An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Diuitethe Bais.) Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Diuitethe Airithe Custum.)

31 1934

ACHT AIRGID, 1934

CUID IV.

Ilghneitheach agus Generalta.

Alt 5 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Stampa), 1929 , do leasú.

34. —Deintear leis seo fo-alt 1 d'alt 5 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Stampa), 1929 ( Uimh. 5 de 1929 ), do leasú o dháta an Achta san do rith tré sna focail “ná ar aon instruimid a dheineann aon mhaoin d'ath-leithliú no d'ath-aistriú no d'ath-léasadh chun Corparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta” do chur isteach i ndeireadh an fho-ailt sin agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith riamh aige dá réir sin.

Comhachta na gCoimisinéirí Ioncuim agus gníomhartha do rinneadar do dhaingniú.

35. —(1) Chun deireadh do chur le hamhrais dearbhuítear agus achtuítear leis seo i dtaobh na ndlighinsí, na gcomhacht, agus na ndualgaisí uile do bhí, an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, dílsithe sna Coimisinéirí Ioncuim Dhúithche no infheidhmithe no le colíonadh acu maidir le cánacha agus diúitéthe do cuireadh fé n-a gcúram agus fé n-a mbainistí, no dílsithe sna Coimisinéirí Custum agus Máil no infheidhmithe no le cólíonadh acu maidir le cánacha agus diúitéthe do cuireadh fé n-a gcúram agus fé n-a mbainistí, go dtánadar chun bheith agus go rabhadar an 21adh lá d'Fheabhra, 1923, dílsithe sna Coimisinéirí Ioncuim agus infheidhmithe no le cólíonadh acu.

(2) Pé uair a ceangailtear ar na Coimisinéirí Ioncuim no a ceaduítear dóibh le haon Reacht Briotáineach (mar atá san oiriúnaithe no curtha i mbaint tré Acht no fé Acht den Oireachtas) no le haon Acht den Oireachtas aon ghníomh no ní áirithe do dhéanamh maidir le cáin no diúité fé n-a gcúram agus fé n-a mbainistí, beidh sé dleathach gan ach duine amháin de sna Coimisinéirí Ioncuim do dhéanamh an ghnímh no an ní sin, d'ainneoin éinní atá sa Reacht san (mar atá san oiriúnaithe no curtha i mbaint amhlaidh) no san Acht san i dtaobh an líon de sna Coimisinéirí sin a dhéanfaidh an gníomh no an ní sin no fhéadfaidh an gníomh no an ní sin do dhéanamh.

(3) Gach gníomh no ní (seachas cáinmheas do dhearbhuigh an Ard-Chúirt do bheith nea-dhleathach no do ghlan na Coimisinéirí Ioncuim amach, roimh an 9adh lá de Bhealtaine, 1934) do rinne no do tugadh le tuisgint do rinne Coimisinéir Ioncuim amháin beidh sé agus tuigfear go raibh sé riamh chó dleathach agus chó héifeachtúil chun gach críche agus do bheadh sé dá mbeadh an t-alt so den Acht so achtuithe agus i bhfeidhm nuair do rinneadh no do tugadh le tuisgint do rinneadh an gníomh no an ní sin amhlaidh.

Cúram agus bainistí cánacha agus diúitéthe.

36. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo gach cáin agus diúité forchuirtear leis an Acht so ach amháin diúitéthe máil ar fheithiclí inneall-ghluaiste.

Gearr-theideal, léiriú, agus tosach feidhme.

37. —(1) Féadfar an tAcht Airgid, 1934 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar Cuid I den Acht so i dteanta na nAchtanna Cánach Ioncuim agus léireofar Cuid II den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, i dteanta na nAchtanna Custum agus, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil, i dteanta na Reachtanna Briotáineacha agus na nAchtanna den Oireachtas a bhaineann leis na diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin.

(3) Tuigfear Cuid I den Acht so do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1934, agus beidh éifeacht aici an lá san agus ón lá san amach.