|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. An Priomh-Acht de Leasu agus do Leathnu.) |
ACHT CHUN DÉANTÚISÍ DO RIALÚ, 1934
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Srian Breise le hEarrai Airithe do Dheanamh. | |
[EN] |
Earraí forcoimeádta. |
17. —(1) Pé uair is dóich leis an Ard-Chomhairle go bhfuil earra áirithe gan bheith á déanamh i Saorstát Éireann no gan cuid mhaith mhór di bheith á déanamh i Saorstát Éireann, agus gur mhaith an rud cuid mhaith mhór den earra san do bheith á déanamh i Saorstát Éireann, agus gurb é thiocfadh as an gceart chun na hearra san do dhéanamh i Saorstát Éireann d'fhorcoimeád do líon teoranta daoine ná cuid mhaith mhór den earra san do bheith á déanamh i Saorstát Éireann, féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú ar n-a dhéanamh fén alt so agus dá réir, a dhearbhú gur earra fhorcoimeádta an earra san. |
[EN] | (2) Féadfaidh ordú fén alt so baint do bheith aige le níos mó ná earra amháin. | |
[EN] | (3) Ní déanfar ordú ar bith fén alt so i dtaobh na hearra is stroighin Rómhánach no stroighin Phortland no stroighin hídrálach eile. | |
[EN] | (4) Ag déanamh orduithe fén alt so dhóibh féadfaidh an Ard-Chomhairle, más oiriúnach leo é, ré fheidhme an orduithe sin do cheapadh. | |
[EN] | (5) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hordú do dhéanamh fén alt so, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) sara ndéanfaidh an Ard-Chomhairle an t-ordú san foillseoid, san Iris Oifigiúil agus i pé slí eile is dóich leo is fearr chun a chur in úil don phuiblíocht go bhfuilid ar aigne an t-ordú san do dhéanamh, fógra go bhfuilid ar an aigne sin, agus luadhfar sa bhfógra san an earra no na hearraí is abhar don ordú bheartuithe agus, má bhíonn beartuithe ag an Ard-Chomhairle ré fheidhme do cheapadh don ordú san, an ré bheidh beartuithe do cheapadh amhlaidh agus luadhfar ann fós an t-am (dá ngairmtear sa bhfo-alt so an t-am ceaptha chun agóidí do dhéanamh) gur laistigh de féadfar agóidí do dhéanamh i gcoinnibh an orduithe sin do dhéanamh agus an t-am ceaptha chun agóidí do dhéanamh a luadhfar amhlaidh ní bheidh sé níos giorra in aon chás ná triocha lá tar éis dáta foillsithe an fhógra san san Iris Oifigiúil; | |
[EN] | (b) éinne bheidh ag cur i gcoinnibh an orduithe sin do dhéanamh féadfaidh, laistigh den am cheaptha chun agóidí do dhéanamh, ráiteas i scríbhinn do chur chun na hArd-Chomhairle i dtaobh a agóide agus i dtaobh na bhforas áirithe ar a bhfuil sí bunuithe; | |
[EN] | (c) ní dhéanfaidh an Ard-Chomhairle an t-ordú san go ceann an ama cheaptha chun agóidí do dhéanamh ná go dtí go mbeidh breithniú déanta acu ar pé agóidí (más aon cheann é), i gcoinnibh an orduithe sin do dhéanamh, do rinneadh laistigh den am cheaptha chun agóidí do dhéanamh. | |
[EN] | (6) Ní thiocfaidh ordú ar bith fén alt so i bhfeidhm mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh gach Tigh den Oireachtas rúin do rith ag aontú leis an ordú san. | |
[EN] | (7) Gach ordú fén alt so le n-a mbeidh aontuithe tré rúin ar n-a rith ag gach Tigh den Oireachtas tiocfaidh i bhfeidhm ar dháta rithte pé rún de sna rúin sin is déanaí rithfear no, má bhíonn dáta is déanaí ná san luaidhte san ordú san mar dháta ar a dtiocfa sé i bhfeidhm, ar an dáta san is déanaí. | |
[EN] | (8) Pé uair a bheidh ordú fén alt so tar éis teacht i bhfeidhm beidh an earra le n-a mbaineann an t-ordú san no, i gcás baint do bheith ag an ordú san le níos mó ná earra amháin, gach earra le n-a mbaineann an t-ordú san ina hearra fhorcoimeádta chun crícheanna na Coda so den Acht so ach, má ceaptar leis an ordú san ré fheidhme don ordú san, scuirfidh an earra san, ón am a bheidh an ré sin caithte agus dá éis sin, de bheith ina hearra fhorcoimeádta chun na gcrícheanna san agus déanfar an abairt “earra fhorcoimeádta” do léiriú dá réir sin sa Chuid seo den Acht so. | |
[EN] |
