An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cain Ioncuim agus For-chain.) Ar Aghaidh (CUID III. Diuitethe Bais.)

31 1934

ACHT AIRGID, 1934

CUID II.

Custuim agus Mal.

Na diúitéthe sa Chéad Sceideal d'fhorchur.

8. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar, ar gach carra dá luaidhtear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 10adh lá de Bhealtaine, 1934, no dá éis sin, diúité custum do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san os coinne luadh na n-earraí sa dara colún san.

(2) I gcás ina bhfuil percentáiste curtha síos sa tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne luadh aon earra sa dara colún den Sceideal san, léireofar san mar ní a chialluíonn ráta diúité is có-ionann leis an bpercentáiste sin de luach na hearra san.

(3) Na forálacha (más ann dóibh) atá leagtha amach sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so ag aon uimhir thagartha sa Sceideal san, beidh éifeacht acu maidir leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san.

Diúité ar bhróga agus ar bhróga ísle.

9. —(1) In ionad an diúité forchuirtear le halt 4 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 ( Uimh. 11 de 1932 ), fé mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin, éileofar, gearrfar agus íocfar ar gach earra dá luaidhtear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 10adh lá de Bhealtaine, 1934, no dá éis sin, diúité custum do réir an ráta (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo) luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san os coinne luadh na hearra sa dara colún san.

(2) Is diúité do réir reul an bhróg nó an bhróg íseal (do réir mar bheidh) an diúité minimum a bheidh inéilithe de bhuadh an ailt seo alos bróga agus bróga ísle de shaghas ar bith gurb é barúil na gCoimisinéirí Ioncuim ina dtaobh go ndearna duine seachas an t-iomportálaí no baill dá líntighe no dá theaghlach roinnt mhaith caithimh do thabhairt dóibh no roinnt mhaith úsáide do bhaint asta ar shlí eile lasmuich de Shaorstát Éireann sarar hiomportáladh iad, agus dá réir sin an diúité forchuirtear leis an alt so déanfar, maidir leis na bróga agus na bróga ísle uile den tsórt san, é d'éileamh do réir pé ráta acu so leanas gur as a gheobhfar, i ngach cás fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá, an ráta oiriúnach a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so no an ráta san reul an bhróg no an bhróg íseal.

(3) Ní déanfar an diúité forchuirtear leis an alt so d'éileamh ná do ghearradh ar bhuinn chumtha chúitsiúic ná ar shála cumtha cúitsiúic a bheidh, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ceaptha, déanta agus beartuithe chun iad d'úsáid chun a ngreamuithe de bhuinn no de shála bróg no bróg íseal críochnuithe, agus ná beidh, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ion-úsáidthe ach amháin ar an slí sin agus ní déanfar an diúité sin d'éileamh ná do ghearradh ach an oiread ar choda de bhuinn chumtha chúitsiúic ná de shála cumtha cúitsiúic den tsórt san roimhráite.

(4) Pé uair is deimhin leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur gá d'éinne coda ar bith (is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so) de bhróga no de bhróga ísle d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann roimh an 1adh lá d'Iúl, 1935, chun iad d'úsáid i ndéanamh bróg no bróg íseal i Saorstát Éireann, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú don duine sin, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon cheda den tsórt san roimhráite d'iomportáil roimh an 1adh lá san d'Iúl, 1935, gan an diúité sin do bheith íoctha ortha agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora no go dteora maidir le méid, le eineál no le ní eile, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

(5) San alt so agus sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so foluíonn an focal “bróg” aon choisbheart imeachtrach a théigheann suas thar alt an té chaitheann í agus foluíonn an focal “bróg íseal” slipéad, golais, as, paitín agus aon choisbheart imeachtrach eile ná téigheann suas thar alt an té chaitheann í.

Diúité ar bhaill éadaigh agus cóir ghléasta phearsanta.

10. —(1) In ionad an diúité forchuirtear le halt 7 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 ( Uimh. 11 de 1932 ), fé mar atá san leasuithe le hachtacháin ina dhiaidh sin, éileofar, gearrfar, agus íocfar, ar gach earra dá luaidhtear sa dara colún i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 10adh lá de Bhealtaine, 1934, no dá éis sin, diúité custum do réir an ráta (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so) a luaidhtear sa tríú colún den Chuid sin I den Sceideal san os coinne luadh na hearra sa dara colún san.

(2) I gcás na n-earraí uile agus fé seach a luaidhtear sa dara colún i gCoda II agus III den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus le n-a mbaineann na Coda san fé seach is diúité do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún sa Chuid sin II no sa Chuid sin III (pe'ca aca bhaineann leis an gcás) os coinne luadh na hearra sa dara colún san an diúité minimum a bheidh inéilithe de bhuadh an ailt seo alos gach earra acu san agus, dá réir sin, an diúité forchuirtear leis an alt so, déanfar, maidir le gach earra acu san, é d'éileamh do réir pé ráta acu so leanas gur as a gheobhfar, i ngach cás fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá, an ráta is inéilithe alos na hearra san fé Chuid I den Sceideal san no an ráta is inéilithe fé Chuid II no fé Chuid III den Sceideal san, pé ceann acu bhaineann leis an earra san.

