An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT UM BAILTE AGUS LÍOMATÁISTÍ DO SHÍNEADH AMACH, 1934) Ar Aghaidh (CUID II. Udarais Phleanala agus Liomataisti Pleanala.)

22 1934

ACHT UM BAILTE AGUS LÍOMATÁISTÍ DO SHÍNEADH AMACH, 1934

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Bailte agus Líomatáistí do Shíneadh Amach, 1934 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfaidh an tAcht so i bhfeidhm pé lá ceapfar chuige sin le hordú dhéanfaidh an tAire fén alt so.

Mínithe.

2. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

sa mhéid go mbaineann an abairt “feidhm fhorcoimeádtha” le contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath agus le contae-bhuirg Dhún Laoghaire fé seach tá an brí céanna léi atá léi san Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) , agus sa mhéid go mbaineann sí le contae-bhuirg Chorcaighe tá an brí céanna léi atá léi in Acht Bainistí Chathair Chorcaighe, 1929 (Uimh. 1 de 1929) ;

foluíonn an abairt “údarás pleanála” údarás pleanála ceanntair agus údarás pleanála réigiúin;

cialluíonn an abairt “scéim phleanála ceanntair” scéim phleanála dhéanfaidh údarás pleanála ceanntair dá gceanntar pleanála ar fad no d'aon chuid de;

cialluíonn an abairt “scéim phleanála réigiúin” scéim a dhéanfaidh údarás pleanála réigiúin dá réigiúin pleanála ar fad no d'aon chuid de;

cialluíonn an abairt “cead speisialta” cead a dheonfaidh údarás pleanála (no an tAire, ar athchomharc do dhéanamh chuige) fén Acht so chun déanmhais áirithe do dhéanamh, do leagadh, d'atharú, do leathnú, do dheisiú, no d'athnuachaint;

cialluíonn an abairt “cead generálta” cead a dheonfaidh údarás pleanála (no an tAire, ar athchomharc do dhéanamh chuige) fén Acht so chun na ndéanmhas go léir de shaghas no de shaghsanna áirithe i líomatáiste áirithe no i gcuid áirithe de líomatáiste do dhéanamh, do leagadh, d'atharú, do leathnú, do dheisiú, no d'athnuachaint;

cialluíonn an abairt “toirmeasc speisialta” toirmeasc a dhéanfaidh údarás pleanála fén Acht so agus le n-a dtoirmeascfar, ar fad no fé réir choinníollacha, dul ar aghaidh a thuilleadh le déanmhas áirithe do dhéanamh, do leagadh, d'atharú, do leathnú, do dheisiú, no d'athnuachaint;

cialluíonn an abairt “gnóthaire reachtúil” duine dá n-údaruítear le Reacht Briotáineach no le hAcht den Oireachtas no le hordú go bhfeidhm reachtúil gnó bóthair iarainn, canála, slí loingseoireachta intíre, duga, cuain, trambhealaigh, geas no leictreachais no gnó puiblí eile do dhéanamh, d'oibriú, no do bheith ar siúl aige;

cialluíonn an focal “déanmhas” aon fhoirgint, tógáil, déanmhas, tochailt no rud eile atá déanta no tógtha ar aon talamh no ann no fé agus, i gcás ina gceaduíonn an có-théacs é, foluíonn sé an talamh ar a bhfuil no ina bhfuil no fé n-a bhfuil an déanmhas suidhte;

foluíonn an focal “obair” aon ghníomh no oibriú déanta, leaghta, leathnuithe, atharuithe, deisithe, no athnuaite;

cialluíonn an focal “bóthar” aon bhóthar, puiblí no príobháideach;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

(2) Chun crícheanna an Achta so beidh gach cólucht acu so leanas ina údarás áitiúil, sé sin le rá:—

(a) comhairle chontae-bhuirge,

(b) comhairle chontae,

(c) comhairle bhuirge,

(d) comhairle bhailecheanntair,

(e) có-choiste d'aon dá chomhairle no níos mó de sna comhairlí sin,

(f) bord sláinte puiblí,

(g) bord sláinte agus conganta phuiblí,

(h) aon chó-bhord a bheidh bunuithe fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931.

