An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ) (UIMH. 2), 1934) Ar Aghaidh (CUID II. Oibreacha Breise do Dheanamh.)

38 1934

ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ) (UIMH. 2), 1934

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus luadh.

1. —(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú) (Uimh. 2), 1934 , do ghairm den Acht so.

(2) Chun crícheanna có-luaidhte folóidh an abairt “na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1934” an tAcht so.

Mínithe agus léiriú.

2. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927) .

(2) Déanfar an Príomh-Acht agus an tAcht so do léigheamh agus do léiriú mar aon Acht amháin agus, dá réir sin, tá le habairtí agus le focail a húsáidtear san Acht so agus a húsáidtear freisin sa Phríomh-Acht, tá leo san Acht so na bríonna céanna atá leo fé seach sa Phríomh-Acht.

Costaisí an Aire.

3. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a, raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.