(3) An luadh deintear ar phercentáiste sa tríú colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne luadh earra ar bith sa dara colún den Sceideal san tuigfear go gcialluíonn sé agus léireofar é mar ní chialluíonn ráta diúité is có-ionann leis an bpercentáiste sin de luach na hearra san.

(4) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chun í úsáid i gcluiche stáitse no i dtaisbeáint no taibhdhirc eile dhrámaíochta no cheoil, agus chuige sin amháin, atá aon earra is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so á hiomportáil, féadfaid, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an earra san d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha uirthi.

(5) I gcás léine no bóna no cufa d'easportáil amach as Saorstát Éireann agus é do dhul, lasmuich de Shaorstát Éireann, fén gcéad chóiriú agus é d'ath-iomportáil ansan isteach i Saorstát Éireann déanfar in ainneoin éinní atá in alt 25 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), an diúité forchuirtear leis an alt so d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc ar an léine no ar an mbóna no ar an gcufa san ar é d'ath-iomportáil amhlaidh agus déanfar é d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc amhlaidh do réir an ráta bheadh infheidhmithe dá mba ná déanfaí an léine no an bóna no an cufa san d'easportáil roimhe sin amach as Saorstát Éireann.

(6) D'ainneoin éinní atá san alt so no sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, ní déanfar an diúité forchuirtear leis an alt so d'éileamh ná do ghearradh—

(a) ar bhróga, ar bhróga ísle, ar gholaisí, ar asa, ar phaitíní ná ar choisbheart imeachtrach eile ná ar chompáirteanna ná ar ghabhálaisí dhíobh san, ná

(b) ar aon ghabhálas de bhall éadaigh no de chóir ghléasta phearsanta a hiomportálfar ar leithligh ón mball éadaigh no ón gcóir ghléasta agus a bheidh déanta ar fad no nách mór ar fad d'abhair neamh-fhighteacha, ná

(c) ar earra ar bith is compáirt de bhall éadaigh no de chóir ghléasta phearsanta ar bith (seachas foscadán) agus a bheidh déanta ar fad no nách mór ar fad d'aon abhar neamh-fhighteach seachas leathar no fionnadh, ná

(d) ar earra ar bith is compáirt de bhall éadaigh no de chóir ghléasta phearsanta ar bith agus a bheidh déanta ar fad no nách mór ar fad de leathar agus 'na gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh í bheith oiriúnach agus beartuithe chun í d'úsáid chun hataí no caipíní do dhéanamh, ná

(e) ar aon bhall éadaigh no cóir ghléasta phearsanta bheidh déanta ar fad no nách mór ar fad de pháipeur, ná

(f) ar aon chompáirteanna nea-chó-ghabhtha d'fhoscadán, ná

(g) ar aon cheann de sna có-ghabhála leathrannacha so leanas de chompáirteanna d'fhoscadán, sé sin le rá:—

(i) easnaíocha ar leithligh agus taca ag gabháil le gach easna acu,

(ii) biannaí có-ghabhtha,

(iii) snonga sleamhnáin có-ghabhtha,

(iv) hannlaí có-ghabhtha, ná

(h) ar aon earra mháinliaghachta no liaghachta bheidh beartuithe chun í chaitheamh toisc aon bhreoiteachta no éalainge cuirp no mar chosaint no mar leigheas uirthi sin, ná

(i) ar chleití órnáideacha ná ar bhláthanna saordha 'na gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh iad do bheith á n-iomportáil chun iad d'úsáid chun ball éadaigh no córach gléasta pearsanta do dhéanamh no do mhaisiú agus gur ar leithligh o sna baill éadaigh no ón gcóir ghléasta san a bheid á n-iomportáil, ná

(j) ar húdaí ná ar mhúnlaí chun hataí do dhéanamh agus is gá, i gcóir na déantóireachta san, do bhlocú, do mhúnlú no do ghearradh agus 'na gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh gur cuid mhór den déantóireacht an blocú, an múnlú no an gearradh, ná

(k) ar aon chompáirt no gabhálas de bhall éadaigh no de chóir ghléasta phearsanta is struic, suaitheantas no sighin, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ná

(l) ar aon earra bheidh, dar leis na Coimisnéirí Ioncuim, déanta, ceaptha, agus beartuithe chun daoine dá húsáid i gcúrsaí a bhfostaíochta mar chosaint ar dhíobháil no ar ghalar.

(7) San alt so agus sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so foluíonn an abairt “cóir ghléasta” ciarsúirí póca agus foscadáin agus léireofar an focal “bríste” mar fhocal a chialluíonn earra amháin pe'ca “bríste” no “péire bríste” gairmtear di, agus léireofar é freisin mar fhocal fholuíonn treabhsar fada, treabhsar gairid, bríste, bríste glúnach, agus earraí eile den tsaghas san.

Diúité ar earraí fighte áirithe.

