Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

32 1934


Uimhir 32 de 1934.


ACHT UM DHIÚITÉTHE DO GHEARRADH (ORDUITHE DO DHAINGNIÚ), 1934.


ACHT CHUN DAINGNITHE DO DHÉANAMH AR ORDUITHE ÁIRITHE DO RINNE AN ARD-CHOMHAIRLE FÉN ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH GO PRÁINNEACH, 1932 . [24adh Lúnasa, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Orduithe do dhaingniú.

1. —Daingnítear leis seo na horduithe uile agus fé seach a hainmnítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus do rinne an Ard-Chomhairle fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Prainneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht um Dhiúitéthe do Ghearradh (Orduithe do Dhaingniú), 1934 , do ghairm den Acht so.