An lá ceaptha. |
18. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh maidir le haon earra fhorcoimeádta chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so. |
[EN] | (2) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha,” nuair a húsáidtear í i dtaobh earra forcoimeádta, an lá bheidh ceaptha le hordú fén alt so chun bheith ina lá cheaptha maidir leis an earra san. | |
[EN] |
Srian le hearraí forcoimeádta do dhéanamh. |
19. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith, ar an lá ceaptha maidir le haon earra forchoimeádta ná dá éis sin, an earra san do dhéanamh i Saorstát Éireann mar thrádáil ná chun sochair d'fháil maran rud é— |
[EN] | (a) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas (dá ngairmtear ceadúnas déantóireachta earra forcoimeádta sa Chuid seo den Acht so) do dheon an tAire fén gCuid seo den Acht so á údarú don duine sin an earra san do dhéanamh agus gur laistigh den líomatáiste bheidh luaidhte sa cheadúnas san a bheidh an déantóireacht san ar siúl ag an duine sin, no | |
[EN] | (b) go mbeidh an déantóireacht san ar siúl i gcomharbas dhíreach do dhéantóireacht dhuine mhairbh do bhí ar dháta a éaga ag déanamh na hearra san fé cheadúnas déantóireachta earra forcoimeádta agus go mbeidh an déantóireacht san ar siúl, le linn ré an cheadúnais sin laistigh den líomatáiste bheidh luaidhte sa cheadúnas san, idir lá éaga an duine sin agus lá deonta probháide a uachta no leitreacha riaracháin a estáit phearsanta no tar éis an deonta san, ag á ionadaí pearsnta i gcúrsa cuibhe riaracháin, no | |
[EN] | (c) go mbeidh an déantóireacht san ar siúl ag sannaí i ngnóbhriseadh, ag iontaobhaí d'fhéicheamh shocruitheach, no ag glacadóir no bainisteoir ar n-a cheapadh ag cúirt, agus é ag leanúint de ghnó duine do bhí, díreach sarar thosnuigh an sannaí, an t-iontaobhaí, an glacadóir no an bainisteoir sin ar an déantóireacht san do bheith ar siúl aige, ina shealbhóir ar cheadúnas déantóireachta earra forcoimeádta á údarú an earra san do dhéanamh laistigh den líomatáiste ina mbeidh an déantóireacht san ar siúl amhlaidh agus gur le linn ré an cheadúnais sin a bheidh an déantóireacht san ar siúl. | |
[EN] | (2) Gach duine dhéanfaidh ní ar bith contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig céad púnt do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar caoga púnt in aghaidh gach lae leanfar den chionta. | |
[EN] | (3) I gcás déantóireacht earra forcoimeádta áirithe do bheith ar siúl ag duine bheidh i dteideal do réir dlí, do bhuadh míre (b) no míre (c) d'fho-alt (1) den alt so, an déantóireacht san do bheith ar siúl aige i gcomharbas do dhuine mharbh no ag leanúint de ghnó dhuine ba shealbhóir ar cheadúnas déantóireachta earra forcoimeádta tuigfear, chun crícheanna na bhforálacha ina dhiaidh seo den Chuid seo den Acht so, gurb é an duine sin do céadluadhadh sealbhóir an cheadúnais sin. | |
[EN] |
Iarrataisí ar cheadúnaisí déantóireachta earra forcoimeádta. |
20. —(1) Féadfaidh duine ar bith a bheidh ar aigne earra fhorcoimeádta do dhéanamh ceadúnas déantóireachta earra forcoimeádta d'iarraidh ar an Aire. |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le haon iarratas ar cheadúnas déantóireachta earra forcoimeádta chun earra fhorcoimeádta áirithe do dhéanamh, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) is sa bhfuirm orduithe bheidh an t-iarratas san agus is sa tslí orduithe déanfar é, agus | |
[EN] | (b) luadhfar san iarratas san— | |
[EN] | (i) an líomatáiste go bhfuil an t-iarratasóir ar aigne an earra fhorcoimeádta san do dhéanamh laistigh de, agus | |
[EN] | (ii) pé mion-innste eile bheidh orduithe. | |
[EN] | (3) Gach duine iarrfaidh ceadúnas déantóireachta earra forcoimeádta déanfa sé, ar an Aire dá cheangal san air, an t-eolas go léir do thabhairt don Aire theastóidh ón Aire chun an iarratais sin do bhreithniú. | |