11. —(1) In ionad an diúité forchuirtear le halt 9 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 ( Uimh. 11 de 1932 ), fé mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin, éileofar, gearrfar agus íocfar ar gach earra fhighte (seachas clúdaigh urláir) a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 10adh lá de Bhealtaine, 1934, no dá éis sin agus a bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán d'olainn no d'olainn snáth-dhúbalta agus gur ina gréasán a hiomportálfar í, agus í dhá órlach déag ar a laighead ar leithead, agus seacht n-unsa meáchainte ar a laighead sa tslait cheárnaigh di, diúité custum do réir pé ráta acu so leanas is infheidhmithe, sé sin le rá:—

(a) maran mó luach na hearra fighte sin ná scilling agus trí pingne an tslat cheárnach—do réir méide is cóionann le triocha per cent. de luach na hearra;

(b) más mó luach na hearra fighte sin ná scilling agus trí pingne an tslat cheárnach—do réir méide is có-ionann le ceathracha a cúig per cent. de luach na hearra.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí earraí is ionchurtha fén diúité sin do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

(3) Ní déanfar an diúité forchuirtear leis an alt so d'éileamh ná do ghearradh ar earra fhighte ar bith 'na gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh—

(a) go ndearnadh, roimh an earra fhighte sin d'iomportáil, í do chur fé oibriú chun í dhéanamh do-fhliuchta tré chlúdach no cóta de thuaslagán chúitsiúic no de thuaslagán dá shamhail do chur uirthi; no

(b) gur cuid an earra fhighte sin, le linn a hiomportála, d'éadach chumaiscthe go ndearnadh, roimh é d'iomportáil, é do chur no aon chuid de do chur fé oibriú chun é dhéanamh do-fhliuchta;

(4) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, maidir le hearra fhighte ar bith do bheadh, mara mbeadh an fo-alt so, ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so gur earra í—

(a) atá oiriúnach chun í d'úsáid i ngléasadh no i gclúdach troscáin no feithiclí agus atá beartuithe chuige sin amháin, no

(b) atá de chineál plaincéadachta no feilte agus atá oiriúnach chun í d'úsáid agus ná fuil beartuithe í d'úsáid ach amháin in oibriú déantóireachta seachas earraí dialladóireachta, ughma, plaincéadaí, súsaí, baill éadaigh no cóir ghléasta phearsanta do dhéanamh,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an earra fhighte sin d'iomportáil gan an diúité forchuirtear leis an alt so do bheith íoctha uirthi.

(5) Ní déanfar an diúité forchuirtear leis an alt so d'éileamh ná do ghearradh ar earra fhighte ar bith a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis í d'easpórtáil as agus 'na gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh gur i Saorstát Éireann do rinneadh í agus gur chun í do chur, lasmuich de Shaorstát Éireann, fé oibriú do dhéanfadh do-fhliuchta í no fé oibriú úcaireachta no fén dá oibriú san agus chuige sin amháin do heasportáladh as Saorstát Éireann í, agus nár cuireadh fé aon oibriú eile í lasmuich de Shaorstát Éireann.

Diúité gluaisteáin.

12. —(1) In ionad an diúité forchuirtear le halt 11 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), fé mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin, éileofar, gearrfar agus íocfar diúité custum (ar a dtabharfar agus dá ngairmtear san Acht so diúité gluaisteáin) ar gach earra dá luaidhtear sa dara colún den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 10adh lá de Bhealtaine, 1934, no dá éis agus déanfar an diúité sin d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar gach earra den tsórt san do réir an ráta luaidhtear sa triú colún den Sceideal san os coinne luadh na hearra sa dara colún san.

(2) Féadfaidh an tAire Airgid, le hordú, aon tsaghas áirithe earraí is ionchurtha fé dhiúité ghluaisteáin do shaoradh ón diúité sin má bhíonn an tAire sin sásta, toisc a luighead is fiú earraí den tsaghas san, é bheith neamh-oiriúnach an diúité sin d'éileamh ortha.

(3) Féadfar orduithe do rinneadh fé fho-alt (5) d'alt 13 den Finance (No. 2) Act, 1915, no fé fho-alt (1) d'alt 14 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), agus do bhí i bhfeidhm an 9adh lá de Bhealtaine, 1934, do cheiliúradh no do leasú tré ordú do dhéanamh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so agus, go dtí go gceiliúrfar amhlaidh iad bainfid, fé réir aon leasuithe den tsórt san, le diúité gluaisteáin agus leanfaid i bhfeidhm dá réir sin.

(4) Féadfaidh an tAire Airgid rialacháin do dhéanamh á shocrú go ndéanfar gluaisteáin a bhéarfar isteach i Saorstát Éireann go sealadach do shaoradh ar fad no go leathrannach ar feadh tréimhse teoranta o dhiúité ghluaisteáin.

(5) Féadfar rialacháin do rinneadh fé fho-alt (6) d'alt 12 den Finance (No. 2) Act, 1915, no fé fho-alt (2) d'alt 14 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), agus do bhí i bhfeidhm an 9adh lá de Bhealtaine, 1934, do cheiliúradh no do leasú tré rialacháin do dhéanamh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so agus go dtí go gceiliúrfar amhlaidh iad bainfid, fé réir aon leasuithe den tsórt san, le diúité gluaisteáin agus le gluaisteáin is ionchurtha fén diúité sin agus leanfaid i bhfeidhm dá réir sin.

