An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (TRIU SCEIDEAL. Diulte ar Bhaill Eadaigh agus Coir Ghleasta Phearsanta.) Ar Aghaidh (CUIGIU SCEIDEAL. Diuite Cairr Ghaile.)

31 1934

ACHT AIRGID, 1934

CEATHRU SCEIDEAL.

Diuite Gluaisteain.

CUID I.

Cabhla Gluaisteain agus Compairteanna agus Gabhalais de Chabhla den tSort San.

Uimh. Thag.

An Earra is Ionchurtha fé Dhiúité

Ráta an Diúité

1

Ar gach cabhail ghluaisteáin (pe'ca ar leithligh a hiomportáltar i no i dteanta an chassis le n-a bhfuil sí le gabháil no ina páirt de ghluaisteán iomlán no de ghluaisteán atá beagnach iomlán) is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha agus déanta chun daoine d'iompar no chun earraí d'iompar no chun daoine agus earraí d'iompar, ach gan aon chabhail ghluaisteáin den tsórt san d'áireamh is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha agus déanta chun níos mó ná seisear seachas an tiománaí (pe'ca go n-earraí é no dá n-éamais) d'iompar.

Pé suim acu so leanas is mó, i ngach cás fé leith, sé sin le rá, suim is có-ionann le caoga per cent. de luach na hearra no suim dachad púnt.

2

Ar gach cabhail ghluaisteáin (pe'ca ar leithligh a hiomportáltar í no i dteanta an chassis le n-a bhfuil sí le gabháil no ina páirt de ghluaisteán iomlán no de ghluaisteán atá beagnach iomlán) is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha agus déanta chun níos mó ná seisear seachas an tiománaí (pe'ca go n-earraí é no dá n-éamais) d'iompar agus go gcuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh ná raibh sí á húsáid lasmuich de Shaorstát Éireann, chun paisnéirí no earraí d'iompar ar luach saothair, roimh í iomportáil.

Pé suim acu so leanas is mó, i ngach cás fé leith, sé sin le rá, suim is cóionann le caoga per cent. de luach na hearra no suim dachad púnt.

3

Ar gach cabhail ghluaisteáin (pe'ca ar leithligh a hiomportáltar í no i dteanta an chassis le n-a bhfuil sí le gabháil no ina páirt de ghluaisteán iomlán no de ghluaisteán atá beagnach iomlán) is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha agus déanta chun níos mó ná seisear seachas an tiománaí (pe'ca go n-earraí é no dá n-éamais) d'iompar agus ná cuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim í bheith ionchurtha fé dhiúité ag uimhir thagartha 2 sa Sceideal so.

Suim is cóionann le céad go leith per cent. de luach na hearra.

4

Ar gach cabhail ghluaisteáin (pé'ca ar leithligh a hiomportáltar í no i dteanta an chassis le n-a bhfuil sí le gabháil no ina páirt de ghluaisteán iomlán no de ghluaisteán atá beagnach iomlán) nách ionchurtha fé dhiúité ag aon cheann de sna huimhreacha tagartha san roimhe seo.

Méid is cóionann le dó fichead agus dhá naoú per cent. de luach na hearra.

5

Ar na compáirteanna uile de chabhla gluaisteáin is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is dóirse miotail no creata cabhlach miotail no páirteanna miotail de dhóirse no de chreata den tsórt san agus ná fuil péinteálta, ná gréasta, ná feistithe le gloine, agus ná fuil oiriúnach ach chun iad d'ionchorprú i gcabhail ghluaisteáin do bheadh ceaptha, déanta agus beartuithe chun seisear ar a mhéid, seachas an tiomanaí, d'iompar (ar shlí eile seachas ar luach saothair).

Méid is cóionann le sé fichead agus dhá dtrian per cent. de luach na hearra.

6

Ar na páirteanna nea-chóghabhtha uile, d'iarann no de chruaidh, de chabhla gluaisteáin ná fuil, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, oiriúnach ach chun iad d'ionchorprú i gcabhail ghluaisteáin do bheadh déanta agus ceaptha chun é d'úsáid mar omnibus no mar charabanc no chun é d'úsáid chun earraí d'iompar.

Méid is cóionann le caoga per cent. de luach na hearra.

7

Ar na compáirteanna agus ar na gabhálais uile is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is cóghabháil iomlán no leathrannach de chompáirteanna no de ghabhálais den tsórt san le linn a n-iomportála agus ná fuil oiriúnach ach chun iad d'ionchorprú i gcabhail ghluaisteáin de shaghas is ionchurtha fé dhiúité fé uimhir thagartha 4 den Sceideal so.

Méid is cóionann le dó fichead agus dhá naoú per cent. de luach na hearra.