(3) Chun crícheanna an Achta so is ionann aon tsiúntán, van, puball, no rud eile (pe'ca do-aistrithe no so-aistrithe no soleagtha dho) nách déanmhas do chur no do choimeád ar aon talamh agus an talamh san d'úsáid.

Míniú generálta ar scéim phleanála.

3. —Chun crícheanna an Achta so isé tuigfear le scéim phleanála ná scéim a déanfar do réir an Achta so agus san go generálta chun a chur in áirithe go ndéanfar líomatáiste áirithe, pe'ca baile-líomatáiste no tuath-líomatáiste é, d'fhorbairt go hordúil agus do réir a chéile sa tslí is mó raghaidh chun tairbhe so sna daoine agus chun na taithneamhachta bhaineas leis an líomatáiste sin do bhuanchoimeád, d'fheabhsú, agus do leathnú.

An dáta oiriúnach chun crícheanna an Achta so.

4. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so isé is dáta oiriúnach chun crícheanna an Achta so maidir le scéim phleanála no maidir le haon fhoráil áirithe i scéim phleanála ná an dáta ar a ndearna an t-údarás pleanála do cheap an scéim sin rún do rith chun na scéime pleanála san do cheapadh.

(2) Má deintear le scéim phleanála (dá ngairmtear “an scéim nua” anso feasta) scéim phleanála eile (dá ngairmtear “an bhunscéim” anso feasta) do leasú no í do cheiliúradh i bpáirt no go hiomlán isé is dáta oiriúnach chun crícheanna an Achta so, maidir le haon fhoráil a bheidh sa scéim nua agus gur mar a chéile no gur beag ná gur mar a chéile í agus foráil do bhí sa bhun-scéim agus do ceiliúradh leis an scéim nua, ná (fé réir aon tsocruithe, contrárdha dho san, a déanfar fén gcéad fho-alt eile den alt so) an dáta ba dháta oiriúnach maidir leis an bhforáil sin do bhí sa bhun-scéim.

(3) An dáta do bheadh, fé sna forálacha san roimhe seo den Acht so, mar dháta oiriúnach chun crícheanna an Achta so maidir le scéim phleanála no le haon fhoráil áirithe bheidh sa scéim sin, féadfar a shocrú leis an scéim sin nách é sin is dáta oiriúnach maidir leis an scéim sin no leis an bhforáil sin (pe'ca aca é) agus, ina ionad san, gur dáta ar bith ina dhiaidh sin a luadhfar chuige sin sa scéim sin is dáta oiriúnach chun crícheanna an Achta so maidir leis an scéim sin no leis an bhforáil sin (pe'ca aca é).

(4) San Acht so cialluíonn an abairt “an dáta oiriúnach” an dáta socruítear leis an alt so no socrófar fé chun bheith mar dháta oiriúnach maidir leis an scéim phleanála no leis an bhforáil gur ina taobh a húsáidtear an abairt.

Údaráis áitiúla do cheapadh oifigeach.

5. —Féadfaidh aon údarás áitiúil, fé réir forálacha aon achtacháin a bhaineann leis an údarás áitiúil sin do cheapadh oifigeach, pé oifigigh agus pé méid oifigeach do cheapadh is dóich leo is gá chun na bhfeidhmeanna, na gcomhacht agus na ndualgaisí bronntar no forchuirtear leis an Acht so d'fheidhmiú agus íocfar le gach oifigeach a ceapfar amhlaidh pé luach saothair a cheapfaidh an t-údarás áitiúil sin le toiliú an Aire.

Fiosrúcháin phuiblí.

6. —(1) Pé uair a bronntar comhacht ar an Aire leis an Acht so chun aon scéime pleanála no orduithe, no rialacháin do dhéanamh no do dhaingniú no chun aontuithe no toilithe leis, no chun toilithe le héinní, no chun breithe do thabhairt ar aon athchomharc, easaontas, aighneas, no ní eile, no chun aon ghnímh eile do dhéanamh, féadfaidh an tAire, sara bhfeidhmeoidh an chomhacht san, fiosrúchán puiblí do dhéanamh i dtaobh an chúrsa go mbeidh an chomhacht san le feidhmiú ina thaobh amhlaidh.

(2) Beidh feidhm ag Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, maidir le gach fiosrúchán puiblí déanfar fén alt so no fé aon alt eile den Acht so fé mar a bhíonn feidhm ag an Airtiogal san maidir leis na fiosrúcháin áitiúla luaidhtear ann.