(6) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim i dtaobh gluaisteáin a bheidh, dar leo, déanta agus ceaptha chun daoine d'iompar agus a bheidh á iomportáil isteach i Saorstát Éireann agus a bheadh, mara mbeadh an fo-alt so, ionchurtha fé dhiúité gluaisteáin—

(a) gur thosnuigh iomportálaí an ghluaisteáin sin laistigh de shé mhí roimh an ngluaisteán san d'iomportáil ar bheith ina chomhnaí i Saorstát Éireann no go bhfuil beartuithe aige bona fide tosnú ar bheith ina chomhnaí i Saorstát Éireann laistigh de shé mhí tar éis na hiomportála san agus, i gceachtar cás, go bhfuil beartuithe aige bona fide buan-chomhnaí do dhéanamh i Saorstát Éireann, agus

(b) go raibh an gluaisteán san roimh an iomportáil sin á úsáid lasmuich de Shaorstát Éireann ag an iomportálaí no ag á líntighe no ag á theaghlach, ach ná raibh sé á úsáid amhlaidh chun daoine d'iompar ar luach saothair, agus

(c) gur chun é bheith á úsáid (ar shlí seachas chun daoine d'iompar ar luach saothair) i Saorstát Éireann ag an iomportálaí no ag á líntighe no ag á theaghlach atá an gluaisteán san á iomportáil,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an gluaisteán san d'iomportáil gan diúité gluaisteáin do bheith íoctha air.

(7) I gcás ina gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) go bhfuil gluaisteán déanta agus oiriúnach chun tiomáinte no chun tarraicthe ar ráil-rianta agus go bhfuiltear chun é d'úsáid no gur húsáideadh é agus go bhfuil sé á úsáid chun tiomáinte no chun tarraicthe amhlaidh agus chuige sin amháin, no

(b) go bhfuil mótar-tharraicire déanta agus oiriúnach chun é d'úsáid chun crícheanna talmhaíochta nach gá chúcha cuid mhaith úsáide dhéanamh de ar bhóthar phuiblí agus go bhfuiltear chun é d'úsáid no gur húsáideadh é agus go bhfuil sé á úsáid chun na gcrícheanna san amháin, no

(c) go bhfuiltear chun compáirt no gabhálas de ghluaisteán d'úsáid no gur húsáideadh é agus go bhfuil sé á úsáid mar chompáirt no gabhálas d'aon ghluaisteán den tsórt no d'aon tarraicire den tsórt a luaidhtear sa mhír sin (a) roimhe seo no sa mhír sin (b) roimhe seo (do réir mar a bheidh) agus chuige sin amháin, no

(d) i dtaobh earra áirithe, gur earra í de shaghas gur mar chompáirt no mar ghabhálas de ghluaisteán is mó a húsáidtear í ach gur chun í d'úsáid chun críche éigin eile atáthar á hiomportáil,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an gluaisteán no an earra eile sin d'iomportáil gan diúité gluaisteáin do bheith íoctha air no, i gcás inar híocadh an diúité sin le linn na hiomportála, an diúité sin d'aisíoc.

(8) Má chuireann duine dheineann mótar-tharraicirí i Saorstát Éireann ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim go n-easportáltar cionúireacht mhaith de sna mótar-tharraicirí dheineann sé i Saorstát Éireann féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur a lomháil don duine sin páirteanna de mhótar-tharraicirí agus có-ghabhála de pháirteanna den tsórt san d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann gan diúite gluaisteáin do bheith íoctha ortha.

(9) Páirteanna de mhótar-tharraicirí agus có-ghabhála de pháirteanna den tsórt san a lomhálfar, de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, a iomportáil isteach i Saorstát Éireann gan diúité gluaisteáin do bheith íoctha ortha isé críoch chun a n-úsáidfidh a n-iomportálaí iad ná chun mótar-tharraicirí do dhéanamh i Saorstát Éireann (pe'ca chun iad d'easportáil no chun iad d'úsáid cois baile é) no chun mótar-tharraicirí do rinne sé i Saorstát Éireann do dheisiú, agus chuige sin amháin, agus má úsáideann aon iomportálaí den tsórt san aon pháirt no aon chó-ghabháil den tsórt san in aon tslí eile no chun aon chríche eile ar bith beidh sé ciontach i gcionta fé sna hAchtanna Custum agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil do chur air is có-ionann le trí oiread luach na páirte no na cóghabhála san (maraon leis an diúité gluaisteáin is iníoctha air) no, más rogha leis an Coimisinéirí Ioncuim é, fíneáil de chéad púnt agus pé scéal é geallbhruidfear an pháirt no an chó-ghabháil gur ina taobh a rinneadh an cionta.

(10) Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fé dhiúité ghluaisteáin d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimininéirí Ioncuim is ceart.

(11) San alt so agus sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so—

cialluíonn an focal “gluaisteán” feithicil inneall-ghluaiste (le n-a n-áirmhítear rothar agus rothar trianach) a gheibheann a comhacht thiomána o inneall dhócháin inmheánaigh no o mhótar leictreachais no o inneall den tsórt san agus o mhótar den tsórt san la chéile agus foluíonn sé (lasmuich de Cuid III den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so) feithicil gurb é aon-chúis no bun-chúis a ceaptha agus a déanta, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ná chun í bheith á tarrac ar bóthar ag feithicil inneallghluaiste, ach ní fholuíonn sé feithicil is rollóir bóthair no scuabaire bóthair dar leis na Coimisinéirí Ioncuim;

cialluíonn an focal “mótar-tharraicire” gluaisteán gurb é aonchúis no bun-chúis a cheaptha agus a dhéanta ná chun feithiclí no earraí eile do tharrac.

