|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT CHUN DÉANTÚISÍ DO RIALÚ, 1934) | Ar Aghaidh (CUID II. An Priomh-Acht de Leasu agus do Leathnu.) |
ACHT CHUN DÉANTÚISÍ DO RIALÚ, 1934
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Roimhraiteach agus Generalta. | |
[EN] |
Gearr-theideal agus luadh: |
1. —Féadfar an tAcht chun Déantúisí do Rialú, 1934 , do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna chun Déantúisí do Rialú, 1932 agus 1934, do ghairm den Acht chun Déantúisí do Rialú, 1932 (Uimh. 21 de 1932) , agus den Acht so le chéile. |
[EN] |
Mínithe. |
2. —(1) San Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht chun Déantúisí do Rialú, 1932 . ( Uimh. 21 de 1932 ); | |
[EN] | cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so. | |
[EN] | (2) Gach focal agus abairt a húsáidtear san Acht so agus le n-a gcuireann an Príomh-Acht brí áirithe chun crícheanna an Achta san, tá leis san Acht so an brí cuirtear leis amhlaidh. | |
[EN] | (3) Chun crícheanna an Achta so is duine cáilithe gach duine acu so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) duine do rugadh i Saorstát Éireann no sa líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é; | |
[EN] | (b) duine bheidh ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann le linn an ama bheidh i gceist agus do bhí ina ghnáthchomhnaí i Saorstát Éireann ar feadh cúig mblian ar a laighead as a chéile díreach roimh an 1adh lá d'Iúl, 1934. | |
[EN] |
Fógraí do sheirbheáil. |
3. —(1) I gcás é bheith ceaduithe leis an Acht so fógra do sheirbheáil ar dhuine ar bith, is ar shlí acu so leanas a seirbheálfar an fógra san ar an duine sin, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) tríd an bhfógra san do sheachadadh don duine sin, no | |
[EN] | (b) tríd an bhfógra san do chur tríd an bpost i leitir chláruithe roimh-íoctha bheidh dírithe chun an duine sin san áit ina mbíonn gnó ar siúl aige. | |
[EN] | (2) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear gur ina n-oifig chláruithe bhíonn gnó ar siúl ag cólucht corpruithe bheidh cláruithe i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, agus tuigfear gur ina bpríomh-oifig no ina bpríomh-áit ghnótha i Saorstát Éireann a bhíonn gnó ar siúl ag gach cólucht corpruithe eile agus ag gach cólucht neamh-ionchorpruithe. | |
[EN] |
Ciontaí cóluchtaí corpruithe. |
4. —Má cruthuítear, i dtaobh cionta fé aon alt den Phríomh-Acht no den Acht so do rinne cólucht corpruithe, gur le toiliú no le haontú aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí no oifigigh eile don chólucht chorpruithe sin do rinneadh an cionta san no gur cuireadh in usacht é do dhéanamh tré aon fhaillí do rinne éinne acu san, tuigfear freisin an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí no an t-oifigeach eile sin (do réir mar a bheidh) do bheith ciontach sa chionta san agus beidh sé i mbaol an dlí do chur air agus é do phionósú dá réir sin. |
[EN] |
Cúisimh. |
5. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith ach an tAire ná ní déanfar ach le toiliú an Aire imeachta do bhunú i dtaobh cionta fé aon alt den Phríomh-Acht no den Acht so. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, gach cionta fén Acht so do chúiseamh. | |
[EN] |
Rialacháin. |
6. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú. |
[EN] |
Ailt 2, 3, agus 11 den Phríomh-Acht d'athghairm. |
7. —Athghairmtear leis seo ailt 2, 3, agus 11 den Phríomh-Acht. |
[EN] |
Costaisí an Aire. |
8. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire fén Acht so. |