[EN] | (4) Má dheineann duine ar bith, agus é ag tabhairt aon eolais uaidh do réir iarratais ón Aire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, aon ráiteas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phone táchtach beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air másé an chéad chionta aige é agus fíneáil ná raghaidh thar céad púnt másé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (5) Nuair a bheidh an tAire ag déaanmh rialachán fén Acht so i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san alt so mar ní no mar rud atá orduithe féadfaidh rialacháin deifriúla do dhéanamh maidir le hearraí forcoimeádta deifriúla. | |
[EN] |
Ceadúnas déantóireachta earra forcoimeádta do dheonadh. |
21. —(1) Pé uair a hiarrfar ar an Aire ceadúnas déantóireachta earra forcoimeádta do dheonadh féadfaidh an tAire, fé mar is rogha leis, an ceadúnas san do dheonadh no diúltadh d'é do dheonadh don iarratasóir. |
[EN] | (2) Má dhiúltann an tAire do cheadúnas déantóireachta earra forcoimeádta do dheonadh d'iarratasóir adeir go raibh sé, ar dháta an iarratais no an lá roimh an lá ceaptha (pe'ca aca is túisce), ag déanamh na hearra forcoimeádta le n-ar bhain an t-iarratas, beidh feidhm ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) féadfaidh an t-iarratasóir sin, laistigh de thrí mhí tar éis an diúltuithe sin, a iarraidh ar an Ard-Chúirt ar shlí achmair a dhearbhú gur cheart an ceadúnas san do dheonadh dho; | |
[EN] | (b) más deimhin leis an Ard-Chúirt go raibh an t-iarratasóir sin ag déanamh na hearra forcoimeádta san amhlaidh mar adubhradh agus, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, go bhfuil sé ceart agus cothrom an ceadúnas san do dheonadh don iarratasóir sin féadfa sí a dhearbhú gur cheart an ceadúnas san do dheonadh don iarratasóir sin dá réir sin; | |
[EN] | (c) pé uair a dhéanfaidh an Ard-Chúirt ordú fén alt so á dhearbhú gur cheart ceadúnas déantóireachta earra forcoimeádta do dheonadh do dhuine deonfaidh an tAire an ceadúnas san don duine sin, fén Acht so agus dá réir, chó luath agus is féidir é go caothúil. | |
[EN] |
Fuirm agus oibriú ceadúnaisí déantóireachta earra forcoimeádta. |
22. —(1) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach ceadúnas déantóireachta earra forcoimeádta agus déarfaidh agus déanfaidh a údarú don duine is sealbhóir ar an gceadúnas san de thurus na huaire an earra fhorcoimeádta áirithe bheidh luaidhte sa cheadúnas san do dhéanamh laistigh den líomatáiste bheidh luaidhte sa cheadúnas san, ach san fé réir na gcoinníoll (más aon cheann é) bheidh ag gabháil leis an gceadúnas san. |
[EN] | (2) Ar iarratas an té is sealbhóir ar cheadúnas déantóireachta carra forcoimeádta féadfaidh an tAire, más dóich leis san do bheith ceart, an líomatáiste bheidh luaidhte sa cheadúnas san d'atharú. | |
[EN] |
Coinníollacha do chur ag gabháil le ceadúnaisí déantóireachta earra forcoimeádta. |
23. —(1) Pé uair a dheonfaidh an tAire ceadúnas déantóireachta earra forcoimeádta maidir le líomatáiste áirithe féadfaidh an tAire coinníollacha do chur ag gabháil leis an gceadúnas san i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) sealbhóir an cheadúnais sin do dhéanamh na hearra forcoimeádta áirithe le n-a mbaineann an ceadúnas san laistigh den líomatáiste sin i monarchain áirithe agus sa mhonarchain sin amháin; | |
[EN] | (b) a mhéid gur abhair, gléasra, feisteas agus fearas do táirgeadh no do rinneadh i Saorstát Éireann a bheidh sna habhair dá ndéanfaidh an sealbhóir sin aon mhonarcha no tré n-a gcuirfidh aon mhonarcha in oiriúint laistigh den líomatáiste sin agus i ngléasra, i bhfeisteas agus i bhfearas na monarchan san; | |
[EN] | (c) an t-am gur laistigh de thosnóidh an sealbhóir sin ar an carra fhorcoimeádta do dhéanamh laistigh den líomatáiste sin; | |