Rialacháin ghenerálta.

7. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Fógraí do sheirbheáil.

8. —(1) Más gá do réir an Achta so no do réir scéime pleanála fógra do thabhairt do dhuine díreofar an fógra san chun an duine sin agus bhéarfar don duine sin é i slí éigin acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) má bhíonn an fógra san dírithe chun an duine sin fé n-a ainm, tré n-a sheachadadh don duine sin;

(b) tré n-a fhágaint ag gnáth-áit chomhnaithe an duine sin;

(c) tré n-a chur tríd an bpost i litir chláruithe roimh-íoctha bheidh dírithe chun an duine sin ag á ghnáth-áit chomhnaithe;

(d) maran féidir a fháil amach, tré fhiosrú réasúnta, cad is gnáth-áit chomhnaithe don duine sin agus más i dtaobh aon tailimh no áitreibh is gá an fógra san do thabhairt amhlaidh, tré n-a sheachadadh do dhuine éigin os cionn sé bliana déag d'aois ina chomhnaí no ar fostú ar an talamh no san áitreabh san no tré n-a ghreamú in áit sho-fheicse ar an talamh san no san áitreabh san.

(2) Más gá do réir an Achta so no do réir scéime pleanála fógra do thabhairt d'únaer no do shealbhaire aon tailimh no áitreibh agus nách féidir ainm an únaera no an tsealbhaire sin (pe'ca aca é) d'fháil amach tré fhiosrú réasúnta féadfar an fógra san do dhíriú go dtí “an t-únaer” no “an sealbhaire” (fé mar is gá sa chás) gan a ainm do luadh.

(3) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear gurb í a n-oifig chláruithe is gnáth-áit chomhnaithe do chuideachtain a bheidh cláruithe fé sna hAchtanna Cuideachtain, 1908 go 1924, agus tuigfear gurb í a bpríomh-oifig no a bpríomh-áit ghnótha is gnátháit chomhnaithe do gach cólucht corpráideach eile agus do gach cólucht neamh-ionchorpruithe.

Cigirí cánach do thabhairt liostaí uatha.

9. —(1) Pé uair is gá d'údarás phleanála no d'údarás fhreagarthach, do réir an Achta so no fé no do réir scéime pleanála no fúithí, fógraí do sheirbheáil ar únaerí maoine féadfaidh an t-údarás san a cheangal ar an gcigire cánach go mbeidh an mhaoin sin ina cheanntar liost do thabhairt don údarás san d'ainmneacha agus de sheolta na n-únaerí maoine agus na sealbhairí maoine uile taisbeánfar sna measta chun cánach ioncuim, fé Sceideal A den Income Tax Act, 1918 (agus é leasuithe le hachtacháin ina dhiaidh sin), is déanaí do rinneadh roimh dháta áirithe i líomatáiste áirithe bheidh laistigh de cheanntar an chigire sin agus laistigh de líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis sin.

(2) Féadfaidh cigire cánach pé táille, nách mó ná cúig scillinge an céad iontráil go n-uimhreacha fé leith ortha, ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim d'éileamh ar aon liost d'ainmneacha agus de sheolta do bhéarfaidh uaidh do réir an ailt seo agus beidh sé ina choinníoll an t-údarás pleanála no an t-údarás freagarthach iarrfaidh an liost san d'íoc na táille sin sara dtabharfar an liost san dóibh.

Oblagáid ar dhaoine áirithe eolas do thabhairt d'údarás phleanála no d'údarás fhreagarthach.

10. —(1) Chun aon chríche eireoidh i dtaobh scéime pleanála do cheapadh no d'fhoirfheidhmiú no do chur in éifeacht féadfaidh údarás pleanála no údarás freagarthach, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar shealbhaire aon tailimh no déanmhais sa líomatáiste le n-a mbaineann an scéim phleanála san no go mbeidh beartuithe baint do bheith aici leis, no ar éinne do gheibheann cíos, do féin no do dhuine eile, as aon talamh no déanmhas den tsórt san, mioninnste i dtaobh an éstáit no an leasa no an chirt gur dá bhuadh atá sé i seilbh an tailimh no an déanmhais sin no do gheibheann sé an cíos san (pe'ca aca é) do thabhairt i scríbhinn don údarás phleanála no don údarás fhreagarthach san (pe'ca aca é) laistigh d'aimsir áirithe nách giorra ná ceithre lá déag tar éis an cheangail sin do chur air agus farais sin (sa mhéid gurb eol do iad) ainm agus seoladh agus estát, leas, no ceart gach duine ag á bhfuil, go bhfios do, aon estát no leas sa talamh no sa déanmhas san no aon cheart air no maidir leis.