(12) Chun crícheanna an ailt seo agus an Chathrú Sceidil a ghabhann leis an Acht so—

foluíonn cabhail ghluaisteáin (seachas mótar-tharraicire, rothar, no rothar trianach) suidheachán an tiománaí maraon le clúdach no díon an tsuidheacháin sin;

foluíonn chassis gluaisteáin an ghléas-slat, an clár cumhdaigh, an ghaoth-sciath, na plod-ghárdaí, na lampaí agus, i gcás gluaisteáin is mótar-tharraicire no rothar no rothar trianach, foluíonn sé suidheachán an tiománaí;

compáirt a bheidh déanta in aon phíosa amháin, d'abhar no de shubstaint, ní tuigfear í bheith có-ghabhtha.

(13) I gCuid III den Chathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so cialluíonn an focal “có-ghabháil” earraí do chó-ghabháil i slí agus oiread a bheidh ceaduithe ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála de thurus na huaire, agus ní fholuíonn na habairtí “cabhail ghluaisteáin” agus “chassis gluaisteáin” fé seach cabhail ná chassis (pe'ca aca é) feithicle nách feithicil inneallghluaiste.

Diúité cairr ghaile

13. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar diúité custum (ar a dtabharfar agus dá ngairmtear san Acht so diúité eáirr ghaile) ar gach earra dá luaidhtear sa dara colún den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis ar Acht so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 10adh lá de Bhealtaine, 1934, no dá éis agus déanfar an diúité sin d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar gach earra den tsórt san do réir an ráta luaidhtear sa triú colún den Sceideal san os coinne luadh na hearra san sa dara colún san.

(2) Féadfaidh an tAire Airgid le hordú, aon tsaghas áirithe earraí is ionchurtha fé diúité cáirr ghaile do shaoradh ón diúité sin má bhíonn an tAire sin sásta, toisc a luighead is fiú earraí den tsaghas san, é bheith neamh-oiriúnach an diúité sin d'éileamh ortha.

(3) Féadfaidh an tAire Airgid rialacháin do dhéanamh á shocrú go ndéanfar cárranna gaile bhéarfar isteach i Saorstát Éireann go sealadach do shaoradh ar fad no go leathrannach ar feadh tréimhse teoranta o dhiúité cháirr ghaile.

(4) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, i dtaobh cáirr ghaile bheidh, dar leo, déanta agus ceaptha chun daoine d'iompar agus a bheidh á iomportáil isteach i Saorstát Éireann agus a bheadh, mara mbeadh an fo-alt so, ionchurtha fé dhiúité cáirr ghaile—

(a) gur thosnuigh iomportálaí an cháirr ghaile sin laistigh de shé mhí roimh an gcárr gaile sin d'iomportáil ar bheith ina chomhnaí i Saorstát Éireann no go bhfuil beartuithe aige bona fide tosnú ar bheith ina chomhnaí i Saorstát Éireann laistigh de shé mhí tar éis na hiomportála san agus, i gceachtar cás, go bhfuil beartuithe aige bona fide buan-chomhnaí do dhéanamh i Saorstát Éireann, agus

(b) go raibh an cárr gaile sin roimh an iomportáil sin á úsáid lasmuich de Shaorstát Éireann ag an iomportálaí no ag á líntige no ag á theaghlach, ach ná raibh sé á úsáid amhlaidh chun daoine d'iompar ar luach saothair, agus

(c) gur chun é bheith á úsáid (ar shlí seachas chun daoine d'iompar ar luach saothair) i Saorstát Éireann ag an iomportálaí no ag á líntighe no ag á theaghlach atá an cárr gaile sin á iomportáil,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an cárr gaile sin d'iomportáil gan diúité cáirr ghaile do bheith íoctha air.

(5) I gcás ina gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) go bhfuil cárr gaile déanta agus oiriúnach chun tiomáinte no chun tarraicthe ar ráil-rianta agus do bhfuiltear chun é d'úsáid no gur húsáideadh é agus go bhfuil sé á úsáid chun tiomáinte no chun tarraicthe amhlaidh agus chuige sin amháin, no

(b) go bhfuil tarraicire gaile déanta agus oiriúnach chun é d'úsáid chun crícheanna talmhaíochta nách gá chúcha cuid mhaith úsáide dhéanamh de ar bhóthar phuiblí agus go bhfuiltear chun é d'úsáid no gur húsáideadh é agus go bhfuil sé á úsáid chun na gcrícheanna san amháin, no

(c) go bhfuiltear chun compáirt no gabhálas de chárr ghaile d'úsáid no gur húsáideadh é agus go bhfuil sé á úsáid mar chompáirt na gabhálas d'aon chárr gaile den tsórt no d'aon tarraicire gaile den tsórt a luaidhtear sa mhír sin (a) roimhe seo no sa mhír sin (b) roimhe seo (do réir mar bheidh) agus chuige sin amháin, no

(d) i dtaobh earra áirithe, gur earra í de shaghas gur mar chompáirt no mar ghabhálas de chárr ghaile is mó a húsáidtear í ach gur chun í d'úsáid chun críche éigin eile atáthar á hiomportáil,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an cárr gaile no an earra eile sin d'iomportáil gan diúité cáirr ghaile do bheith íoctha air no, i gcás inar híocadh an diúité sin le linn na hiomportála, an diúité sin d'aisíoc.