[EN] | (d) an méid maximum den earra fhorcoimeádta san a féadfar do dhéanamh bliain ar bith sa mhonarchain sa líomatáiste sin ina mbeidh an earra fhorcoimeádta san á déanamh ag an sealbhóir sin; | |
[EN] | (e) an méid maximum den earra fhorcoimeádta san a déanfar sa mhonarchain sin fhéadfaidh an sealbhóir sin do dhíol bliain ar bith; | |
[EN] | (f) an méid minimum den earra fhorcoimeádta san a féadfar do dhéanamh bliain ar bith sa mhonarchain sin; | |
[EN] | (g) an praghas maximum fhéadfaidh an sealbhóir sin d'éileamh ar aon earra fhorcoimeádta den tsórt san a déanfar sa mhonarchain sin; | |
[EN] | (h) cinéal agus cáilíocht na hearra forcoimeádta san a déanfar sa mhonarchain sin; | |
[EN] | (i) an modh ina ndéanfar an earra fhorcoimeádta san sa mhonarchain sin; | |
[EN] | (j) aon earra fhorcoimeádta den tsórt san a déanfar sa mhonarchain sin do phacáil; | |
[EN] | (k) náisiúnaigh de Shaorstát Éireann d'fhostú sa mhonarchain sin; | |
[EN] | (l) a mhéid gur abhair agus earraí do táirgeadh no do rinneadh i Saorstát Éireann a bheidh sna bun-abhair agus sna hearraí a húsáidfear chun na hearra forcoimeádta do dhéanamh sa mhonarchain sin; | |
[EN] | (m) an méid den chaipital a bheidh suncálta sa ghnó bheidh ar siúl fén gceadúnas san is gá o am go ham do bheith ar únaeracht ag náisiúnaigh de Shaorstát Éireann; | |
[EN] | (n) a mhéid gur gá o am go ham bainistí an ghnótha san do bheith fé stiúradh náisiúnach de Saorstát Éireann; | |
[EN] | (o) an cion de stiúrthóirí na cuideachtan a bheidh ina náisiúnaigh de Shaorstát Éireann; | |
[EN] | (p) an ceadúnas san d'aistriú; | |
[EN] | (q) na cuntaisí bhéarfaidh an sealbhóir sin don Aire; | |
[EN] | (r) na breacacháin a bheidh le coimeád sa mhonarchain sin agus na breacacháin sin do thaisbeáint d'oifigeach don Aire chun iad d'iniúchadh; | |
[EN] | (s) na comhachta bheidh ag oifigeach don Aire chun na monarchan san d'iniúchadh; | |
[EN] | (t) ceart chun samplaí den earra fhorcoimeádta san a déanfar sa mhonarchain sin do thógaint. | |
[EN] | (2) Pé uair a chuirfidh an tAire aon choinníollacha ag gabháil le ceadúnas déantóireachta earra forcoimeádta luadhfaidh na coinníollacha san sa cheadúnas san. | |
[EN] | (3) Ar iarratas an té is sealbhóir ar cheadúnas déantóireachta earra forcoimeádta féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, aon choinníollacha bheidh ag gabháil leis an gceadúnas san d'atharú. | |
[EN] |
Coinníollacha ceadúnais déantóireachta earra forcoimeádta do bhriseadh. |
24. —Má theipeann ar dhuine ar bith is sealbhóir ar cheadúnas déantóireachta earra forcoimeádta no má fhaillíonn no má dhiúltann aon choinníoll áirithe dá mbeidh ag gabháil leis an gceadúnas san do choimeád no do chólíonadh beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar caoga púnt in aghaidh gach lae leanfar den chionta. |
[EN] |
Págh cothrom d'íoc. |
25. —(1) An págh íocfaidh sealbhóir ceadúnais déantóireachta earra forcoimeádta le daoine bheidh ar fostú aige chun crícheanna an ghnótha bheidh údaruithe leis an gceadúnas san ní bheidh sé níos lugha ná an págh do bheadh iníochta dá mba fé chonnradh idir an tAire agus an sealbhóir sin do bheadh an gnó san ar siúl agus clás i dtaobh páigh chothruim sa chonnradh san den tsamhail do bheadh de thurus na huaire i gconnartha ar n-a ndéanamh ag Airí agus Ranna Rialtais. |
[EN] | (2) Má dheineann duine ar bith is sealbhóir ar cheadúnas déantóireachta earra forcoimeádta ní ar bith contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air. | |
[EN] |
Ceadúnaisí déantóireachta earra forcoimeádta do cheiliúradh. |
26. —(1) Féadfaidh an tAire uair ar bith ceadúnas déantóireachta earra forcoimeádta do cheiliúradh ar n-a iarraidh sin do shealbhóir an cheadúnais sin. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire uaidh féin, uair ar bith, ceadúnas déantóireachta earra forcoimeádta do cheiliúradh i gcás sealbhóír an cheadúnais sin do chiontú i gcionta fé aon alt atá sa Chuid seo den Acht so. |