(2) Gach duine go gceanglófar air fén alt so éinní no aon rud do chur in úil i scríbhinn d'údarás phleanála no d'údarás fhreagarthach (pe'ca aca é) agus go dteipfidh air an ní no an rud san do chur in úil amhlaidh laistigh den aimsir a ceapfar fén alt so no dhéanfaidh, le linn éinní no aon rud den tsórt san do chur in úil amhlaidh, aon ráiteas do chur i scríbhinn is eol dó bheith bréagach no mí-threorach i bponc táchtach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Costaisí fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so d'fheidhmiú.

11. —Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so agus sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so d'fheidhmiú.

Costaisí fé n-a raghaidh údaráis áitiúla chun an Achta so d'fheidhmiú.

12. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar no dá bhforálfar a mhalairt leis an Acht so no fé isé slí ina gcruinneofar na costaisí fé n-a raghaidh údarás áitiúil chun scéime pleanála do cheapadh no d'fheidhmiú no maidir leis sin no ar aon tslí eile i bhfeidhmiú an Achta so ná—

(a) i gcás comhairle contae, tríd an ráta dealbhais go cothrom ar pé bailte fearainn agus pé méid bailte fearainn, sa cheanntar shláinte chontae gur maidir leis do chuathas fé sna costaisí sin amhlaidh, a cheapfaidh an tAire aon uair agus o am go ham ar n-a iarraidh sin air don chomhairle chontae agus, mara ndeinidh no go dtí go ndéanfaidh an tAire aon cheapadh den tsórt san, go cothrom ar iomlán an cheanntair shláinte chontae sin, agus

(b) i gcás búird shláinte, tríd an ráta dealbhais go cothrom ar pé bailte fearainn agus pé méid bailte fearainn, i gceanntar sláinte contae an bhúird shláinte sin, a cheapfaidh an tAire aon uair agus o am go ham ar n-a iarraidh sin air don bhord shláinte sin agus, mara ndeinidh no go dtí go ndéanfaidh an tAire aon cheapadh den tsórt san, go cothrom ar iomlán an cheanntair shláinte chontae sin, agus

(c) i gcás aon údaráis áitiúla eile, sa tslí ina n-íoctar costaisí fé n-a dtéigheann an t-údarás áitiúil sin fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931.

(2) Pé uair a bheidh aon chostaisí, de bhuadh an ailt seo, le cruinniú tríd an ráta dealbhais ar iomlán ceanntair shláinte chontae no ar aon bhailte fearainn áirithe ann (dá ngairmtear an líomatáiste ionmhuirir sa bhfo-alt so), féadfaidh an tAire, ar n-a iarraidh sin air don chomhairle no don bhord do chuaidh no bheidh le dul fé sna costaisí sin, a ordú ná cruinneofar na costaisí sin go cothrom ar iomlán an líomatáiste ionmhuirir ach go ndéanfar, maidir le bailte fearainn áirithe sa líomatáiste ionmhuirir, iad do chruinniú i pé cionúireachtaí is dóich leis an Aire is ceart do luadh agus leis sin déanfar, in ainneoin éinní atá san alt so, na costaisí sin do chruinniú do réir an orduithe sin.

Gnóthaire reachtúil d'íoc costaisí.

13. —Féadfaidh aon ghnóthaire reachtúil aontú le híoc do dhéanamh agus féadfaidh íoc do dhéanamh le húdarás pleanála sna costaisí uile no in aon chuid de sna costaisí fé n-a raghaidh an t-údarás pleanála san chun scéime pleanála do cheapadh no maidir leis sin, no le húdarás freagarthach sna costaisí uile no in aon chuid de sna costaisí fé n-a raghaidh an t-údarás freagarthach san chun scéime pleanála d'fheidhmiú no maidir leis sin.

