An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (DARA SCEIDEAL. Diuite ar Bhroga agus ar Bhroga Isle.) Ar Aghaidh (CEATHRU SCEIDEAL. Diuite Gluaisteain.)

31 1934

ACHT AIRGID, 1934

TRIU SCEIDEAL.

Diulte ar Bhaill Eadaigh agus Coir Ghleasta Phearsanta.

CUID I.

Uimh. Thag.

An Saghas Earra is Ionchurtha fé Dhiúité

Ráta an Diúité

1

Baill éadaigh imeachtracha (seachas hataí, caipíní, lámhainní, agus seálanna) atá ar fad no nách mór ar fad, cniotálta no déanta d'abhar chniotálta agus fós compáirteanna de bhaill éadaigh imeachtracha den tsórt san.

40%

2

Baill éadaigh imeachtracha (seachas hataí, caipíní, lámhainní, agus seálanna) is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá oiriúnach d'fhi. no oiriúnach do mhná agus nách ionchurtha fé dhiúité fé Uimhir Thagartha I den Sceideal so agus fós compáirteanna de bhaill éadaigh imeachtracha den tsórt san.

60%

3

Baill éadaigh imeachtracha (seachas hataí, caipíní, lámhainní agus seálanna) is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá oiriúnach do bhuachaillí no oiriúnach do chailíní no oiriúnach do naoidhnáin agus nách ionchurtha fé dhiúité fé Uimhir Thagartha I den Sceideal so, agus fós compáirteanna de bhaill éadaigh imeachtracha den tsórt san.

40%

4

Fo-éadaí atá déanta ar fad no nách mór ar fad de shíoda agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá oiriúnach do mhná no oiriúnach do chailíní, agus fós compáirteanna d'fho-éadaí den tsórt san.

60%

5

Fo-éadaí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá oiriúnach do naoidhnáin, agus fós compáirteanna d'fho-éadaí den tsórt san.

30%

6

Fo-éadaí nách ionchurtha fé dhiúité fé Uimhir Thagartha 4 ná fé Uimhir Thagartha 5 den Sceideal so, agus fós compáirteanna d'fho-éadaí den tsórt san.

40%

7

Ciarsúirí.

60%

8

Lámhainní agus compáirteanna de lámhainní.

40%

9

Foscadáin agus compáirteanna d'fhoscadáin.

40%

10

Hataí agus caipíní atá déanta ar fad no nách mór ar fad de leathar no d'abhar a húsáidtear in ionad leathair no do rinneadh díonach, agus fós compáirteanna de hataí agus de chaipíní den tsórt san.

60%

11

Hataí agus caipíní is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá oiriúnach d'fhir no oiriúnach do bhuachaillí agus atá, i gceachtar cás, déanta ar fad no nách mór ar fad d'earraí fighte olna no is hataí síoda, agus fós compáirteanna de hataí agus de chaipíní den tsórt san.

60%

12

Hataí agus caipíní nách ionchurtha fé dhiúité fé Uimhir Thagartha 10 ná fé Uimhir Thagartha II den Sceideal so, agus fós compáirteanna de hataí agus de chaipíní den tsórt san.

25%

13

Earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim, is gárdaí no cosantóirí atá ceaptha, déanta, agus beartuithe chun iad d'úsáid i spórt agus chuige sin amháin, agus fós compáirteanna d'earraí den tsórt san.

10%

14

Gach ball éadaigh gur dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim go ndearna duine seachas an t-iomportálaí no baill dá líntighe no dá theaglach roinnt mhaith caithimh do thabhairt do no roinnt mhaith úsáide do bhaint as ar shlí eile lasmuich de Shaorstát Éireann sarar hiomportáladh é.

25%

15

Baill éadaigh no cóir ghléasta phearsanta nách ionchurtha fé dhiúité fé aon Uimhir Thagartha eile sa Sceideal so, agus compáirteanna d'earraí den tsórt san.

30%

16

Gabhálais de bhaill éadaigh agus de chóir ghléasta phearsanta.

30%

CUID II.