8

Ar na compáirteanna agus na gabhálais uile de chabhla gluaisteáin is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is cóghabháil iomlán no leathrannach de chompáirteanna no de ghabhálais den tsórt san le linn a n-iomportála agus nách ionchurtha fé dhiúité ag aon cheann de sna huimhreacha tagartha san roimhe seo.

Méid is cóionann le caoga per cent. de luach na hearra.

CUID II.

Chassis Gluaisteain agus Compairteanna agus Gabhalais de Chassis den tSort San.

Uimh. Thag.

An Earra is Ionchurtha fé Dhiúité

Ráta an Diúité

9

Ar gach chassis gluaisteáin pe'ca ar leithligh a hiomportáltar é no i dteanta na cabhlach le n-a bhfuil sí le gabháil no mar pháirt de ghluaisteán iomlán no de ghluaisteán atá beagnach iomlán.

Méid is cóionann le trí triochad agus trian per cent. de luach na hearra.

10

Ar na buinn uile a hiomportáltar ar leithligh agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá oiriúnach chun iad d'úsáid ar ghluaisteáin agus áireamh do dhéanamh, i gcás bonn aeir, ar fheadáin inmheánacha chó maith le clúdaigh imeachtracha.

Méid is cóionann le trí triochad agus trian per cent. de luach na hearra.

11

Ar na compáirteanna uile de chassis gluaisteáin is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is bluic innill, leath-acastóirí deiridh, fearsaidí crangaide, no slata ceangail loinithe, pe'ca cóghabhtha no nea-chóghabhtha dhóibh (i ngach cás).

Méid is cóionann le trí triochad agus trian per cent. de luach na hearra.

12

Ar na páirteanna uile de chassis gluaisteáin is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is cóghabhála innill, cóghabhála tiomarnaíochta, no cóghabhála gléis tiomána.

Méid is cóionann le deich per cent. de luach na hearra.

13

Ar na compáirteanna uile de chassis gluaisteáin is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is gléasanna fuartha, lampaí no mótair steartála.

Méid is cóionann le deich per cent. de luach na hearra.

14

Ar gach earra is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is fráma chassis ghluaisteáin do cóghabhadh ar shlí eile seachas tré tháthú, tré lionn-táthú no tré oibriú eile dá shamhail.

Méid is cóionann le deich per cent. de luach na hearra.

15

Ar na compáirteanna agus na gabhálais uile de chassis gluaisteáin (gan plátaí cadhnraidh d'áireamh) is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do cóghabhadh ar shlí eile seachas tré tháthú, tré lionn-táthú, no tré oibriú eile dá shamhail agus nách ionchurtha fé dhiúité ag aon cheann de sna huimhreacha tagartha san roimhe seo sa chuid seo den Sceideal so.

Méid is cóionann le trí triochad agus trian per cent. de luach na hearra.

CUID III.

Diuitethe Socruithe.

Nota.—Féadfaidh an t-iomportálaí na diúitéthe luaidhtear sa Chuid seo den Sceideal so d'íoc agus ar bheith íoctha dhóibh glacfar leo in ionad na ndiúitéthe custum uile agus mar shásamh sna diúitéthe custum uile (ar a n-áirmhítear diúitéthe luaidhtear i gCuid I agus i gCuid II den Sceideal so) a bheidh inéilithe de thuras na huaire ar shlí ar bith ar na hearraí i dteanta a chéile no ar aon cheann acu ar leithligh, ach amháin aon diúité (seachas diúité luaidhtear i gCuid I no i gCuid II den Sceideal so) is inéilithe ar spréach-bhuaca.

Uimh. Thag.

An Earra is Ionchurtha fé Dhiúité

Ráta an Diúité

16

Ar roinnt earraí (gan creat cabhlach atá péinteálta, gréasta, no feistithe le gloine, d'áireamh) a hiomportáltar in éineacht agus go gcuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh gurb é atá ionta i dteanta a chéile ná cnuasach de pháirteanna i gcóir cabhlach gluaisteáin agus an cnuasach san iomlán no beagnach iomlán agus gur chun iad do chóghabháil i Saorstát Éireann atáid á n-iomportáil.

Méid is cóionann le fiche per cent. de luach iomlán na n-earraí uile sa chnuasach agus ina theanta san (i gcás creat cabhlach a bheith sa chnuasach san agus é cóghabhtha ar fad no nách mór ar fad ach gan é bheith péinteálta, gréasta, ná feistithe le gloine) dhá phúnt deich scillinge.

17

Ar roinnt earraí a hiomportáltar in éineacht agus go gcuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh gurb é atá ionta i dteanta a chéile ná cnuasach de pháirteanna i gcóir chassis ghluaisteáin agus an cnuasach san iomlán no beagnach iomlán agus gur chun iad do chóghabháil i Saorstát Éireann atáid á n-iomportáil.

Méid is cóionann le dó dhéag go leith per cent. de luach iomlán na n-earraí uile sa chnuasach.