Údaráis áitiúla d'fháil iasachtaí.

14. —(1) Féadfaidh comhairle chontae iasacht d'fháil fé Airtiogal 22 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, chun aon chostaisí d'íoc fé n-a raghaidh an chomhairle sin, no fé n-a raghaidh údarás pleanála ar n-a cheapadh go leathrannach ag an gcomhairle sin, chun scéime pleanála do cheapadh no d'fheidhmiú no ar aon tslí eile i bhfeidhmiú an Achta so fé is dá mbeadh an chríoch san luaidhte san Airtiogal san agus ní déanfar airgead do ghcobhfar ar iasacht chun aon chríche den tsórt san d'áireamh mar chuid d'fhiacha na comhairle sin chun crícheanna aon teorann a chuireann an tAirtiogal san le hiasachtaí d'fháil.

(2) Féadfaidh comhairle chontae-bhuirge, bhuirge no bhaile líomatáiste no bord sláinte ceanntair shláinte chontae iasacht d'fháil fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, chun aon chostaisí d'íoc fé n-a raghaidh an chomhairle no an bord san, no údarás pleanála ar n-a cheapadh go leathrannach ag an gcomhairle sin, chun scéime pleanála do cheapadh no d'fheidhmiú no ar aon tslí eile i bhfeidhmiú an Achta so fé is dá mba chríoch an chríoch san chun a n-údaruítear don chomhairle no don bhord san iasacht d'fháil fé sna hAchtanna san, ach ní déanfar aon airgead do gheobhfar ar iasacht chun aon chríche den tsórt san d'áireamh mar chuid d'fhiacha na comhairle no an bhúird sin chun crícheanna aon teorann a chuireann na hAchtanna san le hiasachtaí d'fháil.

Cosaint do ghnóthairí reachtúla.

15. —(1) Aon talamh a bheidh, ar an dáta oiriúnach, ar seilbh ag gnóthaire reachtúil chun crícheanna a ghnótha ní bhainfidh aon fhoráil i scéim phleanála leis, ná le haon déanmhas air no ann no fé, faid a leanfaidh an talamh no an déanmhas san ar seilbh amhlaidh, ach amháin sa chás no sa mhéid go dtoileoidh an gnóthaire reachtúil sin fén alt so chun baint do bheith ag an bhforáil sin leis an talamh no leis an déanmhas san no go n-ordóidh an tAire, le hordú ar n-a dhéanamh fén alt so, go mbainfidh an fhoráil sin leis an talamh no leis an déanmhas san.

(2) Féadfaidh údarás pleanála go mbeidh scéim phleanála ceaptha no á ceapadh acu no féadfaidh an t-údarás freagarthach fé scéim phleanála a iarraidh ar aon ghnóthaire reachtúil a bheidh ar an dáta oiriúnach, chun crícheanna a ghnótha, i seilbh aon tailimh sa líomatáiste le n-a mbaineann an scéim phleanála san, no go mbeidh beartuithe baint do bheith aici leis, toiliú chun baint do bheith ag aon fhoráil sa scéim phleanála san leis an talamh san no le haon déanmhas ar an talamh san no ann no fé.

(3) I gcás aon údarás pleanála no údarás freagarthach do dhéanamh aon iarratais, den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, chun gnóthaire reachtúla agus gan an gnóthaire reachtúil sin do thoiliú ná do dhiúltú do thoiliú, mar a luaidhtear san iarratas san, laistigh de dhá mhí tar éis an iarrtais sin do dhéanamh, tuigfear chun crícheanna an ailt seo gur thoiligh an gnóthaire reachtúil sin amhlaidh ar bheith caithte don tréimhse sin de dhá mhí.

(4) I gcás gnóthaire reachtúil chun a ndéanfaidh údarás pleanála no údarás freagarthach aon iarratas den tsórt san roimhráite do dhiúltú don iarratas san laistigh de dhá mhí tar éis an iarratais sin do dhéanamh féadfaidh an t-údarás pleanála san no an t-údarás freagarthach san (pe'ca aca é) athchomharc do dhéanamh chun an Aire i gcoinnibh an diúltuithe sin, agus nuair a déanfar an t-athchomharc san féadfaidh an tAire, le hordú, más dóich leis gur diúltú mí-réasúnta an diúltú san, a dhearbhú go mbainfidh an fhoráil is abhar don iarratas san no, mara mbeidh an scéim phleanála ceaptha, go bhféadfar an fhoráil sin do chur i mbaint leis an talamh no leis an déanmhas a luaidhtear san iarratas san agus san i pé slí acu so is oiriúnach leis an Aire, eadhon, gan srian no sa mhéid teoranta no fé réir na gcoinníoll is dóich leis an Aire is ceart do luadh san ordú san.