(6) Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fé dhiúité cháirr ghaile d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

(7) San alt so agus sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so cialluíonn an abairt “cárr gaile” feithicil inneallghluaiste a gheibheann a comhacht thiomána go díreach no go nea-dhíreach o inneall gaile, agus foluíonn sí feithicil gurb é aonchúis no bun-chúis a ceaptha agus a déanta, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ná chun í bheith á tarrac ar bóthar ag aon fheithicil inneall-ghluaiste den tsórt san, ach ní fholuíonn sí feithicil is rollóir bóthair no scuabairc bóthair dar leis na Coimisinéirí Ioncuim.

(8) Chun crícheanna an ailt seo agus an Chúigiú Sceidil a ghabhann leis an Acht so foluíonn chassis cáirr ghaile suidheachán an tiománaí maraon le clúdach no díon an tsuidheacháin sin, agus an ghléas-slat, an clár cumhdaigh, an ghaoth-sciath, na lod-ghárdaí, agus na lampaí.

Diúité ar thé.

14. —(1) In ionad an diúité forchuirtear le halt 14 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), éileofar, gearrfar, agus íocfar diúité custum do réir dhá phingin an púnt ar an té go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 1adh lá d'Iúl, 1934, no dá éis sin.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá mbeadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1919, liost d'earraí bhí le leigint isteach fé ráta thosaíochta dob ionann agus saoirse o dhiúité, agus fé is dá ndeintí té, go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh ná dearnadh aon tsaghas measctha uirthi lasmuich den tír as a dtáinig sí ar dtúis, do chur sa liost san agus do ndéanfaí té d'fhágaint ar lár sa liost d'earraí, sa Dara Sceideal san, go gcuirtear cúig shéú den lán-ráta i mbaint leo amhlaidh.

(3) Pé uair a chuirfidh duine ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim go bhfuil ar únaeracht no ar seilbh aige i Saorstát Éireann an 1adh lá d'Iúl, 1934, níos mó ná míle púnt té ar ar híocadh an diúité forchuirtear le halt 14 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), no an diúité forchuirtear le halt 15 den Acht san agus ná fuair sé aon chuid den té sin tar éis an 16adh lá de Mheitheamh, 1934, no ná fuair sé aon chuid di thar n-ais tar éis a seachadtha ar díol as a stoc, beidh an duine sin i dteideal aisíoc d'fháil do réir dhá phingin ar gach púnt den té sin os cionn an chéad chúig céad púnt di.

Seandachtaí do shaoradh o gach diúité custum.

15. —Ní déanfar aon diúité custum, pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do forchuireadh é, d'éileamh ná do ghearradh ar earra ar bith ar n-a hiomportáil isteach i Saorstát Éireann an 10adh lá de Bhealtaine, 1934, no dá éis, 'na gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh go ndearnadh no gur táirgeadh í breis agus céad bliain roimh dháta a hiomportála.

An diúité ar pháipéirí nuachta laethúla d'atharú.

16. —Déanfar, an 28adh lá de Bhealtaine, 1934, agus ón lá san amach, an diúité forchuirtear le halt 8 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir dhá dtrian de phingin an chóip in ionad an ráta luaidhtear san alt san agus déanfar mír (b) d'fho-alt (2) den alt san 8 do leasú tré sna focail “dhá chúigiú” do scriosadh amach agus na focail “dhá dtrian” do chur ina n-ionad san.

Ais-tarrac ar thobac.

17. —Má bhíonn ais-tarrac iníoctha alos tobac tar éis an Achta so do rith, ansan, d'ainneoin éinní atá in aon achtachán eile, is do réir pé rátaí chinnfidh na Coimisinéirí Ioncuim a lomhálfar agus a híocfar an ais-tarrac san.

Alt 20 den Acht Airgid, 1932 , do leasú.

18. —Déanfar alt 20 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ) do leasú, go bhfeidhm an 10adh lá de Bhealtaine, 1934, agus ón lá san amach, tré sna focail “thrí pingne go leith” do chur in ionad na bhfocal “sheacht bpingne” i bhfo-alt (3) den alt san agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Diúité máil ar thobac dhúthchais.

19. —(1) In ionad na ndiúitéthe máil ar thobac a forchuirtear le fo-ailt (2) agus (3) d'alt 17 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), agus na ndiúitéthe luaidhtear i bhfo-alt (4) den alt san 17, déanfar diúité máil do réir na rátaí (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt san alt so) luaidhtear i gCuid I den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar an tobac go léir a fásfar i Saorstát Éireann agus ná cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh gur roimh an 1adh lá d'Eanar, 1934, do fásadh é.

