34 1934


Uimhir 34 de 1934.


ACHT TORA DÉIRÍOCHTA (LEASÚ), 1934.


ACHT CHUN ALT 16 AGUS 17 DEN ACHT TORA DÉIRÍOCHTA, 1924 , DO LEASÚ, AGUS CHUN RÉ CEADUNAS ÁIRITHE DO DEONADH FÉ ALT 42 DEN ACHT SAN D'FHAIDIÚ TUILLEADH.

[6adh Meán Fhómhair, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Tora Déiríochta, 1924 (Uimh. 58 de 1924) ;

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta.

(2) Gach focal agus abairt dá dtugtar brí áirithe leis an bPríomh-Acht chun crícheanna an Achta san tá leis san Acht so an bhrí tugtar do amhlaidh.

Ailt 16 agus 17 den Phríomh-Acht do leasú.

2. —Má deintear uachtar do sheachadadh, go dtí aon áitreabh atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann no i gclár na stáisiún ina ndeighiltear uachtar, as feithicil inneall-ghluaiste go mbeidh ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas feithicle san Acht so) ar n-a dheonadh fén Acht so i bhfeidhm de thurus na huaire ina taobh agus má bítear tar éis an uachtair sin do dheighilt o bhainne ar an bhfeithicil sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás an áitreibh sin do bheith cláruithe i gclár na n-uachtarlann, tuigfear, chun crícheanna na bhforálacha so leanas den Phríomh-Acht, eadhon, mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 16, agus alt 17, an t-uachtar san do sheachadadh go dtí an t-áitreabh san o áitreabh atá cláruithe i gclár na stáisiún ina ndeighiltear uachtar, agus

(b) i gcás an áitreibh sin a céad-luiadhtear do bheith cláruithe i gclár na stáisiún ina ndeighiltear uachtar, tuigfear, chun crícheanna ailt 17 den Phríomh-Acht, an t-uachtar san do sheachadadh go dtí an t-áitreabh san o áitreabh eile atá cláruithe i gclár na stáisiún ina ndeighiltear uachtar.

Feithiclí ar a mbeidh gléasradh deighilte uachtair do cheadúnú.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas feithicle do dheonadh do dhuine ar bith á údarú don duine sin gnó deighilte uachtair do bheith ar siúl aige ar aon fheithicil inneallghluaiste bheidh, dar leis an Aire, déanta agus gléasta i slí dheineann oiriúnach í chun an ghnótha san do bheith ar siúl uirthi.

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “feithicil cheadúnuithe” feithicil inneall-ghluaiste 'na mbeifear tar éis ceadúnais feithicle do dheonadh, agus 'na mbeidh san i bhfeidhm, ina taobh.

(3) Íocfar táille de phúnt leis an Aire ar gach iarratas ag lorg ceadúnais feithicle.

(4) Na táillí uile a híocfar fén alt so baileofar agus glacfar iad i pé slí ordóidh an tAire Airgid o am go ham agus déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir orduithe an Aire Airgid.

(5) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha fén alt so.

Coinníollacha ceadúnaisí feithicle.

4. —(1) Deonfar gach ceadúnas feithicle fé réir na gcoinníollacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) go ndéanfaidh an ceadúnaí an fheithicil le n-a mbaineann an ceadúnas san, agus fós an gléasradh agus an mheaisínteacht agus na fearaistí inti, do choimeád glan agus i dtreo mhaith i gcomhnaí;

(b) go ndéanfaidh an ceadúnaí gach is gá chun a chur in áirithe go mbeidh an bainne no an t-uachtar, agus fós gach táthchuid agus abhar eile a bheidh á n-úsáid maidir leis an ngnó deighilte uachtair a bheidh ar siúl ar an bhfeithicil sin, go mbeid glan agus saor o thruailliú;

(c) go ndéanfaidh an ceadúnaí an gléasradh, an mheaisínteacht, na fearaistí agus na hárthaí bheidh á n-úsáid maidir leis an ngnó deighilte uachtair a bheidh ar siúl ar an bhfeithicil sin d'fheabhsú ar pé slí no pé breis do chur leo éileoidh an tAire o am go ham.

