fé cheadúnas do thug an tAire Talmhaíochta amach, maraon le huimhir an cheadúnais sin.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

(3) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh na fuirme dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt so mar fhuirm orduithe agus cialluíonn an focal “orduithe” sa bhfo-alt san orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén bhfo-alt so.

(4) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta no féadfar ar agra an Aire sin, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh.

Srian le sealbhóirí ceadúnaisí muilneoireachta d'ath-dhíol cruithneachtan iomportálta.

31. —(1) Más cheannuíonn sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta aon chruithneacht iomportálta o iomportálaí cláruithe cruithneachtan ní bheidh sé dleathach don tsealbhóir sin an chruithneacht san do dhíol ná an chruithneacht san do chur de láimh ar shlí eile seachas tré mheilt ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais do dheon an tAire Talmhaíochta fén alt so.

(2) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta pé coinníollacha is oiriúnach leis do chur le haon cheadúnas a deonfar fén alt so agus féadfaidh an ceadúnas san do cheiliúradh aon uair.

(3) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

(4) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta no féadfar ar agra an Aire sin, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh.

Forálacha áirithe den Phríomh-Acht d'athghairm.

32. —Athghairmtear leis seo na forálacha so leanas den Phríomh-Acht, sé sin le rá, fo-alt (4) d'alt 98 agus ailt 102, 103 agus 104.

Forálacha airgeadais maidir le Cuid VIII den Phríomh-Acht.

33. —(1) Íocfar isteach sa Stát-Chiste no cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid an t-airgead go léir (seachas airgead a sholáthróidh an tOireachtas) do gheobhaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála mar gheall ar aon ghnó bheidh ar siúl aige fé Chuid VIII den Phríomh-Acht.

(2) Íocfar isteach sa Stát-Chiste no cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid an t-airgead go léir (seachas airgead a sholáthróidh an tOireachtas) do gheobhaidh an tAire Talmhaíochta mar gheall ar aon ghnó bheidh ar siúl aige fé Chuid VIII den Phríomh-Acht.

Tuarasgabhála fé Chuid VIII den Phríomh-Acht.

34. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis deireadh gach bliana airgeadais fé leith ina mbeidh Cuid VIII den Phríomh-Acht i bhfeidhm ullamhóidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála agus leagfaidh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas tuarasgabháil ar a imeachta fén gCuid sin VIII i rith na bliana airgeadais sin.

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis deireadh gach bliana airgeadais fé leith ina mbeidh Cuid VIII den Phríomh-Acht i bhfeidhm ullamhóidh an tAire Talmhaíochta agus leagfaidh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas tuarasgabháil ar a imeachta fén gCuid sin VIII i rith na bliana airgeadais sin.

Alt 13 den Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar) (Leasú), 1933 , do leasú.

35. —Leasuítear leis seo alt 13 den Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar) (Leasú), 1933 ( Uimh. 49 de 1933 ) ar na slite seo leanas, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige agus tuigfear go raibh éifeacht riamh aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tríd an bhfocal “average” do scriosadh amach sa chéad áit ina bhfuil sé sa leagan Bhéarla; agus

(b) tré sna focail “later than one month” do chur in ionad na bhfocal “less than one month” atá anois sa leagan Bhéarla.