(2) Má cuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim i dtaobh tobac ar bith (dá ngairmtear sa bhfo-alt so an tobac ionmhuirir) is ionchurtha fén diúité máil a forchuirtear leis an alt so gur fásadh agus go ndearnadh an tobac ionmhuirir fé cheadúnas i Saorstát Éireann agus gurb é rinne na nithe sin ná déantóir ceadúnaithe tobac—

(a) d'fhás tobac fé cheadúnas i Saorstát Éireann sa bhliain 1933 agus do leasuigh agus do rinne an tobac san an bhliain sin fé cheadúnas i Saorstát Éireann, agus

(b) do rinne i Saorstát Éireann fé cheadúnas, sa bhliain 1934 agus gach bliain ina dhiaidh sin (más ann di) go dtí an bhliain agus ag áireamh na bliana ina mbeidh an diúité sin iníoctha ar an tobac ionmhuirir, tobac d'fhás sé i Saorstát Éireann fé cheadúnas agus an tobac san amháin,

beidh an diúité sin a forchuirtear leis an alt so agus tuigfear go raibh sé riamh inéilithe do réir na rátaí luaidhtear i gCuid II den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht so in ionad na rátaí luaidhtear i gCuid I den Sceideal san, agus déanfar an t-aisíoc oiriúnach diúité dá réir sin.

(3) Más rud é—

(a) maidir le haon tobac nea-dhéanta fásfar i Saorstát Éireann agus 'na gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh gur tar éis an 1adh lá d'Eanar, 1934, do fásadh é, go ndéanfar an tobac san d'easportáil, no

(b) maidir le haon tobac a fásfar i Saorstát Éireann agus a cuirfear i mbanna-stóras, go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh gur tar éis an 1adh lá d'Eanar, 1934, do fásadh é agus go ndearnadh de sa stóras san cavendish no negrohead do bheadh, dá seachadtaí ón stóras san é, ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so do réir ráta luaidhtear sa Séú sceideal a ghabhann leis an Acht so,

déanfar, fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so, liúntas de dhá phingin d'íoc, alos gach púint den tobac san, le heasportálaí no le déantóir an tobac san (do réir mar a bheidh).

(4) Ní bheidh aon liúntas iníoctha fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so—

(a) alos aon tobac ná beidh, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, i riocht ionmhargaidh no leasuithe go hiomlán, ná

(b) ar shlí seachas de dhruim deimhniú ón oifigeach ceart custum agus máil, á rá gur heasportáladh an tobac no go ndearnadh cavendish no negrohead de i mbannastóras, do thaisbeáint don oifigeach ag á mbeidh an liúntas san iníoctha, ná

(c) tar éis deireadh dhá bhlian o am an tobac san d'easportáil no o am an tobac san do chur sa bhanna-stóras, do réir mar a bheidh.

(5) Má bhíonn duine bheidh ceadúnaithe chun gnó déantóra cheadúnaithe tobac do bheith ar siúl aige i dteideal an lacáiste luaidhtear i bhfo-alt (3) d'alt 20 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), beidh an duine sin i dteideal lacáiste den tsaghas san d'fháil (ach san do réir trí pingne go leith an púnt) alos gach púint de thobac nea-dhéanta ar a mbeidh an diúité máil a forchuirtear leis an alt so íoctha agus a bheidh faighte ag an duine sin agus ná beidh an lacáiste sin íoctha air cheana.

Saoirse o dhiúité siamsa.

20. —Ní déanfar, an 10adh lá de Bhealtaine, 1934, ná as san amach, diúité siamsa do réir bhrí ailt 7 den Finance (New Duties) Act, 1916, mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin, d'éileamh ná do ghearradh ar íocaíochtaí chun dul isteach go dtí siamsa ar bith go gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim ina thaobh gurb é atá ann ar fad ná taisbeántas d'aon chluiche no spórt gur beirt daoine no níos mó no dhá fhuirinn no níos mó de dhaoine bhíonn á imirt no ag iomaidh ann agus san amuich fén spéir agus nách gá capaill, madraí, ná ainmhithe eile do bheith á n-úsáid ná páirteach ann ná feithiclí inneall-ghluaiste do bheith á n-úsáid ann.

Achtanna Airgid áirithe d'athghairm agus do leasú.

21. —Na hAchtanna uile agus fé seach a luaidhtear sa dara colún den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht so déanfar, fé seach, athghairm i bpáirt no leasú ortha no deifir dóibh ar shlí eile, mar atá leagtha amach sa tríú colún den Sceideal san os coinne luadh gach Achta fé leith den tsórt san sa dara colún san, agus beidh éifeacht ag na hAchtanna san fé seach fé mar a deintear amhlaidh athghairm i bpáirt no leasú ortha no deifir dóibh maidir le hearraí ar n-a n-iomportáil isteach i Saorstát Éireann an 10adh lá de Bhealtaine, 1934, no dá éis sin.

Deireadh le diúitéthe áirithe d'éileamh.

22. —Na diúitéthe uile agus fé seach a luaidhtear sa tríú colún den Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a forchuirtear fé seach tré sna hachtacháin a luaidhtear sa dara colún den Sceideal san ní déanfar iad d'éileamh ná do ghearradh ar earraí ar bith ar n-a n-iomportáil isteach i Saorstát Éireann an 10adh lá de Bhealtaine, 1934, no dá éis sin.

An Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 , do leasú.