Nota.—Ní bhaineann an Chuid seo den Sceideal so le hearra ar bith nách ionchurtha fé dhiúité fé Uimhir Thagartha 14 den Sceideal so.

Uimh. Thag.

An Saghas Earra is Ionchurtha fé Dhiúité

Rátaí Diúitéthe Minimum

17

Cótaí móra do rinneadh díonach agus cótaí eile do rinneadh díonach.

5/- an earra.

18

Cótaí móra agus culaitheanna is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá déanta ar fad no nách mór ar fad d'earraí fighte agus iad san déanta i bpáirt no go hiomlán d'olainn no d'olainn snáthdhúbalta, agus ná dearnadh díonach, agus atá oiriúnach d'fhir no oiriúnach do bhuachaillí.

10/- an earra.

19

Cótaí móra agus culaitheanna ná dearnadh díonach dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, agus nách ionchurtha fé dhiúité fén Uimhir Thagartha dheiridh sin roimhe seo sa Sceideal so, agus atá oiriúnach d'fhir no oiriúnach do bhuachaillí.

5/- an earra.

20

Cótaí, seaicéidí, agus brístí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá déanta, ar fad no nách mór ar fad, d'earraí fighte, agus iad san déanta i bpáirt no go hiomlán d'olainn no d'olainn snáthdhúbalta, agus ná dearnadh díonach agus atá oiriúnach d'fhir no oiriúnach do bhuachaillí.

4/- an earra.

21

Cótaí, seaicéidí, agus brístí ná dearnadh díonach, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, agus nách ionchurtha fé dhiúité fén Uimhir Thagartha dheiridh sin roimhe sin sa Sceideal so, agus atá oiriúnach d'fhir no oiriúnach do bhuachaillí.

2/- an earra.

22

Bheisteanna is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá déanta ar fad no nách mór ar fad d'earraí fighte, agus iad san déanta i bpáirt no go hiomlán d'olainn no d'olainn snáth-dhúbalta, agus ná dearnadh díonach agus atá oiriúnach d'fhir no oiriúnach do bhuachaillí.

2/- an earra.

23

Bheisteanna ná dearnadh díonach, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, agus nách ionchurtha fé dhiúité fén Uimhir Thagartha dheiridh sin roimhe seo sa Sceideal so, agus atá oiriúnach d'fhir no oiriúnach do bhuachaillí.

1/- an earra.

24

Stocaí agus gearra-stocaí.

6/- an dosaen péire.

25

Fo-éadaí atá ar fad no nách mór ar fad cniotálta no déanta d'abhar chniotálta.

10/- an dosaen earra.

26

Cairdiogain, for-ionair, gersithe, agus bheisteanna cniotálta, agus earraí dá samhail.

15/- an dosaen earra.

CUID III.

Nota.—Ní bhaineann an chuid seo den Sceideal so ach le hearraí is ionchurtha fé dhiúité fé Uimhir Thagartha I4 sa Sceideal so agus ná cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim in a dtaobh gur chun críche eile seachas a ndíol a hiomportálfar iad.

Uimh Thag.

An Saghas Earra is Ionchurtha fé Dhiúité

Rátaí Diúitéthe Minimum

27

Cótaí móra, culaitheanna agus culaithirtí is ionchurtha fé dhiúité fé Uimhir Thagartha 14 sa Sceideal so.

3/- an cóta mór, an chulaith no an chulaithirt.

28

Cótaí, seaicéidí, rabhlaeirí, gúnaí, filleoga, sciortaí agus brístí is ionchurtha fé dhiúité fé Uimhir Thagartha 14 sa Sceideal so agus ná hiomportáltar i dteanta culaithe no culaithirte no ina bpáirt de chulaith no de chulairthirt.

1/6 an earra.

29

Gach earra is ball éadaigh no cóir ghléasta phearsanta agus is ionchurtha fé dhiúité fé Uimhir Thagartha 14 sa Sceideal so agus ná luaidhtear ag Uimhir Thagartha 27 ná ag Uimhir Thagartha 28 sa Sceideal so.

6d. an earra.