27 1934


Uimhir 27 de 1934.


ACHT CHOLÁISTE PHRÍOMH-SCOILE BHAILE ÁTHA CLIATH, 1934.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN DEONTAIS BHREISE DO THABHAIRT DO CHOLÁISTE NA PRÍOMH-SCOILE, BAILE ÁTHA CLIATH.

[19adh Iúl, 1934.]

DE BHRÍ go bhfuil deontaisí áirithe bliantúla iníoctha anois, fén Acht um Oideachas Phríomh-Scoile (Talmhaíocht agus Eolaíocht Déiríochta), 1926 (Uimh. 32 de 1926) , le Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, as airgead a sholáthruíonn an tOireachtas:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil Cólucht Rialúcháin an Choláiste sin tar éis socrú do dhéanamh, le goirid, tré reacht, chun oifigí áirithe nua múinteoireachta do bhunú i Roinn Teangan agus Litríochta na Nua-Ghaedhilge:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil toilithe ag an gCólucht Rialúcháin sin socrú do dhéanamh chun a chur in áirithe ná leigfear do dhuine ar bith, ach amháin i gcásanna áirithe, dul isteach ar aon scrúduithe céime bheidh ar siúl sa Choláiste sin mara n-eirghidh leis roimh ré i scrúdú i labhairt na Gaedhilge:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach, mar gheall ar na nithe roimhráite, deontas breise do thabhairt don Choláiste sin:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Deontas bliantúil breise do Choláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath.

1. —(1) Íocfar le Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, an bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1934, agus gach bliain airgeadais ina dhiaidh sin, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, pé suim nách mó ná suim £3,000 (trí mhíle púnt) a dhéanfaidh an tAire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais, a cheadú gach bliain den tsórt san.

(2) An t-airgead uile a híocfar le Coláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, fén alt so cuirfidh an Coláiste sin é chun crícheanna Roinn Teangan agus Litríochta na Nua-Ghaedhilge.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar Acht Choláiste Phríomh-Scoile Bhaile Atha Cliath, 1934 , do ghairm den Acht so.