(2) Má thárlann don cheadúnaí fé cheadúnas feithicle go dteipfidh air no go dtabharfaidh faillí no go ndéanfaidh diúltadh maidir leis na coinníollacha do chólíonadh gur fé n-a réir do deonadh an ceadúnas san, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Feithiclí ceadúnuithe d'iniúchadh.

5. —(1) Féadfaidh cigire ar bith (ach é do thaisbeáint a údaráis i scríbhinn mar chigire den tsórt san má hiarrtar san air) dul isteach gach tráth réasúnta in aon fheithicil cheadúnuithe agus iniúchadh do dhéanamh ar an bhfeithicil sin agus fós ar an ngléasradh, ar an meaisínteacht, na ar fearaistí agus ar na hárthaí uile bheidh á n-úsáid maidir leis an ngnó deighilte uachtair a bheidh ar siúl ar an bhfeithicil sin.

(2) Má dheineann duine ar bith aon chigire do bhac no do chosc agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air má sé an chéad chionta fén alt so aige é agus, má sé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin aige é, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint.

Forálacha áirithe den Phríomh-Acht do bheith i mbaint.

6. —(1) Bainfidh rialacháin ar n-a ndéanamh (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) fé alt 32 den Phríomh-Acht le feithiclí ceadúnuithe agus maidir le feithiclí ceadúnuithe fé mar a bhaineann na rialacháin sin le háitreabh agus maidir le háitreabh atá cláruithe i gclár na stáisiún ina ndeighiltear uachtar, agus déanfar an t-alt san agus na rialacháin sin ar n-a ndéanamh fé do léiriú agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

(2) Déanfar na tagairtí atá in ailt 39 agus 40 den Phríomh-Acht do stáisiún ina ndeighiltear uachtar do léiriú mar thagairtí fholuíonn tagairtí d'fheithicil cheadúnuithe agus beidh éifeacht ag na hailt sin dá réir sin.

Ceadúnas feithicle do cheiliúradh.

7. —(1) Má deintear an ceadúnaí fé cheadúnas feithicle do chiontú i gcionta fé aon alt atá san Acht so no fé alt 32, alt 39 no alt 40 den Phríomh-Acht, mar a cuirtear san i mbaint tríd an Acht so, féadfaidh an tAire an ceadúnas san do cheiliúradh.

(2) Féadfaidh an tAire ar an gceadúnaí fé cheadúnas feithicle dá iarraidh sin an ceadúnas san do cheiliúradh.

Ré ceadúnaisí fé alt 42 den Phríomh-Acht d'fhaidiú.

8. —Gach ceadúnas do deonadh fé fho-alt (2) d'alt 42 den Phríomh-Acht agus do bhí i bhfeidhm, de bhuadh ailt 10 den Acht Tora Déiríochta, 1931 (Uimh. 29 de 1931) , an 31adh lá de Mhárta, 1934, tuigfear é d'fhanúint i bhfeidhm go dtí dáta an Achta so do rith agus, más rud é go bhfuil an t-áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san cláruithe i gclár na n-easportálaithe ndéantóireachta le linn an Achta so do rith, fanfaidh i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1937, ach go dtí an dáta san beidh sé fé réir a cheiliúrtha ag an Aire, agus féadfaidh an tAire é do cheiliúradh, fé mar agus pé uair is ceart san dar leis.

Gearr-theideal agus luadh.

9. —Féadfar an tAcht Tora Déiríochta (Leasú), 1934 , do ghairm den Acht so agus féadfar na hAchtanna Tora Déiríochta, 1924 go 1934, do ghairm de sna hAchtanna Tora Déiríochta, 1924 go 1931, agus den Acht so le chéile.