23. —(1) Déanfar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926) , do leasú, go bhfeidhm an 1adh lá d'Iúl, 1934, agus ón lá san amach, mar leanas agus beidh éifeacht ag alt 20 den Acht san agus ag an Tríú Sceideal san dá réir sin, sé sin le rá:—

Tríd an tríú provísó a ghabhann le mír 6 (fé mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin) den Tríú Sceideal san do scriosadh amach as an mír sin agus tríd an provísó so leanas do chur isteach sa mhír sin in ionad an phrovísó san a scriostar amach amhlaidh, sé sin le rá:—

“I gcás feithicle ar bith le n-a mbaineann an mhír seo agus atá thar deich n-each-neart agus ar a bhfuil taxi-mhéadar feistithe agus atá á húsáid go dleathach mar fheithicil bhig sheirbhíse puiblí do réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 11 de 1933 ), no chun crícheanna bhaineann leis an úsáid sin agus ní chun críche ar bith eile, ní déanfar aon diúité d'éileamh ná do ghearradh alos na breise atá ag each-neart na feithicle sin ar dheich n-each-neart.”

(2) I gcás ceadúnas fé alt 13 den Finance Act, 1920, do thógaint amach roimh an 24adh lá de Bhealtaine, 1934, alos feithicle bheadh i dteideal an fhaoisimh a bheireann an leasú luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus i gcás an ceadúnas san do bheith i bhfeidhm an 30adh lá de Mheitheamh, 1934, agus gan é dhul in éag go dtí tar éis an dáta san no an ceadúnas san do bheith ina cheadúnas in aghaidh tréimhse dar tosach an 1adh lá d'Iúl, 1934, no dá éis, aisíocfar leis an té do thóg amach an ceadúnas san an méid is mó an diúité máil do híocadh fén alt san 13 maidir leis an bhfeithicil sin le linn an cheadúnais sin do thógaint amach ná an diúité is inéilithe ag féachaint don fhaoiseamh a bheireann an leasú san maidir leis an bhfeithicil sin in aghaidh na tréimhse dar tógadh amach an ceadúnas san.

Diúité máil ar fheithiclí inneallghluaiste do leasú.

24. —I gcás feithicle (dá ngairmtear san alt so an fheithicil a céad-luaidhtear) go mbeidh feithicil eile no ceangaltas i bhfuirm feithicle ceangailte dhi agus leagtha go leathrannach anuas uirthi, tuigfear, chun crícheanna an Tríú Sceidil a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926) , gur aon fheithicil amháin an fheithicil sin a céad-luaidhtear agus an fheithicil eile sin no an ceangaltas san agus ní tuigfear gur tarraicire ná feithicil a tharraigeann leantóir an fheithicil sin a céad-luaidhtear toisc an fheithicil eile sin no an ceangaltas san do bheith ceangailte dhi agus dá thoisc sin amháin, agus is dá réir sin a déanfar amach meid an diúité is inéilithe fé alt 13 den Finance Act, 1920, alos na feithicle a céad-luaidhtear agus na feithicle eile sin no an cheangaltais sin agus a déanfar an Tríú Sceideal san do léiriú agus d'fheidhmiú.

Alt 8 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Máil), 1933 , do leasú.

25. —D'ainneoin aon fhorála contrárdha dho san atá in aon achtachán a bhaineann le pionóisí máil do bhaint amach no do chur chun críche féadfar an pionós a forchuirtear le fo-alt (2) d'alt 8 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Máil), 1933 ( Uimh. 52 de 1933 ), do bhaint amach agus do chur i bhfeidhm ar agra aon bhaill den Ghárda Síochána agus beidh comhacht ag an gCúirt aon phionós den tsórt san do laigheadú go dtí pé méid is oiriúnach leis an gCúirt féin agus ní bheidh comhacht ag comhairle na contae no na contae-bhuirge aon phionós den tsórt san do laigheadú.

Alt 204 den Customs Consolidation Act, 1876, do leasú.

26. —Leasuítear leis seo alt 204 den Customs Consolidation Act, 1876, tré sna focail “in the daytime” atá anois san alt san do scriosadh amach as agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Foráil ghenerálta i dtaobh pionóis mar gheall ar choinníoll do shárú.

27. —I gcás comhacht do bheith bronnta (pe'ca ráite no tuigthe é agus pe'ca leis an Acht so é no le hordú a déanfar ina dhiaidh seo fé Acht ar n-a rith roimh an Acht so do rith no dá éis no le rún a rithfear ina dhiaidh seo agus ag á mbeidh éifeacht reachtúil de bhuadh Achta ar n-a rith roimh an Acht so do rith no dá éis) ar na Coimisinéirí Ioncuim chun coinníollacha d'fhorchur maidir le haon diúité custum (pé uair agus pé slí gearrfar é) no le haon tsaoirse no faoiseamh o aon diúité den tsórt san no le haon atharú ar an gcéanna, beidh gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar choinníoll fhorchuirfidh na Coimisinéirí Ioncuim fén gcomhacht san, beidh sé ciontach i gcionta fé sna hAchtanna Custum agus ragha sé fé phionós caoga púnt in aghaidh gach cionta den tsórt san agus déanfar aon earra is ionchurtha fé dhiúité agus gur ina taobh do rinneadh an cionta san do gheallbhruideadh.