(5) Sara ndéanfaidh an tAire ordú fén alt so maidir le haon talamh a bheidh ar seilbh chun crícheanna gnótha bhóthair iarainn, chanála, shlí loingseoireachta intíre, dhuga, chuain, thrambhealaigh, gheas, no leictreachais, no maidir le haon déanmhas ar an talamh san no ann no fé, ragha sé i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála i dtaobh an orduithe sin.

(6) Pé uair a bheidh aon talamh no déanmhas, sa líomatáiste le n-a mbaineann scéim phleanála, ar seilbh ar an dáta oiriúnach ag gnóthaire reachtúil chun crícheanna a ghnótha agus a scuirfe sé, aon am tar éis an dáta oiriúnaigh, de bheith ar seilbh ag an ngnóthaire reachtúil chun na gcrícheanna san, agus ná beidh toilithe ag an ngnóthaire reachtúil sin mar a luaidhtear san alt so no ná beidh ordú déanta fén alt so ag an Aire, bainfidh gach foráil sa scéim phleanála san do bhainfeadh leis an talamh no leis an déanmhas san dá mba ná beadh sé ar seilbh amhlaidh ag an ngnóthaire reachtúil sin, bainfe sí, láithreach tar éis an scuir sin, leis an talamh no leis an déanmhas san ach tuigfear gurb é dáta an scuir sin an dáta oiriúnach maidir leis an talamh no leis an déanmhas san.

Forálacha i dtaobh maoine Stáit.

16. —(1) Féadfaidh aon Aire no bord reachtúil go n-urláimh ar thalamh le n-a mbaineann an t-alt so, más rud é agus sa mhéid gur dóich leis no leo gur ceart é ag féachaint do sna crícheanna chun a bhfuil urlámh aige no acu ar an talamh san agus don phríomh-dhualgas atá air no ortha maidir leis an gcéanna, dul i gcomhar le húdarás pleanála no le húdarás freagarthach d'fhonn a chur in áirithe go ndéanfar an talamh san d'úsáid agus do choimeád i dtreo ar chor go mbeidh sé do réir chuspóirí generálta scéime pleanála no do réir aon chuspóra áirithe acu agus féadfa sé no siad, más dóich leis no leo gur ceart é, có-aontú do dhéanamh leis an údarás pleanála no leis an údarás freagarthach san chun socruithe i gcóir an chomhair sin agus i gcóir cúrsaí airgeadais agus cúrsaí eile do leanfadh as an gcomhar san no do bhainfeadh leis.

(2) Más gá ceadú no toiliú no aontú an Aire Airgid, i gcás tailimh le n-a mbaineann Airtiogal 11 den Bhunreacht, chun Aire no búird reachtúla do thabhairt léasanna ar an talamh san no, i gcás aon tailimh eile le n-a mbaineann an t-alt so, chun Aire no búird reachtúla d'aistriú an tailimh sin, ní déanfar có-aontú ar bith fén alt so i dtaobh an tailimh sin gan toiliú an Aire Airgid.

(3) Baineann an t-alt so le gach talamh is le Saorstát Éireann de bhuadh Airtiogail 11 den Bhunreacht agus le gach talamh is maoin stáit de thurus na huaire no atá dílsithe in aon Aire no bord reachtúil pe'ca tré reacht, tré cheannach, tré bhronnadh no ar shlí eile é.

(4) San alt so foluíonn an focal “talamh” déanmhas, agus cialluíonn an abairt “bord reachtúil” bord coimisinéirí no bord no cólucht eile do bunuíodh le reacht no le hordú reachtúil agus fheidhmíonn aon fheidhm rialtais no chólíonann aon dualgaisí puiblí bhaineann le riarachán puiblí ar fuaid Shaorstáit Éireann.